|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2116 |
4.4.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11817 — METINVEST / IB / JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/2116)
1.
An 26 Márta 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Metinvest B.V (‘Metinvest’, an Ísiltír), |
|
— |
Industrielle Beteiligung S.A. (‘IB’, Lucsamburg), faoi rialú Danieli & C. Officine Meccaniche S.p.A. (‘Danieli’, an Iodáil). |
Gheobhaidh Metinvest agus IB rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Metinvest Adria S.p.A. (an ‘JV’, an Iodáil).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Oibríonn Metinvest agus a fhochuideachtaí sócmhainní go príomha san Úcráin, san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe agus tá siad gníomhach sa slabhra táirgthe cruach agus trádála, ó amhiarann agus gual a eastóscadh go táirgí cruacha leathchríochnaithe agus críochnaithe a tháirgeadh, go trádáil idirnáisiúnta, |
|
— |
Is fochuideachta de chuid Danieli é IB, ar táirgeoir Iodálach é a tháirgeann táirgí cruach teorollta fada agus ar soláthraí innealra déanta cruach ar ardchaighdeán é san Eoraip agus ar fud an domhain. |
3.
Díreofar gníomhaíochtaí gnó an JV ar mhonaraíocht táirgí cruach charbóin comhréidh teorollta.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11817 — METINVEST / IB / JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2116/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)