European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2077

14.4.2025

Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Eanáir 2025 – Blasi Gómez agus páirtithe eile v BRA

(Cás T-529/17)  (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta - Sásra réitigh aonair d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta áirithe - Scéim réitigh i leith Banco Popular Español - Gníomh nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne - Do-ghlacthacht fhollasach)

(C/2025/2077)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: Carlos Blasi Gómez (Tarragona, an Spáinn), María Dolores Cruells Torelló (Sabadell, an Spáinn), Asociación Independiente de Afectados por el Popular (AIAP) (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: D. Pineda Cuadrado, Dlíodóir)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: H. Ehlers, M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Meyring, F. Fernández de Trocóniz Robles, T. Klupsch agus S. Ianc, Dlíodóirí)

Maidir le:

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin an Bhoird Réitigh Aonair an 7 Meitheamh 2017, maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Banco Popular Español SA, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha go follasach.

2)

Ní gá breith a thabhairt ar iarratais idiragartha Ríocht na Spáinne, an Choimisiúin Eorpaigh, Banco Santander, SA, Banco Popular Español, SA, Construcciones Castadón, SL agus na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a bhfuil a n-ainmneacha san Iarscríbhinn.

3)

Ordaítear do Carlos Blasi Gómez, María Dolores Cruells Torelló agus Asociación Independiente de Afectados por el Popular a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) a íoc.

4)

Ordaítear do Ríocht na Spáinne, don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.

5)

Ordaítear do Banco Santander a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Banco Popular Español maidir leis na hiarratais ar idiragairt, a íoc.

6)

Ordaítear do Construcciones Castadón agus do na daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile a bhfuil a n-ainmneacha san Iarscríbhinn a gcostais féin a bhaineann lena n-iarratas ar idiragairt a íoc.


(1)   IO C 369, 30.10.2017.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2077/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)