|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2843 |
2.6.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ostair) a taisceadh an 7 Márta 2025 – Umweltorganisation VIRUS – Verein Projektwerkstatt für Umwelt und Soziales agus páirtithe eile v Autobahnen- und Schnellstraßen-Finanzierungs-AG (Asfinag)
(Cás C-189/25, Virus II)
(C/2025/2843)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesverwaltungsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Umweltorganisation VIRUS – Verein Projektwerkstatt für Umwelt und Soziales, Umweltschutzorganisation Global 2000, Bürgerinitiative ‘Marchfeld-Groß Enzersdorf’, Bürgerinitiative ‘Rettet die Lobau – Natur statt Beton’, Bürgerinitiative ‘Lebenswertes Neu Essling’, Agrargemeinschaft Mannswörth, C. K. agus páirtithe eile
Cosantóir agus iarratasóir tionscadail: Autobahnen- und Schnellstraßen-Finanzierungs-AG (Asfinag)
Údaráis leasmhara: Amt der Wiener Landesregierung, Abteilung Wasserrecht MA58; Amt der Niederösterreichischen Landesregierung, Gruppe Wirtschaft, Sport und Tourismus, Abteilung Anlagenrecht – WST1
Bardais óstacha: Stadt Wien, Stadtgemeinde Groß-Enzersdorf, Stadtgemeinde Schwechat
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
An bhfuil dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 2(a) agus 3(2)(a) de Threoir 2001/42/CE (1) (Treoir SEA), le léiriú sa chaoi, maidir le hiarscríbhinn a ghabhann le foráil reachtúil náisiúnta (sceideal), lena ndearbhaítear bóithre mar ‘bhóithre feidearálacha’ trí phointí geografacha sonracha (pointí tosaigh, pointí idirmheánacha, pointí deiridh) a shainiú, i gcás ina sainíonn an sainmhíniú sin ar bhealach ceangailteach an teidlíocht iarratas a chur isteach chun bealach an bhóthair a chinneadh i gcomhthéacs tionscadail shonraigh atá le cur isteach le haghaidh údarú forbartha sa todhchaí agus inniúlacht an údaráis a eisíonn an t-údarú, go leagann amach an iarscríbhinn sin ‘creat le haghaidh údarú forbartha amach anseo’ do thionscadail atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2011/92/AE (2) (Treoir MTT), fiú má leagtar síos leis an bhforáil reachtúil sin coinníollacha sonracha údarú forbartha le haghaidh fhorbairt an tionscadail, lena n-áirítear, go háirithe, sábháilteacht bóithre, cuspóir feidhmiúil nó tionchar comhshaoil, ach nach ndéanann na coinníollacha údarú forbartha sin aon tagairt bhreise do shainmhíniú an bhóthair trí phointí geografacha? |
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:
|
2. |
An bhfuil Airteagal 13(3) de Threoir SEA le léiriú sa chaoi go bhfuil gníomh ullmhúcháin foirmiúil tosaigh de réir bhrí na forála sin ann cheana féin má bhí doiciméid á n-ullmhú, nach mór a dhréachtú sula ndéantar plean a leasú i gcomhréir leis an dlí speisialaithe ábhartha is infheidhme sa Bhallstát, agus má cuireadh na doiciméid sin faoi bhráid na n-údarás áitiúil, na mbardas óstaigh agus na n-údarás a eisíonn údarú ábhartha arís agus arís eile le linn a n-ullmhúcháin agus má phléigh coiste saineolaithe iad? |
|
3. |
An bhfuil Airteagal 3(2)(a) de Threoir SEA le léiriú sa chaoi, i gcás ina n-údaraítear tionscadal sonrach i roinnt céimeanna faoi Threoir MTT, go leagann plean, nach bhfuil a chritéir agus a mhodúlachtaí ach mar bhunús don chéad údarú, síos creat freisin do na húdaruithe breise go léir is gá chun an tionscadal a chur i bhfeidhm? |
(1) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú éifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol (IO 2001 L 197, lch. 30).
(2) Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO 2012 L 26, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2843/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)