European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2722

8.5.2025

Foilsiú na teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge le haghaidh tásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún (1)

(C/2025/2722)

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH

(Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1143)

‘Ciliegia di Bracigliano’

PGI-IT-02766-AM01 — 8.2.2025

ATFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an táirge

‘Ciliegia di Bracigliano’

2.   An Ballstát ar leis an limistéar geografach

An Iodáil

3.   Údarás an Bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Aireacht Talmhaíochta, Biafhlaithis agus Foraoiseachta – Cur chun Cinn na Cáilíochta Agraibhia (PQA) 1

4.   Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta

Míniú ar an gcúis a dtagann an leasú (na leasuithe) faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143

Tagann na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá ndéantar foráil in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143 ós rud é

nach bhfuil i gceist leo athrú ar ainm, ná ar úsáid an ainm, nach bhfuil riosca ag baint leo go gcuirfí an nasc leis an limistéar geografach dá dtagraítear sa doiciméad aonair ar neamhní agus nach bhfuil srianta breise i gceist leo maidir leis an táirge a mhargú.

1.   Airteagal 5 den tsonraíocht táirge. Leasú ar an dlús plandaithe

In Airteagal 5 den tsonraíocht táirge, is é seo a leanas an fhoclaíocht atá ann faoi láthair:

‘ag a bhfuil dlús plandaithe idir 600 agus 800 planda in aghaidh an heicteáir’.

Athraíodh é sin go:

‘ag a bhfuil dlús plandaithe suas le 1 500 planda in aghaidh an heicteáir’.

Tá gá leis an leasú seo ar Airteagal 5 toisc go bhfuil crainn silíní d’aoiseanna éagsúla ag formhór na ngabháltas agus go bhfuil níos lú crann in aghaidh an heicteáir in úlloird mheasctha, uaireanta níos lú ná 100 crann fiú. I ndáil leis sin, gearradh pionós mór ar ghabháltais bheaga leis an tsonraíocht. An tráth céanna, leis an leasú, ceadófar úsáid a bhaint as fréamhstoic nua atá ar fáil ar an margadh, atá comhoiriúnach leis na cineálacha a chumhdaítear leis an TGFC, le haghaidh crainn a sheasann astu féin agus, thar aon ní eile, le haghaidh crainn a treoraíodh le ballaí. Leis sin, beifear in ann suas le 1 500 planda in aghaidh an heicteáir a chur in úlloird bairr aonair nua, rud a chuirfidh feabhas ar tháirgiúlacht agus ar shábháilteacht oibrithe, ós rud é go sáraíonn na crainn silíní is sine airde atá an-chontúirteach do bhainteoirí, atá gann faoi láthair freisin. Áiritheofar leis an leasú freisin go gcaomhnófar na saintréithe cáilíochta uile a leagtar síos sa tsonraíocht táirge.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

2.   Airteagal 5 den tsonraíocht táirge. Leasú ar tháirgeacht in aghaidh an heicteáir

In Airteagal 5 den tsonraíocht táirge, méadaíodh an táirgeacht uasta torthaí in aghaidh an heicteáir mar bharr aonair ó 25 thona go 28 dtona.

Tá an t-athrú ar an teorainn táirgeachta comhsheasmhach leis an méadú ar an líon plandaí in aghaidh an heicteáir. Tá gá leis an athrú toisc, i bhfianaise na gcostas ard a bhaineann leis an mbarr a bhainistiú, go ndéanann sé an fómhar níos brabúsaí le haghaidh gabháltais toisc gur féidir níos mó den bharr a dheimhniú faoin TGFC.

Ar bhonn timthriallach, is féidir táirgeacht níos airde in aghaidh an heicteáir a bheith mar thoradh ar thosca aeráide agus/nó bainistíochta talún, agus ní athraítear tréithe orgánaileipteacha na dtorthaí ar bhealach ar bith. Go bunúsach, trí tháirgeacht na sonraíochta a mhéadú, cuidítear le táirgeoirí táirgeadh níos mó agus ar ardchaighdeán a áirithiú, mar fhreagairt ar éileamh atá ag méadú i gcónaí ó na margaí.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

3.   Airteagal 5 den tsonraíocht táirge. Leasú eagarthóireachta

Baineadh an abairt seo a leanas ó Airteagal 5 den tsonraíocht:

‘Fiú i mblianta fíorfhabhracha’.

Is é is cúis leis sin nach mbaineann sé leis an tuairisc ar na rialacha táirgthe agus go bhféadfadh sé a bheith míthreorach.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

4.   Airteagal 5 den tsonraíocht táirge. Leasú ar an uasmhéid ama a fhéadfar na torthaí a choinneáil i bhfuarstóráil

Méadaíodh an t-uasmhéid ama is féidir na torthaí a choinneáil i bhfuarstóráil ó shé seachtaine go hocht seachtaine.

Maidir le gabháltais, iarradh go méadófaí an tréimhse stórála, mar i gcásanna áirithe stóráiltear na torthaí cúpla seachtain níos faide ar a laghad mar gheall ar dheiseanna margaidh.

Leis na teicnící fuarstórála atá ann faoi láthair, is féidir na silíní a stóráil ar feadh tréimhse fhada ama, rud a chiallaíonn gur féidir an táirge a dháileadh ar bhealach níos fearr ar bhonn geografach agus le himeacht ama, agus ar an gcaoi sin seachnaítear soláthar iomarcach agus laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas.

Trí bheith in ann an táirge a choinneáil i bhfuarstóráil ar feadh cúpla seachtain bhreise, is féidir le pacáisteoirí stoic de shilíní ardcháilíochta a bheith acu i gcónaí ó bharra a chomhlíonann an tsonraíocht táirge. Tá na stoic sin úsáideach, ar chúiseanna tráchtála ar an gcéad dul síos má tá éileamh an mhargaidh fós ann ar feadh i bhfad, ach chun bheith in ann freastal ar an éileamh ar an táirge freisin fiú nuair atá sé gann, agus an séasúr silíní an-ghearr á chur san áireamh.

Ní dhéanann an leasú difear don doiciméad aonair.

5.   Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.5 den doiciméad aonair Deireadh a chur leis an gceanglas maidir le pacáistiú sa limistéar táirgeachta

Baineadh an fhoráil maidir le pacáistíocht sa limistéar táirgeachta d’Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus de phointe 3.5 den doiciméad aonair.

A bhuí leis an dul chun cinn sna teicneolaíochtaí, sna feithiclí agus sna huirlisí is féidir a úsáid chun an táirge a iompar, is féidir deireadh a chur leis an srian sin ar mhargú an táirge, rud a rachaidh go mór chun tairbhe d’oibreoirí.

Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm nó ainmneacha (ATFC nó TGFC)

‘Ciliegia di Bracigliano’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia

3.1.   Cód Ainmníochta Comhcheangailte

08 — TORTHAÍ AGUS CNÓNNA INITE; CRAICEANN TORTHAÍ CITRIS NÓ MEALBHACÁN

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tagraíonn an tásc geografach faoi chosaint (TGFC) ‘Ciliegia di Bracigliano’ do thoradh an speicis Prunusavium L. (Rosaceae) atá mar chuid de na saothróga seo a leanas: Spernocchia, Sciazza, Pagliaccia (dá ngairtear freisin Pagliaccio nó Pallaccia), Don Carmelo, Silvestre, Bigarreau Burlat, Baron Picella, Palermitana agus Principe.

Nuair a scaoiltear é úr ar mhaithe le hithe, ní mór do TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’ na saintréithe cáilíochta seo a leanas a bheith ann:

Craiceann: dath láidir, idir dúrua agus amarantas.

Bia: idir dearg geal agus dúrua, an-teann, leath-ghreamaithe don chloch.

Méid: toradh idir meánach agus mór (íosmhéid ceadaithe: 20 mm), cloch mheánmhéide, gas idir gearr agus meánfhad.

Cruth: croíchruthach, fadaithe nó leacaithe.

Frithsheasmhacht i gcoinne láimhseála: iontach.

Tréithe orgánaileipteacha: bia teann; meánshúmhaireacht; blas torthaíoch, éadrom agus searbh-mhilis taitneamhach.

Ní mór do na cineálacha uile atá liostaithe méid siúcra nach lú ná 12°brix a bheith acu.

Nuair a scaoiltear é ar mhaithe le hithe, ní mór don toradh a bheith:

Iomlán agus gan damáiste;

Na gais ceangailte leis;

Glan, saor ó ábhair eachtracha shofheicthe ar bith;

Slán, saor ó lobhadh agus ó fhuíll shofheicthe táirgí um chosaint plandaí;

Saor ó lotnaidí.

D’fhéadfadh silíní atá beartaithe do phróiseáil amháin a bheith gan an gas, damáistithe i bpáirt nó ar íosmhéid 17 mm, a fhad agus a chomhlíontar ceanglais eile na sonraíochta táirge. Féadfaidh torthaí dá leithéid TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’ a úsáid, ach ní fhéadfar iad a dhíol ina bhfoirm neamhphróiseáilte leis an tomhaltóir deiridh.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Na céimeanna uile a bhaineann le ‘Ciliegia di Bracigliano’ a tháirgeadh, ní mór dóibh tarlú sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 4 thíos.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an táirge a chur i gcoimeádáin le toilleadh de 10 kg ar a mhéad, atá déanta as ábhar de bhunús planda nó ábhar in-athchúrsáilte eile.

Ní mór d’ábhar gach aon phacáiste a bheith de mhéid aonfhoirmeach agus silíní den chineál céanna laistigh de.

A mhéid a bhaineann le neamh-aonfhoirmeachas ó thaobh méide de, bíonn lamháltas de 10 % i bhfeidhm maidir le líon nó meáchan na silíní i ngach pacáiste aonair.

Féadfar TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’ a phacáistiú freisin lasmuigh den limistéar táirgeachta dá dtagraítear i bpointe 4 thíos.

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Na pacáistí a bhfuil TGFC marcáilte orthu nó na lipéid greamaithe orthu, ní mór, i gcló soiléir agus inléite ar an méid céanna, na nithe seo a leanas a shonrú orthu:

a)

An fhoclaíocht ‘Ciliegia di Bracigliano’ agus ‘Indicazione Geografica Protetta’ [Tásc Geografach faoi Chosaint] (nó an t-acrainm ‘I.G.P.’ [TGFC]);

b)

Ainm, ainm gnó agus seoladh an phacáisteora is táirgeoir;

c)

An bhaiscuimhir táirgthe;

d)

Cainníocht na dtáirgí laistigh den phacáistíocht;

e)

An lógó TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’ mar a thaispeántar thíos, maille leis an tsiombail éigeantach Eorpach TGFC.

Níl cead aon tuairisc a chur leis an tásc geografach faoi chosaint dá dtagraítear i bpointe 1, lena n-áirítear na cáilitheoirí seo a leanas: ‘tipo’ [cineál], ‘gusto’ [blas], ‘uso selezionato’ [úsáid roghnaithe], ‘scelto’ [rogha], nó aon rud mar é chomh maith le bardas an bhunúis.

Tá cead foclaíocht a úsáid áfach, a thagraíonn do chuideachtaí, ainmneacha, ainmneacha gnó agus trádmharcanna príobháideacha nach bhfuil de chineál moltach agus gur dócha nach gcuireann a n-úsáid an ceannaitheoir amú.

D’fhéadfadh an fhoclaíocht sin a bheith i láthair ar an lipéad i litreoireacht nach mó ar airde ná ar leithead ná leath-mhéid na litreoireachta a úsáidtear don tásc geografach faoi chosaint.

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Le limistéar táirgeachta TGFC ‘Ciliegia di Bracigliano’, cumhdaítear críoch iomlán na mbardas a leanas sna cúigí Salerno agus Avellino:

Cúige Salerno: Baronissi, Bracigliano, Calvanico, Castel San Giorgio, Cava de’ Tirreni, Fisciano, Mercato San Severino, Pellezzano, Roccapiemonte, Siano.

Cúige Avellino: Contrada, Forino, Montoro, Moschiano.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir ‘Ciliegia di Bracigliano’ agus an limistéar geografach bunaithe ar chaighdeán an táirge agus ar chlú láidir a tarraingíodh air le himeacht ama.

Soláthraítear leis an limistéar táirgeachta na dálaí is fearr ar mhaithe le fás fásúil barrmhaith do chrainn silíní chomh maith le forbairt chuí na dtorthaí.

Topagrafaíocht chnocach atá ann go príomha. Ó thaobh aeráide de, tagann an tEarrach go luath sna limistéir ina bhfásann silíní agus bíonn an samhradh te le huasteochtaí idir 25 C agus 28 °C. Sa Gheimhreadh, is annamh a thiteann teochtaí thíos faoi 0 °C. Bíonn an mheánfhrasaíocht bhliantúil thart ar 1 000 mm. Tagann an chuid is mó den fhrasaíocht sin idir an Fómhar agus luath san Earrach ach is leor í fós cuid mhaith de riachtanais uisce an bhairr a shásamh.

Is de bhunús glárach nó snaíochair atá an ithir agus ábhar pireaclastach le fáil inti go minic. Tá sí scaoilte agus tréscaoilteach den chuid is mó, de mheándoimhneacht, le draenáil mhaith agus coinneáil mhaith uisce agus pH idir 6,5 agus 7,2 aici.

Tá substráit atá láidir go leor chun riachtanais fhréamhchórais Prunusavium a chomhlíonadh ag na hithreacha ceannasacha sa limistéar go ginearálta, tá siad éasca le hoibriú agus an-tréscaoilteach, agus bíonn toilleadh réimse mhaith acu.

Cruthaíonn an ithir agus na saintréithe aeráide ar a dtugtar tuairisc timpeallacht idéalach don bharr, agus iad ag méadú thréithe orgánaileipteacha na dtorthaí an oiread agus is féidir agus ag coimeád gníomhú lotnaidí a dhéanfadh dochar dá n-indíoltacht, chomh híseal agus is féidir.

Tagann fianaise maidir leis an dlúthnasc don limistéir freisin ó láithreacht neamhghnách na gcineálacha áitiúla, mar a shonraítear i bpointe 3.2, rud a léiríonn, ós rud é nach bhfuil siad le fáil ach sa limistéir seo amháin, eindéimeacht de shórt.

I limistéar Valle dell’Irno, tá áit na bhfíonghort, a thug an príomhbharr fadó, glactha beagnach go hiomlán ag crainn silíní ó lár an chéid seo caite.

Léirítear sna sonraí is déanaí go bhfuil thart ar 500 gabháltas talmhaíochta sa limistéar agus roinnt gnólachtaí díolacháin.

Tagann ‘Ciliegia di Bracigliano’ ó limistéar atá dea-oiriúnaithe go traidisiúnta do tháirgeadh silíní agus an saineolas teicniúil a bhailigh táirgeoirí leis na céadta blianta (go háirithe a mhéid a bhaineann le hobair thábhachtach chun bithéagsúlacht ghéiniteach a chosaint), agus an saineolas sin oiriúnaithe do dhálaí áitiúla, chuidigh sé sin le táirge de cháilíocht aitheanta a dhéanamh den táirge seo.

Léirítear i bhfoinsí éagsúla gur gné shaintréitheach de thalmhaíocht agus geilleagar an limistéir iad na crainn silíní a bheith ann, agus sonraítear an méid sin i ndoiciméid nótaireachta go príomha, a théann chomh fada siar le 1556 (taifid nótaireachta Bracigliano: nótaire Salvatore Grimaldi, comhaid 472 agus 477; Taifid nótaireachta Bracigliano: nótaire Gaetano De Caro, comhad 487). Taispeántar sna doiciméid cé chomh tábhachtach agus a bhí buaint na silíní in Bracigliano. In 1714, d’fhianaigh an nótaire Matteo Milone (Cartlann Stáit Salerno, taifid nótaireachta Bracigliano, comhad 495) gan aon agó do dhian-fhás silíní a bheith ann in Bracigliano.

Le blianta beaga anuas, léiríodh i sraith iomlán d’ábhar fógraíochta, taifid, físeáin agus doiciméid páipéir stairiúla, clú ‘Ciliegia di Bracigliano’. Ina shaothar Storia di Bracigliano [Stair Bracigliano] (Arti Grafiche Emilio Di Mauro di Cava de’ Tirreni, 1980), tagraíonn an sagart Prionsiasach Teofilo M. Giordano go soiléir, sa chuid a dhéileálann leis an ngeilleagar áitiúil, do ‘Ciliegia di Bracigliano’, áit a ndeir sé go raibh sé forleathan le blianta fada. Tá luaite aige ann roinnt de na cineálacha a chuimsítear sa tsonraíocht seo, ag tabhairt faisnéise ar a gcáilíocht agus ar an éileamh atá orthu ar an margadh, lena n-áirítear onnmhairiú fiú, mar a thaispeántar leis an ainm ‘Ciliegia di Bracigliano’ a bheith ar shonraisc thráchtála. Tá cuma air mar sin go raibh fás silíní seanbhunaithe sa limistéar, agus goirt silíní móra in ann ioncam feirme nach beag a sholáthar.

Léiríodh tábhacht chultúrtha agus eacnamaíoch ‘Ciliegia di Bracigliano’ dá limistéar táirgeachta traidisiúnta i gcaitheamh na mblianta tríd an iliomad aonach agus féile, amhail Festa della Ciliegia di Bracigliano, atá á reáchtáil gach bliain ó bhí 1999 ann, agus an t-imeacht cosúil leis sin atá á reáchtáil in Siano ó bhí 1997 ann.

Gach bliain, reáchtálann Associazione Nazionale ‘Città delle Ciliegie’ a fhéile náisiúnta Città delle Ciliegie [Bailte Silíní] i suíomhanna a aithnítear mar limistéir ina dtáirgtear silíní den scoth. Mar aitheantas ar cháilíocht ard ‘Ciliegia di Bracigliano’, reáchtáladh an cúigiú féile in Bracigliano ón 18 go dtí an 21 Meitheamh 2009.

Bhain ‘Ciliegia di Bracigliano’ rath iomráiteach amach roinnt uaireanta i sainchomórtais náisiúnta. Is leor a lua gur thug AMDMI (Cumann Stiúrthóirí na Margaí Torthaí agus Glasraí Mórdhíola) ‘Migliore Ciliegia d’Italia’ [Silín is Fearr san Iodáil] ar an táirge seo in 2011.

Meastar gur ‘tír na silíní’ atá i gceist le limistéar táirgeachta ‘Ciliegia di Bracigliano’ fós, úsáideadh a thalamh chun an toradh seo a fhás i gcónaí, ag cruthú nasc dofhuascailte idir na ceantair agus an silín.

Bíonn ‘Ciliegia di Bracigliano’ ann mar chomhábhar ríthábhachtach i neart oideas, chuimsigh sain-suíomhanna amhail Top Food Italy nó Torte e Dintorni é agus tá eolas ag cócairí rathúla air, amhail Sal De Riso agus Rocco Iannone, agus chomh maith le cócairí eile atá ag teacht chun cinn, agus úsáideann siad uile an táirge ina gcuid cruthúchán. Aithnítear Sal De Riso dá chuid scile mar mhilsíneoir agus labhair sé faoi ‘Ciliegia di Bracigliano’ ar na meáin shóisialta (i bhfíseán uaslódáilte ar YouTube an 8 Deireadh Fómhair 2020, agus ar a leathanach Facebook an 21 Samhain 2020, luann sé go bhfuil ‘Ciliegia di Bracigliano’ an-speisialta: tá sé mór, súmhar agus milis, le céim ard Brix, agus briosc freisin, agus úsáidim é i manglaim chomh maith).

Ina theannta sin, deimhnítear cáil ‘Ciliegia di Bracigliano’ le go leor alt a scríobh speisialtóirí. Is leor an t-iriseoir bia Luciano Pignataro a lua (foilsíodh alt, dar teideal ‘La stagione delle ciliegie a Bracigliano’ [Biaiste silíní in Bracigliano] ar a shuíomh gréasáin an 7 Iúil 2015 agus bhí an tuairisc a leanas ann: ‘Is é Bracigliano baile na silíní. Ach ní ar mhaithe leis na tréithe orgánaileipteacha amháin a bhfuil na silíní blasta seo éagsúil agus tóir orthu ar fud na hIodáile. Tá clú agus cáil ar an mbaile sin mar gheall ar a shean-traidisiún ceoil, a mhias chlúiteach “Mallone”, a shamhraí fionnuara agus as a shilíní ar ndóigh; maidir lena áitritheoirí, d’ainneoin go bhfuil cónaí orthu sa “sráidbhaile domhanda”, tá siad sainiúil mar gheall ar an dian-mheas atá acu ar am, ar shéasúir agus ar thraidisiúin a bhaineann leis an talamh. Dá bhrí sin, tá mí an Mheithimh go hiomláin tiomnaithe do na silíní seo a bhaint, a dtugtar an leasainm “ní féidir aon cheann amháin a ithe” orthu freisin. Glacann altraí, múinteoirí, múinteoirí ceoil agus státseirbhísigh am ar saoire chun a gcuid ama a thabhairt do na silíní, a éiríonn níos luachmhaire gach bliain agus iad faoi ionsaithe ó líon lotnaidí. Níor éirigh leis na fadhbanna beaga seo cur isteach ar an bpaisean atá acu do na silíní a bhaint, áfach, agus beireann an próiseas greim ar an mbaile iomlán gach bliain.

Más cáil atá roimh an ngnáth-tháirge seo, ní de thaisme atá sé’) nó an fiontraí Antonio Amato (a d’fhoilsigh alt ar a bhlag i mí Lúnasa 2020 dar teideal ‘La Ciliegia di Bracigliano – L’oro rosso della nostra terra’ [Ciliegia di Bracigliano — An t-ór dearg dár gcríoch] a thuairiscíonn, i measc rudaí eile, gur ‘An t-am foirfe atá ann anois chun breathnú le haoibhneas ar an radharc for-rua, cionn is gur ghéill bán na gcrann faoi bhláth d’imireacha éagsúla an deirg de chuid chineál luachmhar an tsilín Bracigliano, cineál mall-aibithe a aibíonn ón dara leath de mhí an Mheithimh go dtí an chéad leath de mhí Iúil, ag cur fáilte roimh an samhradh agus ag cur dearg ar na sléibhte Agro.

Tagann aon trian de tháirgeadh silíní Campania ó chríoch bardais Bracigliano, a dhéanann mórtas, ó bhí an 18ú céad ann, dá shaothrú de shilíní idir measartha agus mór atá dúdhearg le bia teann agus súmhar’). Deimhnítear an cháil atá orthu le breis agus 25 000 amas Google ar ‘Ciliegia di Bracigliano’, lena n-áirítear na suíomhanna gréasáin Campania Terra Laboris agus Irno Notizie, a aithníonn uathúlacht an táirge nasctha lena limistéar táirgeachta. Úsáidtear ‘Ciliegia di Bracigliano’ chun taosráin thraidisiúnta a tháirgeadh; is leor ‘Zizzinella’ a lua, cruthúchán de chuid an mháistirchócaire taosrán Giuseppe Palumbo, déanta le ricotta buabhaill, cnónna coill agus ‘Ciliegia di Bracigliano’ iondoirte le halcól (Annamaria Parlato, Enogastronomia Bracigliano, 23.5.2020 – mar a dúradh in alt dar teideal ‘Il dolce omaggio alla ciliegia di Giuseppe Palumbo. I La ciliegia è un contenitore di principi benefici per il corpo umano’ [Ómós milis Giuseppe Palumbo do shilíní. Tá silíní lán le comhábhair atá mar bhuntáiste don chorp daonna] go raibh ‘Fianaise ann ar tháirgeadh silíní in Bracigliano chomh fada siar leis an gcéad leath den 18ú céad déag agus gur lean an táirgeadh sin ar aghaidh gan stad, fiú le linn ghorta 1764. Sna 1950idí, tháirg an baile aon trian de na silíní in Campania, a bhí mar phríomhréigiún tháirgeadh na silíní san Iodáil san am sin. Is éard atá ann táirge talmhaíochta par excellence Bracigliano, agus go deimhin tugtar “ór dearg” air. I gcanúint áitiúil tugtar “a cerasa” air. Aibíonn sé go mall san Earrach agus bíonn líon ard flavónóideach ann’).

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeAttachment.php/L/IT/D/1%252F3%252F5%252FD.2b7b3e606aeccbd310b6/P/BLOB%3AID%3D3343/E/pdf?mode=download


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/27 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha a bhaineann le tásca geografacha, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta a chlárú agus a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 (IO L, 2025/27, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/27/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2722/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)