European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2262

10.4.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11863 — AUCHAN / CODIM)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/2262)

1.   

An 3 Aibreán 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Auchan Retail International (‘Auchan’, an Fhrainc), arna rialú ag an gcuideachta sealbhaíochta ELO (an Fhrainc),

Codim (an Fhrainc) agus Adis (an Fhrainc), arna rialú ag an ngrúpa Rocca (an Fhrainc).

Gheobhaidh Auchan rialú aonair ar Codim agus Adis ina n-iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Auchan gníomhach i ndáileadh miondíola táirgí bia go príomha (hipearmhargaidh, ollmhargaidh, siopaí áise, seirbhísí ceannacháin ar líne cliceáil agus bailigh, stáisiúin pheitril),

Tá Codim gníomhach i ndáileadh miondíola táirgí bia go príomha trí 17 ndíolphointí (hipearmhargaidh, ollmhargaidh, seirbhísí ceannacháin ar líne cliceáil agus bailigh) atá lonnaithe ar chríoch na Corsaice faoi mheirge Auchan.

Tá Adis gníomhach i ndáileadh miondíola táirgí bia go príomha trí hipermhargadh atá lonnaithe in Ajaccio a oibriú faoi mheirge Auchan.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, agus gan dochar dá chinneadh críochnaitheach maidir leis sin, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chomhchruinnithe.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11863 — AUCHAN / CODIM

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

Commission européenne

Direction générale de la concurrence

Greffe des concentrations

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2262/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)