European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2428

25.4.2025

SEASAMH (AE) UIMH. 1/2025 ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

d’fhonn go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 24 Márta 2025

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/2428)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bíonn ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, na ceanglais sin a chuíchóiriú chun an t-ualach riaracháin a theorannú agus chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an cuspóir dár beartaíodh iad.

(2)

Faoi Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), gach riarthóir tagarmharcanna, gan beann ar ábharthacht shistéamach na dtagarmharcanna sin nó an méid ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais a úsáideann na tagarmharcanna sin mar rátaí tagartha nó mar thagarmharcanna feidhmíochta, tá siad le ceanglais an-mhionsonraithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir lena n-eagraíocht, le rialachas agus coinbhleachtaí leasa, le feidhmeanna formhaoirseachta, le sonraí ionchuir, le cóid iompair, le sáruithe a thuairisciú, agus le nochtaí i dtaobh na modheolaíochta a úsáidtear agus i dtaobh an ráitis tagarmhairc. Leis na ceanglais sin, cuireadh ualach rialála díréireach ar riarthóirí tagarmharcanna beaga san Aontas nuair a chuirtear aidhmeanna Rialachán (AE) 2016/1011 san áireamh, i.e. cobhsaíocht airgeadais a choimirciú agus iarmhairtí eacnamaíocha diúltacha a eascraíonn as neamhiontaofacht tagarmharcanna a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá an t-ualach rialála sin a laghdú trí dhíriú ar na tagarmharcanna sin lena mbaineann an ábharthacht eacnamaíoch is mó do mhargadh an Aontais, i.e. tagarmharcanna suntasacha agus criticiúla, agus ar na tagarmharcanna sin a rannchuidíonn chun príomhbheartais an Aontais a chur chun cinn, i.e. Aistriú Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Ar an gcúis sin, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm Theidil II, III, IV, V agus VI de Rialachán (AE) 2016/1011 a laghdú chuig na tagarmharcanna sonracha sin. Mar sin féin, leis na forálacha sonracha in Airteagail 23a, 23b agus 23c déantar an cuspóir maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus cobhsaíocht eacnamaíoch a áirithiú i gcás ina bhfuil tagarmharc á fhoirceannadh agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith infheidhme i gcónaí maidir le gach tagarmharc.

(3)

Riarthóirí a d’eisiafaí ó raon feidhme chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1011 tar éis na leasuithe a thugtar isteach leis an Rialachán leasaitheach seo agus ar mian leo roghnú a bheith páirteach sa chóras, ba cheart an cead a bheith acu iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chuig a n-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na tagarmharcanna a thairgeann siad a ainmniú mar thagarmharcanna suntasacha. Leis an iarraidh sin, ba cheart faisnéis leordhóthanach a sholáthar don údarás inniúil chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an tagarmharc na ceanglais maidir le hainmniú mar thagarmharc suntasach faoin gcóras um rogha a bheith páirteach. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear san iarraidh míchruinn nó míthreorach, ba cheart don údarás diúltú an tagarmharc lena mbaineann a ainmniú. Riarthóirí tagarmharcanna atá údaraithe chun roghnú a bheith páirteach, ba cheart dóibh na ceanglais uile is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh.

(4)

Le Rialachán (AE) 2016/1011 tugtar de chumhacht don Choimisiún spot-tagarmharcanna malairte eachtraí a dhíolmhú faoi choinníollacha sonracha. Chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí tagarmharcanna de chuid an Aontais ar ionstraimí fálaithe bunaithe ar spot-tagarmharcanna malairte eachtraí a bhfuil feidhm ag rialuithe airgeadra maidir leo, is gá foráil a dhéanamh gur cheart don Choimisiún tagarmharcanna malairte eachtraí a ainmniú mar thagarmharcanna díolmhaithe i gcás ina ndéanann siad tagairt do spotrátaí malairte airgeadra tríú tír a bhfuil feidhm ag na rialuithe airgeadra sin maidir leo. Áirítear de ghnáth le rialuithe airgeadra, rialacha de chineál dlíthiúil nó rialála lena gcuirtear toirmeasc, teorainn nó srian ar chomhshó saor in aisce airgeadra ar leith go haon airgeadra eile. Tá difríochtaí eatarthu ó thaobh na srianta sonracha a fhorchuirtear leo agus déantar iad a fhorbairt go leanúnach. Dá bhrí sin, is gá éagsúlacht agus forbairt na rialuithe airgeadra a chur san áireamh agus comhlíonadh an chritéir ábhartha á léiriú chun a áirithiú gur féidir é a chur i bhfeidhm go hiarbhír. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha a áirithiú faoinar cheart spot-tagarmharc malairte eachtraí a dhíolmhú ó Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta de thagarmharcanna díolmhaithe a bhunú agus a choinneáil.

(5)

De bhun Airteagal 19d de Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar riarthóirí tagarmharcanna suntasacha féachaint le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar. Ós rud é gur deacair an fhoráil sin a fhorfheidhmiú, is iomchuí í a scriosadh. Mar sin féin, níor cheart scriosadh na forála sin a thuiscint mar laghdú ar thiomantas an Aontais do chuspóirí an aistrithe aeráide agus Chomhaontú Pháras. Dá bhrí sin, chun úsáid caighdeán coiteann le haghaidh tagarmharcanna a bhaineann leis an aeráid a chur chun cinn agus chun a soláthar iomchuí san Aontas a áirithiú, moltar do riarthóirí tagarmharcanna na tagarmharcanna sin a sholáthar san Aontas.

(6)

Ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna faireachán a dhéanamh ar úsáid na dtagarmharcanna a sholáthraíonn siad san Aontas agus fógra a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann nó don Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (ÚEUM) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ag brath ar an áit a bhfuil an riarthóir sin lonnaithe, i gcás inar shroich úsáid chomhiomlán ceann dá dtagarmharcanna an tairseach EUR 50 billiún a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011. Is minic a thairgeann riarthóirí tagarmharcanna leaganacha éagsúla den tagarmharc chun freastal ar riachtanais shonracha úsáideoirí tagarmharcanna, lena n-áirítear athraithigh maidir le haibíochtaí nó éirimí, airgeadraí agus torthaí a ríomh. I gcás inarb ann d’athraithigh mar sin, ba cheart a n-úsáid a chomhiomlánú.

(7)

Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag riarthóirí tagarmharcanna oiriúnú do na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le tagarmharcanna suntasacha, níor cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas sin ach amháin 60 lá oibre ón dáta a chuir siad an fógra sin isteach. Ina theannta sin, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna, arna iarraidh sin don údarás inniúil sin nó do ÚEUM, an fhaisnéis uile is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid chomhiomlán an tagarmhairc san Aontas a thabhairt don údarás sin nó do ÚEUM.

(8)

I gcás nach dtugann riarthóir tagarmharcanna fógra don údarás inniúil lena mbaineann nó do ÚEUM, de réir mar is infheidhme, gur shroich úsáid ceann dá thagarmharcanna an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, agus i gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag an údarás inniúil lena mbaineann nó ag ÚEUM chun a mheas gur sroicheadh an tairseach sin, ba cheart an t-údarás inniúil lena mbaineann nó ÚEUM a bheith in ann a dhearbhú gur sroicheadh an tairseach, tar éis deis a thabhairt don riarthóir ar dtús éisteacht a fháil. Le dearbhú den sórt sin, ba cheart na hoibleagáidí céanna a spreagadh don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí le fógra arna thabhairt ag an riarthóir tagarmharcanna. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do chumas na n-údarás inniúil ná ÚEUM pionóis riaracháin a fhorchur ar riarthóirí nach dtugann fógra gur shroich ceann dá dtagarmharcanna an tairseach.

(9)

Mar sin féin, i gcásanna eisceachtúla, áfach, d’fhéadfadh tagarmharcanna a bheith ann a bhfuil a n-úsáid chomhiomlán faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, ach de bharr an cháis shonraigh i margadh Ballstáit, tá siad chomh tábhachtach sin don Bhallstát sin go mbeadh tionchar comhchosúil ag aon easpa iontaofachta agus a bheadh ag tagarmharc a sroicheann a úsáid an tairseach sin. Dá thoradh sin, i gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas, ba cheart údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith in ann tagarmharc den sórt sin a ainmniú mar thagarmharc suntasach ar bhonn sraith critéar cáilíochtúil. I gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ba cheart do ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, tagarmharc den sórt sin a ainmniú mar thagarmharc suntasach.

(10)

Chun comhsheasmhacht agus comhordú ainmniúcháin náisiúnta na dtagarmharcanna mar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, údaráis inniúla a bhfuil sé beartaithe acu tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le ÚEUM. Ar an gcúis chéanna, údarás inniúil Ballstáit a bhfuil sé beartaithe aige tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i mBallstát eile a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dó dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit eile sin freisin. I gcás nach n-aontaíonn údaráis inniúla faoi cé acu díobh ar cheart dó tagarmharc a ainmniú agus a mhaoirsiú, ba cheart do ÚEUM an t-easaontas sin a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe teacht i gcónaí ar chomhaontuithe comhair leis an údarás inniúil ainmniúcháin nó le ÚEUM maidir le tarmligean cúraimí faoi Rialachán (AE) 2016/1011.

(11)

Chun an ceart chun éisteacht a fháil a urramú, sula n-ainmníonn údarás inniúil nó ÚEUM tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh a cheadú do riarthóir an tagarmhairc sin aon fhaisnéis úsáideach is ábhartha maidir leis an ainmniú a sholáthar.

(12)

Chun go mbeidh ainmniú tagarmhairc mar thagarmharc suntasach a thrédhearcaí is féidir, ba cheart d’údaráis inniúla nó ÚEUM cinneadh ainmniúcháin a eisiúint ina sonrófar na cúiseanna a mheastar an tagarmharc sin a bheith suntasach. Ba cheart d’údaráis inniúla an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ÚEUM faoin gcinneadh sin. Ar na cúiseanna céanna, i gcás ina n-ainmníonn ÚEUM tagarmharc mar thagarmharc suntasach arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, ba cheart do ÚEUM an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ba cheart dó fógra a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoi sin.

(13)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, chun sonrú breise a thabhairt ar an modh ríofa chun an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011 a chinneadh, ar na critéir chun a mheas cé acu a shroich nó nár shroich úsáid an tagarmhairc an tairseach sin, ar an bhfaisnéis atá le tabhairt do ÚEUM laistigh de phróiseas ainmniúcháin tagarmhairc nach sroicheann an tairseach sin, agus ar na critéir chun an tionchar a bhaineann le scor de thagarmharc a sholáthar a mheas. I bhfianaise forbairtí praghsanna agus rialála a bheidh ann amach anseo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht na tairsí faoi 3 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo agus tuarascáil ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I gcás ina dtagann ÚEUM ar an eolas faoi aon saincheist a bhaineann leis an tairseach roimh dháta na tuarascála sin nó ina dhiaidh sin, ní mór dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoi méid sin.

(14)

Is catagóirí sonracha tagarmharcanna iad Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, arna sainiú mhéide réir mar a chomhlíonann siad rialacha lena rialaítear a modheolaíocht agus nochtaí gaolmhara. Ar an gcúis sin, agus chun cosc a chur ar éilimh a d’fhéadfadh a thabhairt le fios d’úsáideoirí go gcomhlíonann na tagarmharcanna sin na caighdeáin a ghabhann leis na lipéid sin, is gá roinnt tagarmharcanna agus a riarthóirí, de réir mar is iomchuí, a chur faoi réir clárú, údarú, aitheantas nó formhuiniú éigeantach, agus faoi réir maoirseachta.

(15)

Ba cheart láimhseáil rialála na dtagarmharcanna tráchtearraí a chur in oiriúint dá saintréithe sonracha. Ba cheart tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir na rialacha ginearálta maidir le tagarmharcanna airgeadais a láimhseáil ar bhealach comhionann le tagarmharcanna airgeadais eile agus níor cheart iad a chumhdach le Rialachán (AE) 2016/1011 ach amháin más tagarmharcanna suntasacha nó criticiúla iad agus nár díolmhaíodh ó raon feidhme an Rialacháin sin iad. Tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí atá ar fáil go héasca, níl na sainiúlachtaí céanna acu atá ag na tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe den chuid is mó ar shonraí arna soláthar ag eintitis neamhrialáilte, agus dá bhrí sin ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha ginearálta maidir le tagarmharcanna airgeadais. Tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna soláthar den chuid is mó ag eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht, ba cheart iad a bheith faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011 aon uair a shroicheann a luach tagartha tairseach de minimis ar mhaithe le stóinseacht agus iontaofacht a measúnuithe a áirithiú.

(16)

Chun tús tráthúil na maoirseachta ar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, riarthóirí tagarmharcanna a tháinig chun bheith suntasach, ba cheart dóibh údarú nó clárú a lorg, laistigh de 60 lá oibre ón tráth sin, nó, i gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, formhuiniú nó aitheantas a lorg.

(17)

Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna a d’fhéadfadh a bheith neamhshábháilte lena n-úsáid san Aontas, agus chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí féideartha, ba cheart údaráis inniúla agus ÚEUM a bheith in ann rabhadh a eisiúint i bhfoirm fógra poiblí, nach gcomhlíonann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh na ceanglais is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide go bhfuil an riarthóir tagarmharcanna le bheith údaraithe, cláraithe, formhuinithe nó aitheanta, de réir mar is infheidhme. A luaithe a eisítear rabhadh den sórt sin, níor cheart eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua do thagarmharcanna den sórt sin nó do theaglaim tagarmharcanna den sórt sin a chur isteach a thuilleadh. I gcás ina n-úsáidtear tagarmharc atá faoi réir rabhaidh in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais atá ann cheana nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas, ba cheart d’úsáideoirí tagarmharcanna rogha mhalartach a chur in ionad an tagarmhairc sin laistigh de thréimhse theoranta ama. Ar an gcaoi chéanna, chun cosc a chur ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna lena n-éilítear go gcomhlíontar na lipéid Aistrithe Aeráide AE agus na lipéid AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras gan bheith faoi réir maoirseacht leordhóthanach, níor cheart eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua a chur le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná le Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach n-áirítear riarthóir na dtagarmharcanna sin i gclár riarthóirí agus tagarmharcanna ÚEUM.

(18)

Chun míshocracht sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith iomarcach a sheachaint tar éis úsáid tagarmhairc a thoirmeasc, ba cheart údaráis inniúla nó ÚEUM a bheith in ann úsáid leanúnach shealadach tagarmhairc den sórt sin a cheadú. Chun freastal ar thionchar éagsúil a bhaineann le scor d’úsáid tagarmhairc den sórt sin, chomh maith le leibhéil éagsúla chastachta a bhaineann le rogha mhalartach oiriúnach air a aimsiú, ba cheart d’údaráis inniúla nó ÚEUM an tréimhse a shocrú, le haghaidh gach cáis aonair, ina leantar den úsáid a cheadú, agus na himthosca sonracha á gcur san áireamh, lena n-áirítear méid agus cineál úsáide an tagarmhairc. Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cosanta a áirithiú vis-à-vis infheisteoirí deiridh, úsáideoirí na dtagarmharcanna sin atá faoi réir rabhaidh i bhfoirm fógra poiblí, ba cheart dóibh rogha mhalartach oiriúnach a shainaithint ar na tagarmharcanna sin laistigh de 6 mhí ó fhoilsiú an fhógra phoiblí sin, nó ba cheart dóibh a áirithiú ar bhealach eile go gcuirtear cliaint ar an eolas go hiomchuí faoi easpa tagarmhairc mhalartaigh.

(19)

Faoi Rialachán (AE) 2016/1011, is bealach sealadach chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais é riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tír a aithint go dtí go nglacann an Coimisiún cinneadh coibhéise. I bhfianaise an lín an-teoranta tagarmharcanna tríú tír a chumhdaítear le cinntí coibhéise, ba cheart aitheantas den sórt sin teacht chun bheith ina bhealach buan chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais le haghaidh na riarthóirí tagarmharcanna sin.

(20)

Déanann ÚEUM maoirseacht lárnach faoi láthair ar riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha agus a bhfuil rochtain acu ar mhargadh an Aontais faoin gcóras aitheantais. Dá ndéanfaí an mhaoirseacht atá faoi inniúlacht ÚEUM a ailíniú sna córais formhuiniúcháin agus aitheantais araon, chuirfí na riarthóirí uile ó thríú tíortha ar comhchéim. Thairis sin, d’fhágfadh sé go bhféadfadh ÚEUM a bheith ar an aon chontrapháirtí ábhartha amháin san Aontas le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tíortha, rud a d’fhágfadh go mbeadh an comhar trasteorann níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

(21)

Tagarmharcanna a chumhdaítear le cinneadh coibhéise, meastar go ndéantar iad a rialáil agus a mhaoirsiú ar bhealach coibhéiseach le tagarmharcanna de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, an oibleagáid a bhaineann le formhuiniú nó aitheantas a lorg, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha atá lonnaithe i dtríú tír a thairbhíonn de chinneadh coibhéise.

(22)

Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, údaráis inniúla a ainmníonn tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh na srianta féideartha ar úsáid a shonrú, ar srianta iad a eascraíonn i gcás nach bhfuil riarthóir an tagarmhairc sin údaraithe nó cláraithe nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le formhuiniú ná aitheantas, de réir mar is infheidhme.

(23)

Bíonn úsáideoirí tagarmharcanna ag brath ar thrédhearcacht maidir le stádas rialála na dtagarmharcanna a úsáideann siad nó atá beartaithe acu a úsáid. Ar an gcúis sin, na tagarmharcanna sin atá faoi réir na gceanglas is mionsonraithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart do ÚEUM iad a liostú i gclár na riarthóirí agus na dtagarmharcanna, toisc go bhfuil a n-úsáid san Aontas os cionn na tairsí arna socrú le haghaidh tagarmharcanna suntasacha, toisc gur ainmnigh údarás inniúil náisiúnta nó ÚEUM mar thagarmharcanna suntasacha iad, nó toisc gur tagarmharcanna criticiúla iad. Ar an gcúis chéanna, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras arna soláthar ag riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe, ba cheart do ÚEUM iad a liostú sa chlár sin freisin. Ar deireadh, na tagarmharcanna ar eisigh údarás inniúil nó ÚEUM fógra poiblí ina leith lena dtoirmisctear úsáid a bhaint as na tagarmharcanna sin a thuilleadh, ba cheart do ÚEUM iad a liostú sa chlár freisin. Chun an t-ualach ar úsáideoirí a laghdú tuilleadh, ba cheart an fhaisnéis sin uile a chur ar fáil go héasca freisin ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(24)

Chun trédhearcacht maidir le húsáid tagarmharcanna san Aontas a fheabhsú, moltar do riarthóirí tagarmharcanna, ach ní cheanglaítear orthu, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) a fháil, chomh maith le huimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISIN) a fháil le haghaidh na dtagarmharcanna a sholáthraíonn siad. Nuair a bheidh aitheantóir eintitis dhlítheanaigh nó uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta faighte ag riarthóirí, ba cheart é a chur in iúl do na húdaráis inniúla ábhartha agus é a áireamh i gclár ÚEUM. I gcás ina ndearna riarthóirí tagarmharcanna aitheantóirí a chur in iúl d’údaráis inniúla nó ÚEUM, ba cheart do ÚEUM iad a áireamh ina chlár. Chun rochtain ar aitheantóir eintitis dhlítheanaigh agus uimhir aitheantais urrús idirnáisiúnta agus úsáid astu a chur chun cinn, táthar ag súil go ndéanfaidh na heintitis atá freagrach as a n-eisiúint amhlaidh ar bhonn cothrom agus neamh-idirdhealaitheach.

(25)

Chun aistriú rianúil chuig maoirseacht ag ÚEUM a áirithiú, ba cheart bearta a dhéanamh chun go mbeifear in ann an mhaoirseacht ar riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír atá faoi mhaoirseacht údaráis inniúil Ballstáit faoi láthair a aistriú, agus aon iarratais ar fhormhuiniú a aistriú, ar iarratais iad a fhaightear tar éis cibé dáta a mbeadh na húdaráis inniúla sin in ann cinneadh a dhéanamh faoi na hiarratais roimh dháta an aistrithe maoirseachta.

(26)

Chun a áirithiú go bhféadfaidh ÚEUM a chumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go héifeachtach, is gá dó a bheith in ann bearta maoirseachta a dhéanamh freisin i gcás nach n-oibrítear i gcomhar le himscrúdú nó cigireacht nó i gcás nach gcomhlíontar iad. Dá bhrí sin, ba cheart ÚEUM a bheith in ann cinneadh a ghlacadh lena ngearrtar fíneáil sna cásanna sin.

(27)

Le Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh gach tagarmharc seachas tagarmharcanna rátaí úis agus malairte eachtraí faoi réir rialacha trédhearcachta a mhéid a bhaineann le cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais san áireamh sna tagarmharcanna agus conas a chuirtear san áireamh iad, agus tugadh isteach dhá chatagóir tagarmharcanna a bhaineann le ESG atá faoi réir comhlíonadh íoschaighdeán breise a leagtar síos i ndlí an Aontais, is iad sin, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Chun ardleibhéal trédhearcachta a choinneáil maidir le héilimh a bhaineann le critéir ESG agus leibhéal leordhóthanach cosanta d’úsáideoirí, is iomchuí go leanann riarthóirí tagarmharcanna atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011 den fhaisnéis is gá a nochtadh, le haghaidh gach tagarmhairc nó fine tagarmharcanna a riarann siad ina ndéantar éilimh a bhaineann le critéir ESG i ndoiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta. Chun nach dtiocfar timpeall ar an oibleagáid maidir le nochtaí a bhaineann le critéir ESG le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart do gach riarthóir a sholáthraíonn tagarmharcanna sa ghrúpa céanna a bheith faoi réir na gceanglas sin maidir le nochtadh. Faoin 30 Meitheamh 2029, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a ullmhú chun measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil raon feidhme reatha na dtagarmharcanna ina bhfuil éilimh a bhaineann le critéir ESG atá faoi réir ceanglais maidir le nochtadh faoi Rialachán (AE) 2016/1011 iomchuí agus an gcuireann sé ar chumas úsáideoirí na dtagarmharcanna sin a gceanglais féin maidir le nochtadh a bhaineann le hinbhuanaitheacht a chomhlíonadh go leordhóthanach. Chun comhsheasmhacht a áirithiú i nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht, ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin freisin ar cé acu atá nó nach bhfuil nochtaí a bhaineann le critéir ESG faoi Rialachán (AE) 2016/1011 comhsheasmhach le nochtaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht faoi Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus le treoirlínte ábhartha ÚEUM. Ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

(28)

Chun aistriú rianúil chuig cur i bhfeidhm na rialacha a thugtar isteach faoin Rialachán leasaitheach seo a áirithiú, ba cheart cláraithe, údaruithe, aitheantais nó formhuinithe riarthóirí atá ann cheana agus atá faoi mhaoirseacht faoi láthair faoi Rialachán (AE) 2016/1011 a bheith bailí go ceann 9 mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. Tá sé beartaithe leis an tréimhse sin am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis inniúla agus ÚEUM a chinneadh ar cheart aon cheann de na riarthóirí atá faoi mhaoirseacht faoi láthair a mheas mar riarthóir tagarmharcanna a ainmnítear i gcomhréir leis an Rialachán leasaitheach seo. Más amhlaidh atá, ba cheart cead a thabhairt do riarthóirí a bhí údaraithe, cláraithe, i mbun formhuiniúcháin nó aitheanta roimhe sin, nó riarthóir tagarmharcanna a ainmnítear arna iarraidh sin dóibh, a stádas roimhe sin a choinneáil gan a bheith orthu iarratas a dhéanamh an athuair. Ba cheart cead a thabhairt do riarthóirí tagarmharcanna suntasacha, in aon chás, a stádas mar riarthóirí tagarmharcanna údaraithe, cláraithe, i mbun formhuiniúcháin nó aitheanta a choinneáil. Mura n-ainmnítear iad, ba cheart an deimhneacht dhlíthiúil a bheith ag sealbhóirí údarúcháin, clárúcháin, aitheantais nó formhuiniúcháin atá ann cheana go bhfuil an tréimhse ainmniúcháin imithe i léig agus gur féidir a n-ainmneacha a bhaint de chlár ÚEUM go sábháilte, agus go mbeidh eintitis faoi mhaoirseacht in ann leanúint de na hinnéacsanna sin a úsáid. Mura n-ainmnítear laistigh den tréimhse ainmniúcháin 9 mí sin iad, tugtar le tuiscint nach bhfuil sé d’oibleagáid ar údarás inniúil a thuilleadh údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú atá ann cheana a choinneáil ar bun.

(29)

Chun gur féidir leanúint d’úsáid spot-tagarmharcanna malairte eachtraí go dtí go mbeidh an comhairliúchán poiblí is gá déanta ag an gCoimisiún agus go dtí go mbeidh gníomh cur chun feidhme glactha aige chun tagarmharcanna áirithe a dhíolmhú i gcás inar gá, ba cheart cur i bhfeidhm aon srianta úsáide a chur siar i gcás spot-tagarmharcanna malairte eachtraí arna soláthar ag riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas.

(30)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir.

(31)

Chun an t-am is gá a thabhairt do na húdaráis inniúla agus ÚEUM chun faisnéis a bhailiú maidir le tagarmharcanna suntasacha féideartha agus chun an bonneagar atá ann cheana a oiriúnú don chreat nua dá bhforáiltear faoin Rialachán leasaitheach seo, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithaigh seo a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   Níl feidhm ag Teidil II agus III, cé is moite d’Airteagail 23a, 23b agus 23c, ná ag Teidil IV, V agus VI ach amháin i ndáil le tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

1b.   De mhaolú ar mhír 1a den Airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 13(1), pointe (d), agus Airteagal 27(2aa) maidir le gach tagarmharc a úsáidtear san Aontas arna sholáthar ag na riarthóirí seo a leanas:

(a)

riarthóirí a áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36; nó

(b)

riarthóirí ar cuid de ghrúpa iad ag a bhfuil riarthóir amháin ar a laghad atá ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.

1c.   De mhaolú ar mhír 1a den Airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 19 maidir le haon tagarmharc tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna rannchuidiú, mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

is tagarmharc sonraí rialáilte atá ann;

(b)

is tagarmharc é atá bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht iad a bhformhór;

(c)

is tagarmharc criticiúil é agus is ór, airgead nó platanam atá sa bhunsócmhainn.’

;

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

tagarmharc tráchtearraí bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí ar eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht a bhformhór agus nach mó meánluach barúlach iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhéanann tagairt don tagarmharc níos mó ná EUR 200 milliún thar thréimhse 12 mhí ina leith;’

;

(2)

in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

i bpointe (17), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):

‘(m)

riarthóir atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34;’

;

(b)

i bpointe (24), pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (ii) agus (iii):

‘(ii)

socrú formheasta maidir le foilsiú mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (34), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó soláthraí teilitéipe comhdhlúite mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1),pointe (35), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, i gcomhréir le ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála, ach i ndáil le sonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála amháin;

(iii)

sásra tuairiscithe formheasta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ach i ndáil le sonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais amháin a thrádáiltear ar ionad trádála agus nach mór a nochtadh i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta éigeantacha iarthrádála;’

;

(c)

scriostar pointe (27);

(3)

leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:

(a)

i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)

scriostar mír 6;

(4)

leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:

(a)

i mír 5, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)

scriostar mír 6;

(5)

leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

i gcás ina n-áirítear sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta a bhaineann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna aon tagairt maidir le tosca ESG a chur san áireamh, míniú ar an gcaoi a léirítear tosca ESG i bpríomhghnéithe na modheolaíochta le haghaidh gach ceann de na tagarmharcanna nó de na finte tagarmharcanna sin, cé is moite de thagarmharcanna ráta úis agus malairte eachtraí;’

;

(b)

i mír 1, scriostar an dara fomhír;

(c)

i mír 3, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(d)

scriostar mír 4;

(6)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;

(b)

scriostar mír 6;

(7)

in Airteagal 18 cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 25 maidir le tagarmharcanna ráta úis a sholáthar ná le rannchuidiú leo.’

;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18a:

‘Airteagal 18a

Spot-tagarmharcanna malairte eachtraí

‘1.   Ainmneoidh an Coimisiún spot-tagarmharc malairte eachtraí a riarann riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas mar thagarmharc díolmhaithe i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a)

leis an spot-tagarmharc malairte eachtraí, déantar tagairt do spotráta malairte in airgeadra tríú tír a bhfuil feidhm ag rialuithe airgeadra maidir leis; agus

(b)

leis an spot-tagarmharc ráta malairte eachtraí:

(i)

úsáidtear é ar bhonn minic, córasach agus rialta chun fálú in aghaidh gluaiseachtaí díobhálacha sa ráta malairte eachtraí; nó

(ii)

níl tagarmharc malartach coibhéiseach aige arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas.

2.   Déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun na spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 a shainaithint.

3.   Tar éis an comhairliúchán poiblí a thabhairt i gcrích, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun liosta spot-tagarmharcanna malairte eachtraí lena gcomhlíontar na critéir a leagtar síos i mír 1 a chruthú faoin … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta mar is iomchuí.’

;

(9)

i dTeideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 3:

‘Caibidil 3

Tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna soláthar

Airteagal 19

Tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna soláthar

Comhlíonfaidh tagarmharcanna tráchtearraí atá bunaithe ar shonraí ionchuir arna soláthar Airteagal 10, Teidil IV, V agus VI, agus na ceanglais shonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.’

;

(10)

in Airteagal 19a, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘4.   Ní dhéanfaidh riarthóirí nach n-áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an méid seo a leanas:

(a)

tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar nó a fhormhuiniú;

(b)

a léiriú nó a thabhairt le fios, in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin, go gcomhlíonann na tagarmharcanna a chuireann siad ar fáil na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

5.   Cuirfidh riarthóirí an t-acrainm“CTB” in ainm Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus an t-acrainm“PAB” in ainm Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:

‘Airteagal 24

Tagarmharcanna suntasacha

1.   Tagarmharc nach tagarmharc criticiúil é, is tagarmharc suntasach a bheidh ann i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

úsáidtear go díreach nó go hindíreach é i dteaglaim de thagarmharcanna laistigh den Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 50 billiún ar a laghad, ar bhonn na ngnéithe seo a leanas den tagarmharc, thar thréimhse 6 mhí:

(i)

raon aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme;

(ii)

airgeadraí uile nó aonaid tomhais eile an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme; agus

(iii)

na modheolaíochtaí uile chun torthaí a ríomh, i gcás inarb infheidhme;

(b)

ainmníodh an tagarmharc mar thagarmharc suntasach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5, agus leis an nós imeacht a leagtar síos i mír 6, nó leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 7.

2.   Tabharfaidh riarthóir fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, do ÚEUM, i gcás ina sroicheann ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna an riarthóra sin an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Tar éis an fógra sin a fháil, foilseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina sonraítear go bhfuil an tagarmharc sin mar thagarmharc suntasach.

Arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, arna iarraidh sin do ÚEUM, soláthróidh an riarthóir faisnéis an t-údarás inniúil sin nó d’ÚEUM, de réir mar is infheidhme, faoi cé acu a sroicheadh nó nár sroicheadh an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

I gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag údarás inniúil nó, i gcás riarthóir tríú tír, ag ÚEUM, chun a mheas go sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra a eisiúint chuige sin. Leis an bhfógra sin, spreagfar na hoibleagáidí céanna don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. 10 lá oibre ar a laghad sula n-eiseofar an fógra sin, cuirfidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ar an eolas faoina thorthaí, agus iarrfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM ar an riarthóir sin aon bharúlacha a chur faoina bhráid.

3.   Féadfaidh údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM i gcomhréir le mír 4 agus tar éis na comhairle uaidh a chur san áireamh, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh;

(b)

i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólacthaí i mBallstát an údaráis inniúil sin; agus

(c)

níor ainmnigh údarás inniúil Ballstáit eile an tagarmharc mar thagarmharc suntasach.

I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, ullmhóidh an t-údarás inniúil dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe. Rachaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhairle le ÚEUM maidir leis an dréachtchinneadh freisin.

Beidh 15 lá oibre ón dáta a thabharfar fógra faoin dréachtchinneadh ón údarás inniúil ainmniúcháin ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe chun barúlacha agus tuairimí a sholáthar i scríbhinn. Cuirfidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin ÚEUM ar an eolas faoi na barúlacha agus na tuairimí a gheofar agus déanfaidh sé na barúlacha agus na tuairimí sin a mheas go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ÚEUM faoina chinneadh críochnaitheach, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an riarthóir a eascraíonn as sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí. I gcás ina n-ainmníonn údarás inniúil tagarmharc mar thagarmharc suntasach atá contrártha leis an gcomhairle a d’eisigh ÚEUM faoi mhír 4, foilseoidh sé láithreach ar a shuíomh gréasáin fógra ina míneofar go hiomlán na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh.

4.   Nuair a rachaidh údarás inniúil i gcomhairle le ÚEUM maidir lena rún tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 3 mhí den chomhairliúchán sin, comhairle a eisiúint lena gcuirfear na tosca seo a leanas san áireamh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil cuí-réasúnú leordhóthanach déanta ag an údarás inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM ar a mheasúnú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír á gcomhlíonadh;

(b)

i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstáit seachas Ballstát an údaráis inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM.

Chun críocha phointe (b) den mhír seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh aon fhaisnéis arna soláthar ag an údarás inniúil a rachaidh i gcomhairle leis de bhun mír 3, an tríú fomhír.

5.   I gcás ina bhfaigheann ÚEUM go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, an chéad fhomhír, i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tiocfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le cé acu a dhéanfaidh an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach. I gcás nach dtagann na húdaráis inniúla ar chomhaontú maidir leis sin, déanfaidh siad an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM agus socróidh sé an t-easaontas sin i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

6.   Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh; agus

(b)

i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.

Roimh an gcinneadh ainmniúcháin agus a luaithe is féidir, cuirfidh ÚEUM riarthóir an tagarmhairc ar an eolas faoina rún, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin ráiteas réasúnaithe a sholáthar do ÚEUM laistigh de 15 lá oibre ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach.

I gcás inarb infheidhme, iarrfaidh ÚEUM, a luaithe is féidir, ar údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach.

Tabharfaidh ÚEUM cúiseanna maidir le haon chinneadh ainmniúcháin agus cuirfidh sé san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann.

Foilseoidh ÚEUM an cinneadh réasúnaithe uaidh ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil iarrthach maidir leis gan moill mhíchuí.

7.   Féadfaidh údarás inniúil tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:

(a)

chuir a riarthóir iarraidh i scríbhinn faoi bhráid an údaráis inniúil sin go n-ainmneofaí an tagarmharc sin mar thagarmharc suntasach, scríbhinn ina leagtar amach go soiléir na cúiseanna atá leis an iarraidh sin; agus

(b)

úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna san Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 20 billiún ar a laghad le 6 mhí anuas.

Diúltóidh an t-údarás inniúil do thagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina bhfuil forais aige chun a mheas go raibh an iarraidh míchruinn nó míthreorach.

Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ÚEUM faoi aon chinneadh maidir le tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an riarthóir a eascraíonn as sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí.

8.   I gcás inar mian le riarthóir tagarmhairc arna ainmniú i gcomhréir le mír 7 go mbainfí an t-ainmniú sin, cuirfidh sé iarraidh i scríbhinn chuige sin faoi bhráid a údaráis inniúil 4 bliana ón dáta a ainmníodh an tagarmharc sin.

Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-ainmniú a chúlghairm ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), nó na coinníollacha a leagtar síos i mír 3.

Déanfar an cinneadh maidir leis an ainmniú a chúlghairm 3 mhí, ar a dheireanaí, ó dháta na hiarrata.

Foilseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh lena gcúlghairtear an t-ainmniú ar a shuíomh gréasáin. Leagfar amach sa chinneadh an dáta a mbeidh éifeacht aige, dáta nach mbeidh níos déanaí ná 12 mhí tar éis dháta a fhoilsithe.

9.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)

an modh ríofa, lena n-áirítear foinsí féideartha sonraí , atá le húsáid chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh;

(b)

na critéir chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;

(c)

an fhaisnéis a bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla a sholáthar agus iad ag dul i gcomhairle le ÚEUM mar a cheanglaítear de bhun mhír 3 den Airteagal seo;

(d)

na critéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), den Airteagal seo, agus aon sonraí á gcur san áireamh lena gcabhraítear le measúnú a dhéanamh ar cibé acu is suntasach agus díobhálach nó nach suntasach agus díobhálach an tionchar ag scor an tagarmhairc nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstát amháin nó níos mó.

10.   Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar leordhóthanacht na tairsí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), i bhfianaise forbairtí sa mhargadh, i bpraghsanna agus i gcúrsaí rialála. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.’

;

(12)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 24a

Ceanglais maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha

1.   Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), lorgóidh an riarthóir tagarmhairc a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (a), údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe. I gcás ina bhfuil an riarthóir sin lonnaithe i dtríú tír agus mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30, lorgóidh an riarthóir sin ceachtar de na nithe seo a leanas laistigh de 60 lá oibre tar éis ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2):

(a)

aitheantas le ÚEUM de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;

(b)

formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33, agus sa chás sin tá an riarthóir le riarthóir formhuiniúcháin a roghnú san Aontas a chuirfidh iarratas faoi bhráid ÚEUM.

2.   Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(3), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin.

3.   Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(6), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc ceachtar de na nithe seo a leanas, mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30:

(a)

aitheantas le ÚEUM de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;

(b)

formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33, agus sa chás sin tá an riarthóir le riarthóir formhuiniúcháin a roghnú san Aontas a chuirfidh iarratas faoi bhráid ÚEUM.

4.   Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(7), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc údarú nó clárú leis an údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin.

5.   Bainfidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla úsáid as na cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a chuirtear ar a n-iontaoibh de bhun an Rialacháin seo chun a áirithiú go gcomhlíonann na riarthóirí a n-oibleagáidí.

6.   Eiseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra poiblí, de réir mar is infheidhme, lena sonraítear nach gcomhlíonann tagarmharc suntasach arna sholáthar ag riarthóir an Rialachán seo, agus go bhfuil úsáideoirí le staonadh ón tagarmharc sin a úsáid i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(3) nó ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(6), níor thionscain an riarthóir lena mbaineann nósanna imeachta chun mír 1, 2 nó 3 den Airteagal seo faoi seach a chomhlíonadh;

(b)

theip ar na nósanna imeachta um údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú;

(c)

rinne ÚEUM clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 31;

(d)

rinne ÚEUM aitheantas an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 32(8);

(e)

scoireadh d’fhormhuiniú an riarthóra lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 33(6);

(f)

rinne an t-údarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 35.

Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM faoi gach fógra poiblí arna eisiúint gan moill mhíchuí. Foilseoidh ÚEUM gach fógra poiblí arna eisiúint ar a shuíomh gréasáin. Bainfidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil an fógra poiblí gan moill mhíchuí a luaithe nach bhfuil an chúis ar eisíodh é bailí a thuilleadh.’

;

(13)

in Airteagal 25, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘10.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna tráchtearraí.’

;

(14)

i dTeideal III, scriostar Caibidil 6;

(15)

leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

‘2a.   Maidir le tagarmharcanna suntasacha cothromais agus bannaí, chomh maith le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh na riarthóirí tagarmharcanna a nochtadh ina ráitis tagarmhairc mionsonraí i dtaobh an bhfuil leibhéal foriomlán ailínithe leis an sprioc maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú á bhaint amach nó an n-áirithítear go bhfuil cuspóirí Chomhaontú Pháras á mbaint amach i gcomhréir leis na rialacha maidir le nochtadh do tháirgí airgeadais in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) an méid sin á mbaint amach.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2088/oj).’;"

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘2aa.   I gcás ina n-áirítear sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta a bhaineann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna aon tagairt do thosca ESG a chur san áireamh, foilseoidh an riarthóir, trí mhodh a áirithíonn rochtain chothrom agus éasca, míniú ar an gcaoi a léirítear tosca ESG i gcás gach ceann de na gnéithe dá dtagraítear i mír 2.

Maidir le tagarmharc nó fine tagarmharcanna atá faoi réir ráiteas tagarmhairc a fhoilsiú de bhun mhír 1, áireofar an míniú sin sa ráiteas tagarmhairc sin.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2b:

‘2b.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an bhfaisnéis atá le soláthar de bhun mhíreanna 2a agus 2aa den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid do thagairtí do thosca ESG, chun rannpháirtithe sa mhargadh a chumasú chun go mbeidh siad in ann roghanna feasacha a dhéanamh agus chun indéantacht theicniúil chomhlíonadh na míreanna sin a áirithiú.’

;

(16)

in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc, seachas riarthóir dá dtagraítear i mír 1, pleananna láidre i scríbhinn a bhunú agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidís i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó ina scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc malartach amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach mbeadh á soláthar a thuilleadh, lena léirítear na cúiseanna maidir le hoiriúnacht tagarmharcanna malartacha den sórt sin. Soláthróidh na heintitis faoi mhaoirseacht, arna iarraidh sin orthu agus gan moill mhíchuí, na pleananna sin mar aon le haon nuashonruithe don údarás inniúil ábhartha agus déanfar iad a léiriú sna forálacha cúltaca is infheidhme maidir le conarthaí airgeadais, ionstraimí airgeadais agus cistí infheistíochta.’

;

(17)

leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Úsáid tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc suntasach nó le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás ina bhfuil an tagarmharc sin nó an teaglaim de thagarmharcanna sin ina ábhar d’fhógra poiblí arna eisiúint ag údarás inniúil nó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 24a(6). Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc criticiúil, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná teaglaim lena n-áirítear aon tagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach bhfuil riarthóir na dtagarmharcanna sin ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.

Ceadóidh eintitis faoi mhaoirseacht ESAP nó an clár dá dtagraítear in Airteagal 36 go tráthrialta chun fíorú a dhéanamh ar stádas rialála riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bhfuil sé beartaithe acu iad a úsáid.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus i gcás inar gá chun míshocracht thromchúiseach sa mhargadh a sheachaint, féadfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil, de réir mar is infheidhme, úsáid tagarmhairc a cheadú faoi réir fógra poiblí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24a(6) go ceann tréimhse idir 6 mhí agus 24 mhí tar éis an fógra poiblí a fhoilsiú.

Cinnfidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil fad na tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais laistigh den Aontas a bhfuil an tagarmharc ina thagairt dóibh agus luach iomlán na gcistí infheistíochta laistigh den Aontas a n-úsáidtear an tagarmharc ina leith chun an fheidhmíocht a thomhas;

(b)

infhaighteacht tagarmharcanna malartacha;

(c)

a chasta a bheadh sé an tagarmharc a ionadú agus an t-am is gá chun neamhchosaintí atá ann cheana a laghdú, a fhálú nó a fhritháireamh.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘1b.   Eintiteas faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc i gconarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais atá ann cheana atá faoi réir fógra poiblí faoi Airteagal 24a(6), cuirfidh sé rogha mhalartach iomchuí in ionad an tagarmhairc sin laistigh de 6 mhí ón bhfógra sin a fhoilsiú, nó eiseoidh agus foilseoidh sé ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina soláthraítear míniú réasúnaithe dá chliaint cén fáth nach féidir leis é sin a dhéanamh.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc criticiúil, tagarmharc suntasach, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II den Rialachán seo, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) nó Treoir 2009/65/CE, áiritheoidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é nó í go n-áirítear sa réamheolaire freisin faisnéis shoiléir fheiceálach ina sonraítear cibé acu an riarthóir a áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo a sholáthraíonn an tagarmharc.

I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc criticiúil, tagarmharc suntasach, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II den Rialachán seo, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Rialachán (AE) 2017/1129 nó Treoir 2009/65/CE, áiritheoidh eisitheoir, tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é nó í, nuair a bheidh fógra poiblí de bhun Airteagal 24a(6) den Rialachán seo faoin tagarmharc a úsáidtear ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, go n-áirítear an fhaisnéis sin sa réamheolaire freisin ar bhealach soiléir feiceálach, gan moill mhíchuí tar éis an fógra poiblí a fhoilsiú.

(*2)  Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/1129/oj).’;"

(18)

leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Riarthóir ar thagarmharc suntasach, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, déanfaidh sé an Rialachán seo a chomhlíonadh, cé is moite d’Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 11(4), agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23.

Le linn do ÚEUM a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh agus le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

(a)

measúnú ar an riarthóir arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;

(b)

deimhniú arna sholáthar ag údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.

I gcás ina bhfuil riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé tagarmharc sonraí rialáilte, nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, ní chuirfear d’oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme, de bhun Airteagail 17 agus 19, maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, a chomhlíonadh.

3.   Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, beidh ionadaí dlíthiúil aige. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, agus arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin maidir le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chur i gcrích maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán seo agus beidh sé cuntasach do ÚEUM. Féadfaidh ÚEUM beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e, nó fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f, a fhorchur ar an riarthóir nó ar an ionadaí dlíthiúil as sárú a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó i ndáil le haon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú, le hiniúchadh nó le hiarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, de réir mar is infheidhme.’

;

(c)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre agus an dara fomhír:

‘Aon riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh ÚEUM a bheith deimhin de go bhfuil bunaithe aige, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh i ndáil le haon cheann dá thagarmharcanna atá suntasach de bhun Airteagal 24, ar tagarmharcanna AE iad atá ailínithe le Comhaontú Pháras nó tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, nó ar tagarmharcanna tráchtearraí iad atá faoi réir Iarscríbhinn II. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an riarthóir is iarratasóir le fios an t-údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air.

Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. I gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, iarrfaidh ÚEUM ar an iarratasóir an fhaisnéis atá in easnamh a chur isteach. Ar chur isteach na faisnéise arna hiarraidh ag an iarratasóir, déanfaidh ÚEUM athmheasúnú, laistigh de 15 lá oibre ón bhfaisnéis bhreise a fháil, cibé acu an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir.

Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, fíoróidh ÚEUM gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3.’

;

(19)

leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)

i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

‘1.   Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe faoi chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír, atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ÚEUM ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 7:

‘2.   Riarthóir a chuireann isteach iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun a dheimhniú do ÚEUM go bhfuil, tráth an iarratais, na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.

3.   Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ÚEUM an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú. I gcás ina n-údaraíonn ÚEUM formhuiniú, déanfar, de réir mar is infheidhme, na hinniúlachtaí i ndáil le húdarú nó clárú an riarthóra a rinne iarratas ar fhormhuiniú a aistriú chuig ÚEUM laistigh de 6 mhí ó údarú an fhormhuinithe.

4.   Déanfar tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe a mheas mar thagarmharc nó mar fhine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an riarthóir formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú agus é ar intinn aige ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.

5.   Riarthóir a bhfuil tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as an tagarmharc nó as an bhfine tagarmharcanna sin agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.

6.   I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ÚEUM a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an riarthóir formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú. Beidh feidhm ag Airteagal 28 i gcás ina scoirfear den fhormhuiniú.

7.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 a bhaineann le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh ÚEUM a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus lena bhformhuiniú lena n-úsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh gnéithe mar shampla sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch atá beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtanach i soláthar an tagarmhairc.’

;

(20)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 1a:

‘1.   Aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus ag a bhfuil sé beartaithe gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, nó chuig ÚEUM sna cásanna dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, chun go bhfaighidh an duine sin an méid seo a leanas:

(a)

údarú i gcás ina soláthraíonn sé nó sí innéacsanna nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige nó aici iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras;

(b)

clárú i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é, seachas riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó ag a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna suntasacha nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil.

1a.   I gcás ina gcáileodh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), nó i gcás ina gcuirfeadh an duine iarratas faoi bhráid ÚEUM ag an am céanna de bhun Airteagal 33(1) chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna a fhormhuiniú, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ÚEUM.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   An t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir a úsáid mar thagairt in ionstraim airgeadais nó conradh airgeadais nó chun feidhmíocht ciste airgeadais a thomhas, nó laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 24a(2) agus (3), de réir mar is infheidhme.’

;

(21)

in Airteagal 36, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):

‘(a)

céannachtaí, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI), na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(b)

céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (c), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna) na dtagarmharcanna sin, agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(c)

céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, arna soláthar ag na riarthóirí sin a fhéadfar a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(d)

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí formhuiniúcháin sin;’

;

(b)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(e)

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ráiteas arna fhoilsiú ag ÚEUM nó ag údarás inniúil de bhun Airteagal 24(2), agus hipearnaisc chuig na ráitis sin;

(f)

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag údaráis inniúla a dtugtar fógra fúthu do ÚEUM de bhun Airteagal 24(3) nó (7), agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;

(g)

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag ÚEUM, agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;

(h)

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir fógraí poiblí arna n-eisiúint ag ÚEUM agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 24a(6), agus na hipearnaisc chuig na fógraí poiblí sin;

(i)

an liosta de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas;

(j)

an liosta de thagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin;

(k)

an liosta de thagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II agus atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin.’

;

(22)

in Airteagal 40(1), cuirtear an pointe a leanas leis:

‘(c)

riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 33.’

;

(23)

in Airteagal 41(1), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(k)

tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3);

(l)

i gcás forais réasúnacha le bheith in amhras faoi shárú ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 3A de Theideal III, ceangal a chur go scoirfidh riarthóir de na nithe seo a leanas a dhéanamh go ceann uastréimhse 12 mhí:

(i)

Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;

(ii)

úsáid a bhaint as na téarmaí Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras in ainmneacha na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;

(iii)

a thabhairt le fios go gcomhlíonfar na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar na dtagarmharcanna sin in ainm na dtagarmharcanna a chuireann sé ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin.’

;

(24)

leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:

(a)

i mír 1, pointe (a), cuirtear an tagairt ‘24a’ isteach idir na tagairtí ‘24’ agus ‘25’;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

i bpointe (g) (i), cuirtear an tagairt ‘24a’ isteach idir na tagairtí ‘24’ agus ‘25’;

(ii)

i bpointe (h) (i), cuirtear an tagairt ‘24a’ isteach idir na tagairtí ‘24’ agus ‘25’;

(25)

in Airteagal 48f(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), d’aon ghnó nó le faillí, nó aon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 den Chaibidil seo, glacfaidh ÚEUM cinneadh lena ngearrtar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.’

;

(26)

leasaítear Airteagal 48i mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

‘1.   I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, go bhfuil comharthaí tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais a d’fhéadfadh a bheith ina gceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó de chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh ÚEUM, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 48j, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó cás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, agus sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f, de réir mar is infheidhme.’

;

(27)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48n:

‘Airteagal 48n

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le ÚEUM

1.   Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), a thugtar do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfear deireadh leo an 1 Eanáir 2022. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

1a.   Na hinniúlachtaí agus na dualgais uile a bhaineann leis an ngníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), a thugtar do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 40(2), cuirfear deireadh leo an 1 Eanáir 2026. Glacfaidh ÚEUM leis na hinniúlachtaí agus na dualgais sin ar an dáta céanna.

2.   Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Mar sin féin, ní dhéanfar iarratais ar údarú ag riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), agus iarratais ar aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 a fuair údaráis inniúla iad roimh an 1 Deireadh Fómhair 2021, a aistriú chuig ÚEUM, agus glacfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an cinneadh chun tagarmharc criticiúil a údarú nó chun aitheantas a thabhairt don tagarmharc.

2a.   Aon chomhaid nó aon doiciméid oibre a bhaineann le gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir le riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), lena n-áirítear aon scrúduithe agus aon ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin atá fós ar siúl, nó aon chóipeanna deimhnithe díobh, glacfaidh ÚEUM ar lámh iad ar an dáta dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo.

Mar sin féin, maidir le hiarratais ar fhormhuiniú a fhaigheann údaráis inniúla, faoin 1 Deireadh Fómhair 2025 ní aistreofar iad chuig ÚEUM, agus is é an t-údarás inniúil ábhartha a dhéanfaidh an cinneadh chun iad a údarú nó a fhormhuiniú.

3.   Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana agus aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b), a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus, in aon chás faoin 1 Eanáir 2022. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointí (a) agus (b).

3a.   Áiritheoidh údaráis inniúla go ndéanfar aon taifid atá ann cheana agus aon doiciméid oibre atá ann cheana, nó cóipeanna deimhnithe díobh maidir le riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c), a aistriú chuig ÚEUM a luaithe is féidir agus in aon chás faoin 1 Eanáir 2026. Tabharfaidh na húdaráis inniúla sin gach cúnamh agus gach comhairle is gá do ÚEUM chun go n-éascófar aistriú éifeachtach agus éifeachtúil agus dul i mbun gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin maidir leis na riarthóirí dá dtagraítear in Airteagal 40(1), pointe (c).

4.   Gníomhóidh ÚEUM mar chomharba dlíthiúil na n-údarás inniúil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a in aon imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha a eascraíonn as gníomhaíocht mhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanfaidh na húdaráis inniúla sin i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

5.   Maidir le haon údarú ar riarthóirí tagarmhairc chriticiúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), aon aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32 ag údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus aon údarú nó clárú ar riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír nó a bhfuil sé beartaithe aige iad a fhormhuiniú, a dheonaíonn údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé de bheith bailí tar éis aistriú na n-inniúlachtaí chuig ÚEUM.’

;

(28)

leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

sa chéad abairt, cuirtear ‘24(9)’ in ionad na tagartha ‘24(2)’;

(ii)

sa chéad abairt, cuirtear ‘30 Meitheamh 2024’ in ionad an dáta ‘10 Nollaig 2019’;

(iii)

sa dara habairt, cuirtear ‘31 Nollaig 2029’ in ionad an dáta ‘11 Márta 2024’;

(b)

i mír 2b, cuirtear ‘Airteagal 54(7)’ in ionad na dtéarmaí ‘Airteagail 18a(3) agus 54(7)’;

(c)

i mír 3, an chéad abairt, cuirtear ‘24(9)’ in ionad na tagartha ‘24(2)’;

(d)

i mír 3a, an chéad abairt, cuirtear ‘Airteagal 54(7)’ in ionad na dtéarmaí ‘Airteagail 18a(3) agus 54(7)’;

(e)

i mír 6, an chéad abairt, cuirtear ‘24(9)’ in ionad na tagartha ‘24(2)’;

(f)

i mír 6a, cuirtear ‘Airteagal 54(7)’ in ionad na dtéarmaí ‘Airteagail 18a(3) nó 54(7)’.

(29)

leasaítear Airteagal 51 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘4c.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis inniúla nó ÚEUM tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ÚEUM tagarmharc a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach, déanfaidh na húdaráis inniúla nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, amhlaidh faoin 30 Meán Fómhair 2026.

Riarthóirí tagarmharcanna, a chuirtear san áireamh, an 31 Nollaig 2025, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 mar thagarmharcanna atá údaraithe, cláraithe nó aitheanta, nó mar riarthóirí formhuiniúcháin, coinneoidh siad an stádas sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 agus:

(a)

i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1);

(b)

i gcás inar Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 34;

(c)

i gcás ina n-ainmnítear ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3) nó (6) an 30 Meán Fómhair 2026 nó roimhe sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(2) nó (3), de réir mar is infheidhme;

(d)

i gcás nach bhfuil aon cheann dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24 amhail an 30 Meán Fómhair 2026, i gcás nach Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II aon cheann dá dtagarmharcanna, agus go n-iarrann na riarthóirí sin go n-ainmneofar ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(7) faoin 1 Eanáir 2027, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú nó clárú i gcás ina mbeidh ainmniú mar thoradh ar an iarraidh sin.

Féadfar spot-tagarmharc malairte eachtraí arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais nua, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas go dtí dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18a(3)’.

(b)

i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, faoin 31 Nollaig 2025, iarratas ar aitheantas de bhun Airteagal 32(5) ó riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a sholáthraíonn Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, nó iarratas ar fhormhuiniú de bhun Airteagal 33(1) le haghaidh Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, féadfar an tagarmharc lena mbaineann a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus atá nua, mura rud é go ndiúltóidh ÚEUM aitheantas a riarthóra nó a fhormhuiniú agus go dtí go ndiúltóidh amhlaidh.’

;

(30)

in Airteagal 53, scriostar mír 1;

(31)

in Airteagal 54, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Faoin 30 Meitheamh 2029, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh an iomchuí raon feidhme an Rialacháin seo i ndáil le tagarmharcanna ina bhfuil éilimh a bhaineann le critéir ESG agus go háirithe nochtadh a bhaineann le critéir ESG ag riarthóirí na dtagarmharcanna sin. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh infhaighteacht tagarmharcanna ina bhfuil éilimh a bhaineann le critéir ESG san Aontas agus a nglacadh, i gcás inar féidir, agus costas na dtagarmharcanna sin agus cineál athraitheach na dtáscairí ESG agus na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas á gcur san áireamh. Áireofar sa tuarascáil freisin measúnú i dtaobh an bhfuil ábhar an nochta atá le déanamh faoin Rialachán seo comhsheasmhach le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus le treoirlínte ábhartha ÚEUM. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …, …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  Tuairim an 14 Feabhra 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 24 Márta 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1011/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil don phobal agus atá ábhartha do sheirbhísí airgeadais, do mhargaí caipitil agus don inbhuanaitheacht (IO L, 2023/2859, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2859/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtuithe inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna (IO L 317, 9.12.2019, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2089/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/2088/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2428/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)