|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2285 |
15.4.2025 |
Fógra earcaíochta PE/330/2025/S
Stiúrthóir
(Grúpa Feidhme AD, grád 14)
Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra - an Stiúrthóireacht um Fhorbairt Acmhainní Daonna (Stiúrthóireacht A)
(C/2025/2285)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an nós imeachta a oscailt maidir le post Stiúrthóra (grád AD 14) a líonadh in Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra, an Stiúrthóireacht um Fhorbairt Acmhainní Daonna ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) (dá ngairtear na ‘Rialacháin Foirne anseo feasta),
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Leagtar síos luach saothair agus coinníollacha fostaíochta sna Rialacháin Foirne. Is ar ghrád AD14 a dhéanfar an earcaíocht sin (2). I dteannta an bhuntuarastail, atá faoi réir cáin a théann chun sochair don Aontas agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an oibleagáid a fhorchuirtear leis na Rialacháin Foirne ar gach ball foirne nua tréimhse phromhaidh naoi mí a chur i gcrích go rathúil agus ar an bhfíoras go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2018.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh den Pharlaimint agus lasmuigh di, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir turais ghnó a dhéanamh go minic ar áiteanna oibre éagsúla Pharlaimint na hEorpa.
2. Ionad fostaíochta
Lucsamburg. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann d’ionaid eile oibre Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas deiseanna
Cuireann Parlaimint na hEorpa beartas comhionannais deiseanna i bhfeidhm agus tugann sí an aird is mó ar na hiarratais go léir gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Mar oifigeach sinsearach, beidh an Stiúrthóir freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (3):
|
— |
dea-fheidhmiú roinne móire den Ardrúnaíocht a áirithiú, ar roinn í ina bhfuil aonaid éagsúla a chumhdaíonn réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, i gcomhréir le beartais na hinstitiúide, |
|
— |
foirne de ghníomhairí a bhainistiú, a mhaoirsiú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na roinne agus caighdeán cáilíochta na seirbhíse (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuálaíocht, etc.) a áirithiú sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta (cuspóirí agus straitéisí a leagan amach) a phleanáil, na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí a leagfar síos a ghnóthú, measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú, |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ard-Rúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche, |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo oscailte d’iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit:
|
— |
a bheith i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (4), |
|
— |
do lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh agat, |
|
— |
do dhualgais a bheith comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí, |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith agat is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Cáilíochtaí a éilítear
|
— |
nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de Bhallstáit an Aontais, nó |
|
— |
nuair is é trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, ar céim í a aithnítear go hoifigiúil i gceann amháin de na Ballstáit, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d’aon bhliain amháin ar a laghad (5) i ndiaidh na céime. |
Maidir leis na céimeanna, cibé an i mBallstát nó i dtír eile a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail Aireacht Oideachais Ballstáit den Aontas Eorpach.
Na hiarrthóirí a bhfuil céimeanna acu a bhronn Ballstát nach Ballstát den Aontas Eorpach é (6) ní mór dóibh coibhéis Eorpach a gcuid céimeanna a cheangal lena n-iarratas. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le haitheantas do cháilíochtaí a fuarthas i dtríú tír faoi chuimsiú líonraí ENIC-NARIC, téigh chuig an suíomh https://www.enic-naric.net/.
(ii) An taithí ghairmiúil atá riachtanach
Taithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a bhaint amach:
|
— |
dhá bhliain déag, agus cuid di ar a laghad déanta i réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta, agus lena gcuimsítear an méid seo a leanas:
|
(iii) Eolas ar theangacha
Sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (7), agus eolas an-mhaith a (leibhéal B2 ar a laghad) ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tá an t-eolas seo sainithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha. Is féidir é a fháil ar an suíomh: https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
6. Trialacha
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a dhréachtú agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim sin, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
Beidh na hagallaimh bunaithe ar an gcur síos ar chúraimí an phoist, mar a shonraítear faoi phointe 4 den fhógra seo iad, agus ar na hinniúlachtaí seo a leanas:
|
— |
bua na straitéise, |
|
— |
cumas bainistíochta, |
|
— |
cumas pleanáil chun cinn, |
|
— |
cumas freagairt d’athruithe, |
|
— |
críochnúlacht, |
|
— |
cumas cumarsáide. |
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná
Dé hAoine, 2 Bealtaine 2025, ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).
Iarrtar ar iarrthóirí litir inspreagtha a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, agus an litir sin curtha i bhformáid PDF i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (8), (faoi bhráid Ard-Rúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra earcaíochta PE/330/2025/S), agus curriculum vitae a sheoladh i bhformáid Europass (9), ina léirítear tagairt an fhógra (PE/330/2025/S) in ábhar na teachtaireachta chuig an seoladh seo a leanas:
PERS-EPSeniorManagement@ep.europa.eu.
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a gheobhaidh glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, na doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (10) . Ní thabharfar na doiciméid sin ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.
(1) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(2) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(3) Féach an Iarscríbhinn le haghaidh na bpríomhchúraimí.
(4) Is iad seo a leanas Ballstáit an Aontais Eorpaigh: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí i gcuntas agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Glactar le cáilíochtaí/céimeanna de chuid na Breataine a fuarthas go dtí 31 Nollaig 2020 gan tuilleadh aitheantais. I gcás céimeanna a fuarthas tar éis an dáta sin, tá aitheantas NARIC ag teastáil. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin, i gcás céimeanna de chuid na Breataine a eisíodh ón 1 Eanáir 2021, nach mór doiciméad coibhéiseach, a d’eisigh údarás inniúil Ballstáit reatha de chuid an Aontais Eorpaigh, a bheith ag gabháil leo.
(7) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(8) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(9) https://europa.eu/europass/.
(10) Ní bhaineann sé seo leis na hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais. Is faoi na hiarrthóirí atá sé a áirithiú go mbeidh an comhad iomlán a chomhfhreagraíonn dá n-iarratas againn (i gcás doiciméid ábhartha gan bheith ar fáil ar an tairseach HRM (Streamline)).
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
IARSCRÍBHINN
ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN PHEARSANRA
AN STIÚRTHÓIREACHT UM FHORBAIRT ACMHAINNÍ DAONNA
PRÍOMHCHÚRAIMÍ
|
— |
Aonaid na Stiúrthóireachta a stiúradh, a chomhordú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, chomh maith le foireann agus eagrú ginearálta na Stiúrthóireachta a bhainistiú; |
|
— |
Beartais acmhainní daonna a stiúradh agus a chomhordú i réimsí freagrachta na stiúrthóireachta agus na n-aonad; |
|
— |
Anailís, pleanáil agus measúnú a dhéanamh ar riachtanais acmhainní daonna Pharlaimint na hEorpa, tallann a roghnú agus a chuardach, foireann a earcú, oiliúint, forbairt gairme na foirne agus eitic; |
|
— |
Réimse na foghlama agus na forbartha a bhainistiú do na Feisirí agus don fhoireann; |
|
— |
Tionscadail i réimse na forbartha acmhainní daonna a bhainistiú; |
|
— |
Páirt a ghlacadh i gcoistí nó meithleacha laistigh den Ard-Stiúrthóireacht agus idir Ard-Stiúrthóireachtaí, i bhfóraim idirinstitiúideacha, etc., agus ionadaíocht a dhéanamh don Stiúrthóireacht agus, i gcás inarb iomchuí, don Ard-Stiúrthóireacht; |
|
— |
Comhordú a dhéanamh ar ghnéithe freagartha na Stiúrthóireachta agus/nó a haonad ar ghearáin a bhaineann le réimsí freagrachta na Stiúrthóireachta; |
|
— |
Cumhachtaí an údaráis ceapacháin agus an oifigigh údarúcháin a fheidhmiú trí tharmligean. |
AN tAONAD UM PLEANÁIL STRAITÉISEACH ACMHAINNÍ DAONNA
|
— |
Bearta agus staidéir acmhainní daonna a fhorbairt agus a tháirgeadh agus moltaí a dhéanamh maidir lena bpleanáil d’fhonn cuspóirí straitéiseacha na hinstitiúide a bhaint amach; |
|
— |
Teagmhálacha a chomhordú idir AS an Phearsanra agus na Stiúrthóireachtaí Acmhainní maidir le saincheisteanna straitéise agus pleanála acmhainní daonna, lena n-áirítear dea-chleachtais a chur chun cinn sna réimsí sin don institiúid iomlán; |
|
— |
Beartas soghluaisteachta foirne Pharlaimint na hEorpa a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar bhearta tionlacain; |
|
— |
Treoir ghairme a chur ar fáil tríd an tSeirbhís Lárnach um Ghairmthreoir (SCOP) agus comhordú a dhéanamh ar an Líonra um Threoir Gairme Áitiúil (RELOP); |
|
— |
Sainchuntais phoist i bParlaimint na hEorpa a bhainistiú; |
|
— |
Uirlisí bainistíochta a fhorbairt do Chinn Aonaid, go háirithe tríd an gClár Gníomhaíochta Meánbhainistíochta (MM-AP); |
|
— |
Comhordú a dhéanamh ar rannpháirtíocht AS an Phearsanra sna nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh Cinn Aonaid agus tacaíocht nós imeachta agus riaracháin a thabhairt do na hArd-Stiúrthóireachtaí. |
AN tAONAD UM ROGHNÚ TALAINNE AGUS UM FHOR-ROCHTAIN
|
— |
Comórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin a bhaineann go sonrach le Parlaimint na hEorpa (d’oifigigh/d’fhoireann shealadach/d’fhoireann ar conradh) a dhearadh agus a eagrú. Bainistiú a dhéanamh ar gach céim díobh sin, lena n-áirítear liostaí d’iarrthóirí ar éirigh leo a tharraingt suas ó Pharlaimint na hEorpa, chomh maith le comórtais EPSO ar díol spéise iad do Pharlaimint na hEorpa amháin; |
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar phainéil Pharlaimint na hEorpa agus ar a cuótaí ar liostaí EPSO; cúnamh agus comhairle a thabhairt do na hArd-Stiúrthóireachtaí a bheidh ag earcú ó na liostaí sin; |
|
— |
Gníomhaíochtaí for-rochtana a fhorbairt agus a dhéanamh chun Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa a chur chun cinn mar rogha fostóra agus chun iarrthóirí cáilithe a mhealladh chun freastal ar riachtanais na hinstitiúide; |
|
— |
Idirphlé le EPSO: riachtanais chomórtais Pharlaimint na hEorpa a bhunú agus na fógraí comórtais a mholann EPSO a scrúdú; |
|
— |
Baill de bhoird roghnúcháin, marcóirí agus maoirseoirí a chur ar fáil do EPSO le haghaidh na gcomórtas ina nglacann Parlaimint na hEorpa páirt; comhordú leis na hinstitiúidí eile sa chomhthéacs sin; |
|
— |
An nós imeachta deimhniúcháin agus na tástálacha do Chlár Earcaíochta agus Forbartha Oiliúnaithe Schuman agus nósanna imeachta roghnúcháin sonracha eile a bhainistiú; |
|
— |
Buiséad líne buiséid 1610 a bhainistiú: Aisíocaíocht speansas taistil (cuairteanna leighis, agallaimh, trialacha scríofa agus béil) agus bainistiú costas a bhaineann le gníomhaíochtaí eile an aonaid, go háirithe i réimse na for-rochtana. |
AN tAONAD UM FHORBAIRT GAIRME AGUS UM EITIC
|
— |
Céimeanna gairme agus riarachán saoil fhoireann na Parlaiminte a bhainistiú, go háirithe na nósanna imeachta éagsúla a bhaineann le forbairt gairme oifigeach agus foirne eile (aistriú, athrú ar phost riaracháin, foirceannadh seirbhíse, síneadh seirbhíse, saoire ar fhorais phearsanta agus aischur i bpost); |
|
— |
Na nósanna imeachta a bhaineann le marcáil a bhainistiú, pointí fiúntais a bhronnadh, an cumas a bheith ag obair i dtríú teanga, ardú céime; |
|
— |
Nósanna imeachta a bhaineann le heitic a bhainistiú, go háirithe iarrataí a bhaineann le hidirdhealuithe agus tabhartais a ghlacadh, gníomhaíochtaí seachtracha íoctha nó neamhíoctha a fheidhmiú, gníomhaíocht an chéile, feidhmeanna toghaí a fheidhmiú, téacsanna a fhoilsiú; |
|
— |
An fhoireann a chur ar an eolas faoi nósanna imeachta riaracháin agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó chustaiméirí; |
|
— |
Nósanna imeachta, treoracha agus rialacháin inmheánacha a bhaineann le gairmeacha beatha, eitic agus bainistiú ghníomhaíochtaí an aonaid a thabhairt cothrom le dáta nó fiú a chruthú. |
AN tAONAD UM FHOGHLAIM AGUS UM FHORBAIRT
+ SEIRBHÍS GAIRMOILIÚNA na bhFEISIRÍ
|
— |
Cláir oiliúna, cúrsaí ar ábhair a bhaineann go hinmheánach le Parlaimint na hEorpa, cúrsaí catalóige agus cúrsaí saincheaptha, neartú na foirniúlachta, Laethanta Lasmuigh den Láthair Oibre, a dhearadh, a fhorbairt agus/nó a sholáthar, chun leasa Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, fhoireann na hArdrúnaíochta agus CPCanna; |
|
— |
A áirithiú go dtabharfar an tairiscint oiliúna cothrom le dáta de réir riachtanais na hinstitiúide; cúnamh agus comhairle a thabhairt do na hArd-Stiúrthóireachtaí maidir le hanailís a dhéanamh ar riachtanais oiliúna a bhfoirne; |
|
— |
Gníomhaíochtaí gairmoiliúna a eagrú, a roghnú agus a chur chun feidhme d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, d’fhoireann na hArdrúnaíochta agus APAnna i réimsí na teanga, na teicneolaíochta faisnéise agus na forbartha gairmiúla trí chúrsaí fíorúla nó ríomhfhoghlama; gnéithe lóistíochta a bhainistiú agus cáilíocht na hoiliúna a sheiceáil; |
|
— |
Imeachtaí foghlama a dhearadh agus a chur chun feidhme ag Acadamh Jean Monnet in Houjarray le haghaidh oiliúint tosaigh, foghlaim ar feadh an tsaoil agus imeachtaí foirne; |
|
— |
Buiséad an aonaid a bhainistiú i ndlúthchomhar le hAonad Acmhainní Airgeadais Ard-Stiúrthóireacht an Phearsanra; na conarthaí poiblí is gá chun conarthaí oiliúna a bhunú, a eagrú agus faireachán a dhéanamh orthu; |
|
— |
Comhoibriú leis na hinstitiúidí eile agus rannchuidiú le cláir oiliúna na Scoile Riaracháin Eorpaí (EUSA) a fhorbairt. |
AN tAONAD UM EARCÚ FOIRNE
|
— |
Earcaíocht agus teacht i seirbhís oifigeach, oifigeach ar promhadh, ball foirne sealadach agus ball foirne ar conradh a áirithiú le haghaidh eintitis uile Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus na ngrúpaí polaitiúla trí fhorálacha na Rialachán Foirne agus na rialacha agus treoracha earcaíochta atá i bhfeidhm a chur i bhfeidhm, i ndlúthchomhar leis na ranna cliant; |
|
— |
Conarthaí d’fhoireann eatramhach agus cinntí do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht a bhainistiú; |
|
— |
Faireachán a dhéanamh ar chonarthaí reatha sealadacha agus ar chonarthaí foirne ar conradh agus aon síntí/athnuachaintí a dhéanamh arna iarraidh sin ag seirbhísí do chustaiméirí; |
|
— |
Bainistiú riaracháin a dhéanamh ar ghairmréimeanna ball foirne ar conradh (deireadh a chur le conarthaí, tréimhsí promhaidh a fhadú, údaruithe chun obair a dhéanamh tar éis na haoise scoir, gairmeacha sna hinstitiúidí Eorpacha, teastais d’iarchúntóirí seisiúin); |
|
— |
Uirlisí a fhorbairt, lena n-áirítear réitigh TF, le haghaidh oibríochtaí an aonaid; |
|
— |
A áirithiú go bhfoilseofar poist fholmha go hinmheánach agus ar an tairseach idirinstitiúideach; incháilitheacht iarratas a fháil agus a fhíorú; |
|
— |
Iarratais incháilithe a sheoladh chuig na hArd-Stiúrthóireachtaí lena mbaineann; |
|
— |
Rannchuidiú le breithnithe straitéiseacha i réimse oibre an aonaid; |
|
— |
Bainistiú a dhéanamh ar na línte buiséid do bhaill foirne ar conradh, do bhaill foirne eatramhacha agus do shaineolaithe náisiúnta ar iasacht. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2285/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)