European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2181

22.4.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Ísiltír) a taisceadh an 28 Eanáir 2025 – Betaal Garant Nederland CV v De Nederlandsche Bank NV; páirtí eile: Vereniging Eigen Huis

(Cás C-51/25, Betaal Garant Nederland)

(C/2025/2181)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

College van Beroep voor het bedrijfsleven

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Betaal Garant Nederland CV

Freagróir: De Nederlandsche Bank NV

Páirtí eile: Vereniging Eigen Huis

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 4(3) de Threoir 2015/2366 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena leasaítear Treoir 2007/64/CE, arna léamh i gcomhar le pointe 3(c) d’Iarscríbhinn I le léiriú sa chaoi gur seirbhís íocaíochta í seirbhís lena mbaineann cistí a fháil agus a chur ar aghaidh arna cur ar fáil ag eintiteas mar idirghabhálaí, agus, go sonrach, aistrithe a chur i gcrích de réir bhrí na Treoracha más amhlaidh, i gcomhthéacs conradh le cliant agus conraitheoir, go bhfaigheann an t-eintiteas cistí an chliaint sin ar a chuntas íocaíochta agus, tar éis don chliant sin a thoiliú a thabhairt, a aistríonn na cistí sin ón gcuntas íocaíochta chuig cuntas an chonraitheora?


(1)   IO L 337, 23.12.2015, lch. 35.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2181/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)