|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2231 |
22.4.2025 |
Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2025 – IA v an Coimisiún
(Cás T-152/25)
(C/2025/2231)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: IA (ionadaithe: L. Levi agus M. Itani, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha agus go bhfuil bunús leis; |
|
— |
an cinneadh a nochtadh i nduillín tuarastail an iarratasóra i mí an Mheithimh 2024 lena sainítear na speansais taistil bhliantúla ar bhonn an achair idir a áit fostaíochta agus a áit tionscnaimh in Algiers (an Ailgéir) a chur ar neamhní ó 2024 amháin agus ní do na blianta 2014 go 2023 freisin; |
|
— |
a mhéid is gá, cinneadh an 28 Samhain 2024 lena ndiúltaítear an gearán a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú don chosantóir speansais taistil bhliantúla an iarratasóra a aisíoc ar bhonn an achair idir a áit fostaíochta agus a áit tionscnaimh do na blianta 2014 go 2023, mar aon le hús mainneachtana ar an ráta arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpach le haghaidh na bpríomhoibríochtaí maoiniúcháin; |
|
— |
a ordú don Chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheist dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí atá comhionann nó cosúil leo siúd a bhfuiltear ag brath orthu i gCás T-136/25, HV v CESE.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2231/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)