|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2847 |
2.6.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 21 Márta 2025 – X v Rahapesu Andmebüroo
(Cás C-222/25, Rahapesu Andmebüroo)
(C/2025/2847)
Teanga an cháis: an Eastóinis
An chúirt a rinne an tarchur
Riigikohus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Rahapesu Andmebüroo
Páirtí leasmhar: Andmekaitse Inspektsioon
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1. |
An bhfuil Airteagal 2(2)(d) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) agus Airteagal 2(1) i gcomhar le hAirteagal 1 de Threoir 2016/680 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/GCB, le léiriú sa chaoi gurb ionann próiseáil fhéideartha sonraí pearsanta ag aonad faisnéise airgeadais agus próiseáil sonraí ag údarás inniúil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear cosaint i gcoinne bagairtí don tslándáil phoiblí, fiú mura comhlacht fiosrúcháin é an t-aonad faisnéise airgeadais dá dtagraítear sa Chód Nós Imeachta Choiriúil? |
|
2. |
An bhfuil Airteagal 23(2)(h) de RGCS agus Airteagal 15(3) de Threoir 2016/680 le léiriú sa chaoi gur féidir diúltú an gníomh dlí a nochtadh don ábhar sonraí ar ar a bhonn a diúltaíodh faisnéis a sholáthar maidir le sonraí pearsanta an ábhair sonraí sin, ionas go gcuirtear cosc ar dheimhniú nó diúltú an fhíorais gur próiseáladh sonraí pearsanta an ábhair sonraí sin, i gcás nach bhfuil aon eolas ag an ábhar sonraí faoin bpróiseáil sin agus, sa chás sin, an féidir faisnéis a dhiúltú d’ábhair sonraí i dtaobh an féidir leo an ceart dá dtagraítear i dTreoir 2016/680 a fheidhmiú? |
|
3. |
An bhfuil Airteagal 15 de Threoir 2016/680 agus Airteagal 23 de RGCS le léiriú sa chaoi go bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena ndeonaítear do cheann aonaid faisnéise airgeadais an chumhacht chun cearta ábhar sonraí a shrianadh agus lena sonraítear an chríoch, na coinníollacha, an raon feidhme ama agus geografach den srian ar chearta ábhar sonraí i gcomhar le foráil dlí eile, lena n-áirítear forálacha dlí tánaisteacha, i gcomhréir leis na hAirteagail sin? |
|
4. |
An bhfuil Airteagal 15 de Threoir 2016/680 agus Airteagal 23 de RGCS le léiriú sa chaoi go bhfuil foráil náisiúnta lena gcuirtear srian glan ar fheidhmiú an chirt dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2016/680 agus Airteagal 15 de RGCS go dtí go scriostar na sonraí sin, ionas nach féidir leis an ábhar sonraí an fhaisnéis a bhaineann leis na sonraí sin a fháil choíche i gcomhréir leis na hAirteagail sin? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2847/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)