European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2016

30.4.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Táirgeadh inbhuanaithe bia agus ioncam cothrom a áirithiú d’fheirmeoirí na hEorpa in aghaidh dúshláin mhargaidh, chomhshaoil agus aeráide

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)

(C/2025/2016)

Rapóirtéirí : Joe HEALY

Piroska KÁLLAY

Arnold PUECH d’ALISSAC

Comhairleoirí

Amaryllis BLIN (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa I)

Atilla KUNSZABO (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II)

 

Kevin KINSELLA (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III)

Comhairliúchán

Iarraidh ó Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 6.9.2024

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

29.1.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.2.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

594

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

186/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

Seo thíos na moltaí atá á ndéanamh ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE):

1.1.

uirlisí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú le hioncam na bhfeirmeoirí a mhéadú agus chun an t-ioncam sin a chosaint in aghaidh luaineachta, agus sin faoi chuimsiú chreat an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) agus i réimsí eile freisin;

1.2.

dul chun cinn a dhéanamh, ar leibhéal an Aontais, ar shamhail na ráthaíochtaí maidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, le go gcomhlánófar uirlisí CBT agus le go bhfreastalófar ar riachtanais na bhfeirmeoirí uile, agus méid agus speisialtóireacht na bhfeirmeacha á gcur san áireamh;

1.3.

fiosrú arbh fhiú gnéithe nuálacha spreagtha a fhorbairt, e.g. ionstraim um árachas paraiméadrach agus um chobhsú ioncaim, agus na tairbhí agus na bacainní a bhainfeadh leis sin a scrúdú, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin lena sainítear ríomh an mheáin Oilimpigh d’fhonn an dá bhliain is measa de na cúig bliana dheireanacha a chur as an áireamh;

1.4.

gnéithe frith-thimthriallacha a chur san áireamh in ionstraimí CBT tar éis 2027 le go bhféadfar freagairt don bhrú mór atá na margaí a chur ar earnáil na talmhaíochta, trí phraghsanna ísle nó an-luaineach go minic;

1.5.

úsáid ní ba mhó agus ní b’fhearr a bhaint ar leibhéal na mBallstát as an bhféidearthacht 3 % de na híocaíochtaí díreacha a úsáid mar ranníocaíocht an fheirmeora leis an ionstraim bainistithe riosca. Leis an méid sin, ba cheart feabhas a chur ar chistí frithpháirteacha talmhaíochta a fhad a bhaineann sé le tionscnaimh i dtaca le rioscaí sláinte agus comhshaoil;

1.6.

an cúlchiste le haghaidh géarchéimeanna san earnáil talmhaíochta a athmhúnlú agus a mhéadú go suntasach ar leibhéal an Aontais, chun gur uirlis chomhleanúnach Eorpach um bainistiú géarchéime a bheidh ann;

1.7.

tacaíocht a chur ar fáil d’acmhainn infheistíochta na bhfeirmeoirí trí bhíthin ionstraimí airgeadais simplí, neamh-mhaorlathacha a chuirfí in oiriúint d’fheirmeoirí i ndáil le táirgí airgeadais a chuireann bainc ar fáil, agus i ndáil le táirgí airgeadais eile freisin (i.e. deontais, cistí infheistíochta, glao ar léiriú spéise, glao ar thionscadail);

1.8.

machnamh a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála a leathnú chun cosc a chur ar dhíol faoi bhun an chostais trí thoirmeasc a chur ar na ceannaitheoirí ceannach faoi bhun an chostais, i gcomhréir leis na dlíthe um shlabhraí bia sa Spáinn, i ndiaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí an toirmisc sin ar oibreoirí uile an tslabhra bia;

1.9.

lárionad digiteach a chur ar bun san Aontas chun praghsanna, costais agus corrlaigh an mhargaidh a thuairisciú ar fud an tslabhra bia ar fad;

1.10.

beartas nua de chuid an Aontais a chur ar fáil lena gcuirfí ar chumas feirmeoirí praghsanna a chaibidliú le chéile;

1.11.

tacaíocht bhreise a chur ar fáil do chomharchumainn agus tacú freisin le costais bhunaithe agus oibríochtúla na n-eagraíochtaí táirgeoirí;

1.12.

sa chéad leagan eile de CBT íocaíochtaí díreacha a chosaint, a fheabhsú agus a spriocdhíriú ar bhealach ní b’fhearr ar fheirmeoirí gníomhacha;

1.13.

meabhraítear go bhfuil cabhair bhreise ag teastáil ó tháirgeoirí príomhúla san aistriú chuig táirgeadh aeráidneodrach faoi CBT nó faoi bhuiséid eile, cuir i gcás ranníocaíocht inbhuanaitheachta chun cuidiú leis an aistriú;

1.14.

buiséad CBT a chur ar ais ag 0,5 % de OTI an Aontais sa chéad leagan eile den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) chun freastal ar riachtanais shochaí an Aontais agus le nach mbainfear de na príomhuaillmhianta atá ann, cuir i gcás slándáil agus ceannasacht bia an Aontais, ioncam feirme atá réasúnta agus inmharthana, spriocanna maidir leis an athrú aeráide, an bhithéagsúlacht agus seirbhísí poiblí eile nach n-íocann an margadh astu;

1.15.

spreagadh agus tacaíocht a áirithiú le haghaidh na gcóras agus na dtíortha ina ndéantar bia a tháirgeadh go héifeachtúil ó thaobh carbóin de chun go leanfaidh siad de bhia a tháirgeadh sa chaoi go ndéanfar astaíochtaí a íoslaghdú agus sceitheadh carbóin a sheachaint;

1.16.

coibhéis caighdeán sa táirgeadh bia a áirithiú i ngach comhaontú trádála;

1.17.

na rialacha maidir le fóirdheontais CBT a shimpliú agus an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí a laghdú, go háirithe a mhéid a bhaineann le hiarratais ar cheadanna éagsúla;

1.18.

rialachas rannpháirteach earnáilsonrach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí Chomhairle Eorpach um Beartas Bia a bhunú agus tríd an idirphlé sóisialta a neartú san earnáil agraibhia;

1.19.

aistriú glas cóir a bhaint amach san fheirmeoireacht Eorpach trí chleachtais táirgthe níos inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain ar shaothar séasúrach (1) agus ar fhuinneamh glas inacmhainne, gan míbhuntáiste a chruthú san iomaíocht;

1.20.

na feirmeoirí a chosaint ar mhíbhuntáistí san iomaíocht arb iad comhaontuithe trádála idirnáisiúnta le tríú tíortha a mbíonn dálaí neamhchothroma mar thoradh orthu is cúis leo;

1.21.

is féidir taighde talmhaíochta ar ardchaighdeán agus infheistíochtaí san oideachas cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh earnáil na talmhaíochta agus lena hiomaíochas a neartú. Dá bhrí sin, is ríthábhachtach go méadófaí go suntasach an cistiú don taighde talmhaíochta i mbuiséad bheartais taighde an Aontais;

1.22.

tá sé tábhachtach táirgeadh talmhaíochta bríomhar a chothú ar fud na hEorpa, lena n-áirítear sna limistéir sin nach bhfuil dálaí an-fhabhrach acu chuige sin. Is cuid bhunriachtanach de shlándáil soláthair na hEorpa é sin agus ní mór don Aontas é a choinneáil ar cheann de bhunphrionsabail a Chomhbheartais Talmhaíochta;

1.23.

is gá ceantair thuaithe atá bríomhar, rathúil, inrochtana agus athléimneach a chothú san Aontas ionas go mbeidh rath ar an talmhaíocht. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go leanfadh an fhorbairt tuaithe de bheith ina cuspóir láidir sa Chomhbheartas Talmhaíochta agus go leithdháilfí cistiú leordhóthanach ar an bhforbairt tuaithe.

2.   Réamhrá

2.1.

Tá an tústuairim seo, arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Polainne, ina comhlánú ar thuairimí a foilsíodh cheana, go háirithe an tuairim Córais bhia inbhuanaithe agus athléimneacha a chothú tráth atá méadú ar na géarchéimeanna atá ann a tarraingíodh suas arna iarraidh d’Uachtaránacht na hUngáire.

2.2.

Tá sé beartaithe ag Uachtaránacht na Polainne roinnt uirlisí agus eochracha a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí tráth géarchéime, chun a n-ioncam a chosaint agus a gcumhacht mhargála a fheabhsú agus chun gur fearr a dhéanfar creat reachtach an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme. Cuireann an Uachtaránacht i bhfáth gur den riachtanas na bearta um bainistiú géarchéime atá ann faoi láthair a neartú chun dul i ngleic le hiarmhairtí na gcásanna géarchéime atá ag dul i méid amhail dálaí adhaimsire, éagobhsaíocht gheopholaitiúil agus teannas sa mhargadh idirnáisiúnta. Ní mór díriú ar CBT freisin, agus meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtaí atá sé i dtaca leis an mbuiséad, uirlisí tacaíochta ioncaim agus ceanglais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, i bhfianaise dúshláin agus géarchéimeanna nua.

2.3.

Tá samplaí praiticiúla ó thíortha éagsúla luaite agus scrúdú déanta orthu chun aird a tharraingt ar an gcaoi a bhféadfadh an tAontas tionscnaimh bheartais atá ann cheana agus tionscnaimh bheartais nua a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar fud raon leathan réimsí, rud a thacódh le hioncam feirme agus a chuirfeadh le cumhacht mhargála na bhfeirmeoirí sa slabhra bia. Molann CESE don Choimisiún Eorpach scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí na tograí sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme ar fud an mhargaidh aonair.

3.   Uirlisí chun tacú le feirmeoirí tráth géarchéime

3.1.

Aontaíonn gach duine gur gá ioncam na dtáirgeoirí Eorpacha a chothabháil agus a chosaint, i gcomhthéacs inarb éiginnte an táirgeadh talmhaíochta ann féin. Is iomaí rud a dhéanann difear don táirgeacht, do cháilíocht an táirge agus don phraghas, ina measc sin: an t-athrú aeráide agus an méadú atá tagtha ar theagmhais adhaimsire, ar luainí an táirgeacht talmhaíochta dá mbarr; cúrsaí comhshaoil agus sláinte; treochtaí sa mhargadh talmhaíochta; teannais trádála agus teagmhais gheopholaitiúla.

3.2.

Sa chomhthéacs sin, molann CESE uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacaíocht a thabhairt d’ioncam na bhfeirmeoirí agus chun an t-ioncam sin a chosaint in aghaidh luaineachta, agus iad ag dul i ngleic le rioscaí atá ag dul i méid, i líonmhaireacht agus in olcas. I gcás fhormhór na n-uirlisí, tá sé beartaithe rioscaí aeráide a chur san áireamh. Mar sin féin, measann CESE gur cheart aird a tharraingt ar na rioscaí margaidh freisin agus ionstraimí a chruthú chuige sin, ós rud é go bhféadfaidís siúd tionchar chomh mór céanna a imirt. Cé go dtugann samhlacha áirithe aghaidh ar dhúshláin ghearrthéarmacha trí fhreagairt thapa a thabhairt ar shuaití, tá samhlacha eile ann lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin fhadtéarmacha agus tá sé d’aidhm acusan acmhainneacht athléimneachta na bhfeirmeoirí a threisiú. Is den ríthábhacht, dar le CESE, comhsheasmhacht a áirithiú idir an dá ghné chomhlántacha sin ar an leibhéal Eorpach.

3.3.

Tugann CESE le fios go bhfuil ról ag na scéimeanna tacaíochta ioncaim sin freisin maidir le tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí Eorpacha chun a gcleachtais feirmeoireachta a fhorbairt i gcomhréir leis na dúshláin mhargaidh, shóisialta, chomhshaoil agus aeráide atá anois ann, agus meabhraíonn sé a thábhachtaí atá sé an fheidhmíocht eacnamaíoch agus an fheidhmíocht chomhshaoil a chur le chéile. Creideann CESE go bhfuil sé riachtanach nach é an táirgeoir amháin a sheasfaidh na rioscaí ach go roinnfear an t-ualach ar fud an tslabhra bia.

Scéimeanna árachais atá ceaptha cumhdach a thabhairt i gcoinne tubaistí aeráide agus comhshaoil

3.4.

Ar bhonn domhanda, tá difríocht mhór ó thír amháin go tír eile sa mhéid a úsáidtear an córas árachais phríobháidigh talmhaíochta. An margadh domhanda ar fiú $ 30 billiún é, cuir i gcás, baineann $ 10 mbilliún de sin le Stáit Aontaithe Mheiriceá, $ 10 mbilliún eile de leis an tSín agus $ 5 bhilliún de leis an India. Is lú an margadh árachais atá san Eoraip, agus $ 0.7 billiún de ag baint leis an Spáinn agus $ 0.6 billiún ag baint leis an bhFrainc agus an Iodáil faoi seach. I bhformhór na dtíortha sin, déanann an rialtas fóirdheonú mór ar na préimheanna, i gcomhréir leis an ardú géar atá tagtha ar líon na rioscaí le cúig bliana déag anuas (2).

3.5.

Ar leibhéal na hEorpa, i dtaca leis an mbainistiú riosca i réimse na talmhaíochta, is samhail ar leith atá i ngach samhail agus iad curtha in oiriúint do dhálaí sonracha náisiúnta. Cuireann CESE i bhfios go láidir a éifeachtaí atá córas na Spáinne, córas a cruthaíodh i ndeireadh na 1970idí agus arb é príomhuirlis bheartas poiblí talmhaíochta na Spáinne i gcónaí é agus, lena chois sin, a d’imir tionchar mór ar athchóiriú an árachais buainte sa Fhrainc in 2022.

3.6.

Is córas trasearnála córas na Spáinne agus cuirtear é in oiriúint do raon leathan limistéar agus aeráidí, rud a fhágann gur córas iomaíoch éifeachtúil é. Is ar chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bunaíodh é, i bhfoirm socrú hibrideach: aistrítear na rioscaí go cuideachtaí árachais príobháideacha, íocann na feirmeoirí sciar de na préimheanna, agus is é an stát a chumhdaíonn fuílleach na gcostas (3) .

3.7.

Tá constaic amháin, áfach, roimh ghlacadh na gcóras árachais: caithfear an modh lena gcinntear an táirgeacht tagartha stairiúil a athrú. Is rud a chuireann bac ar an meántáirgeacht na guaiseacha aeráide atá ag teacht sa mhullach ar a chéile agus bíonn luachanna tagartha ísle ann dá dheasca sin. Is rialachán fornáisiúnta é an rialachán lena sainítear an meán Oilimpeach agus an meán tríbhliantúil (4), rialachán a bhraitheann ar an Aontas agus ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) (5) freisin. Dá bhrí sin, molann CESE go ndéanfadh EDT comhairliúchán ar an ábhar a sheoladh a luaithe is féidir, d’fhonn ríomh nua ar an meántáirgeacht thríbhliantúil a mholadh, rud lena bhféadfaí an dá bhliain is measa a chur as an áireamh agus na trí bliana eile a choinneáil bunaithe ar na cúig bliana dheireanacha.

Scéimeanna árachais atá ceaptha cumhdach a thabhairt i gcoinne teannas margaidh

3.8.

Chun teorainneacha an ghnáthárachais a shárú agus chun feirmeoirí a chosaint ar luaineacht ghearrthéarmach sa mhargadh, cuireann CESE béim ar na buntáistí a bhaineann leis an árachas paraiméadrach. Faoin gcóras sin, nuair a dhéantar tairseach a shárú ar scála innéacs (innéacs atá bunaithe ar an mbáisteach, ráta próitéine, etc.) cuirtear tús go huathoibríoch le próiseáil an chúitimh. Toisc an samhaltú riosca a bheith níos cruinne, tá an córas ar fad níos tapúla, níos trédhearcaí agus níos cothroime ó thaobh praghsanna de, ach, fós féin, is casta an córas é, bíonn deich mbliana de shonraí ag teastáil agus is minic a bhíonn costas mór i gceist leis. Iarrann CESE go ndéanfaí é a fhorbairt d’fheirmeoirí agus é a chur in oiriúint dóibh.

3.9.

In 2014, chuir Bille Feirme na Stát Aontaithe deireadh leis an gcabhair dhíchúpláilte, ag dul i muinín na cabhrach frith-thimthriallaí ina ionad sin (6). Leis an gcóras sin, déantar an cúnamh árachais buainte ón rialtas cónaidhme (tá 85 % de na príomhlimistéir barr faoi árachas) agus an cúnamh frith-thimthriallach bunaithe ar an meán Oilimpeach a chur le chéile. Má tá praghas réamh-mheasta an mhargaidh íseal agus an síol á chur, is beag cabhair a bheidh san árachas aimsir na buainte chun an t-ioncam feirme a chosaint, ach leis an gcúnamh frith-thimthriallach beifear in ann praghas, díolacháin agus corrlach, fiú, a ráthú san fhadtéarma. Idir 2019 agus 2023 sna Stáit Aontaithe, cruinníodh buiséad EUR 77 mbilliún don chabhair ghéarchéime (7).

3.10.

Athdhearbhaíonn CESE a thábhachtaí atá táirgeadh bia láidir, athléimneach agus inbhuanaithe san Eoraip, lena mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dá ndéanfaí an táirgeadh sin a sheachfhoinsiú. Measann CESE nach féidir an obair ullmhúcháin sin don todhchaí a dhéanamh le cur chuige margadhbhunaithe amháin. Creideann CESE gur féidir leis an aistriú i dtreo cur chuige frith-thimthriallach tacaíocht a chur ar fáil d’uathriail straitéiseach na hEorpa. Tá dlúthbhaint aige sin le cúlchistí straitéiseacha a fhorbairt, rud atá riachtanach (1) chun bunriachtanais bhia dhaonra na hEorpa a áirithiú, (2) chun na soláthairtí tionsclaíocha a dhaingniú trí ardleibhéal táirgthe, agus (3) chun tacú le tíortha comharsanacha i gcás géarchéim eacnamaíoch/gheopholaitiúil (e.g. an Úcráin). Ar na cúiseanna sin, molann CESE don Choimisiún smaoineamh ar ghnéithe frith-thimthriallacha a chur san áireamh in ionstraimí CBT tar éis 2027 le go bhféadfar freagairt don bhrú mór atá na margaí a chur ar earnáil na talmhaíochta, trí phraghsanna ísle nó an-luaineach go minic.

3.11.

Ar deireadh, tacaíonn CESE le ciste coisctheach a bhunú mar ‘uirlis um chobhsú ioncaim’ (8), rud ar baineadh triail as san Iodáil agus sa Fhrainc. Is féidir leis an gciste frithpháirteach sin caillteanais throma ioncaim mar gheall ar ghuaiseacha margaidh (rátaí malairte, praghsanna ionchuir) a chúiteamh. Tá sé ag teacht le scéimeanna eile agus is féidir le feirmeoirí, oibreoirí iartheachtacha, réigiúin na mBallstát agus an Eoraip é a chistiú i dteannta a chéile. San Iodáil (9), is féidir suas le 70 % de a mhaoiniú le cistí poiblí (CBT/CETFT, agus/nó cistí náisiúnta).

An Comhbheartas Talmhaíochta: is gá na huirlisí bainistithe géarchéime agus riosca a neartú

3.12.

Cuireann CESE in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfeadh na scéimeanna árachais le huirlisí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) agus go neartóidís na huirlisí bainistithe géarchéime a ghabhann leis. Cé gur bunleibhéal cobhsaithe ioncaim iad na híocaíochtaí díreacha, níor ceapadh iad mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna aeráide nó margaidh a thiteann amach gan choinne. Tá tacaíocht éigin in CBT don árachas aeráide agus d’ionstraimí cobhsaithe ioncaim, ach níl an méid sin curtha chun feidhme go leordhóthanach ná go cothrom ar fud an Aontais. Idir 2014 agus 2017, níor íocadh amach ach EUR 380 milliún faoi CBT chun tacú le huirlisí bainistithe riosca, méid is lú ná 1 % de bhuiséad CBT (10).

3.13.

De réir Airteagal 19 CBT, ‘féadfaidh Ballstát a chinneadh suas le 3 % de na híocaíochtaí díreacha atá le híoc le feirmeoir a shannadh do ranníocaíocht an fheirmeora le huirlis bainistíochta riosca’, ach is annamh a dhéanann na Ballstáit amhlaidh. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach úsáid na féidearthachta sin ag na Ballstáit a fheabhsú agus a chur chun cinn, d’fhonn cur chun feidhme uirlisí áirithe a threisiú, agus go háirithe chun cistí frithpháirteacha a bhunú.

3.14.

Ar an taobh eile, sa phlé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach (11) a seoladh i mí Eanáir 2024, moltar an cúlchiste talmhaíochta atá ann faoi láthair a athchóiriú chun gur fearr a dhíreofar ar rioscaí eisceachtúla agus tubaisteacha. De réir Farm Europe, tá an ciste sin, a bhfuil caipiteal measta EUR 2 bhilliún aige, ag teacht leis an ngá atá le bealaí praiticiúla nua a fhorbairt chun riosca a bhainistiú, agus leibhéal leordhóthanach maoinithe dhírigh á choinneáil san am céanna. Go dtí seo, tá cúlchiste dar luach EUR 450 milliún, ar a laghad, in aghaidh na bliana mar chuid de CBT athchóirithe. Dar le CESE, ba cheart an cúlchiste talmhaíochta a mhéadú go suntasach más uainn tacaíocht éifeachtach praghais agus ionstraimí bainistithe géarchéime a áirithiú (12).

Cistí frithpháirteacha

3.15.

Cuireann CESE in iúl an athuair a thábhachtaí atá sé cuimhneamh ar na guaiseacha sláinte a mbíonn tionchar acu ar an táirgeadh talmhaíochta sa chaoi is gur riosca comhchoiteann iad, seachas riosca aonair a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar. Cuireann CESE i bhfáth freisin a thábhachtaí atá na bearta coisctheacha, rudaí atá riachtanach má táthar chun scaipeadh agus dul ó smacht ráigeanna a chosc, óir is costasaí i bhfad stop a chur leo ná iad a chosc. Molann CESE don Aontas cuimhneamh ar chistí frithpháirteacha talmhaíochta náisiúnta a fhorbairt ar leibhéal na mBallstát le haghaidh rioscaí sláinte agus comhshaoil, ar aon dul le Fonds national Agricole de mutualisation du risque sanitaire et environnemental (FMSE) sa Fhrainc. Samhail bainistithe riosca nach bhfuil a leithéid le fáil áit eile san Eoraip é FMSE, agus tá sé ina uirlis ríthábhachtach anois sa Fhrainc maidir le tacaíocht a thabhairt do na beartais sláinte ainmhithe agus plandaí. Díríonn sé ar shaincheisteanna sláinte agus comhshaoil araon, agus é maoinithe ag feirmeoirí, an Stát agus an tAontas Eorpach.

3.16.

Féadann FMSE idirghabháil a dhéanamh freisin faoi chuimsiú na gclár sláinte a mbaineann leas comhchoiteann leo. Na cláir sin, arb iad daoine gairmiúla a thacaíonn leo agus a chuireann chun tosaigh iad, is féidir iad a chur ar bun chun an cosc, suirbhéanna agus rialú lotnaidí/galar a chur chun cinn. Bíonn diagnóis ar an gcomhthéacs sláinte i gceist leo, mar aon le sonraí na gníomhaíochta atá beartaithe agus sásraí costais agus maoinithe. Is féidir gníomhaíocht a mhaoiniú le ranníocaíocht ó na baill, agus d’fhéadfaí cistiúchán a fháil ón stát agus/nó ó na húdaráis áitiúla freisin.

Uirlisí airgeadais arna gcur ar fáil ag CBT agus na bainc

3.17.

Coinníoll riachtanach is ea an rochtain ar mhaoiniúchán má táthar chun a áirithiú go rachaidh earnáil na talmhaíochta in oiriúint don athrú aeráide agus go mbeidh sí athléimneach, agus chun dúshlán na hathnuachana ó ghlúin go glúin ar scála Eorpach a chomhlíonadh. Molann CESE tacaíocht a thabhairt d’acmhainn infheistíochta na bhfeirmeoirí trí bhíthin ionstraimí airgeadais simplí neamh-mhaorlathacha. Ar an gcéad dul síos, i dtaca leis na hIonstraimí Airgeadais faoi bhainistíocht chomhroinnte faoi uirlisí deonacha agus solúbtha CBT (CETFT, CFRE, CSE+), cuireann CESE in iúl gur féidir leis na hionstraimí sin feabhas a chur ar rochtain na bhfeirmeoirí ar mhaoiniú trí iasachtaí, ráthaíochtaí agus caipiteal, toisc gur féidir leo dálaí níos fearr a chur ar fáil ná an margadh (ráta úis níos ísle, comhthaobhacht níos fearr, etc.).

3.18.

Maidir leis na huirlisí airgeadais arna gcur ar fáil ag na bainc, tá uirlisí nuálacha á gcruthú ag cuid acu sa Fhrainc chun tacú le hacmhainn infheistíochta na bhfeirmeoirí, cuir i gcás ‘na hiasachtaí píolótacha’ agus ‘na hiasachtaí saor ó ús’ atá á dtairiscint ag Crédit Agricole.

3.19.

Bíonn breis solúbthachta ag baint leis na hiasachtaí píolótacha ó thaobh maoiniúcháin de, ós rud é go gcuireann siad ar chumas an fheirmeora atá i gcruachás méid na dtráthchodanna a íocann sé nó sí leis an mbanc a mhodhnú ar bhonn conartha faoi 30 %, ar a mhéid. Faoi mhódúlacht eile, féadtar aisíocaíochtaí a chur ar fionraí ar feadh suas le 12 mhí, trí bhíthin dhá theicníc bhaincéireachta: an íocaíocht a chur siar tar éis an chéad bhliain a bheith caite, nó tríd an íocaíocht mhíosúil a mhéadú gan aon athrú a dhéanamh ar théarma na hiasachta. Os a choinne sin, ceapadh na hiasachtaí saor ó ús (PTZ (Prêt à taux zéro)) d’fhonn faoiseamh a thabhairt i gcás deacrachtaí airgid agus maoiniú a éascú, go háirithe d’fhonn an cur ar bun a dhéanamh. I gcás iasachtaí ar fiú os cionn EUR 150 000, iad, féadtar suas le EUR 50 000 a chumhdach le hiasacht PTZ.

3.20.

Tá constaicí suntasacha roimh fheirmeoirí óga i gcónaí agus iad ag iarraidh teacht ar an airgead a theastaíonn chun gnólacht talmhaíochta a thosú agus a choinneáil ar bun. Ar an mórgóir, bíonn drogall ar na bainc airgead a thabhairt ar iasacht do dhaoine óga atá ag teacht isteach sa réimse seo, thar aon rud eile, mar gheall ar an oiread sin rioscaí a bheith ag baint le hinfheistíocht den chineál sin agus gur minic gur gá fanacht tamall fada sula mbíonn brabús ann, ar brabús é nach bhfuil suntasach a dhóthain leis na bainc a mhealladh.

3.21.

I dtaca le Crédit Mutuel Alliance Fédérale de, tá iasacht suiteála talamhaíochta curtha ar bun aige, ceann a ngabhann ráta laghdaithe 2 % leis agus atá curtha i leataobh do cheannairí tionscadal atá tiomnaithe don talmhaíocht agus a bhfuil aitheantas tugtha dá gcleachtais, faoi chuimsiú CBT 2023-2027, as an méid a chuireann siad leis an aistriú agra-chomhshaoil. Tá fóirdheontais ar leith á gcur ar fáil acu freisin le haghaidh diagnóisic chomhshaoil agus deimhnithe comhshaoil.

3.22.

Cuireann CESE chun suntais thairis sin moltaí éagsúla ón bplé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach (13) a bhfuil sé ar aon fhocal leo, lena dtugtar le fios an tábhacht a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (1) táscairí agus critéir thagartha shoiléire a leagan síos maidir leis an aistriú, faoi chuimsiú creat rialála comhleanúnach simplithe (caithfidh an ghné fhadtéarmach den talmhaíocht agus de na hinfheistíochtaí a bhaineann léi a chur san áireamh i ngníomhaíocht bhaincéireachta, agus, chuige sin, is gá conairí soiléire inghnóthaithe a shainiú i dtreo an aistrithe, a dtacaíonn sonraí iontaofa leo); (2) an comhar a neartú idir na gníomhaithe maoiniúcháin phoiblí (an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, Banc Infheistíochta Poiblí na Fraince) agus phríobháidigh i mBallstáit an Aontais; (3) cuimhneamh ar chreat nua ina gcuirfí na rioscaí a bhaineann le haistrithe san áireamh ar bhonn níos fearr; agus (4) an rochtain ar árachas talmhaíochta a chur chun cinn. Chuige sin, ní mór idirphlé a chur ar bun idir an Coimisiún agus na cuideachtaí árachais.

4.   Uirlisí chun ioncam na bhfeirmeoirí a áirithiú agus an chumhacht mhargála atá acu a fheabhsú

4.1.

Is feabhsú suntasach ar oibriú an tslabhra bia iad na dlíthe nua um slabhraí bia sa Spáinn, ar dlíthe iad lena gcuimsítear níos mó ná cleachtais éagóracha trádála an Aontais. Cuireann dlí na Spáinne toirmeasc ar dhíol faoi bhun costais agus ceanglaítear ar gach nasc sa slabhra bia na costais táirgthe a chumhdach. Ina theannta sin, ní mór conradh i scríbhinn a bheith ann le haghaidh na n-idirbheart uile os cionn EUR 1 000 agus ní mór na conarthaí uile a thaifeadadh ar chlárlann dhigiteach. Bailíonn an Ghníomhaireacht um Fhaisnéis Bhia agus um Rialú Bia (AICA) gearáin, déanann sí faireachán ar an gcomhlíonadh agus foilsíonn sí smachtbhannaí as sáruithe a dhéantar. Ina theannta sin tá faireachlann ann don slabhra bia, atá freagrach as anailís ar chostais agus ar phraghsanna. Foilsítear na fíneálacha a ghearrtar as sáruithe reachtaíochta, i gcás ina bhfuil gach leigheas dlí dá bhfuil ann ídithe, d’fhonn damáiste do chlú a sheachaint maidir le cleachtais éagóracha líomhnaithe a gcruthaítear sa deireadh nach ndearnadh iad.

4.2.

Tá an toirmeasc ar dhíol faoi bhun costais ina phríomhghné de dhlí na Spáinne maidir le slabhra bia. Chun an toirmeasc a bhaint amach is amhlaidh a thoirmisctear ar an gceannaitheoir ceannach ar bhonn caillteanais nó faoi bhun chostais an oibreora a chuaigh roimhe. Is obair dhúshlánach é an costas táirgthe a bhunú le haghaidh táirgí, cineálacha, caighdeáin, pórtha ainmhithe agus earnálacha éagsúla agus is rud nár forbraíodh cheana i rialachán na Spáinne.

4.3.

Measann CESE nach mór anailís dhomhain a dhéanamh ar shamhlacha na Spáinne agus na Fraince chun a fháil amach an dtugtar aghaidh go héifeachtach ar na mórfhadhbanna sa slabhra bia leis na samhlacha sin, agus go háirithe an neartaítear seasamh na bhfeirmeoirí agus an áirithítear praghsanna córa feadh an tslabhra bia. Ar bhonn na moltaí ón bplé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, iarrann CESE ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na rialachán náisiúnta sin maidir le praghsanna talmhaíochta ar sheasamh feirmeoirí agus ar ghníomhaithe eile sa slabhra, ar a n-iomaíochas, chomh maith leis an iomaíocht feadh an tslabhra bia agus ar thomhaltóirí.

4.4.

Molann CESE go ndéanfaidh an Coimisiún staidéar ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíochas oibreoirí an tslabhra bia agus ar an deimhneacht dhlíthiúil a bhaineann leis an Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála a shíneadh chun foráil a dhéanamh do thoirmeasc uile-Aontais ar dhíol faoi bhun costais (14). Leis an Treoir sin, d’fhorálfaí go dtabharfaí isteach praghsanna ní ba chóra agus ní b’inmharthana agus chuirfí ar chumas na dtáirgeoirí príomhúla ioncam réasúnta a aisghabháil ón margadh agus na costais bhreise de bharr rialacháin agus caighdeáin níos airde arna leagan síos ag an Aontas a chumhdach. Mar sin féin, ba cheart measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na héifeachtaí ar shlabhra iomlán an tsoláthair bia, lena n-áirítear tomhaltóirí. Bheadh an méid sin ag teacht leis an gcuspóir a leagtar amach sa phlé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach faoina ngnóthódh an talmhaíocht a príomhioncam ón margadh agus faoina dtabharfaí tacaíocht do mhodhanna táirgthe inbhuanaithe (15).

4.5.

Is cur chuige níos iomlánaíche i leith conarthaí slabhra bia inbhuanaithe atá san eiseamláir atá á cur chun cinn ag Coldiretti san Iodáil, eiseamláir a bhfuil bunús deonach léi, ina nglactar cur chuige córas iomlán idirghrádaithe níos leithne i leith an tslabhra luacha ón táirgeoir go dtí an tomhaltóir. Faoin tsamhail sin déantar trédhearcacht agus dea-chaidreamh tráchtála a chur chun cinn ar fud an tslabhra, ionas go neartaítear an bhrabúsacht dá réir agus go ráthaítear praghas íosta don fheirmeoir.

4.6.

Is bunriachtanas é fíorchostais an táirgthe, praghsanna agus corrlaigh fud fad ghnéithe uile an tslabhra bia a bheith ar eolas ar mhaithe le trédhearcacht, agus cur chun feidhme na n-uirlisí maidir le cleachtais éagóracha trádála agus maidir le géarchéim mhargaidh. Is geal le CESE an togra ón gCoimisiún faireachlann a bhunú maidir le costais táirgthe, corrlaigh agus cleachtais trádála sa slabhra bia (16).

4.7.

Molann CESE go gcuirfidh an Coimisiún feabhas ar an lárionad digiteach atá aige cheana chun praghsanna margaidh agus corrlaigh a bhailiú fud fad an tslabhra bia, i gcomhréir le prionsabal na rúndachta agus rialacha iomaíochta an Aontais agus samplaí idirnáisiúnta eile amhail Seirbhís Margaíochta Talmhaíochta na Stát Aontaithe á gcur san áireamh (17).

4.8.

Chun praghsanna níos córa agus ioncam inmharthana a sholáthar do tháirgeoirí príomhúla, is bunriachtanas é ionad na bhfeirmeoirí i struchtúir amhail eagraíochtaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe a neartú chun a gcumhacht mhargála sa slabhra bia a mhéadú. Taobh amuigh de na feirmeoirí sin a oibríonn trí chomharchumainn nó trí eagraíochtaí táirgeora, is praghasghlacadóirí iad na feirmeoirí aonair agus gan ach cumhacht mhargála theoranta acu agus a dtáirgí á ndíol acu le próiseálaithe nó miondíoltóirí i bhfad níos mó ná iad.

4.9.

Is eiseamláir é dlí Egalim (18) na Fraince a bhfuil sé d’aidhm aige caidreamh tráchtála níos cothromaithe sa slabhra bia talmhaíochta a áirithiú trí bhíthin praghsanna níos córa d’fheirmeoirí. Tá sé d’aidhm aige freisin bia inbhuanaithe, ardcháilíochta a fheabhsú mar aon le hionad na bhfeirmeoirí sa chaibidlíocht trádála a neartú tríd an bpróiseas tógála praghsanna a iompú droim ar ais, agus a chur ar a gcumas do tháirgeoirí príomhúla, trí bhíthin a gcomhlachtaí ionadaíocha, conarthaí bunaithe ar na costais táirgthe a chaibidil le ceannaitheoirí.

4.10.

Molann CESE go bhforálfaidh an Coimisiún do shamhail nua bheartais trína dtabharfar aitheantas foirmiúil do sheasamh margála na hearnála feirmeoireachta sa slabhra bia agus lena neartófar é trí dhul i bpáirt le comharchumainn, le heagraíochtaí idirchraoibhe agus le heagraíochtaí táirgeoirí. Ina theannta sin, molann CESE próiseas réitigh díospóidí a bhunú (19). Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún chun Rialachán Chomheagrú an Mhargaidh Aonair a leasú lena gceanglaítear ar na Ballstáit sásra idirghabhála a chur ar fáil do pháirtithe chun díospóidí maidir le tabhairt i gcrích conarthaí i scríbhinn a réiteach, ach creideann sé go bhfuil sásra cinnteoireachta ríthábhachtach. Trí chaibidlíocht praghsanna idir comharchumainn agus eagraíochtaí táirgeoirí is féidir na costais bhreise de bharr chaighdeáin arda chomhshaoil, saothair agus leas ainmhithe an Aontais a chuimsiú sna conarthaí praghsanna (20).

4.11.

Tá 22 000 comharchumann talmhaíochta ann ar le 7 milliún feirmeoirí iad ar fud an Aontais (21). Ach seasamh na gcomharchumann a neartú agus breis tacaíochta a thabhairt chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú agus a oibriú, cabhrófar freisin le feabhas a chur ar chumhacht mhargála na bhfeirmeoirí sa slabhra bia.

4.12.

Is féidir rioscaí a laghdú agus cinnteacht a mhéadú maidir le praghsanna córa agus ioncaim inmharthana d’fheirmeoirí ach forbairt bhreise a dhéanamh ar na sásraí a bhaineann le praghsáil conarthaí, an phraghsáil a bheidh ann amach anseo agus fálú.

4.13.

Seo a leanas uirlisí eile ar féidir leo cur leis an gcumhacht mhargála agus feabhas a chur ar ioncaim feirme:

spás den scoth ar an tseilf a thabhairt do tháirgí áitiúla in ollmhargaí chun tacú leis an slabhra soláthair gairid agus leis na táirgí áitiúla féin;

d’fhéadfadh an tAontas imscrúdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag brandaí tráchtála ar ísliú praghsanna agus costais níos airde a aistriú chuig soláthróirí príomhúla;

meaisíní díola ar fheirmeacha chun gur féidir díolacháin dhíreacha a dhéanamh;

ráta laghdaithe CBL chun buntáiste a thabhairt do tháirgí agraibhia inbhuanaithe agus do tháirgí agraibhia ar scála beag;

tacaíocht ón bpobal do scéimeanna táirgeora-tomhaltóra a bheidh sláintiúil agus inbhuanaithe.

4.14.

Rud is féidir cabhrú le hioncam feirmeoirí a mhéadú ba ea comhpháirtíochtaí idir cathracha agus na limistéir thuaithe maidir leis an inbhuanaitheacht bia, amhail tionscnaimh chláir na Rialtas Áitiúil ar son na hInbhuanaitheachta (ICLEI) (22). Is iad na príomhghnéithe atá ann rochtain, rannpháirtíocht agus deiseanna. Ba cheart samhlacha a bhfuil slabhraí soláthair bia gairide agus bithcheantair mar bhonn leo chomh maith leis an talmhaíocht arna tacú ag an bpobal a spreagadh agus a chur chun cinn. Tá samplaí maithe ann den dul chun cinn sa réimse sin, ina measc an reachtaíocht éigeantach maidir le soláthar poiblí inbhuanaithe le haghaidh táirgí bia agus lónadóireachta san Iodáil agus an cur chuige cóirthrádála a chuirtear i bhfeidhm i gCathair Gent.

4.15.

Meabhraíonn CESE go bhfuil cabhair bhreise ag teastáil ó tháirgeoirí príomhúla san aistriú i dtreo táirgeadh aeráidneodrach (23). Tá roinnt rudaí ann a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an chabhair bhreise sin a thabhairt dóibh, mar shampla, d’fhéadfaí a iarraidh ar cháiníocóirí an Aontais ranníocaíocht chothrom bhreise a dhéanamh ar mhaithe le seirbhís luachmhar chomhshaoil a sholáthar, seirbhís nach soláthrófaí murach sin, nó d’fhéadfaí ranníocaíocht inbhuanaitheachta a thabhairt isteach don aistriú, á chur san áireamh nach maoineofar an t-aistriú sin ina iomláine leis an gcéad leagan eile de CBT. Ina theannta sin, measann CESE gur cheart do na margaí a bheith taobh thiar den inbhuanaitheacht agus í a mhaoiniú freisin chun nach leagfar na costais bhreise ar tháirgeoirí príomhúla, agus iad ar an gcuid is laige den slabhra.

4.16.

Is bunriachtanas é oideachas bia chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí bia atá sláintiúil agus inbhuanaithe a roghnú agus a ithe. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do chláir oideachais bia i scoileanna, agus iad dírithe ar oideachas agus litearthacht eolaíochtbhunaithe a áirithiú maidir leis an tsábháilteacht bia agus an cothú, chomh maith le léargas a thabhairt ar a bhfuil i gceist le táirgí áitiúla agus séasúracha agus an chaoi is fearr le cinntí freagracha a dhéanamh maidir le ceannach. Is den riachtanas freisin lipéadú bia uile-Aontais a bheith ann atá iontaofa, cuimsitheach, trédhearcach, inchomparáide agus eolaíochtbhunaithe. Chun béim a leagan ar ról na dtomhaltóirí agus ar riachtanais an mhargaidh maidir le tacaíocht a chur ar fáil do tháirgí fheirmeoirí na hEorpa, is den ríthábhacht scrúdú a dhéanamh ar roghanna na dtomhaltóirí, go háirithe a bhfuil siad ag súil leis agus na ceanglais a bhaineann leis na hearraí bia sin a lipéadú. Áirítear leis sin na cáilíochtaí ba cheart a thabhairt chun suntais a shainaithint mar aon leis na straitéisí margaíochta éifeachtacha le haghaidh táirgí den sórt sin, agus na cleachtais lipéadaithe iomchuí. Bheadh sé riachtanach freisin na grúpaí tomhaltóirí agus na saintréithe tírshonracha a shainaithint. Chuige sin, d’fhéadfaí suirbhé taiscéalaíoch uile-Aontais a dhéanamh bunaithe ar chur chuige cáilíochtúil agus ceistneoir a thabhairt do thomhaltóirí chun na riachtanais thírshonracha agus na grúpaí tomhaltóirí a shainaithint. Na dea-chleachtais atá ann cheana i dtaca le samhlacha gnó atá bunaithe ar shlabhraí soláthair bia gairide san Aontas, ba cheart iad a mhapáil, agus na grúpaí tomhaltóirí a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh den sórt sin a shainaithint (e.g. bithcheantair (24), talmhaíocht arna tacú ag an bpobal, agus conarthaí maidir le slabhraí soláthair gairide (25)).

4.17.

De réir Airteagal 39 CFAE, is príomhchuspóir de chuid CBT caighdeán cóir maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí. Tá ioncam feirme an Aontais thart ar 40 % níos ísle i gcomparáid leis an ioncam in earnálacha neamhthalmhaíochta (26). Is iad na híocaíochtaí díreacha an uirlis is tábhachtaí sa chomhbheartas talmhaíochta a thugann tacaíocht d’fheirmeoirí. B’ionann agus 23 % meánsciar na n-íocaíochtaí díreacha ón Aontas san ioncam ó fhachtóirí talmhaíochta in 2017-21.

4.18.

Measann CESE gur fíor-riachtanas iad íocaíochtaí díreacha CBT chun tacaíocht a thabhairt d’ioncaim feirmeacha agus nach mór iad a chosaint agus a fheabhsú sa chéad athchóiriú eile ar CBT (27). Measann CESE gur cheart an íocaíocht dhíreach a spriocdhíriú níos fearr ar fheirmeoirí gníomhacha. Measann CESE freisin go bhfuil ríthábhacht le híocaíochtaí díreacha substaintiúla chun an tsamhail d’fheirm theaghlaigh AE agus ról ilfheidhmiúil na talmhaíochta san Aontas a chaomhnú.

4.19.

Tá sciar céatadáin CBT i gcaiteachas iomlán an Aontais laghdaithe go mór ó 73 % in 1980 go 23,6 % in 2022 (28). Nuair a chuirtear i gcoinne ollioncam náisiúnta an Aontais é, tháinig laghdú ar chostas buiséadach CBT idir 1990 agus 2021-2027 ó 0,54 % go dtí 0,32 % (29). Ba ghá buiséad reatha CBT 2021-2027 a mhéadú go EUR 481 bhilliún chun go mbeadh an luach céanna aige agus a bhí nuair a socraíodh é in 2020. Chun an luach céanna sin a bheith aige faoi 2034, is é sin le rá faoi dheireadh an chéad leagain eile de CAI, meastar go mbeadh méadú EUR 166 bhilliún le déanamh thar bhuiséad 2021-2027 (30).

4.20.

Molann CESE buiséad CBT a chur ar ais go leibhéal 0,5 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais chun go mbainfear amach uaillmhianta, cuspóirí seanbhunaithe agus cuspóirí breise nua an bhuiséid de réir riachtanais shochaí an Aontais. Tá bonn cirt iomlán le córas bia athléimneach inbhuanaithe de chuid an Aontais a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad láidir CBT agus cuireann sé tairbhí móra ar fáil do shochaí an Aontais, ina measc:

slándáil bia agus biacheannasacht an Aontais a chosaint;

soláthar cobhsaí bia ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta a chur ar fáil;

ceantair thuaithe agus geilleagair thuaithe a chaomhnú trí bhíthin na feirmeoireachta, poist agraibhia agus earnálacha gaolmhara amhail an turasóireacht;

feirmeacha teaghlaigh a chosaint chun ioncam réasúnta agus inmharthana a ghnóthú;

spriocanna maidir leis an athrú aeráide a bhaint amach;

an bhithéagsúlacht a chosaint;

an dúlra a athbhunú;

tírdhreacha a chothabháil;

ceapadh carbóin a dhéanamh;

ardchaighdeáin a áirithiú i dtaca le leas ainmhithe;

úsáid lotnaidicídí agus leasachán a laghdú;

sláinte agus bithéagsúlacht ithreach a chothabháil;

daoine óga a spreagadh le dul i mbun feirmeoireachta agus líon na bhfeirmeoirí a chothabháil;

seirbhísí poiblí nach n-íocann an margadh astu a sholáthar.

4.21.

Tá CESE den tuairim nach mór an chómhalartacht i dtaca le coibhéis caighdeán agus cothrom na Féinne maidir le táirgeacht feirme agus caighdeáin inbhuanaitheachta a chumhdach sna pléití agus sna comhaontuithe uile a bhaineann le beartas trádála an Aontais (31). Margaí trádála éagothroma nach bhfuil ag teacht le caighdeáin táirgeachta agus inbhuanaitheachta an Aontais, amhail margadh Mercosur, baineann siad an bonn den inchreidteacht, cruthaíonn siad sceitheadh carbóin, agus níor cheart tacaíocht a thabhairt dóibh.

4.22.

Tá CESE den tuairim nach mbeidh aontachas na dtíortha éagsúla indéanta gan buiséad CBT a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú ag earnáil an agraibhia, lena n-áirítear na costais táirgeachta a bheith níos ísle i roinnt de na stáit sin (32).

4.23.

Tá CESE i bhfabhar Ciste um Aistriú Cóir don Agraibhia (33) a bhunú, taobh amuigh de CBT, chun tacaíocht infheistíochta a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí agus deontas d’fheirmeoirí agus d’earnáil an agraibhia le linn an aistrithe. Is iad na feirmeoirí óga is lú a mbíonn sé d’acmhainn acu an talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun feidhme agus is dóibhsean ba cheart an tacaíocht is mó a thabhairt ar an ábhar sin.

5.   Uirlisí chun cur chun feidhme chreat reachtach an Aontais a fheabhsú (rialachas, cumarsáid agus maoiniú)

5.1.

Soláthraíonn feirmeoirí Eorpacha bunearraí poiblí do shaoránaigh uile na hEorpa trí shlándáil bia a ráthú: ba cheart a ráthú go cinnte ar an ábhar sin go mbeidh ceannasacht bia agus slándáil bia san fhadtéarma ina gcuid d’uathriail straitéiseach an Aontais Eorpaigh. Ní mór leasanna feirmeoirí a chur ar ais i gcroílár phróiseas an cheaptha beartas.

5.2.

Maidir le rialacha na samhla nuaí seachadta le haghaidh fhóirdheontais CBT, ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh iad a shimpliú a thuilleadh agus iad a dhéanamh níos so-úsáidte d’fheirmeoirí. Is bunriachtanas i ndáil leis sin díospóireachtaí beartais dhifriúla ar earnálacha talmhaíochta difriúla a dhíríonn ar a riachtanais shonracha: ní oibreoidh an t-aistriú glas gan na feirmeoirí agus gan tacaíocht uathu.

5.3.

Chun bheith rannpháirteach san aistriú glas agus dul in oiriúint do chleachtais táirgeachta níos inbhuanaithe agus iad a ghlacadh, beidh gá le dreasachtaí d’fheirmeoirí. Ba cheart feabhas a chur ar iomaíochas fheirmeoirí na hEorpa sa mhargadh ach caighdeáin inbhuanaitheachta a ghlacadh. Beidh cothromaíocht le haimsiú idir cobhsaíocht ioncaim d’fheirmeoirí, maolú ar an athrú aeráide agus iomaíochas chun an cur chun feidhme a dhéanamh níos réidhe do na geallsealbhóirí uile. Ba cheart an cur chuige sin a chur chun cinn ar fud an tslabhra bia go léir, ós rud é nár cuireadh an Comhaontú Glas don Eoraip chun feidhme ach ar thaobh na táirgeachta amháin. Ní mór an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme ar bhealach níos cothroime laistigh den slabhra bia, agus an chothroime idir iomaíochas agus inbhuanaitheacht ar cosúil gur cuireadh dá treoir í a thabhairt ar ais. Tá creat reachtach soiléir trédhearcach le haghaidh córais bhia inbhuanaithe ag teastáil i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin.

5.4.

Is bunriachtanais iad comhar, idirphlé gairmiúil agus cumarsáid níos fearr ar fud na gcóras bia. I bhfianaise an ghéarghá le hathruithe rialachais, d’iarr CESE go gcruthófaí Comhairle Eorpach um Beartas Bia (34) d’fhonn cur chuige níos comhtháthaithe agus níos rannpháirtí a bhaint amach i leith cheapadh an bheartais bia. Cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh dó an fógra maidir le hIdirphlé Straitéiseach an Bhoird Eorpaigh um Agraibhia (EBAF), atá an-chosúil leis an gcomhairle a mhol CESE. Ba cheart don Choimisiún a thabhairt dá aire go bhfuil CESE, mar áras na sochaí sibhialta eagraithe, sásta spás comhdhála a chur ar fáil don Bhord Eorpach um Agraibhia.

An t-idirphlé sóisialta oscailte a fheabhsú in earnáil an agraibhia

5.5.

Maidir leis an gcoinníollacht shóisialta (35) agus treoirlínte beartais na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (36) a bhaineann le hobair chuibhiúil a chur chun cinn in earnáil an agraibhia, is maith an pointe tosaigh é idirphlé trípháirteach trédhearcach a chur chun cinn a mbeadh baint ag oibrithe, fostóirí agus ionadaithe rialtais leis.

5.6.

Deireadh a chur le bacainní reachtacha nó riaracháin a d’fhéadfadh cosc a chur ar oibrithe agus fostóirí agraibhia eagraíochtaí a chruthú nó ballraíocht a bhaint amach in eagraíocht is rogha leo, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i bpróisis an idirphlé shóisialta ar an uile leibhéal, tá an méid sin riachtanach má táthar chun a áirithiú go mbeidh a nguth comhchoiteann le cloisteáil sna próisis sin ós rud é nach féidir aon chinneadh a bhaineann le feirmeoirí a dhéanamh gan a rannpháirtíocht.

5.7.

Ba cheart ról na gcomhpháirtithe sóisialta trí bhíthin idirphlé sóisialta a chomhtháthú níos éifeachtaí sa chomhbheartas talmhaíochta, trí chistí a leithdháileadh, b’fhéidir, chun tacaíocht a thabhairt dá gcuid oibre ar na saincheisteanna sin. Tá sé tábhacht freisin a áirithiú go gcuirtear na hoibrithe ar an eolas go cuí faoi na cearta atá acu. Má tá rath le bheith ar chur chun feidhme na coinníollachta sóisialta, caithfidh na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus náisiúnta araon a bheith ag teacht go huile is go hiomlán le chéile maidir leis na cuspóirí atá leagtha síos agus a bheith tiomanta dóibh ina n-iomláine.

An Bhruiséil, an 27 Feabhra 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Sonraí a bhailiú maidir le staid chosaint shóisialta na n-oibrithe séasúracha in earnálacha na talmhaíochta agus an bhia i mBallstáit an Aontais tar éis COVID-19, CESE.

(2)   Ailleurs dans le monde, ça se passe comment? [Cé mar a sheasann cúrsaí in áiteanna eile ar domhan?] — Pleinchamp.

(3)   La couverture des risques en agriculture et les assurances agricoles [Cumhdach rioscaí talmhaíochta agus an t-árachas i réimse na talmhaíochta].

(4)  Go dtí seo, is ar na cúig bliana dheireanacha a bhunaítear an meán trí bliana, gan na luachanna is airde agus is ísle san áireamh.

(5)  Comhaontú Marrakech 1994, an dara hIarscríbhinn, mír 7.a, EDT.

(6)   Les aides contracycliques américaines, plus efficaces que les prix planchers? [An bhfuil cabhair fhrith-thimthriallach Mheiriceá níos éifeachtaí ná córas bonnphraghsanna?] / Agriculture Stratégies.

(7)   1-Explosion-du-budget-du-farm-bill.pdf.

(8)   Uirlis um chobhsú ioncaim.

(9)   L’Italie a mis en place un ISR pour sécuriser le revenu des betteraviers [Uirlis um chobhsú ioncaim curtha i bhfeidhm ag an Iodáil mar chosaint do na táirgeoirí biatais].

(10)   New European agriculture crisis fund.

(11)   Plé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach.

(12)   IO C, C/2025/117, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/117/oj.

(13)   Plé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach.

(14)   IO C 440, 6.12.2018, lch. 165, agus IO C 517, 22.12.2021, lch. 38.

(15)   Plé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach.

(16)   IO C, C/2025/117, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/117/oj.

(17)   IO C, C/2025/117, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/117/oj.

(18)  Egalim 3: Balancing the trade relationship between agri-food and large retailers.

(19)   IO C, C/2025/117, 10.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/117/oj.

(20)   Plé straitéiseach faoi thodhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach.

(21)   Policy Areas Copa Cogeca.

(22)   Equity served: How local governments can ensure a just transition for sustainable food systems.

(23)   IO C, C/2024/2099, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2099/oj.

(24)   Bithcheantair nó éiciréigiúin, mar atá, an t-éiceachóras orgánach iomlán agus na geallsealbhóirí uile, d’fhéadfaidís toradh ní ba shóisialta agus ní b’eacnamaíche a chruthú ar an infheistíocht don phobal agus d’fheirmeoirí go háirithe. Dea-shamplaí de thionscnaimh den sórt sin is ea Cilento agus cás-staidéir ICLEI in Bergamo (scoileanna arna gcur ar fáil ag bithcheantair).

(25)  Seoladh líon mór tionscnamh san Iodáil, cuir i gcás samhail ceannaigh cruithneachta mhalartach amhail ‘Grani Antichi di Montespertoli’ (an Tuscáin) nó Bácús Calzolari (Emilia-Romagna). Is tionscnaimh de chuid an phobail Slow Food an dá thionscnamh sin a chruthaíonn luach saothair cothrom d’fheirmeoirí.

(26)   Sracfhéachaint ar CBT.

(27)   IO C, C/2024/2099, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2099/oj.

(28)   IO C, C/2024/2099, 26.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2099/oj.

(29)   CBT a mhaoiniú: fíricí agus figiúirí.

(30)  Sonraí ó FarmEurope.

(31)   IO C 517, 22.12.2021, lch. 38.

(32)   IO C, C/2024/6021, 23.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6021/oj.

(33)   IO C, C/2024/6878, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6878/oj.

(34)   IO C 293, 18.8.2023, lch. 1.

(35)  Croíchoincheap na coinníollachta sóisialta is ea go bhfuil an baol ann d’fheirmeoirí nach gcomhlíonann na bunchaighdeáin saothair go laghdófaí a bhfóirdheontais CBT. Tá go dtí an 1 Eanáir 2025 ag na Ballstáit chun rialacha na coinníollachta nua a chur chun feidhme.

(36)   Draft policy guidelines for the promotion of decent work in the agri-food sector (ilo.org).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2016/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)