|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2497 |
12.5.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 13 Márta 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – An Ghearmáin) – Cassella-med GmbH & Co.KG, MCM Klosterfrau Vertriebsgesellschaft mbH v Verband Sozialer Wettbewerb eV
(Cás C-589/23 (1) , Cassella-med et MCM Klosterfrau)
(Tarchur chun réamhrialú - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Treoir 2001/83/CE - Airteagal 1(2)(b) - An coincheap ‘táirge íocshláinte de réir feidhme’ - An coincheap ‘gníomhaíocht chógaseolaíochta’ - Substaint a tháthaíonn le baictéir ar bhealach in-aisiompaithe chun iad a chosc ó ghreamú de chealla daonna - Airteagal 2(2) - Creat dlíthiúil is infheidhme - Aicmiú mar ‘fheiste leighis’ nó mar ‘tháirge íocshláinte’ - Feistí leighis - Treoir 93/42/CEE - Airteagal 1(2)(a) - An coincheap ‘feiste leighis)
(C/2025/2497)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Cassella-med GmbH & Co.KG, MCM Klosterfrau Vertriebsgesellschaft mbH
Cosantóir: Verband Sozialer Wettbewerb eV
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1(2)(b) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, arna leasú le Treoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní mór a mheas go bhfuil ‘gníomhaíocht chógaseolaíochta’, de réir bhrí na forála sin, ann i gcás ina gcoisceann substaint, trí tháthú in-aisiompaithe le baictéir, ar na baictéir greamú de chealla daonna.
(1) IO C, C/2024/706.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2497/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)