European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2619

7.5.2025

CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Márta 2025

maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach athruithe ar tháblaí leithdháileacháin náisiúnta na Seicia, na Gearmáine, na Cróite, na hIodáile agus na Slóvaice a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh

(C/2025/2619)

TÁ COIMISIÚN AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann de chuid an Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Chinneadh Uimh. 280/2004/CE agus Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún agus Rialachán Uimh. 1193/2011 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Aibreán 2011 ghlac an Coimisiún Cinneadh 2011/278/AE (2) lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). De bhun Airteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (4), leanann Cinneadh 2011/278/AE d’fheidhm a bheith aige maidir le leithdháiltí a bhaineann leis an tréimhse roimh an 1 Eanáir 2021. Baineann gach leithdháileadh faoina dtugtar fógra dá dtagraítear sa chinneadh seo le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020.

(2)

An 5 Meán Fómhair 2013, ghlac an Coimisiún Cinneadh 2013/448/AE (5) maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020, de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE.

(3)

Le Cinneadh 2014/9/AE (6), rinne an Coimisiún Cinneadh 2010/2/AE (7) agus Cinneadh 2011/278/AE a leasú a mhéid a bhaineann le liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol mór sceite carbóin (dá ngairtear ‘liosta sceite carbóin’ anseo feasta).

(4)

Le Cinntí C(2013) 9281 (8), C(2014) 123 (9), C(2014) 674 (10) agus C(2014) 1167 (11), thug an Coimisiún treoir don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta agus táblaí leithdháileacháin náisiúnta athbhreithnithe na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Gréige, na Spáinne, na Fraince, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, Lucsamburg, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Polainne, na Portaingéile, na Rómáine, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(5)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013, Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, thug an tSeicia fógra don Choimisiún, le litir dar dháta an 13 Feabhra 2025, maidir le hathruithe ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil mar thoradh ar scor páirteach gníomhaíochtaí agus téarnamh leibhéil na ngníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.

(6)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013, Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, thug an Ghearmáin fógra don Choimisiún, le litir dar dháta an 9 Iúil 2024, maidir le hathruithe ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil mar thoradh ar scor páirteach gníomhaíochtaí agus téarnamh leibhéil na ngníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.

(7)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013, Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, thug an Chróit fógra don Choimisiún, le litir dar dháta an 16 Bealtaine 2024, maidir le hathruithe ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil mar thoradh ar scor páirteach gníomhaíochtaí agus téarnamh leibhéil na ngníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.

(8)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013, Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, thug an Iodáil fógra don Choimisiún, le litir dar dháta an 7 Eanáir 2025, maidir le hathruithe ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil mar thoradh ar scor páirteach gníomhaíochtaí agus téarnamh leibhéil na ngníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.

(9)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 389/2013, Airteagal 52(2), an chéad fhomhír, thug an tSlóvaic fógra don Choimisiún, le litir dar dháta an 11 Feabhra 2025, maidir le hathruithe ar a tábla leithdháileacháin náisiúnta chun leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil mar thoradh ar scor páirteach gníomhaíochtaí agus téarnamh leibhéil na ngníomhaíochtaí ina dhiaidh sin.

(10)

Na hathruithe faoina dtugtar fógra ar tháblaí leithdháileacháin náisiúnta na Seicia, na Gearmáine, na Cróite, na hIodáile agus na Slóvaice, tá siad i gcomhréir le Cinneadh 2011/278/AE. Dá bhrí sin, ba cheart treoir a thabhairt don riarthóir lárnach na hathruithe sin a chur isteach i gClárlann an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal Aonair

Déanfaidh an riarthóir lárnach na hathruithe ar tháblaí leithdháileacháin náisiúnta na Seicia, na Gearmáine, na Cróite, na hIodáile agus na Slóvaice a leagtar amach san Iarscríbhinn a chur isteach i gClárlann an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Márta 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Wopke HOEKSTRA

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 122, 3.5.2013, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2011/278/AE ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2011 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2011, lch. 1).

(3)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha maidir le leithdháileadh comhchuibhithe lamháltas astaíochtaí saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(5)  Cinneadh 2013/448/AE ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2013 maidir le bearta náisiúnta trasuite le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 240, 7.9.2013, lch. 27).

(6)  Cinneadh 2014/9/AE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 lena leasaítear Cinneadh 2010/2/AE agus Cinneadh 2011/278/AE a mhéid a bhaineann leis na hearnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol mór sceite carbóin (IO L 9, 14.1.2014, lch. 9).

(7)  Cinneadh 2010/2/AE ón gCoimisiún an 24 Nollaig 2009 lena gcinntear, de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, liosta earnálacha agus fo-earnálacha a mheastar a bheith i mbaol mór sceite carbóin (IO L 1, 5.1.2010, lch. 10).

(8)  Cinneadh C(2013) 9281 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na hOstaire, na Gréige, na hÉireann, na Laitvia, na hÍsiltíre, na Portaingéile, na Sualainne agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(9)  Cinneadh C(2014) 123 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta Phoblacht na Seice, na Danmhairge, na Fraince, na Liotuáine, na hUngáire agus na Slóvaice a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(10)  Cinneadh C(2014) 674 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na Beilge, na Gearmáine, na hEastóine, Lucsamburg, na Slóivéine agus na Fionlainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

(11)  Cinneadh C(2014) 1167 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2014 maidir le treoir a thabhairt don riarthóir lárnach táblaí leithdháileacháin náisiúnta na Bulgáire, na Spáinne, na Cróite, na hIodáile, na Cipire, na Laitvia, na Polainne, na Rómáine agus na Ríochta Aontaithe a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.


IARSCRÍBHINN I

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: an tSeicia

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh arna modhnú le sonraí iontrálaithe nua agus clabhsúr in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

CZ000000000000004

4

ArcelorMittal Tubular Products Karviná a.s.

ArcelorMittal Tubular Products Karviná a.s.

10 351

10 171

9 989

9 804

9 619

5 290

5 183

5 076

65 483

CZ000000000000334

334

HELUZ cihlářský průmysl v.o.s.

Cihelna Hevlín I

19 655

19 314

7 388

7 252

12 210

11 972

11 731

11 489

101 011

CZ000000000000329

329

HELUZ cihlářský průmysl v.o.s.

Cihelna Libochovice

24 307

23 885

11 729

8 842

17 349

17 011

21 704

21 256

146 083

CZ000000000000037

37

SKATLOP a.s.

SKATLOP a.s.

117 575

113 935

72 823

69 944

67 109

46 612

44 220

41 886

574 104

CZ000000000000243

243

Wienerberger s.r.o.

Wienerberger s.r.o. - závod Řepov

7 269

7 143

7 015

6 886

6 755

6 624

1 974

6 357

50 023

CZ000000000000171

171

Z-Group, a.s.

pracoviště Hrádek

18 234

17 917

17 597

17 273

8 473

16 615

11 856

7 973

115 938


IARSCRÍBHINN II

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse 2013-2020 de bhun Airteagal 10a(7) de Threoir 2003/87/CE (Cúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua)

Ballstát: an Ghearmáin

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh ón gcúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

DE000000000208804

208804

Erdwärme Grünwald GmbH

Heizkraftwerk Laufzorn

0

0

0

233

937

1 584

1 303

1 032

5 089


IARSCRÍBHINN

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: an Chróit

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh arna modhnú le sonraí iontrálaithe nua agus clabhsúr in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

HR-new-HR-249

206077

GAVRILOVIĆ d.o.o.

GAVRILOVIĆ d.o.o.

7 429

6 648

2 956

2 586

2 229

1 881

3 079

2 437

29 245


IARSCRÍBHINN IV

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: an Iodáil

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh arna modhnú le sonraí iontrálaithe nua agus clabhsúr in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

IT000000000205126

205126

Gruppo Ceramiche Ricchetti SpA

Gruppo Ceramiche Ricchetti S.p.A. - Stab. 7 %

34 926

34 320

33 706

33 085

24 505

24 028

23 544

23 058

231 172


IARSCRÍBHINN V

Athruithe ar an tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na tréimhse idir 2013 agus 2020 de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE (Bearta náisiúnta trasuite)

Ballstát: an tSlóvaic

Is iad seo a leanas na leithdháiltí athraithe sa tábla leithdháileacháin náisiúnta le haghaidh na suiteálacha sonraithe:

Uimhir aitheantais na suiteála (Iontrálaithe nua agus clabhsúir)

Uimhir aitheantais na suiteála (Clárlann an Aontais)

Ainm an oibreora

Ainm na suiteála

Cainníocht atá le leithdháileadh

Cainníocht atá le leithdháileadh arna modhnú le sonraí iontrálaithe nua agus clabhsúr in aghaidh na suiteála

2013

2014

2015

2016

2017

2018

2019

2020

SK000000000000158

158

Wienerberger slovenské tehelne, spol. s r. o., závod Boleráz

Wienerberger slovenské tehelne, spol. s r. o., závod Boleráz

24 562

24 134

19 419

23 268

22 826

22 381

21 931

21 479

180 000


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2619/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)