|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2827 |
2.6.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 10 Aibreán 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Social no 3 de Barcelona – an Spáinnis) – Asepeyo Mutua Colaboradora de la Seguridad Social no 151, KT v Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS), Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Alcampo SA, atá ina chomharba do Supermercados Sabeco SA
(Cás C-584/23 (1) , Alcampo agus páirtithe eile)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Cóir chomhionann idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta - Treoir 79/7/CEE - Airteagal 4(1) - Leatrom indíreach ar bhonn gnéis - Modh ríofa bhonn rialála na sochar le haghaidh éagumas buan atá mar thoradh ar thionóisc ag an obair - Luach saothair iarbhír ar dháta na tionóisce ag an obair a chur san áireamh - Laghdú ar uaireanta oibre chun cúram a dhéanamh de leanaí atá níos lú ná 12 bhliain d’aois)
(C/2025/2827)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de lo Social de Barcelona
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Asepeyo Mutua Colaboradora de la Seguridad Social no 151, KT
Cosantóirí: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS), Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Alcampo SA, atá ina chomharba do Supermercados Sabeco SA agus Asepeyo Mutua Colaboradora de la Seguridad Social no 151
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 4(1) de Threoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc ar reachtaíocht Bhallstáit lena bhforáiltear dó go ríomhtar an pinsean éagumais bhuain de dheasca tionóisc ag an obair ar bhonn an luacha saothair arb amhlaidh a fuair an t-oibrí ar dháta na tionóisce, lena n-áirítear maidir le hoibrí a bhí uaireanta oibre laghdaithe aige ar an dáta sin chun cúram a dhéanamh de leanbh, i gcás inarb iad mná an chuid is mó de ghrúpa oibrithe a bhfuil uaireanta laghdaithe acu.
(1) IO C, C/2024/933.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2827/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)