|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2456 |
24.4.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
Cás M.11975 – LATOUR CAPITAL / LYNXEO
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/2456)
1.
An 11 Aibreán 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
|
— |
Latour Capital Management (‘Latour Capital’, an Fhrainc), |
|
— |
Lynxeo Financial Services (‘Lynxeo Financial Services’, an Fhrainc), Lynxeo France (‘Lynxeo France’, an Fhrainc), Lynxeo Aerospace & Healthcare France (‘Lynxeo A&H France’, an Fhrainc), Lynxeo Aerospace & Healthcare Morocco SARL (‘Lynxeo Morocco’, Marocco), Lynxeo Deutschland GmbH (‘Lynxeo Deutschland’, an Ghearmáin), Lynxeo USA Inc. (‘Lynxeo USA’, Stáit Aontaithe Mheiriceá) Lynxeo Iberia SL (‘Lynxeo Iberia’, an Spáinn), Nexans Hong-Kong Ltd. (‘Nexans Hong-Kong’, Hong-Kong), Lynxeo Singapore Pty Ltd. (‘Lynxeo Singapore’, Singeapór), Lynxeo Systems Denmark A/S (‘Lynxeo Denmark’, an Danmhairg), Lynxeo (Suzhou) Cable Technology Co., Ltd. (‘Lynxeo Suzhou’, an tSín), Lynxeo Italia s.p.a (‘Lynxeo Italia’, an Iodáil), Electric Wire Co Ltd. (‘Kukdong’, an Chóiré), Lynxeo Korea Ltd. (‘Lynxeo Korea’, an Chóiré), Lynxeo Systems Poland sp z o.o (‘Lynxeo Poland’, an Pholainn), Lynxeo (Tianjin) Cables Solution Co., Ltd (‘Lynxeo Tianjin’, an tSín) (le chéile, ‘Group Lynxeo’). |
Gheobhaidh Latour Capital rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Group Lynxeo ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is cuideachta cothromais phríobháidigh é Latour Capital a infheistíonn den chuid is mó i gcuideachtaí Francacha atá gníomhach i ngach earnáil. Infheistíonn Latour Capital go háirithe i seirbhísí gnó, san earnáil thionsclaíoch, agus i seirbhísí digiteacha i dtaca le gnólacht le gnólacht agus gnólacht le tomhaltóir. |
|
— |
Táirgeann agus díolann Group Lynxeo cáblaí don earnáil thionsclaíoch, go háirithe le haghaidh bonneagair, earraí agus seirbhísí sna hearnálacha a leanas: uathoibriú, iompar, fuinneamh agus leigheas. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11975 – LATOUR CAPITAL / LYNXEO
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2456/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)