European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2244

24.4.2025

FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE

EPSO/AD/424/25 – CS – Dlítheangeolaithe le Seicis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – DA – Dlítheangeolaithe le Danmhairgis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – ET – Dlítheangeolaithe le hEastóinis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – FI – Dlítheangeolaithe le Fionlainnis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – FR – Dlítheangeolaithe le Fraincis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – IT – Dlítheangeolaithe le hIodáilis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – LV – Dlítheangeolaithe le Laitvis (AD 7)

EPSO/AD/424/25 – SV – Dlítheangeolaithe le Sualainnis (AD 7)

(C/2025/2244)

An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: 28 Bealtaine 2025 ar 12:00 (meán lae), am Lucsamburg

CLÁR ÁBHAIR

1.

FORÁLACHA GINEARÁLTA 2

2.

DUALGAIS AN PHOIST 2

3.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA 2

3.1.

Coinníollacha ginearálta 2

3.2.

Coinníollacha sonracha – teangacha 2

3.3.

Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí 3

4.

CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS? 4

4.1.

Forbhreathnú ar chéimeanna an chomórtais 4

4.2.

Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo 5

4.3.

Céimeanna an chomórtais 7

5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA 9

6.

FAISNÉIS FAOI ÁIT FOSTAÍOCHTA TRÁTH NA hEARCAÍOCHTA I LUCSAMBURG AGUS FAOI AISTRITHE 9
IARSCRÍBHINN — Rialacha ginearálta 11

1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

(a)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtais oscailte, ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha, chun painéil ionadaithe a thiomsú as a ndéanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, atá bunaithe i Lucsamburg, baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar ‘dhlítheangeolaithe’ (grád AD 7).

(b)

Is iad an fógra comórtais seo agus Iarscríbhinn ‘Rialacha ginearálta’ a ghabhann leis, creat ceangailteach na gcomórtas seo ó thaobh dlí de.

(c)

Féachann EPSO le teanga chuimsitheach atá neodrach i dtaobh inscne a úsáid. Aon tagairt do dhuine d’inscne sonrach, ní mór a mheas mar thagairt do dhuine d’aon inscne eile chomh maith.

(d)

Baineann an fógra seo le hocht gcomórtas. Is féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ar aon réimse amháin acu, agus ar an gceann sin amháin.

(e)

Sonraítear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal in aghaidh an chomórtais i dTábla 1.

Tábla 1

Comórtas

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal

EPSO/AD/424/25 – CS

20

EPSO/AD/424/25 – DA

15

EPSO/AD/424/25 – ET

20

EPSO/AD/424/25 – FI

20

EPSO/AD/424/25 – FR

20

EPSO/AD/424/25 – IT

30

EPSO/AD/424/25 – LV

10

EPSO/AD/424/25 – SV

20

2.   DUALGAIS AN PHOIST

(a)

Earcaíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dlítheangeolaithe ardcháilithe a chaithfidh a bheith in ann téacsanna dlí a aistriú a bhíonn casta go minic go teanga an chomórtais ó dhá theanga oifigiúla eile ar a laghad. Úsáideann dlítheangeolaithe na huirlisí caighdeánacha TF agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh.

(b)

Ar na dualgais tá téacsanna dlí (cinntí de chuid na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, pléadálacha i scríbhinn ó na páirtithe, etc.) a aistriú go teanga an chomórtais ó dhá theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh ar an laghad, na haistriúcháin sin a athbhreithniú, agus anailís dlí a dhéanamh i gcomhar leis na Clárlanna agus le ranna eile Chúirt Bhreithiúnais an Aontas Eorpaigh.

3.   NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha incháilitheachta ginearálta agus sonracha (féach Ranna 3.1 go 3.3) a chomhlíonadh ar an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh, ach amháin i gcás ina bhfuil a mhalairt luaite i Roinn 3.3.

3.1.   Coinníollacha ginearálta

Ní mór don iarrthóir:

1.

a bheith ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit den Aontas Eorpach agus cearta iomlána a bheith aige mar shaoránach;

2.

aon oibleagáid dlí atá air i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige; agus

3.

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

3.2.   Coinníollacha sonracha – teangacha

Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar thrí cinn ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar atá leagtha síos i Roinn 4.2.1 thíos.

3.3.   Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí

(a)

Tá ceanglais incháilitheachta na gcomórtas seo bunaithe ar leas na seirbhíse agus na difríochtaí idir na córais dlí náisiúnta san Aontas á gcur san áireamh an tráth céanna.

(b)

Na cáilíochtaí oideachais sonracha is gá i bprionsabal do gach comórtas áirithe atá cumhdaithe leis an bhfógra seo, tá siad liostaithe i Ranna 3.3.1 - 3.3.8.

(c)

Maidir le hoibrithe a d’fheidhmigh a saoirse gluaiseachta idir na Ballstáit de réir bhrí Airteagal 45 CFAE, féadfaidh an bord roghnúcháin glacadh le coibhéis leis na cáilíochtaí sin freisin, i bhfianaise na bprionsabal a leagtar síos i mbreithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, OQ v an Coimisiún Eorpach, T-713/20, ECLI:EU:T:2022:513.

(d)

Chun a chinneadh an gcomhlíonann iarrthóir na cáilíochtaí oideachais sonracha, cuirfidh an Bord Roghnúcháin san áireamh na rialacha a bhí i bhfeidhm an tráth a gnóthaíodh an cháilíocht.

(e)

I bprionsabal, níl aon taithí oibre ag teastáil. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeidh leibhéal oideachais ag iarrthóir is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana, agus é sin amháin, ba cheart taithí ghairmiúil dlí 1 bhliain amháin ar a laghad a bheith bainte amach aige ina dhiaidh sin.

(f)

Measfar taithí dá dtagraítear i bpointe (e) thuas a bheith ábhartha má fuarthas í i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

aistriúchán dlí,

dréachtú téacsanna dlí,

taithí ar an dlí a fuair dlíodóir féinfhostaithe,

taithí ar an dlí i ngnólacht dlí, i gcuideachta, i riarachán náisiúnta, in eagraíocht rialtais nó idirnáisiúnta, i gceann d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile an Aontais Eorpaigh, in eagraíocht neamhrialtasach nó in ollscoil.

(g)

I gcás inar leor dioplóma chun na ceanglais incháilitheachta do chomórtas ar leith a chomhlíonadh (féach Ranna 3.3.1 - 3.3.8), ní mór an dioplóma sin a bheith bronnta ar a dhéanaí an 1 Deireadh Fómhair 2025.

3.3.1.   EPSO/AD/424/25 – CS – Dlítheangeolaithe le Seicis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – CS, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile i ndlí na Seice a bheith curtha i gcrích aige, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

(i)

Vysokoškolské vzdělání v oblasti českého práva nebo české právní vědy (an giúistís, Mgr.) umožňující přístup k doktorskému studijnímu programu v oblasti českého práva nebo české právní vědy; nebo

(ii)

ukončený doktorský studijní clár v oblasti českého práva nebo české právní vědy (doktor, Ph.D.); nebo

(iii)

úspěšně složená státní rigorózní zkouška v oblasti českého práva nebo české právní vědy (doktor práv, JUDr.).

3.3.2.   EPSO/AD/424/25 – DA – Dlítheangeolaithe le Danmhairgis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – DA, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile i ndlí na Danmhairge a bheith curtha i gcrích aige, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

(i)

Juridisk kandidateksamen (cand.jur.);

(ii)

Erhvervsøkonomisk-erhvervsjuridisk kandidateksamen (cand.merc.jur.).

3.3.3.   EPSO/AD/424/25 – ET – Dlítheangeolaithe le hEastóinis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – ET, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na hEastóine, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

Eestikeelsel õppekaval omandatud akadeemiline kõrgharidus õigusteaduses, s.o riiklikult tunnustatud magistrikraad (3+2 õppekava) või sellega võrdsustatud endine bakalaureusekraad.

3.3.4.   EPSO/AD/424/25 – FI – Dlítheangeolaithe le Fionlainnis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – FI, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na Fionlainne, san Fhionlainnis, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

Suomessa suoritettu oikeustieteen muu ylempi korkeakoulutkinto (oikeustieteen maisteri, aiemmin oikeustieteen kandidaatti) kuin kansainvälisen ja vertailevan oikeustieteen maisterin tutkinto.

3.3.5.   EPSO/AD/424/25 – FR – Dlítheangeolaithe le Fraincis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – FR, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na Fraince, na Beilge, nó Lucsamburg, sa Fhraincis, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

Avoir suivi une formation juridique complète, principalement dans un établissement d’enseignement supérieur belge, français ou luxembourgeois où les enseignements sont dispensés en langue française. Par formation juridique complète, il convient d’entendre une formation juridique de cinq années / 300 crédits ECTS [European Credit Transfer System], pour les formations achevées depuis l’entrée en vigueur de la réforme de 2004 harmonisant les diplômes d’enseignement supérieur en Europe, ou de quatre ou cinq années pour les formations achevées antérieurement. Cette formation doit, en outre, avoir été sanctionnée par un diplôme correspondant au moins au master 2 (cinq années d’études), pour les diplômes obtenus après l’entrée en vigueur de ladite réforme de 2004, ou à la maîtrise en droit français (quatre années d’études), ou à la licence en droit belge (cinq années d’études), pour les diplômes obtenus avant l’entrée en vigueur de cette même réforme.

3.3.6.   EPSO/AD/424/25 – IT – Dlítheangeolaithe le hIodáilis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha Ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – IT, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na hIodáile, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

Formazione universitaria completa in giurisprudenza (quattro anni, vecchio ordinamento, o cinque anni, nuovo ordinamento) svolta presso un’università italiana e attestata da un diploma di laurea rilasciato da un’università italiana.

3.3.7.   EPSO/AD/424/25 – LV – Dlítheangeolaithe le Laitvis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – LV, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na Laitvia, sa Laitvis, agus ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

Maģistra grāds tiesību zinātnē vai otrā līmeņa profesionālā augstākā izglītība tiesību zinātnē, kas piešķir jurista kvalifikāciju.

3.3.8.   EPSO/AD/424/25 – SV – Dlítheangeolaithe le Sualainnis

Gan dochar do phointe 3.3(d) ná do na Rialacha ginearálta (go háirithe pointe 2.2(1)), chun bheith incháilithe do chomórtas EPSO/AD/424/25 – SV, ní mór d’iarrthóir cúrsa ollscoile a bheith curtha i gcrích aige i ndlí na Sualainne nó na Fionlainne, sa tSualainnis, ar baineadh ceann de na dioplómaí seo a leanas amach dá bharr:

(i)

Jur.kand.-examen, juristexamen, arna bhronnadh sa tSualainn;

(ii)

Juris kandidat (JK), juris magister (JM), arna bhronnadh san Fhionlainn mar thoradh ar chúrsa ollscoile sa dlí a bheith curtha i gcrích aige, a rinneadh sa tSualainnis.

4.   CONAS A EAGRÓFAR NA COMÓRTAIS?

4.1.   Forbhreathnú ar chéimeanna an chomórtais

Eagrófar na comórtais seo sna céimeanna seo a leanas:

iarratas (féach roinn 4.3.1),

triail (féach roinn 4.3.2),

an triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh (féach Roinn 4.3.3),

na painéil ionadaithe a bhunú (féach Roinn 4.3.4).

4.2.   Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo

4.2.1.   Ceanglais teanga

(a)

Sonraítear sna Rialacháin Foirne (1) nach bhféadfar oifigeach a cheapadh ach amháin ar choinníoll go gcuirfidh sé fianaise ar fáil go bhfuil sáreolas aige ar cheann de theangacha an Aontais agus eolas sásúil aige ar cheann eile de theangacha an Aontais a mhéid is gá lena chuid dualgas a chomhlíonadh.

(b)

Ní mór do dhlítheangeolaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith in ann téacsanna dlí a aistriú go teanga 1 ó dhá theanga fhoinseacha ar a laghad. Dá bhrí sin, ní mór d’iarrthóirí eolas a bheith acu ar thrí cinn ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, teangacha nach ionann iad agus na teangacha sin a luaitear i dTábla 2. Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’, ‘teanga 2’ agus ‘teanga 3’ ar na teangacha sin.

Tábla 2

Comórtas

Teanga 1 –

teanga an chomórtais

Teanga 2

Teanga 3

EPSO/AD/424/25 – FR

Fraincis

Béarla, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis, Spáinnis

Aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh seachas teanga 1 agus teanga 2

EPSO/AD/424/25 – CS

Seicis

Fraincis

Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis, Spáinnis

EPSO/AD/424/25 – DA

Danmhairgis

EPSO/AD/424/25 – ET

Eastóinis

EPSO/AD/424/25 – FI

Fionlainnis

EPSO/AD/424/25 – LV

Laitvis

EPSO/AD/424/25 – SV

Sualainnis

EPSO/AD/424/25 – IT

Iodáilis

Fraincis

Béarla, Gearmáinis, Gréigis, Polainnis, Rómáinis, Slóivéinis, Spáinnis

(c)

Seo na leibhéil eolais is gá i ngach inniúlacht teanga atá iarrtha san fhoirm iarratais (éisteacht, léamh, idirghníomhaíocht labhartha, táirgeadh béil, scríbhneoireacht):

(i)

teanga 1: C2 (leibhéal an chainteora dúchais);

(ii)

teangacha 2 agus 3: C1 ar a laghad san inniúlacht léitheoireachta.

(d)

Tá na leibhéil agus na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (2).

(e)

Is institiúid ilteangach í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus tá na rialacha teanga faoina bhfeidhmíonn sí sainithe sna rialacha nós imeachta.

(f)

Eagraítear na haistriúcháin i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcóras measctha ina n-úsáidtear aistriúchán díreach agus aistriúchán trí líon áirithe teangacha idirmheánacha. Is fearr an t-aistriúchán díreach nuair is féidir, ach mura bhfuil aon bhealach ar fáil, is féidir teanga idirmheánach a úsáid ina ionad. Faoi láthair, is iad Gearmáinis, Béarla, Iodáilis, Polainnis agus Spáinnis na teangacha idirmheánacha sin. Ina theannta sin, toisc gurb í an Fhraincis teanga an phlé, ní mór d’aonad aistriúcháin na Fraincise a bheith in ann aistriúcháin dhíreacha a chur ar fáil ó theangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is teanga idirmheánacha nádúrtha í an Fhraincis.

(g)

Tá na roghanna teanga a luaitear i dTábla 2 bunaithe ar na cúinsí thuas agus ar na fíor-riachtanais earcaíochta atá ann faoi láthair agus a bhfuil coinne leo sna haonaid teanga ábhartha.

(h)

Is í teanga 1 de gach comórtas sprioctheanga an aonaid aistriúcháin lena mbaineann. Ní mór do dhlítheangeolaithe leibhéal an chainteora dúchais i dteanga 1 a bheith acu óir beidh orthu téacsanna casta dlí a aistriú go dtí an teanga sin. Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí a léiriú, ar bhonn inniúlacht an chainteora dúchais i dteanga 1, go mbeidh siad in ann anailís dhlíthiúil agus théarmeolaíoch a dhéanamh ar thagairtí le haghaidh réamhrialú arna dtíolacadh ag cúirteanna náisiúnta sa teanga sin, agus ar chúraimí gaolmhara.

(i)

Léiríonn an cinneadh Fraincis a ainmniú mar theanga 2 i gcomórtais seachas EPSO/AD/424/25 – FR go bhfuil formhór na dtéacsanna le haistriú ón bhFraincis, go háirithe breithiúnais agus orduithe ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón gCúirt Ghinearálta. Chun a áirithiú gur féidir an cásdlí a fhoilsiú i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh, is gá do gach dlítheangeolaí i ngach ceann de na haonaid aistriúcháin i gceist a bheith in ann obair ón bhFraincis.

(j)

Ní mór teanga 2 i gcomórtas EPSO/AD/424/25 – FR a roghnú as Béarla, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Ollainnis, Polainnis agus Spáinnis chun ceanglais teanga aonad aistriúcháin na Fraincise a chomhlíonadh. Go sonrach, éilítear san aonad seo dlítheangeolaithe atá in ann téacsanna casta dlí a aistriú ó cheann de na teangacha sonraithe, toisc go ndéantar cuid mhór de na haistriúcháin ó na teangacha sin.

(k)

Ní mór teanga 3 i gcomórtais seachas EPSO/AD/424/25 – FR agus EPSO/AD/424/25 – IT (i.e., comórtais do dhlítheangeolaithe le Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Laitvis, Sualainnis agus Seicis) a roghnú as Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis agus Spáinnis toisc go ndéantar formhór mór na dtéacsanna atá le haistriú ó theanga seachas teanga 2 (Fraincis) a phróiseáil trí theangacha idirmheánacha (Gearmáinis, Béarla, Iodáilis, Polainnis, agus Spáinnis).

(l)

Ní mór teanga 3 i gcomórtas EPSO/AD/424/25 – IT a roghnú as Béarla, Gearmáinis, Gréigis, Polainnis, Rómáinis, Slóivéinis agus Spáinnis toisc go ndéantar formhór mór na dtéacsanna atá le haistriú ó theanga seachas teanga 2 (Fraincis) a phróiseáil trí theangacha idirmheánacha seachas an Iodáilis, is é sin Gearmáinis, Béarla, Polainnis agus Spáinnis. Ina theannta sin, ní mór d’aonad aistriúcháin na hIodáilise, mar ‘aonad idirmheánach’ don Ghréigis, don Rómáinis agus don tSlóivéinis, cumhdach leordhóthanach a áirithiú do na teangacha sin.

(m)

Is de réir na gceanglas teanga sin a roghnaítear teangacha na dtrialacha freisin (féach Roinn 4.2.2).

4.2.2.   Iarratas agus teangacha na dtrialacha

(a)

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla de na comórtais mar a shonraítear i dTábla 3.

Tábla 3

Céim an chomórtais

Trialacha

Teangacha

Iarratas

-

Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh

Triail

Trialacha réasúnaíochta

Teanga 1

Triail aistriúcháin

Teanga 1 agus teanga 2

An triail athbhreithnithe ar aistriúchán

Teanga 1 agus teanga 3

(b)

De bharr na srianta sonracha ar obair na ndlítheangeolaithe i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar atá leagtha amach sa roinn roimhe seo, tá sé iomchuí a cheangal ar iarrthóirí na trialacha réasúnaíochta a dhéanamh sa teanga a roghnaigh siad mar theanga 1.

(c)

Sa triail aistriúcháin agus sa triail athbhreithnithe ar aistriúchán, beidh ar na hiarrthóirí a léiriú go bhfuil sé ar a gcumas teangacha 1, 2 agus 3 a úsáid, teangacha a fhreagraíonn do na teangacha a bheidh á n-úsáid acu agus iad ag obair ó lá go lá. Sin é an dóigh is fearr le deimhin a dhéanamh de gur ar an gcaighdeán is airde cumais agus éifeachtúlachta a bheidh na hiarrthóirí a earcófar agus go mbeidh siad in ann dul i mbun oibre tráth na hearcaíochta.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.   Iarratas

(a)

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas iarrthóra a bheith ag iarrthóir.

(b)

Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (3) agus a n-iarratais a chur isteach faoin

28 Bealtaine 2025 ar 12:00 (meán lae), am Lucsamburg.

(c)

Is ionann foirm iarratais a chur isteach agus dearbhú ó na hiarrthóirí go gcomhlíonann siad na coinníollacha uile atá luaite faoi Roinn 3 ‘Na coinníollacha incháilitheachta’. Is faoi na hiarrthóirí atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus curtha isteach faoin sprioc-am. Nuair a bheidh an sprioc-am le haghaidh iarratas istigh, ní bheidh iarrthóirí in ann aon athrú a dhéanamh ar a n-iarratas a thuilleadh.

(d)

Faoin 7 Deireadh Fómhair 2025 ar 12.00 (meán lae), am Lucsamburg, ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta a chur ar fáil de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais. Tá míniú ar an dóigh le sin a dhéanamh le fáil ar an leathanach tiomnaithe don chomórtas ar shuíomh gréasáin EPSO.

4.3.2.   Triail

(a)   Barúlacha ginearálta

(i)

Na hiarrthóirí uile a mbeidh a bhfoirm iarratais curtha isteach acu faoin sprioc-am atá sonraithe i bpointe 4.3.1(b), tabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi shraith trialacha shainmhínítear thíos. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an t-ord ina n-eagraítear na trialacha agus an t-ord ina liostaítear iad san fhógra seo a bheith éagsúil.

(ii)

Is de chéin a reáchtálfar na trialacha agus déanfar feitheoireacht chianda orthu. Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha ar a dhéanaí nuair a bheidh cuireadh á thabhairt dóibh na trialacha a dhéanamh.

(iii)

Mura ndéanfaidh iarrthóir ceann amháin nó níos mó de na trialacha nó mura gcríochnóidh sé ceann amháin nó níos mó acu, mar atá sonraithe san fhógra seo agus/nó sna treoracha a tugadh do na hiarrthóirí, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas (féach Roinn 5 de na Rialacha ginearálta).

(b)   Trialacha réasúnaíochta

Is trialacha ilrogha iad na trialacha réasúnaíochta lena ndéantar measúnú ar scileanna réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí na n-iarrthóirí. Eagrófar iad mar a shonraítear i dTábla 4.

Tábla 4

Trialacha

Teanga

Ceisteanna

Fad

Marcáil

Pasmharc

Triail réasúnaíochta briathartha

Teanga 1

20 ceist

35 nóiméad

0 go 20

20/40

Triail réasúnaíochta uimhriúla

10 gceist

20 nóiméad

0 go 10

Triail réasúnaíochta teibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go 10

(c)   Triail aistriúcháin

Eagrófar an triail aistriúcháin mar atá léirithe i dTábla 5.

Tábla 5

Triail

Tuairisc

Fad

Marcáil

Pasmharcanna

Triail aistriúcháin

Téacs dlí atá dréachtaithe i dteanga 2 a aistriú go dtí teanga 1, gan foclóir ná acmhainní eile a úsáid

90 nóiméad

0 go 80

40/80

(d)   An triail athbhreithnithe ar aistriúchán

Eagrófar an triail athbhreithnithe ar aistriúchán mar atá léirithe i dTábla 6.

Tábla 6

Triail

Tuairisc

Fad

Marcáil

Pasmharcanna

An triail athbhreithnithe ar aistriúchán

Athbhreithniú a dhéanamh ar théacs dlí i dteanga an chomórtais (teanga 1), téacs ar meaisínaistriúchán é ón teanga a roghnaigh tú mar theanga 3

90 nóiméad

0 go 80

40/80

4.3.3.   An triail a mharcáil agus an tseiceáil incháilitheachta a dhéanamh

(a)   Barúlacha ginearálta

(i)

Úsáidfear na marcanna trialach mar a shonraítear i dTábla 7.

Tábla 7

Triail

Conas a úsáidfear na marcanna a ghnóthaigh na hiarrthóirí sna trialacha?

Trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí

Marcálfar an triail chun a dhéanamh amach ar ghnóthaigh an t-iarrthóir an pasmharc is gá ar a laghad.

Triail aistriúcháin

Úsáidfear marcanna na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an pasmharc is gá ar a laghad sa dá thriail chun rangú a chruthú de réir fheidhmíocht na n-iarrthóirí.

An triail athbhreithnithe ar aistriúchán

(ii)

Na hiarrthóirí nach ndéanfaidh na trialacha uile nó nach gcríochnóidh na trialacha uile (féach Roinn 4.3.2 thuas agus Roinn 5 de na Rialacha ginearálta), ní dhéanfar aon cheann dá bhfreagraí ar na trialacha agus/nó dá scripteanna a phróiseáil agus ní dhéanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht.

(iii)

Má theipeann ar iarrthóir an pasmharc nó na pasmharcanna is gá ar a laghad a ghnóthú i gceann amháin de na trialacha, tiocfaidh deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas. Ní dhéanfar tuilleadh próiseála ar fhreagraí agus/nó ar scripteanna trialach na n-iarrthóirí sin agus ní dhéanfar seiceáil incháilitheachta orthu.

(iv)

Ní chuirfear torthaí na dtrialacha in iúl d’iarrthóirí ach ag deireadh an chomórtais (féach pointe 4.3.4(d)), cibé céim den chomórtas a bhain an t-iarrthóir amach.

(b)   Céimeanna sonracha

(i)

Déanfar na trialacha réasúnaíochta a mharcáil i dtosach. Na hiarrthóirí a bhain amach ar a laghad an pasmharc atá ag teastáil sna trialacha réasúnaíochta, déanfar seiceáil ar a n-incháilitheacht.

(ii)

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach i Roinn 3 (‘Na coinníollacha incháilitheachta’). Is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh an cinneadh maidir le hincháilitheacht iarrthóra trí chomparáid a dhéanamh idir (a) na dearbhuithe a rinneadh san fhoirm iarratais; agus (b) na doiciméid arna soláthar go cuí ag na hiarrthóirí i gcomhréir le Roinn 2.4, pointí (1)-(3), de na Rialacha ginearálta chun tacú leis na dearbhuithe sin.

(iii)

Iarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe, marcálfar a dtriail aistriúcháin.

(iv)

Iarrthóirí a ghnóthaigh na pasmharcanna is gá ar a laghad sa triail aistriúcháin, marcálfar a dtriail athbhreithnithe ar aistriúchán.

(v)

Na hiarrthóirí a bhainfidh amach an pasmharc is gá ar a laghad sa dá thriail, cuirfear an dá mharc sin acu le chéile chun an marc comhshuimithe foriomlán a bhaint amach, as 160. Anseo, is é ‘160’ suim na marcanna is airde is féidir a ghnóthú sa triail aistriúcháin (80) agus sa triail athbhreithnithe ar aistriúchán (80).

(vi)

Déanfar na hiarrthóirí a rangú ansin – laistigh de gach aon chomórtas – in ord íslitheach a marcanna comhshuimithe foriomlána. Feidhmeoidh an rangú sin in aghaidh an chomórtais mar bhonn chun an painéal ionadaithe a bhunú le haghaidh gach comórtais faoi seach.

4.3.4.   Na painéil ionadaithe a bhunú

(a)

Cuirfidh an Bord Roghnúcháin leis na painéil ionadaithe ainmneacha na n-iarrthóirí (i) a ghnóthaigh ar a laghad na pasmharcanna uile is gá agus ceann de na marcanna comhshuimithe foriomlána is airde; agus (ii) a measadh go raibh siad incháilithe. Déanfar é sin in ord íslitheach an rangaithe dá dtagraítear i bpointe 4.3.3(b)(vi) go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal i ngach comórtas faoi seach nó go dtí nach mbeidh aon iarrthóir as a measc siúd a áirítear sa rangú fágtha.

(b)

Maidir leis an áit dheireanach ar phainéal ionadaithe, i gcás ina gcríochnóidh roinnt iarrthóirí cothrom le chéile don áit sin, cuirfear a n-ainmneacha uile leis an bpainéal ionadaithe sin.

(c)

Is in ord aibítre a liostálfar na hainmneacha ar na painéil ionadaithe. Cuirfear na painéil ionadaithe ar fáil do na seirbhísí earcaíochta.

(d)

Cuirfear torthaí na n-iarrthóirí in iúl do na hiarrthóirí (torthaí na dtrialacha agus torthaí na seiceála incháilitheachta) ach amháin murar próiseáladh a bhfreagraí agus/nó a scripteanna trialach agus/nó murar seiceáladh incháilitheacht ar na cúiseanna atá luaite san fhógra seo.

(e)

Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

5.   COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

(a)

Déanann EPSO a dhícheall a áirithiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

(b)

Iarrthóirí atá faoi mhíchumas nó a bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh an méid sin a lua ar an bhfoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, mar a thugtar tuairisc air ar shuíomh gréasáin EPSO (4). Tar éis dó iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh EPSO socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.

6.   FAISNÉIS FAOI ÁIT FOSTAÍOCHTA TRÁTH NA hEARCAÍOCHTA I LUCSAMBURG AGUS FAOI AISTRITHE

(a)

Iarrthóirí a n-éireoidh leo agus atá ar phainéil, earcófar iad mar oifigigh ar promhadh, i bpoist atá lonnaithe i Lucsamburg.

(b)

Foráiltear le hAirteagal 29(1)(a)(i) agus (b) de na Rialacháin Foirne go bhféadfaidh oifigigh, tráth ar bith le linn a ngairme, iarratas a dhéanamh ar aistriú laistigh den institiúid nó den ghníomhaireacht chéanna de chuid an Aontais nó chuig institiúid nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais.

(c)

Mar sin féin, ba cheart d’iarrthóirí an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara, ar mhaithe leis an tseirbhís:

(i)

le linn na chéad 3 bliana seirbhíse tar éis d’oifigeach dul i mbun oibre mar oifigeach ar promhadh, ní fhéadfar aistriú chuig institiúid nó gníomhaireacht eile den Aontas Eorpach nach mbaineann athrú ar an áit fostaíochta leis ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe;

(ii)

le linn na chéad 4 bliana seirbhíse tar éis d’oifigeach dul i mbun oibre mar oifigeach ar promhadh, ní fhéadfar aistriú laistigh den institiúid nó gníomhaireacht chéanna nó chuig institiúid nó gníomhaireacht eile a mbaineann athrú ar an áit fostaíochta leis ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe.

(d)

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go mbeidh aon aistriú den sórt sin idir institiúidí nó gníomhaireachtaí ag brath ar chomhaontú ó institiúid nó gníomhaireacht bhunaidh an oifigigh agus ón institiúid nó ón ngníomhaireacht ar mian leis aistriú chuici.

(e)

Chun gur féidir le hoifigigh nua-earcaithe a gcuid dualgas a chomhlíonadh faoi na dálaí is fearr is féidir, ní mór an deis a thabhairt dóibh imeascadh chomh héifeachtach agus is féidir i gcultúr agus i dtimpeallacht oibre na háite fostaíochta agus san institiúid nó gníomhaireacht a earcaíonn iad.

(f)

Thairis sin, infheistíonn na hinstitiúidí nó gníomhaireachtaí a earcaíonn iad acmhainní in ionduchtú agus oiliúint na n-oifigeach nua agus chun cuidiú leo imeascadh san ionad oibre agus san áit fostaíochta araon. Dá bhrí sin is gá leibhéal áirithe leanúnachais agus intuarthachta a áirithiú maidir le líonadh post trí cheangal a chur ar oifigigh nua-earcaithe íostréimhse seirbhíse a chur i gcrích san institiúid nó sa ghníomhaireacht earcaíochta agus ina n-áit fostaíochta.


(1)  Féach Airteagal 28(f) de Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA), lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile Chomhphobal Eacnamaíoch na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62). Téacs comhdhlúite: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/2025-01-01.

(2)   https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.

(3)   https://eu-careers.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application.

(4)   https://eu-careers.europa.eu/ga/how-request-specific-adjustments-selection-tests.


IARSCRÍBHINN

RIALACHA GINEARÁLTA

1.   Bunfhorálacha

(1)

Tá feidhm ag forálacha na rialacha ginearálta seo mura sonraítear a mhalairt san fhógra comórtais.

(2)

Tugtar eolas d’iarrthóirí ina gcuntas iarrthóra nach mór plé leis laistigh de thréimhsí áirithe. Ba cheart dóibh a gcuntas iarrthóra a sheiceáil gach 3 lá féilire ar a laghad ionas gur féidir leo an dul chun cinn atá á dhéanamh acu sa chomórtas a leanúint agus ionas nach gcaillfidh siad aon sprioc-am.

Más rud é nach féidir le hiarrthóir a chuntas iarrthóra a sheiceáil mar gheall ar fhadhb theicniúil ó thaobh EPSO, ní mór dó EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach tríd an bhfoirm theagmhála ar líne  (1).

(3)

Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin fágtha ag aon chéim den chomórtas, rachaidh gach duine acu ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Má bhíonn roinnt iarrthóirí ar comhscór agus gan ach áit amháin ar phainéal fágtha, cuirfear gach duine acu ar an bpainéal sin.

(4)

Aon iarrthóir a athligfear isteach tar éis iarraidh, gearán nó achomharc ar éirigh leis, déanfar é (a) a chur ar ais sa chomórtas ag an gcéim ónar eisiadh é, nó (b) a chur ar an bpainéal, de réir mar is infheidhme.

(5)

Nuair a chuirfidh EPSO teachtaireacht chuig iarrthóir tríd an gcuntas iarrthóra nó le ríomhphost, beidh an teachtaireacht sin i gceann de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir go raibh eolas ar leibhéal B2 nó níos airde (2) aige orthu sa réimse ‘Cumas léitheoireachta’ sa roinn ‘Teangacha’ ar an bhfoirm iarratais (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo).

(6)

Is féidir le hiarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO tríd an bhfoirm theagmhála ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO (3). Roimh dhul i dteagmháil le EPSO dóibh, iarrtar ar iarrthóirí roinn na ‘gceisteanna coitianta’ ar shuíomh gréasáin EPSO (4) a cheadú.

(7)

Forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, maslach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

2.   Oideachas (5) , taithí (6) , doiciméid tacaíochta

2.1.   An roinn ‘My CV’ den chuntas iarrthóra

Sula gcuirfidh siad isteach ar chomórtas ní mór d’iarrthóirí an roinn ‘My CV’ dá gcuntas iarrthóra a líonadh isteach. Agus é ag déanamh iarratais ar chomórtas sonrach, ní gá d’iarrthóir an t-eolas ó ‘My CV’a ath-iontráil san fhoirm iarratas. Beidh roghbhlúire de na sonraí ón roinn ‘My CV’ ceangailte go huathoibríoch lena fhoirm iarratais a luaithe a chuirfidh an t-iarrthóir a iarratas isteach. Is faoi na hiarrthóirí atá sé deimhin a dhéanamh de go mbeidh ‘My CV’ cothrom le dáta an tráth sin.

2.2.   Oideachas

(1)

Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad.

(2)

Na difríochtaí idir córais oideachais náisiúnta, go háirithe na difríochtaí idir na teidil a thugtar ar chéimeanna, ar dhioplómaí agus ar theastais, cuirfear san áireamh iad agus measúnú féachaint á dhéanamh an bhfuil na cáilíochtaí is gá de réir an fhógra comórtais ag na hiarrthóirí.

2.3.   Taithí oibre

(1)

Ní féidir taithí oibre a chur san áireamh ach amháin má chomhlíonann sí na coinníollacha ginearálta seo a leanas:

(a)

ní mór an taithí a bheith faighte tar éis don iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach;

(b)

ní mór fíorobair éifeachtach a bheith inti;

(c)

ní mór pá a bheith ag dul léi;

(d)

ní mór caidreamh gairmiúil a bheith ag baint léi, i.e. an t-iarrthóir a bheith laistigh de struchtúr eagraíochtúil nó é a bheith ag soláthar seirbhíse;

(e)

ní mór í a bheith i gcomhréir leis na critéir maidir le hábharthacht atá sonraithe san fhógra comórtais. Mura féidir a mheas go bhfuil na cúraimí uile a rinneadh le linn tréimhse áirithe taithí oibre ábhartha, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(i)

más rud é go bhfuil níos mó ná 75 % de na cúraimí ábhartha, measfar gur taithí ábhartha an tréimhse iomlán taithí oibre;

(ii)

más rud é go bhfuil níos mó ná 50 % ach níos lú ná 75 %, nó líon cothrom leis sin, de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 75 %;

(iii)

más rud é go bhfuil 25-50 % de na cúraimí ábhartha, cuirfear an tréimhse taithí oibre atá i gceist san áireamh ar ráta 50 %;

(iv)

más rud é go bhfuil níos lú ná 25 % de na cúraimí ábhartha, ní chuirfear an tréimhse taithí oibre san áireamh.

(2)

Measfar an taithí oibre atá sa liosta thíos ar bhonn rialacha sonracha chomh maith, lena n-áirítear díolúintí áirithe ó na riachtanais dá dtagraítear i mír (1) thuas:

(a)

i gcás obair dheonach, tuigfear gur ‘pá’ í aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Thairis sin, ní mór uaireanta seachtainiúla oibre agus fad ama seachtainiúil oibre ar aon dul le gnáth-phost a bheith i gceist i gcás obair dheonach;

(b)

i gcás tréimhsí oiliúna, is éard a mheasfar a bheith i gceist le ‘pá’ aon ranníocaíocht a fuarthas, aisíocaíocht costas agus cumhdach árachais san áireamh. Tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár staidéir, féadfar í a chur san áireamh ar choinníoll (i) gur tugadh faoin tréimhse oiliúna tar éis an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais a bhaint amach, agus (ii) go bhfuil pá ag dul leis an tréimhse oiliúna;

(c)

tréimhse oiliúna éigeantach atá ina cuid de chlár chun clárú le comhlachas gairmiúil chun an ceart chun gairm a chleachtadh a bhaint amach (mar shampla, cead ballraíochta i gcomhlachas bharra na ndlíodóirí a bhaint amach), nó atá ina réamhchoinníoll le clárú den chineál sin, féadfar í a chur san áireamh cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh. I gcás nach raibh pá ag dul leis an obair, áfach, ní fhéadfar an tréimhse oiliúna a chur san áireamh ach amháin ar choinníoll gur cuireadh an clár i gcrích go rathúil agus go bhfuarthas an ceart chun an ghairm a chleachtadh. I ngach cás, is í an íostréimhse éigeantach amháin a chuirfear san áireamh;

(d)

seirbhís mhíleata éigeantach a rinneadh sula bhfuair an t-iarrthóir an cháilíocht oideachais íosta atá sonraithe san fhógra comórtais nó tar éis dó an cháilíocht sin a fháil, cuirfear san áireamh í fiú mura gcomhlíonann sí na critéir ábharthachta atá sainithe san fhógra comórtais, ach tréimhse nach faide ná an fad éigeantach sa Bhallstát lena mbaineann amháin a bheith i gceist;

(e)

féadfar saoire mháithreachais, atharthachta, altramais nó tuismitheora a chur san áireamh ar choinníoll gur cumhdaíodh le conradh oibre í;

(f)

i gcás staidéir dhochtúireachta, ní bheidh fad na tréimhse a chuirfear san áireamh os cionn 3 bliana, ar choinníoll gur baineadh an chéim dhochtúireachta amach, agus cibé acu a bhí pá ag dul leis an obair nó nach raibh;

(g)

i gcásanna obair pháirtaimseartha, ríomhfar an tréimhse a chuirfear san áireamh ar bhonn pro rata, e.g. áireofar 3 mhí i gcás obair ar leath-am le linn 6 mhí.

2.4.   Doiciméid tacaíochta

(1)

Na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne iarrthóirí ina bhfoirm iarratais, ní mór do na hiarrthóirí cóipeanna díobh a uaslódáil chuig a gcuntas iarrthóra (féach freisin Roinn 2.1 de na rialacha ginearálta seo). Caithfidh siad sin a dhéanamh faoin dáta atá leagtha síos san fhógra comórtais, nó, mura bhfuil dáta leagtha síos san fhógra, faoin dáta atá curtha in iúl ag EPSO.

(2)

Mura gcuirfear doiciméad/doiciméid tacaíochta ar fáil faoin dáta atá luaite thuas, is féidir go measfar go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe nó is féidir nach gcuirfear a cháilíochtaí oideachais sonracha nó a thaithí shonrach san áireamh.

(3)

Ag aon chéim den phróiseas, féadfar a iarraidh ar iarrthóirí eolas breise nó doiciméid bhreise a chur ar fáil.

(4)

Ar na doiciméid a bheidh ar iarrthóirí a uaslódáil, beidh cóip dá gcárta aitheantais nó dá bpas, agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí ar an dáta deiridh is féidir iarratas a chur isteach. Beidh ar iarrthóirí an bundoiciméad, i.e. an cárta aitheantais féin nó an pas féin, a thaispeáint nuair a iarrfar sin orthu.

(5)

Chun cruthúnas a sholáthar i leith a gcáilíochtaí oideachais, beidh ar iarrthóirí na nithe seo a leanas, ar a laghad, a chur ar fáil:

(a)

cóip dá ndioplóma/ndioplómaí agus/nó dá dteastas/dteastais lena bhfianaítear na cáilíochtaí oideachais is gá le bheith incháilithe don chomórtas (féach an roinn ‘Na coinníollacha incháilitheachta’ san fhógra comórtais);

(b)

i gcás dioplómaí/teastais a eisíodh i dtír lasmuigh den Aontas Eorpach, ráiteas coibhéiseachta a d’eisigh údarás inniúil de chuid Bhallstáit den Aontas Eorpach.

(6)

Ní mór gach tréimhse taithí oibre a bheith cumhdaithe leis na bundoiciméid seo a leanas nó le cóipeanna deimhnithe díobh:

(a)

doiciméid ó fhostóirí agus/nó ó iarfhostóirí: conradh/conarthaí fostaíochta ina bhfuil dátaí thús agus dheireadh na fostaíochta sonraithe agus/nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh. Ba cheart cineál agus leibhéal na ndualgas a rinne an t-iarrthóir a bheith sonraithe sna doiciméid sin mar aon le cur síos mionsonraithe ar na dualgais sin, agus ba cheart ceann litreach agus stampa an fhostóra a bheith orthu mar aon le hainm agus síniú an duine i gceannas;

(b)

I gcás obair nach bhfuil tuarastal ag dul léi, e.g. féinfhostaíocht nó gairmeacha beatha liobrálacha: sonraisc nó foirmeacha ordaithe ina bhfuil an obair a rinneadh sonraithe, nó aon doiciméid tacaíochta oifigiúla eile ina bhfuil cineál agus tréimhse na ndualgas a rinneadh nó na seirbhísí a soláthraíodh sonraithe;

(c)

i gcás saoraistritheoirí: doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé;

(d)

i gcás saor-ateangairí: doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht go dtí iad agus uathu.

3.   Ról an bhoird roghnúcháin

(1)

Is é bord roghnúcháin an chomórtais a dhéanann cinneadh maidir le deacracht na dtrialacha sa chomórtas agus a fhaomhann inneachar na dtrialacha sin, a dhéanann measúnú ar chomhlíontacht na n-iarrthóirí leis na coinníollacha sonracha incháilitheachta, a chuireann fiúntas na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais.

(2)

Coinnítear imeachtaí an bhoird roghnúcháin faoi rún.

(3)

Tugann EPSO áis don bhoird roghnúcháin i leith a chuid oibre.

4.   Coinbhleacht leasa

(1)

Foilsítear ainmneacha chomhaltaí an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (7).

(2)

Ceanglaítear ar iarrthóirí, ar chomhaltaí an bhoird roghnúcháin, agus ar bhaill foirne EPSO a thugann áis le haghaidh eagrú comórtais faoi leith, aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a dhearbhú, go háirithe i gcás gaolta nó caidreamh oibre díreach. Aon staid a d’fhéadfadh a bheith ina coinbhleacht leasa, ní mór don duine lena mbaineann í a dhearbhú le EPSO a luaithe agus a bheidh sé ar an eolas fúithi. Measfaidh EPSO gach cás leis féin agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí.

(3)

Chun a chinntiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach bhfuil ar an mbord roghnúcháin iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon chomhalta den bhord roghnúcháin maidir le haon ábhar a bhaineann leis an gcomórtas nó le himeachtaí an bhoird roghnúcháin, ach amháin i gcásanna ina n-údaraítear a mhalairt go sainráite.

(4)

Aon iarrthóir ar mian leis a chás a chur faoi bhráid an bhoird roghnúcháin, ní mór dó sin a dhéanamh i scríbhinn agus an comhfhreagras sin a chur chuig an mbord roghnúcháin trína gcuntas iarrthóra.

(5)

Aon sárú ar na rialacha thuasluaite, d’fhéadfaí gníomh araíonachta a chur ar bun in aghaidh comhalta den bhord roghnúcháin nó ball d’fhoireann EPSO i ngeall air, agus/nó d’fhéadfaí iarrthóir a dhícháiliú ón gcomórtas i ngeall air (féach Roinn 6).

5.   Tástáil

(1)

Cuirfidh EPSO na hiarrthóirí ar an eolas faoi rialacha mionsonraithe na dtrialacha agus faoi aon sonraí agus treoracha riachtanacha ar a dhéanaí nuair a thabharfar cuireadh do na hiarrthóirí na trialacha a dhéanamh.

(2)

Ní mór d’iarrthóirí na trialacha a chur in áirithe de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO, má iarrtar orthu sin a dhéanamh agus nuair a iarrfar orthu é. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

(3)

Ní mór d’iarrthóirí gach beart is gá dá dtagraítear sna treoracha a eisíodh roimh na trialacha a dhéanamh, cuir i gcás bogearraí a shuiteáil, an sioncrónú/na sioncrónuithe riachtanacha a dhéanamh, triail nascachta a dhéanamh, triail ar réamhriachtanais theicniúla, seiceáil córas agus/nó triail bhréige a dhéanamh. Má chloítear leis na treoracha, beifear in ann ullmhacht thimpeallacht TF an iarrthóra agus comhoiriúnacht ghléas an iarrthóra don ardán tástála nó don fheidhmchlár a sheiceáil. Mura gcuirfear na céimeanna éigeantacha i gcrích, is féidir go gcuirfear cosc ar an iarrthóir na trialacha a dhéanamh agus cuirfear bac ar chumas sholáthraí reáchtála na dtrialacha aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon fhadhb theicniúil a bheidh ag an iarrthóir le linn na tástála.

(4)

I gcásanna nach gcuirfidh iarrthóir ceann nó cinn de na trialacha in áirithe, nó nach ndéanfaidh sé, nó nach gcríochnóidh sé, ceann nó cinn de na trialacha, measfar go bhfuil deireadh lena rannpháirtíocht sa chomórtas, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart aige orthu, nó staid force majeure, faoi dheara dó gan an triail a chur in áirithe nó gan í a dhéanamh nó a chríochnú. Ba cheart don iarrthóir dul i dteagmháil le EPSO a luaithe is féidir, roimh an triail más féidir, agus ní mór dóibh an bonn cirt is gá a thabhairt, agus i gcás inarb infheidhme, cruthúnas go ndeachaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí tacaíochta teicniúla.

(5)

Mura gcloífear leis na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme i ndáil le tástáil atá sonraithe sna treoracha agus san eolas a cuireadh ar fáil d’iarrthóirí, ní mheasfar gur toisc é sin nach bhfuil neart ag an iarrthóir air ná gur cás force majeure é.

(6)

Iarrtar ar iarrthóirí freisin féachaint ar shuíomh gréasáin EPSO (8) chun cur amach níos fearr a fháil ar phróisis roghnúcháin EPSO, na ceanglais ghinearálta is infheidhme maidir le tástáil san áireamh.

6.   Dícháiliú ón gcomórtas

(1)

Féadfar iarrthóirí a dhícháiliú ag céim ar bith den chomórtas ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níos mó ná cuntas iarrthóra amháin a chruthú;

(b)

iarratas a dhéanamh trí roinnt cainéil éagsúla cé go raibh toirmeasc air sin de réir an fhógra comórtais;

(c)

dearbhuithe bréagacha a dhéanamh nó dearbhuithe a dhéanamh nach raibh na doiciméid iomchuí ina dtaca leo;

(d)

séitéireacht le linn na dtrialacha, taifeadadh na dtrialacha ar líne nó iarracht ar riar cothrom na dtrialacha a chúbláil, nó cur isteach ar shláine phróiseas an chomórtais ar aon bhealach eile;

(e)

dul i dteagmháil, nó iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil, le comhalta den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe;

(f)

gan EPSO a chur ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le comhalta den bhord roghnúcháin nó le ball foirne de EPSO;

(g)

trialacha i scríbhinn nó trialacha praiticiúla a shíniú nó aon mharcáil shuaithinseach a dhéanamh orthu d’ainneoin treoir a bheith tugtha gan é sin a dhéanamh.

(2)

Is ceart d’iarrthóirí ar phost in institiúidí an Aontais Eorpaigh gníomhú go sár-ionraic iontaofa, i gcomhréir le hAirteagal 27, an chéad mhír, agus le hAirteagal 28(c) de na Rialacháin Foirne. I gcás calaoise nó iarracht ar chalaois, féadfaidh EPSO cinneadh a dhéanamh a dhearbhú go bhfuil an t-iarrthóir neamh-incháilithe ar feadh tréimhse ama teoranta do chomórtais a reáchtálfar ina dhiaidh sin.

7.   Ábhair imní agus leigheasanna

7.1.   Fadhbanna teicniúla agus eagraíochtúla

(1)

Má bhíonn mórfhadhb theicniúil nó eagraíochtúil ag iarrthóir ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin, ba cheart dó é sin a chur in iúl do EPSO trína chuntas iarrthóra.

(2)

I gcás fadhbanna leis an gcuntas iarrthóra nó leis an bhfoirm iarratais, ní mór d’iarrthóirí dul i dteagmháil le EPSO láithreach bonn agus, ar aon nós, roimh an sprioc-am chun iarratais a chur isteach.

(3)

Má thagann fadhb chun cinn le linn na dtrialacha, ní mór don iarrthóir an dá rud seo a dhéanamh:

(a)

an fhadhb a thuairisciú láithreach de réir na dtreoracha atá leagtha amach sa chuireadh/sna cuirí chun an trialach/na dtrialacha,

agus

(b)

laistigh de 3 lá féilire, ón lá i ndiaidh an lae a rinne an t-iarrthóir an triail atá i gceist (agus an lá sin san áireamh), teagmháil a dhéanamh le EPSO tríd an gcuntas iarrthóra agus cur síos mionsonraithe a dhéanamh sa teachtaireacht sin ar an bhfadhb. Ba cheart don iarrthóir cruthúnas ar iarracht(aí) an fhadhb a réiteach (mar shampla, uimhir thicéid ón deasc chabhrach nó ón tacaíocht theicniúil, tras-scríbhinní ó chomhrá ar líne, tuairisc fabhtcheartaithe, etc.) a chur i gceangal freisin. Tá gá leis an gcruthúnas doiciméadach sin ionas go mbeidh EPSO in inmhe an cás a fhiosrú. Is féidir go mbeidh ceanglais agus treoracha breise a bhaineann le tuairisciú fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na tástála sonraithe sna cuirí chun na dtrialacha.

Tá feidhm leis an oibleagáid EPSO a chur ar an eolas i ngach cás, fiú más rud é go ndearna soláthraí reáchtála na dtrialacha beart mar gheall ar an ngearán ón iarrthóir.

(4)

Gearáin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá sonraithe sa phointe seo, measfar iad a bheith do-ghlactha.

(5)

Gearáin faoi shaincheisteanna teicniúla a chuirfidh iarrthóirí nár thug faoi na céimeanna dá dtagraítear i Roinn 5(3), measfar iad a bheith do-inghlactha ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gur tosca nach raibh neart ag an iarrthóir orthu, nó staid force majeure, faoi deara dó gan na céimeanna riachtanacha a chur i gcrích.

(6)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán a bhfuil tagairt dóibh i Ranna 7.2.2 agus 7.3.1 ar bhonn fadhbanna teicniúla agus/nó eagraíochtúla a mhaítear a bhí ann agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.1, a léitear in éineacht le Roinn 5, measfar iad a bheith do-inghlactha.

7.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

7.2.1.   Gearáin maidir le ceisteanna trialach ilrogha

(1)

Má mheasann iarrthóirí go bhfuil údar inchosanta acu lena chreidiúint gur chuir earráid i gceann amháin nó níos mó de na ceisteanna sa triail ceisteanna ilrogha isteach ar a gcumas freagra a thabhairt, féadfaidh siad athbhreithniú a iarraidh ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann.

(2)

Féadfaidh an bord roghnúcháin a chinneadh go ‘neodrófar’ an cheist/na ceisteanna ina bhfuil an earráid: cuirfear an cheist/na ceisteanna lena mbaineann ar ceal agus déanfar na pointí a bhí ag dul leis an gceist/na ceisteanna sin ar dtús a athdháileadh ar na ceisteanna eile sa triail. Ní dhéanfaidh athríomh na bpointí difear ach amháin do na hiarrthóirí a raibh an cheist/na ceisteanna lena mbaineann le freagairt acu. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar mharcáil na dtrialacha mar atá leagtha amach sna ranna ábhartha den fhógra comórtais.

(3)

Chun gearáin maidir le ceist/ceisteanna trialach ilrogha a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO trína gcuntas iarrthóra laistigh de 3 lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis an lae a rinne an t-iarrthóir an triail);

(b)

cur síos chomh cruinn agus is féidir a thabhairt ar an gceist/na ceisteanna lena mbaineann; agus

(c)

míniú a thabhairt ar nádúr na hearráide/na n-earráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann.

(4)

Gearáin a chuirfear isteach tar éis an sprioc-ama agus gearáin gan cur síos soiléir ar an gceist/na ceisteanna is ábhar agóide agus/nó ar an earráid/na hearráidí a bhfuiltear ag líomhain go raibh sí/siad ann, ní chuirfear san áireamh iad. Go háirithe, gearáin nach luafar iontu ach saincheisteanna aistriúcháin a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad ann, gan an fhadhb a shonrú, ní chuirfear san áireamh iad.

(5)

Éilimh a dhéanfar i gcomhthéacs gearán dá dtagraítear i Roinn 7.3.1 ar bhonn fadhbanna a bhfuiltear ag líomhain go raibh siad sna ceisteanna ilrogha agus nár tuairiscíodh de réir Roinn 7.2.1, diúltófar iad.

7.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

(1)

Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar chinneadh a rinne an bord roghnúcháin, lenar socraíodh a dtorthaí, lenar cinneadh an féidir leo dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó lena ndearnadh difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir.

(2)

Is é is cuspóir don nós imeachta um athbhreithniú a chur ar a chumas don bhord roghnúcháin an cinneadh is ábhar agóide a leasú i gcás ina mbeidh údar leis sin (mar shampla, botún sa mheasúnú). Sa nós imeachta um athbhreithniú, athbhreithneoidh an bord roghnúcháin an measúnú a rinne sé ar fhiúntais an iarrthóra agus déanfaidh sé a chonclúidí tosaigh a dheimhniú nó measúnú leasaithe a sholáthar.

(3)

Ní fhreagróidh an bord roghnúcháin aon argóintí dlíthiúla, bídís ag baint leis an measúnú is ábhar agóide nó ná bídís. Aon argóint arb argóint dhlíthiúil í agus aon éileamh a bhaineann le creat dlíthiúil an chomórtais, féadfar í/é a chur isteach i bhfoirm gearáin riaracháin (féach Roinn 7.3.1).

(4)

Féadfaidh iarrthóirí easaontú leis an measúnú a rinne an bord roghnúcháin maidir le conas a d’éirigh leo i gcomórtas nó lena gcáilíochtaí oideachais agus/nó lena dtaithí, ach ní chiallaíonn sin go ndearna an bord roghnúcháin earráid mheasúnaithe. Tá lamháil leathan roghnachais ag an mbord roghnúcháin agus breithiúnais ar fhiúntas á ndéanamh aige maidir le feidhmiú, cáilíochtaí oideachais, agus taithí na n-iarrthóirí.

(5)

Ní féidir athbhreithniú a iarraidh i leith torthaí trialach ceisteanna ilrogha.

(6)

Chun iarraidh ar athbhreithniú a chur isteach, ní mór don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO tríd an gcuntas iarrthóra laistigh de thréimhse 5 lá féilire (tréimhse arb é an chéad lá di é an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh is ábhar agóide sa chuntas iarrthóra);

(b)

an cinneadh ar mian leis an iarrthóir athbhreithniú a iarraidh ina leith a chur in iúl go soiléir mar aon leis an bhforas ar a n-iarrtar an t-athbhreithniú.

(7)

Gheobhaidh na hiarrthóirí admháil uathoibríoch lena chur in iúl go bhfuarthas an iarraidh. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar an iarraidh ar athbhreithniú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don iarrthóir a luaithe is féidir.

(8)

Iarrataí ar athbhreithniú a gheofar tar éis an sprioc-ama atá luaite i bpointe (6)(a) thuas, measfar go bhfuil siad do-ghlactha agus ní dhéanfar scrúdú orthu, ach amháin más féidir leis an iarrthóir a chruthú gurbh ann do staid force majeure.

7.3.   Modhanna eile athbhreithnithe

7.3.1.   Gearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne

(1)

Féadfaidh iarrthóirí gearán riaracháin a chur isteach i leith birt (cinneadh nó easnamh cinnidh) más rud é:

(a)

go measann siad gur sáraíodh na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta an chomórtais; agus

(b)

go bhfuil an t-iarrthóir lena mbaineann thíos leis an mbeart a bhfuiltear ag déanamh gearáin ina leith, i.e. má dhéanann sé difear díreach láithreach dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir (i.e. socraítear a thorthaí leis, cinntear an féidir leis dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, nó déantar difear ar bhealach eile dá stádas dlíthiúil mar iarrthóir).

(2)

Is féidir an gearán a dhéanamh i leith easnamh cinnidh i gcás ina bhfuil oibleagáid ann cinneadh a dhéanamh laistigh de sprioc-am atá sonraithe sna Rialacháin Foirne.

(3)

Iarrthóirí a bhfuil iarraidh ar athbhreithniú curtha isteach acu (féach Roinn 7.2.2), ní mór dóibh fanacht go dtí go dtabharfar fógra dóibh faoin bhfreagra ar an iarraidh sin sula ndéana siad cinneadh gearán riarachán a chur isteach nó a mhalairt. I gcásanna den chineál sin, bíonn tús leis an tréimhse chun gearán riaracháin a chur isteach an dáta a thugtar fógra faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin maidir leis an iarraidh ar athbhreithniú.

(4)

Is é Stiúrthóir EPSO a dhéanann scrúdú ar ghearáin riaracháin, ag feidhmiú dó i gcáil údaráis cheapacháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

(5)

Is é is cuspóir don nós imeachta um ghearáin riaracháin, a fhíorú ar cloíodh le creat dlíthiúil an chomórtais. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach féidir le Stiúrthóir EPSO breithiúnas ar fhiúntas a rinne bord roghnúcháin a chur ar ceal agus nach bhfuil aon chumhacht dhlíthiúil aige substaint cinnidh ó bhord roghnúcháin a athrú. Má aimsíonn Stiúrthóir EPSO botún sa nós imeachta nó earráid fhollasach sa mheasúnú, cuirfear an cás ar ais chuig an mbord roghnúcháin le hathmheasúnú a dhéanamh air.

(6)

Chun gearán riaracháin a chur isteach, ba cheart don iarrthóir:

(a)

dul i dteagmháil le EPSO trína chuntas iarrthóra faoin sprioc-am atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, i.e. 3 mhí a áirítear (i) ón dáta a thugtar fógra maidir leis an gcinneadh a ndéantar gearán ina leith nó (ii) ón dáta ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh;

agus

(b)

an cinneadh nó an t-easnamh cinnidh ar mian leis an iarrthóir gearán a dhéanamh ina leith a chur in iúl mar aon leis an bhforas ar a bhfuil an gearán á dhéanamh.

(7)

Gearáin riaracháin a gheofar tar éis an sprioc-ama atá leagtha amach in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, measfar go bhfuil siad do-ghlactha.

7.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

(1)

Tá sé de cheart ag iarrthóirí achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

(2)

Ní bheidh achomhairc bhreithiúnacha in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag EPSO (seachas ag an mbord roghnúcháin) inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta murar bhain an t-iarrthóir leas mar ba chuí as réiteach an ghearáin riaracháin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach Roinn 7.3.1 thuas).

(3)

Is féidir an t-eolas uile faoi achomhairc bhreithiúnacha a fháil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (9).

7.3.3.   Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

(1)

Is féidir le gach saoránach agus gach cónaitheoir de chuid an Aontais Eorpaigh gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach maidir le cásanna drochriaracháin.

(2)

Sula ndéana iarrthóirí gearán leis an Ombudsman, ní mór dóibh na leigheasanna inmheánacha uile a sholáthraíonn EPSO a bheith úsáidte acu cheana féin (féach Ranna 7.1 agus 7.2 thuas).

(3)

Gearáin a dhéantar leis an Ombudsman, níl aon éifeacht fionraí acu ar na sprioc-amanna atá leagtha síos chun iarrataí, gearáin ná achomhairc bhreithiúnacha dá dtagraítear sna rialacha seo a chur isteach.

(4)

Is féidir an t-eolas uile faoi ghearáin leis an Ombudsman a fháil ar an suíomh gréasáin tiomnaithe (10).

Deireadh na hIARSCRÍBHINNE, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)   https://epso.europa.eu/ga/contact-us.

(2)   https://eu-careers.europa.eu/ga/documents/common-european-framework-reference-languages.

(3)   https://epso.europa.eu/ga/contact-us.

(4)   https://eu-careers.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category.

(5)  Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘oideachas’ agus ‘cáilíochtaí oideachais’ go hidirmhalartach.

(6)  Chun críocha an chomórtais seo, úsáidtear na téarmaí ‘taithí’, ‘taithí ghairmiúil’ agus ‘taithí oibre’ go hidirmhalartach.

(7)   https://epso.europa.eu/ga.

(8)   https://eu-careers.europa.eu/ga.

(9)   https://curia.europa.eu/jcms/.

(10)   https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2244/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)