|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2790 |
16.5.2025 |
Teachtaireacht ón gCoimisiún arna foilsiú de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gCásanna AT.40721 — Microsoft Teams agus AT.40873 — Microsoft Teams II
(C/2025/2790)
1. Réamhrá
|
(1) |
De réir Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (1), féadfaidh an Coimisiún a chinneadh – i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe aige cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar deireadh a chur le sárú agus ina dtugann na páirtithe lena mbaineann gealltanais go rachaidh siad i ngleic leis na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl dóibh ina réamh-mheasúnú – na gealltanais sin a dhéanamh ceangailteach ar na gnóthais. Féadfar cinneadh den sórt sin a ghlacadh ar feadh tréimhse shonraithe ama agus tiocfar ar an gconclúid leis nach bhfuil aon fhoras ann a thuilleadh le haghaidh gníomhaíocht ón gCoimisiún. De réir Airteagal 27(4) den Rialachán céanna, foilseoidh an Coimisiún achoimre bheacht ar an gcás agus ar phríomhábhar na ngealltanas. Féadfaidh páirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach laistigh den teorainn ama a shocróidh an Coimisiún. |
2. Achoimre ar an gCás
|
(2) |
An 25 Meitheamh 2024, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí a bhaineann le sáruithe líomhnaithe ar Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) agus ar Airteagal 54 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’). Is réamh-mheasúnú é an Ráiteas Agóidí de réir bhrí Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. |
|
(3) |
Sa Ráiteas Agóidí fuarthas mar réamh-thoradh gur bhain Microsoft mí-úsáid as a cheannasacht trína uirlis bogearraí-mar-sheirbhís (‘SaaS’) cumarsáide agus comhoibrithe aontaithe Teams a nascadh lena fheidhmchláir táirgeachta SaaS cheannasacha le haghaidh úsáid ghairmiúil, Word, Excel, PowerPoint agus Outlook (na ‘táirgí nasctha’). |
|
(4) |
Ar a laghad ó bhí 2019 ann, ní raibh na custaiméirí in ann na táirgí nasctha, ar táirgí iad a dhíoltar mar chuid de na foirne bogearraí Office 365 agus Microsoft 365 (‘O365/M365’), a fháil gan Teams. Leis sin tugadh buntáiste dáileacháin do Teams nach raibh a iomaitheoirí in ann a fhritháireamh agus a bhí níos déine fós mar gheall ar an idir-inoibritheacht teoranta idir táirgí Microsoft agus réitigh na n-iomaitheoirí. |
|
(5) |
Le linn an imscrúdaithe, chuir Microsoft athruithe chun feidhme ar a iompar go haontaobhach. Go sonrach, thug sé isteach leaganacha gan Teams de na foirne bogearraí O365/M365 le haghaidh oibrithe eolais agus oibrithe túslíne, ar phraghas is lú ná na foirne bogearraí le Teams, in LEE ar dtús (2023) agus ansin ar fud an domhain (2024). Sa Ráiteas Agóidí fuarthas mar réamh-thoradh nach leor na hathruithe sin, arna measúnú ina n-iomláine, chun deireadh a chur leis an sárú agus a héifeachtaí. |
3. Príomhábhar na nGealltanas arna dTairiscint
|
(6) |
Ní aontaíonn Microsoft le Ráiteas Agóidí an Choimisiúin. Mar sin féin, agus a athruithe aontaobhacha mar bhunús aige, tá gealltanais tugtha ag Microsoft de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin maidir leis an iomaíocht. Is iad seo a leanas príomhghnéithe na ngealltanas:
|
|
(7) |
Tá na gealltanais foilsithe ina n-iomláine, i mBéarla, ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireacht um Iomaíocht ag: |
4. Cuireadh chun Barúlacha a thabhairt
|
(8) |
Faoi réir tástáil margaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 lena ndearbhófar gur ceangailteach na gealltanais a bhfuil achoimre orthu thuas agus atá foilsithe ar an Idirlíon, ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Iomaíocht. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 27(4) de Rialachán Uimh. 1/2003, iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha maidir leis na gealltanais atá beartaithe a chur faoina bhráid. Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dháta a fhoilsithe seo. Iarrtar ar thríú páirtithe leasmhara leagan neamhrúnda dá gcuid barúlacha a chur isteach freisin, leagan inar cheart aon fhaisnéis a mhaíonn siad gur rúin ghnó í agus faisnéis rúnda eile a scriosadh agus a ionadú de réir mar is gá le hachoimre neamhrúnda nó leis na focail ‘rúin ghnó’ nó ‘rúnda’. |
|
(10) |
Más féidir, ba cheart freagraí agus barúlacha a bheith réasúnaithe agus ba cheart na fíorais ábhartha a leagan amach iontu. Má aimsíonn tú fadhb a bhaineann le haon chuid de na gealltanais atá beartaithe, iarrann an Coimisiún ort freisin réiteach a mholadh más ann dó. |
|
(11) |
Is féidir barúlacha a chur chuig an gCoimisiún faoi uimhreacha tagartha AT.40721 – Microsoft Teams agus AT.40873 – Microsoft Teams II le ríomhphost (COMP-GREFFE-ANTITRUST@ec.europa.eu, nó tríd an bpost, chuig an seoladh seo a leanas:
|
(1) IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagail 101 agus 102 CFAE d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE, faoi seach. Tá an dá shraith forálacha comhionann le chéile ó thaobh substainte de. Tagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE, ba cheart a thuiscint gur tagairtí d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE iad nuair is infheidhme chun críocha an fhógra seo.
(2) Tuigimid go bhfuil sé beartaithe ag Microsoft na tairiscintí agus na praghsanna ar a fhoirne a ailíniú go domhanda.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2790/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)