European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2386

28.4.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Márta 2025 – Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński v EUIPO – Homann Feinkost (Matjesfilethappen nach ‘Kolberger Art’)

(Cás T-89/24)  (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Matjesfilethappen nach ‘Kolberger Art’ - Dearbhfhorais neamhbhailíochta - Easpa saincháilíochta - Cineál tuairisciúil - Easpa saincháilíochta trína úsáid - Airteagal 7(1)(b) agus (c) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(C/2025/2386)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński sp.j. (Trzebiatów, an Pholainn) (ionadaí: A. Brudnoch, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Homann Feinkost GmbH (Bad Essen, an Ghearmáin) (ionadaí: C. von Nussbaum, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Nollaig 2023 (Cás R 287/2023-5) a chur ar neamhní agus a athrú.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an chaingean.

2)

Ordaítear do Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński sp.j. a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Homann Feinkost GmbH chun críocha na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

3)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a costais féin a íoc.


(1)   IO C, C/2024/2331, 2.4.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2386/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)