|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/2015 |
30.4.2025 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Todhchaí na tionsclaíochta san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann
(tústuairim)
(C/2025/2015)
Rapóirtéir:
Andrea MONE|
Comhairleoir |
Benjamin DENIS (thar ceann an rapóirtéara) |
|
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 6.9.2024 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
12.2.2025 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
26.2.2025 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
594 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
123/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) ag iarraidh go mbeadh tionscnaimh phráinneacha ann arb éard is aidhm dóibh straitéis thionsclaíoch chuimsitheach AE a chur i gcrích le haghaidh tionscail iomaíocha agus poist ardcháilíochta, tionscail agus poist is comhlánú ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, maille le dianfhaireachán agus bearta coigeartaithe spriocdhírithe. |
|
1.2. |
Seo go háirithe na nithe atá CESE a iarraidh:
|
|
1.3. |
Is comhlánú ar mholtaí trasearnálacha na tuairime seo í an tuairim fhorlíontach ón gCoimisiún Comhairleach um Athrú Tionsclaíoch in CESE, ar coimisiún é a oibríonn ar na dúshláin shonracha atá roimh thionscail dianfhuinnimh. |
2. Cúlra na tuairime
|
2.1. |
D’iarr Uachtaránacht na Polainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh tústuairim ó CESE i ndáil le todhchaí na tionsclaíochta san Eoraip le linn do phraghsanna fuinnimh agus do chostais aistrithe a bheith ard. I dtionscnaimh de chuid an Aontais a rinneadh le déanaí lena n-áirítear na conclúidí ón gComhairle agus na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, tá béim ar neartú na tionsclaíochta san Eoraip. I measc na bpríomhchuspóirí, tá Margadh Tionsclaíoch Glan nua do thionscail iomaíocha agus do phoist ardcháilíochta, mar aon le Gníomh um Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch. I bhfianaise na dtuairimí a d’fhoilsigh CESE roimhe seo (1) agus an mhéid a chuir Enrico Letta agus Mario Draghi in iúl sna tuarascálacha ‘Margadh Thar an gCoitiantacht’ agus ‘Todhchaí an iomaíochais Eorpaigh’, agus i bhfianaise na bhforbairtí institiúideacha atá ag tarlú faoi láthair, déanann CESE measúnú sa tuairim seo ar na feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun tacú leis an earnáil tionsclaíochta san aistriú dúshlánach seo. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Tá sraith dúshlán comhcheangailte le sárú ag an Eoraip, dúshláin lena n-áirítear: an gá atá le leibhéal nuálaíochta leordhóthanach agus meascán iomchuí de nuálaíochtaí a bhaint amach chun go mbeidh an Eoraip in ann dul in iomaíocht leis na réimsí is dinimiciúla ar domhan; an gá atá lena áirithiú go mbeidh iarrachtaí chun an geilleagar a dhícharbónú in ann aistrithe a bhainistiú ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de agus próisis díthionsclaithe a sheachaint; agus an gá atá le huathriail straitéiseach agus slándáil eacnamaíoch i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil agus trádála atá ag dul i ngéire. I bhfianaise na n-argóintí sin, ba cheart beartas tionsclaíoch Eorpach éifeachtach a bheith bunaithe ar roinnt tosca idirnasctha. |
|
3.2. |
Dá bhrí sin, tá forbairt straitéise tionsclaíochta Eorpaí iomchuí ar cheann de na príomhchúraimí eiseacha práinneacha atá ar an Aontas má tá sé chun a rathúnas agus a luachanna a chaomhnú agus a chur chun cinn. Chuige sin, ní mór a bheith in ann a acmhainneacht iomlán a chur in iúl ar bhealach iomaíoch inbhuanaithe, rud a chuirfeadh cosc ar an Eoraip a bheith imeallaithe, agus a d’urramódh teorainneacha pláinéadacha agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe freisin. |
|
3.3. |
Tá gá le cur chuige nua i leith an iomaíochais, bunaithe ar mheascán níos fearr de bheartas tionsclaíoch, d’uaillmhian aeráide agus de straitéis gheopholaitiúil, cur chuige lena ndírítear ar an infheistíocht, ar an nuálaíocht agus ar chomhtháthú sóisialta. |
|
3.4. |
Bonn tionsclaíoch láidir, sin rud a chaithfear a choinneáil i measc na dtosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh an chur chuige sin, agus an oiread airde agus is féidir á tabhairt ar thionscail nuálacha agus ar thionscail thraidisiúnta, toisc go gcomhlánaíonn siad a chéile agus go bhfuil siad an-ábhartha don slabhra soláthair ar fad. |
|
3.5. |
Gné phríomha eile is ea meascán agus beartas fuinnimh atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a chur chun feidhme, ar beartas é lena dtáirgtear cobhsaíocht fhadtéarmach níos mó, lena soláthraítear praghsanna iomaíocha ar fud an domhain, agus lena n-aithnítear an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí cobhsaí ísealcharbóin le linn an aistrithe, lena n-áirítear scéimeanna tacaíochta chun na bacainní atá fós ann ar chomhaontuithe ceannaigh cumhachta glaine a shárú. |
|
3.6. |
Aithníonn CESE an gá níos mó ná riamh atá le hinfheistíocht bhreise a sainaithníodh i dtuarascáil Draghi, chomh maith leis an ngá atá le rialachas Eorpach a athchóiriú chun an chinnteoireacht a dhéanamh níos éifeachtaí. |
|
3.7. |
Ní mór féachaint ar na pointí sin i gcomhthráth leis na pointí i dtuarascáil Letta maidir leis an ngá atá leis an margadh inmheánach a iomlánú, rud a chiallaíonn lánpháirtiú na hEorpa a mhéadú i roinnt earnálacha, go háirithe earnáil an fhuinnimh, agus an ghné shóisialta agus an comhtháthú críochach a chur i gcroílár athléimneacht an Aontais. |
|
3.8. |
Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa tuairim fhorlíontach (2), ní mór don Aontas tús áite a thabhairt do bheartais lena n-aistrítear na tairbhí costais a bhaineann le leictreachas in-athnuaite agus ísealcharbóin chuig na tionscail dianfhuinnimh. Áirítear leis sin freisin athchóirithe ar an margadh leictreachais, costais rialála a laghdú, agus ionstraimí a leathnú amhail conarthaí difríochta agus comhaontuithe ceannaigh cumhachta, mar aon le bearta láidre a thabhairt isteach chun teacht timpeall a sheachaint agus athmheasúnú a dhéanamh ar chreat beartais an Aontais chun dul i ngleic le sceitheadh carbóin i gcás nach leor bearta an tSásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT). Tá sé ríthábhachtach beartas trádála níos láidre a ghlacadh agus infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú na heangaí fuinnimh, i gcomhtháthú fuinnimh in-athnuaite, agus i bhforbairt margaí amhábhar tánaisteach chun na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach. |
4. Barúlacha sonracha — Príomhcholúin iomaíochas tionsclaíoch an Aontais san am atá romhainn
4.1. Cur chuige rannpháirteach a áirithiú agus a chur chun cinn — conradh sóisialta nua a ghabhfaidh leis an aistriú
|
4.1.1. |
Chun beartais thionsclaíocha iomaíocha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, beartais lena gcuirtear an comhtháthú sóisialta agus críochach chun cinn, tá gá le rannpháirtíocht na n-oibrithe agus an chómhargáil ar gach leibhéal, sin agus rannpháirtíocht iomlán na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú, mar aon le rannpháirtíocht iomlán na n-institiúidí agus na ngníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta uile ina réimse féin, de réir cur chuige rannpháirteach. |
|
4.1.2. |
Feictear do CESE gur gá rialachas straitéis tionsclaíochta an Aontais a neartú trí na Coimisinéirí, na hairí agus na comhpháirtithe sóisialta trastionscail agus earnála ábhartha a thabhairt le chéile. |
|
4.1.3. |
Tá gá le hiarrachtaí comhbheartaithe chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar gach leibhéal, rud lena n-áirítear cur chun feidhme an Chomhshocraithe nua um Idirphlé Sóisialta faoi thús 2025, lena ndeimhnítear an ról straitéiseach eacnamaíoch agus sóisialta atá aige maidir le hathruithe a thuar agus a bhainistiú. |
4.2. An t-iomaíochas inbhuanaithe a chur chun cinn
|
4.2.1. |
Agus na pointí a ardaíodh i dtuarascáil Draghi á gcur san áireamh aige, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá an méid seo a leanas: an gá atá le hiomaíochas a chur chun cinn gan úsáid a bhaint as ‘diansmacht ar phá chun costais choibhneasta a laghdú’; an gá atá le fás na táirgiúlachta agus an cuimsiú sóisialta a chomhcheangal, fiú i gcomhthéacs an mheatha dhéimeagrafaigh; agus an gá atá le stát leasa na hEorpa a chaomhnú, agus oiriúnú d’athruithe san am céanna, agus éagothromaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh athruithe teicneolaíochta de á seachaint. Ba ríthábhachtach béim a leagan ar thionchar críochach na mbeartas chun aistriú cóir a áirithiú nach n-eisiafar aon chríoch, cuideachta ná oibrí ón bhforbairt a tharlóidh dá bharr. Ba cheart an próiseas um méadú a chur san áireamh go cuí freisin chun beartais thionsclaíocha an Aontais a dhéanamh níos cuimsithí. |
|
4.2.2. |
Tá gá le cur chuige nua i leith an oideachais, i leith na hoiliúna agus i leith na scileanna. Ag tacú dó le togra Letta maidir leis an gcúigiú saoirse chun saorghluaiseacht taighde, nuálaíochta, eolais agus oideachais a cheadú, mar aon leis an gcóras oideachais a neartú agus é a ailíniú níos fearr le saol na hoibre, measann CESE gur thábhachtach go n-áireofaí i straitéis an Aontais eolas inmheánach ár n-ollscoileanna agus earcú na dtallann seachtrach comhlántach lena bhféadfar dlús a chur leis an bhforbairt agus leis an nuálaíocht san Aontas. Dar leis gur thábhachtach freisin an timpeallacht rialála iomchuí a chruthú sa straitéis a chuirfidh ar ár gcumas dúinn dlús mór a chur le hathsciliú an lucht saothair, na cláir oideachais a mheaitseáil le forbairt an mhargaidh, próisis uathoibrithe a lorg, agus soghluaisteacht níos fearr agus níos cothroime a cheadú san Aontas agus thar lear. Ba cheart sásra uathoibríoch AE a fhorbairt freisin chun cáilíochtaí a aithint agus sprioc 3 % a leagan síos maidir le caiteachas ar T&N. |
|
4.2.3. |
Ní mór ionstraimí an Chomhaontaithe Ghlais a oiriúnú ar bhonn measúnuithe a bheadh bunaithe ar an bhfianaise, lena n-áirítear trí phróisis chomhchuibhithe sonraí agus oibriú i dtreo phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, agus na gníomhaíochtaí a cuireadh chun cinn sa tuairim ó CESE An Comhaontú Glas a oiriúnú á gcur san áireamh freisin (3). |
|
4.2.4. |
Ba cheart a fhíorú leis na measúnuithe sin gur ann do na príomhchumasóirí is gá chun na spriocanna a bhaint amach (amhábhair, uisce, scileanna, fuinneamh dícharbónaithe, bonneagar, cistiú agus dreasachtaí margaidh) (4), agus ba cheart na príomhchumasóirí sin a chainníochtú. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na gnéithe saothair, lena n-áirítear riachtanais scileanna agus an tionchar ar phoist agus ar dhálaí oibre, d’fhonn bearta ceartaitheacha a mholadh i gcás inar gá, e.g. trí chomhaontuithe arna gcaibidliú le ceardchumainn a chur chun cinn, chun athruithe a réamh-mheas. |
4.3. Aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le praghsanna fuinnimh le haghaidh fíorstraitéis fuinnimh AE
|
4.3.1. |
Maidir le tionsclaíocht iomaíoch na hEorpa, rud atá bunaithe ar Chomhaontú Tionsclaíoch don Eoraip, is réamhriachtanas amháin í chun Comhaontú Glas an Aontais a chur chun feidhme i gceart, rud lena bhfeabhsaítear poist ardcháilíochta agus lena n-athbhunaítear an mhuinín agus an tacaíocht do thionsclaíocht na hEorpa. Má tá i ndán don Eoraip a bheith ina cumhacht thionsclaíoch, ní mór rochtain a bheith aici ar mhéideanna móra fuinnimh ar phraghas iomaíoch. Ós aontas é atá i dtuilleamaí fuinneamh costasach, beidh an tAontas Eorpach i mbaol a dhíthionsclaithe mura bhfreagraíonn sé go tapa agus go láidir do dhúshlán an fhuinnimh. |
|
4.3.2. |
Is mór atá an tAontas i dtuilleamaí allmhairí fuinnimh. Shroich a chuid spleáchas fuinnimh 64,4 % in 2022 (5). Tá spleáchas an-ard ar allmhairiú fuinnimh ann i gcás na hola agus an gháis, sin agus i gcás breoslaí soladacha, cé gur lú an spleáchas sa chás sin. Is iad na trí tháirge fuinnimh sin a úsáidtear fós i gcás 58 % d’ídiú fuinnimh phríomhúil an Aontais. Fágann sé sin go bhfuil an tAontas an-leochaileach ar fhorbairtí sa mhargadh fuinnimh domhanda. Bíonn tionchar díreach ag athruithe ar phraghas táirgí fuinnimh allmhairithe ar chomhardú trádála an Aontais, ach freisin ar iomaíochas na tionsclaíochta, go háirithe sna hearnálacha dianfhuinnimh, earnálacha atá gan chosaint ar an iomaíocht dhomhanda. |
|
4.3.3. |
Is airde na costais fuinnimh deiridh atá le híoc ag tionsclaíocht an Aontais freisin ná mar is fíor i gcás cuid mhaith de na hiomaitheoirí eile. Faoi láthair is airde praghsanna an gháis san Aontas ná sna Stáit Aontaithe idir trí huaire agus cúig huaire, agus is dhá airde nó is trí hairde praghsanna an leictreachais sna hearnálacha tionsclaíocha ná sna Stáit Aontaithe agus sa tSín. Mar gheall ar an gcóras praghsála imeallaí atá ag an Aontas faoi láthair sa mhargadh mórdhíola leictreachais, bíonn tionchar ag gás ar phraghas an leictreachais i bhfad níos mó ná a sciar féin i dtáirgeadh an fhuinnimh (6). |
|
4.3.4. |
Bíonn tionchar freisin ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (ETS) ar an míbhuntáiste iomaíochta sin maidir le fuinneamh, córas nach bhfuil a mhacasamhail le fáil i ngeilleagair mhóra eile. Tá tionchar díreach ag an ardú i bpraghas an charbóin ar chostais an leictreachais agus ar chostais táirgthe na dtionscal a ghineann astaíochtaí próisis, tionscail na cruach agus na stroighne, cuir i gcás, agus na tionscail uile is doiligh a mhaolú. Tionchar CTA ba bheag go nuige seo, ach is léir go n-athróidh an scéal sin de bharr na rialacha nua a cuireadh chun feidhme i gcéim 4 den scéim, agus ó tá deireadh á chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce. |
|
4.3.5. |
Ós é an leictriú tionsclaíoch an príomhbhealach chun earnáil na tionsclaíochta a dhícharbónú, agus chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le praghsanna fuinnimh, is mithid a áirithiú ar dtús go soláthrófar méideanna leordhóthanacha leictreachais dhícharbónaithe ar phraghas iomaíoch, agus tacaíocht don leictriú á háirithiú san am céanna ar thaobh an éilimh agus ar thaobh an tsoláthair den scéal araon agus an éifeachtúlacht fuinnimh a neartú. I ndáil leis an méid sin:
|
4.4. Creat a chruthú chun an bhearna san infheistíocht thionsclaíoch a laghdú
|
4.4.1. |
I bhfianaise chóras nua rialachais eacnamaíoch na hEorpa, athdhearbhaíonn CESE gur gá an sainmhíniú ar an rud is infheistíocht phoiblí ann a leathnú, sin agus gur mithid acmhainneacht fhioscach an Aontais a bhunú faoi 2026, chomh maith le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta a neartú, d’fhonn feabhas a chur ar an gcuntasacht dhaonlathach (8). |
|
4.4.2. |
Maidir le státchabhair, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais aird a thabhairt ar theachtaireachtaí thuarascálacha Letta agus Draghi chun an saobhadh a sheachaint. Is díol spéise do CESE go háirithe an moladh a rinneadh i dtuarascáil Letta maidir le sásra ranníocaíochta státchabhrach faoina leithdháilfeadh na Ballstáit cistiú chun tionscnaimh agus infheistíochtaí uile-Eorpacha a mhaoiniú. Aontaíonn CESE leis an togra ón Uasal Draghi gur cheart státchabhair agus fóirdheontais phoiblí a nascadh le cur chun cinn na hoiliúna. Bíodh sin mar atá, creideann sé gur cheart an choinníollacht sin a leathnú chuig an idirphlé sóisialta agus an urraim do chomhaontuithe comhchoiteanna agus d’oibrithe agus do chearta na gceardchumann. |
|
4.4.3. |
Aontaíonn CESE leis an méid a cuireadh in iúl i dtuarascáil Draghi maidir leis an ngá atá le hionstraim infheistíochta atá bunaithe ar fhiachas poiblí Eorpach, rud atá i gcomhréir leis na pointí a leagtar amach sa tuairim ó CESE Ciste infheistíochta AE le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe (9). |
4.5. An geilleagar ciorclach agus amhábhair
|
4.5.1. |
De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, méadóidh an t-éileamh ar theicneolaíochtaí fuinnimh ghlain idir dhá chéad faoin gcéad agus trí chéad faoin gcéad faoi 2030. Is éard a bheidh i gceist leis sin fás ar an éileamh iomlán ar rogha de mhianraí criticiúla ó 25 % go dtí os cionn 300 % (de réir thuarascáil Draghi). |
|
4.5.2. |
Cur chun feidhme tapa Ghníomh Eorpaigh um Amhábhair Chriticiúla, sin rud a bheidh ríthábhachtach chun an t-aistriú tionsclaíoch a bhainistiú gan cur leis na spleáchais atá ann faoi láthair. An foinsiú, an cur ar bun sa bhaile an athuair, an stoc-charnadh, an t-éagsúlú soláthair agus oirchill an ghanntanais, is nithe iad sin ar fad a chaithfidh a bheith mar chuid de straitéisí na gcuideachtaí, agus ní mór beartais chomhsheasmhacha AE agus beartais chomhsheasmhacha thionsclaíocha a bheith ann chun tacú leo. |
|
4.5.3. |
Chun tomhaltas príomhúil an ábhair agus lorg an ábhair sin ar an gcomhshaol a laghdú, ba cheart don Aontas samhail eacnamaíoch a chur chun cinn freisin bunaithe ar na prionsabail ‘laghdú, athúsáid, deisiú agus athchúrsáil’. |
4.6. Feabhas ar chur chuige an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta trí acmhainneacht táirgeachta na hEorpa a mhéadú
|
4.6.1. |
Is fíor go dtacaíonn CESE le cuspóirí an Ghnímh um an Tionscal Glan-nialasachta, ach is trua leis na réitigh bacacha atá ann chun fadhb na nósanna imeachta fadálacha um cheadú a réiteach. Ní mór don Choimisiún bearta breise a mholadh chun dlús a chur leis an gceadú. Ba ríthábhachtach na húdaráis phoiblí a bhfuil sé de chúram orthu ceadanna a sholáthar agus measúnuithe gaolmhara a dhéanamh a neartú. Ina theannta sin, ba cheart smaoineamh ar nósanna imeachta um thoiliú intuigthe a chur chun feidhme, in imthosca faoi leith, i gcás moilleanna ar an déileáil le hiarratais, gan an bonn a bhaint de chearta na bpobal a ndéantar difear dóibh. |
|
4.6.2. |
Leis an gcomhleanúnachas beartais is gá le haghaidh próiseas dícharbónaithe inbhuanaithe, éilítear bearta chun táirgeadh áitiúil a neartú, go háirithe táirgeadh teicneolaíochtaí glana, chun conairí dícharbónaithe atá róspleách agus riosca gaolmhar an díthionsclaithe a sheachaint. Ba cheart é sin a chur san áireamh sa mheasúnú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair, measúnú ar an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Soláthar Poiblí, agus comhlíonadh na gcaighdeán sóisialta ar feadh an tslabhra soláthair á áirithiú san am céanna. |
|
4.6.3. |
San am céanna, is gá cur le hacmhainní maoinithe na dtionscadal trasnáisiúnta, go háirithe trí fheabhas a chur ar an rannpháirtíocht chríochach agus rannpháirteach na FBManna i dtionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne, sin agus trí fheabhas a chur ar ionstraimí amhail an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip, comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus caipiteal fiontair, chun sócmhainní teicneolaíocha Eorpacha a tháirgeadh agus gníomhaíochtaí nuálaíochta, taighde agus forbartha a mhéadú. Chuige sin, ní mór acmhainneacht an Aontais maidir le teicneolaíochtaí straitéiseacha agus criticiúla a neartú, agus aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna airgeadais, rialála agus oibríochtúla uile a chuireann bac ar fhorbairt chuí na nithe sin faoi láthair (10). |
4.7. An beartas trádála agus iomaíochta a ailíniú a thuilleadh le clár oibre an Aontais maidir leis an dícharbónú tionsclaíoch
|
4.7.1. |
I dteannta leis na bearta a raibh béim orthu sa tuairim ó CESE maidir le SCCT (11), tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí SCCT a chur chun feidhme, sin agus go ndéanfaí meastóireacht air. De chúiteamh ar na heasnaimh atá ar dhearadh SCCT faoi láthair, ba ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar thionchar chánachas agus phraghas carbóin an Aontais ar onnmhairí agus ar an imchéimniú a sheachaint, chomh maith lena raon feidhme a leathnú chuig earnálacha iartheachtacha den slabhra soláthair, i gcás inar gá (12). |
|
4.7.2. |
Ós láidir don iomaíocht dhomhanda i mbeagnach gach earnáil monaraíochta — ó chruach go gluaisteáin, ó cheallraí go sliseanna — tá gá le cur chuige nua i leith thrádáil an Aontais chun cothrom iomaíochta a bhaint amach go domhanda, slabhraí luacha inbhuanaithe a chruthú, an comhshaol a urramú agus obair chuibhiúil d’oibrithe feadh an tslabhra soláthair a chur chun cinn. |
|
4.7.3. |
Ní mór dlí na hiomaíochta a ailíniú le cuspóirí straitéis thionsclaíoch an Aontais chun an t-aistriú dúbailte a bhainistiú i gceart agus chun an tAontas a dhéanamh níos athléimní, maille leis an uathriail straitéiseach oscailte a bheith ina treoir aige. Ní mór dó freisin cearta sóisialta, oibrithe agus ceardchumainn a urramú agus a chosaint agus tacú le poist ardcháilíochta, cothromas, aistriú cothrom agus cóineasú sóisialta aníos a chruthú. |
|
4.7.4. |
Tacaíonn CESE leis na cuspóirí i ndáil le cur chuige nua ar leibhéal an Aontais maidir le beartas iomaíochta, cur chuige atá níos dírithe ar chuspóirí coiteanna agus atá níos fabhraí do chuideachtaí atá ag leathnú amach sna margaí domhanda, agus cothrom iomaíochta á áirithiú san am céanna. Feictear do CESE go bhfuil fiúntas sna paraiméadair a leagtar amach i dtuarascáil Draghi chun measúnú a dhéanamh ar chumaisc a bhaineann leis an méadú ar nuálaíocht, slándáil, rioscaí suaite agus athléimneacht san Eoraip. Ba ríthábhachtach freisin scrúdú a dhéanamh ar chumaisc i dtéarmaí a dtionchair ar chomhtháthú críochach, ar fhostaíocht agus ar gach cuideachta feadh an tslabhra soláthair. |
|
4.7.5. |
Ní mór cruthú príomh-mhargaí a bheith ina chuid de straitéis thionsclaíoch an Aontais freisin. Fágfaidh teicneolaíochtaí glan-nialasachta go mbeidh an t-aschur tionsclaíoch níos costasaí ná na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair (ach amháin má thagann cor sa scéal). Agus d’fhéadfadh bacainní eile ar an margadh an bonn a bhaint dá nglacadh, amhail easpa muiníne nó eolais ó thaobh na gceannaitheoirí de, agus easpa trédhearcachta agus tagarmharcanna chun táirgí ísealcharbóin a chur i gcomparáid le chéile. Chun na táirgí sin a chur ar an margadh, beidh gá le hidirghabháil ghníomhach ar feadh tréimhse áirithe, agus sin a bheith i bhfoirm uirlisí rialála nua chun an t-éileamh is gá a spreagadh ó thomhaltóirí deiridh, agus chun deireadh a chur le bacainní iontrála sa mhargadh le haghaidh táirgí nua ísealcharbóin agus táirgí ciorclacha. Is samplaí iad an soláthar poiblí, na ceanglais éicidhearthóireachta, cuótaí glasa agus conarthaí difríochta d’uirlisí beartais is féidir a úsáid chun ollmhargaí a chruthú do na táirgí glasa sin. |
4.8. An cóineasú agus simpliú an riaracháin
|
4.8.1. |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar neamhleanúnachas riaracháin agus ar chastacht neamhriachtanach, rudaí a mbíonn tionchar diúltach acu ar chumas cuideachtaí a gcuid oibre a dhéanamh san Aontas. Dá bharr sin, is doiligh do FBManna Eorpacha fás a dhéanamh óir is déine na ceanglais atá ag gabháil leis an uas-scálú. Tá géarghá le cur chuige níos córasaí a bhunú i ndáil leis an gcreat rialála. Is trí bhíthin feabhsuithe ar an measúnú tionchair, ar an tseiceáil ar iomaíochas (13), ar an tástáil ar FBManna agus uirlisí rialála níos fearr a dhéanfaí sin. Sin dhá ní arb é is aidhm dóibh an timpeallacht rialála a shimpliú, amanna ceadaithe i bhfad níos tapúla a áirithiú, gan ualach nua riaracháin a chruthú do chuideachtaí, agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil chomh maith le cearta an duine á gcaomhnú agus á gcur chun cinn san am céanna. |
An Bhruiséil, an 27 Feabhra 2025.
Uachtarán
Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) Mar shampla: IO C, C/2024/875, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/875/oj, Ciste infheistíochta AE le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch agus iomaíochas inbhuanaithe , IO C 105, 4.3.2022, lch. 63. I measc na dtuairimí earnála eile tá An beartas tionsclaíoch le haghaidh tionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh agus Tionscal 5.0 — conas is féidir é a chur chun feidhme .
(2) Féach an iarscríbhinn.
(3) IO C, C/2024/6877, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6877/oj.
(4) IO C, C/2024/6871, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6871/oj.
(5) An Coimisiún Eorpach, EU Energy in Figures — Statistical pocketbook 2024 , Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2024.
(6) IO C 293, 18.8.2023, lch. 112.
(7) IO C 293, 18.8.2023, lch. 112.
(8) IO C, C/2023/880, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/880/oj.
(9) IO C, C/2024/6862, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6862/oj.
(10) IO C, C/2024/2489, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2489/oj Teicneolaíochtaí straitéiseacha mar spreagadh do cheannasacht agus athléimneacht na hEorpa (níl leagan Gaeilge ann).
(11) IO C 152, 6.4.2022, lch. 181.
IARSCRÍBHINN
Is féidir an iarscríbhinn a ghabhann leis an doiciméad seo (Tuairim Fhorlíontach ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha — CCMI/238 — Todhchaí na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann — EESC-2024-03562-00-00-AS-TRA) a léamh ar na leathanaigh seo a leanas.
Tuairim an Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)
Todhchaí na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas Eorpach i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus na gcostas ard aistrithe atá ann
(tuairim fhorlíontach a ghabhann le INT/1074)
Rapóirtéir:
Anastasis YIAPANISComhrapóirtéir:
Michal PINTÉR|
Comhairleoir |
Mihai IVAŞCU (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa III) Bartosz NIENALTOWSKI (thar ceann chomhrapóirtéir Ghrúpa I) |
|
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
19.9.2024 |
|
Bunús dlí |
Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta Tuairim fhorlíontach |
|
An rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
16.1.2025 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
30/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Leagann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa béim ar a shuntasaí agus atá an bhearna iomaíochais idir na tionscail dianfhuinnimh san Aontas agus na hiomaitheoirí domhanda. Costais fuinnimh níos airde, spriocanna dícharbónaithe níos déine, agus rialacháin a fhorchuirtear ar ghnólachtaí is cúis leis an mbearna sin den chuid is mó, sin agus an leibhéal íseal cosanta a thugtar do na margaí intíre freisin. Measann CESE gur féidir aistriú iomaíoch fuinnimh a bhaint amach go fóill agus iarrann sé go mbeadh bearta beartais spriocdhírithe ann chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. |
|
1.2. |
Agus na rioscaí slándála fuinnimh domhanda atá ann faoi láthair agus praghsanna luaineacha an mhargaidh á gcur san áireamh, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais, go háirithe an Coimisiún Eorpach, beartais a chur chun feidhme lena ndéanfar na tairbhí costais a bhaineann le leictreachas glan a aistriú chuig na tionscail sin. Tá bearta spriocdhírithe fíor-riachtanach má táthar chun an t-aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite a léiriú i bpraghsáil leictreachais ar fud earnálacha uile an gheilleagair, agus ar na tionscail dianfhuinnimh go háirithe. |
|
1.3. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag dearadh reatha an mhargaidh leictreachais ar inacmhainneacht fuinnimh agus ar iomaíochas tionsclaíoch, agus molann sé go laghdófaí costais rialála, cuir i gcás taraifí, muirir agus tobhaigh ghréasáin. Molann sé féachaint ar na bearta uile is féidir a dhéanamh chun costais fuinnimh a laghdú do thomhaltóirí tionsclaíocha, lena n-áirítear praghsanna leictreachais a dhíchúpláil, agus molann sé san am céanna tacú le hinfheistíochtaí i leathnú, i nuachóiriú agus i slándáil na n-eangaí. |
|
1.4. |
Molann CESE conarthaí difríochta a leathnú agus iad a chomhtháthú le comhaontuithe ceannaigh cumhachta (CCCanna) chun rochtain ar fhuinneamh saor ó iontaise ar chostas íseal a chur ar fáil do thomhaltóirí tionsclaíocha. Leis an gcur chuige sin, ba cheart ioncam cobhsaí a áirithiú le haghaidh tionscadail fuinnimh ghlain, agus an róchúiteamh á chosc san am céanna, agus ba cheart tús áite a thabhairt do bhacainní ar CCCanna a bhaint do na tionscail dianfhuinnimh. Is féidir le hionstraimí comhcheangailte den sórt sin praghsanna a chobhsú, infheistíochtaí i bhfuinneamh glan a chur chun cinn, agus praghsáil chóir a chothromú do tháirgeoirí agus costais a laghdú do thomhaltóirí faoi dhálaí éiginnte an mhargaidh. Mar sin féin, meabhraíonn CESE nach leor comhaontuithe ceannaigh cumhachta iontu féin do na tionscail dianfhuinnimh toisc nasc díreach a bheith idir iad agus na praghsanna mórdhíola agus toisc go mbaineann costais arda leis na sásraí cúltaca don fhuinneamh in-athnuaite. |
|
1.5. |
Molann CESE na srianta rialála ar tháirgeadh hidrigine a laghdú agus bearta a chur chun feidhme chun praghsanna leictreachais a ísliú d’fhonn táirgeadh iomaíoch hidrigine a chumasú. Chun an bhearna chostais a ghabhann le hidrigin ghlas a ghintear trí leictrealú a dhúnadh, rud a mheastar a bheidh níos costasaí i gcónaí ná hidrigin liath agus ghorm, ba cheart don Aontas straitéis dhéach a ghlacadh lena n-áiritheofar cinnteacht infheistíochta agus lena gcothófar éileamh tionsclaíoch. |
|
1.6. |
Molann CESE bearta a chur chun feidhme chun onnmhairí an Aontais a chosaint faoin Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), chomh maith le bearta láidre chun teacht timpeall a sheachaint a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar athdháileadh acmhainní agus ar bhearta imchéimnithe eile. Cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme SCCT. Má tharlaíonn sé go bhfuil an sásra neamhéifeachtach, fiú i bpáirt, molann CESE don Choimisiún a mhachnamh a dhéanamh arís ar chonair céimnithe amach na lamháltas saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA). |
|
1.7. |
Molann CESE freisin go nglacfadh an tAontas beartas trádála níos teanntásaí agus níos comhordaithe chun cur i gcoinne iomaíocht dhomhanda éagórach, go háirithe sna hearnálacha sin is leochailí ó thaobh an aistrithe ghlais de. Iarrann sé go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar na bearta cosanta trádála atá ann cheana chun na tionscail dianfhuinnimh a chosaint agus, i gcás inar gá, tacaíonn sé le bearta nua a thabhairt isteach. Tathantaíonn CESE ar an Aontas ionstraimí cosanta trádála a fhorfheidhmiú go pras agus go héifeachtach, a mbeadh taraifí mar chuid díobh i gcás inar gá sin, chun an díthionsclú agus caillteanas acmhainneachta táirgeachta intíre do tháirgí deiridh na dtionscal sin a chosc. Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta earnáilsonracha a thabhairt isteach, cuir i gcás athbhreithniú a dhéanamh ar chuótaí coimirce cruach nó deireadh a chur le riail na dleachta is lú, agus ba cheart machnamh a dhéanamh freisin ar chóras níos déine a thabhairt isteach i leith taraifí. |
|
1.8. |
Molann CESE cothromaíocht a bhaint amach idir iomaíochas na dtionscal dianfhuinnimh agus na spriocanna dícharbónaithe. Molann sé freisin an chaomhnaitheacht agus cineálacha cur chuige laissez-faire araon a sheachaint, agus a áirithiú san am céanna go bhfuil gníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha EDT agus nach spreagfar frithbhearta a dhéanfadh dochar do thionscail eile, do rochtain ar an margadh ná d’iomaíochas an Aontais. |
|
1.9. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar ‘phríomh-mhargaí’ a chruthú chun dlús a chur leis an éileamh ar tháirgí ísealcharbóin, agus molann sé beartais a thabhairt isteach chun an bhearna chostais idir táirgí traidisiúnta agus táirgí ísealcharbóin a dhúnadh. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí ceanglais maidir le hábhar áitiúil a chur chun feidhme chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht a fheabhsú i dtionscail atá i mbun aistrithe. |
|
1.10. |
Iarrann CESE go ndéanfaí bearta sonracha chun infhaighteacht amhábhar tánaisteach a mhéadú d’fhonn cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, agus ní hamháin sin ach chun an spleáchas ar amhábhair phríomhúla a laghdú, agus astaíochtaí CO2 a laghdú. Chuige sin ní mór slabhraí soláthair a éagsúlú trí bhíthin comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí trádála, geilleagar ciorclach a chur chun cinn le dreasachtaí spriocdhírithe, agus margadh aontaithe a bhunú le haghaidh amhábhair thánaisteacha. |
|
1.11. |
D’fhonn tacú le comhtháthú in-athnuaite agus chun na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach, ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh in acmhainneacht na n-idirnasc fuinnimh agus na heangacha fuinnimh a nuachóiriú. Mar chuid de sin, ní mór an acmhainneacht stórála a leathnú, na naisc trasteorann a neartú, agus eangacha cumhachta a dhigiteáil chun go mbeifear in ann suiteálacha díláraithe fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú go héifeachtúil. Thairis sin, ní mór tuilleadh airde a thabhairt ar chosaint agus ar shlándáil gréasán agus nasc fuinnimh, go mór mór i gcás an bhonneagair faoi uisce. |
|
1.12. |
Chun tacú le dícharbónú na dtionscal dianfhuinnimh, iarrann CESE go mbainfí úsáid shaincheaptha agus éifeachtach as ioncam CTA an Aontais, cuir i gcás trí lamháltais CTA a chur ar leataobh d’earnálacha sceite carbóin. Molann CESE freisin tuilleadh comhleanúnachais a chur chun cinn i scéimeanna cistiúcháin an Aontais agus go mbainfí úsáid níos mó as sásraí amhail an Banc Hidrigine Eorpach agus conarthaí difríochta chun nach mbeadh an riosca céanna ag baint le hinfheistíochtaí. Beidh tacaíocht airgeadais mhéadaithe de dhíth le haghaidh costais chaipitil agus costais oibríochtúla araon chun dlús a chur leis an aistriú sna deich mbliana amach romhainn. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Aithníonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa na dúshláin mhóra atá os comhair na dtionscal dianfhuinnimh san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bearna shuntasach iomaíochais, sin mar thoradh ar na costais fuinnimh atá orthu atá i bhfad níos airde i gcomparáid lena n-iomaitheoirí domhanda agus mar thoradh ar na costais aistrithe agus rialála atá ag méadú. Déantar anailís sa tuairim seo ar an mbearna sin agus leagtar béim inti ar an ngéarghá atá le hidirghabhálacha beartais chun inbhuanaitheacht agus iomaíochas na n-earnálacha ríthábhachtacha sin a áirithiú. Tá sé d’aidhm aici freisin moltaí a chur ar fáil do na tionscnaimh a bheidh ann amach anseo a fógraíodh sna ‘Treoirlínte Polaitiúla don Chéad Choimisiún Eorpach Eile 2024-2029’, amhail an Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, an Gníomh Dhlús a Chur leis an Dícharbónú Tionsclaíoch, agus Gníomh nua um an nGeilleagar Ciorclach. |
|
2.2. |
Is iad na tionscail dianfhuinnimh atá mar bhonn le cuid mhaith slabhraí luacha agus earnálacha iartheachtacha de chuid an Aontais, agus tá sé ríthábhachtach go n-éireoidh leo i réimse an aistrithe ghlais chun go mbeidh an tAontas in ann a chuspóirí aeráide a bhaint amach, sin agus fostaíocht a chosaint in earnálacha iartheachtacha. Tá brú á chur diaidh ar ndiaidh ar thionscail dianfhuinnimh na hEorpa ó thaobh an iomaíochais de mar gheall ar chostais fuinnimh atá níos airde agus rialacháin an Aontais maidir le dícharbónú atá níos déine i gcomparáid leis na rialacháin a fhorchuirtear ar a n-iomaitheoirí idirnáisiúnta. Dar ndóigh, tá baint ag an ró-acmhainneacht dhomhanda agus na cleachtais éagóracha trádála leis an scéal freisin. Mar thoradh ar an méid sin, tá díthionsclú déanta cheana féin i roinnt earnálacha den gheilleagar (e.g. leasacháin, alúmanam, cruach) agus cailleadh níos mó ná 800 000 post monaraíochta ón tríú ráithe de 2019 (1). Is treocht é seo ar dócha go gcuirfear dlús léi agus go scaipfear í mura gcuirtear idirghabhálacha beartais spriocdhírithe chun feidhme. Bíonn tionchar diúltach ag praghsanna arda fuinnimh ar infheistíochtaí CAPEX freisin ós rud é go mbraitheann dícharbónú na dtionscal dianfhuinnimh go mór ar leictriú (e.g. stroighin, ceirmigh agus ábhair theasfhulangacha, ceimiceáin, fearó-chóimhiotail agus sileacan, leasacháin, gloine, aol, miotail neamhfheiriúla, laíon agus páipéar, mínghlanadh agus cruach). |
|
2.3. |
Ba cheart breithniú a dhéanamh freisin ar acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin a leathnú chun an bhearna i bpraghas an fhuinnimh idir an tAontas agus tíortha eile a dhúnadh agus chun aeráidneodracht a bhaint amach, ach sin sa chás gurb ann do réitigh éifeachtacha maidir le stóráil fuinnimh, idirnaisc mhéadaithe, agus solúbthacht ó thaobh éilimh de. In ainneoin na ndúshlán atá ann, is féidir aistriú fuinnimh iomaíoch a bhaint amach ach cinntí beartais tráthúla agus éifeachtacha a ghlacadh. |
3. Praghsáil fuinnimh agus slándáil an tsoláthair do thionscail dianfhuinnimh na hEorpa
|
3.1. |
Tugann na cogaí san Úcráin agus sa Mheánoirthear chun suntais gurb ann i gcónaí do rioscaí domhanda maidir le slándáil fuinnimh, agus tá ardseans fós go mbeidh suaitheadh agus turraingí praghsanna ann. Bunaithe mar atá sé faoi láthair ar an gcóras praghsála imeallaí, tá margadh leictreachais an Aontais é féin tar éis an tsaincheist sin a ghéarú ós rud é go bhfuil ardú tagtha ar chostais leictreachais mar gheall ar phraghsanna luaineacha GNL atá an-chostasach. Tá praghsanna miondíola leictreachais san Aontas dhá nó trí huaire níos airde ná na praghsanna sna Stáit Aontaithe agus sa tSín (2), go háirithe i gcás na n-earnálacha tionsclaíocha, agus tá éagsúlachtaí suntasacha eatarthu freisin i measc Bhallstáit an Aontais. Chomh maith le praghsanna ardaithe fuinnimh, tá costais mhéadaithe fuinnimh le híoc ag na tionscail dianfhuinnimh, costais ghréasáin san áireamh i measc nithe eile. Mar shampla, tá caiteachas fuinnimh tháirgeoirí cruach na hEorpa dhá oiread níos mó ná caiteachas fuinnimh na dtáirgeoirí sna Stáit Aontaithe agus sa tSín, rud a fhágann go bhfuil na costais táirgthe suas le 20 % níos airde. |
|
3.2. |
Agus na tosca thuasluaite á gcur san áireamh, tathantaíonn CESE ar an gCoimisiún Eorpach bearta beartais a chur chun feidhme lena n-aistreofar tairbhí costais an leictreachais ghlain chuig na tionscail dianfhuinnimh agus lena laghdófar cuid de na hualaí infheistíochta a bhaineann le leathnú agus nuálaíocht na heangaí. Tá méadú as cuimse ag teacht ar na costais sin agus tá an baol ann go mbeidh tionchar díréireach acu ar na tionscail dianfhuinnimh i gcomparáid le hearnálacha nach bhfuil chomh dian céanna ar leictreachas. Dar leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde Eorpach, leanfaidh breoslaí iontaise de phraghas an leictreachais a shocrú in 2030 agus ina dhiaidh sin den chuid is mó, fiú má thagann méadú suas le 67 % ar sciar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin i meascán táirgthe fuinnimh na hEorpa (3). Dá bhrí sin, tá gníomhaíochtaí spriocdhírithe ag teastáil chun a áirithiú go léireofar an t-aistriú chuig táirgeadh leictreachais ghlain i bpraghsanna tráchtearraí. Beart amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh is ea iniúchadh breise a dhéanamh ar an scéim Green Pool a mhol rialtas na Gréige nó ar réitigh chomhchosúla. An phríomhbhacainn atá ann faoi láthair do thomhaltóirí dianleictreacha a mhéid a bhaineann le CCCanna bunaithe ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a shíniú is ea na costais oiriúnúcháin a bhaineann le táirgeadh foinsí in-athnuaite inathraitheacha fuinnimh a chur i gcomhréir le tomhaltas tionsclaíoch cobhsaí agus tugann an scéim Green Pool aghaidh ar an dúshlán sin. |
|
3.3. |
Mar gheall ar cé chomh inathraitheach agus atá an fuinneamh in-athnuaite, tá gá le cur chuige solúbtha i dtaca le soláthar agus éileamh leictreachais. Cé go bhfuil acmhainneacht áirithe ag baint le freagairt thionsclaíoch atá dírithe ar an éileamh, ní féidir freastal ar na tionscail dianfhuinnimh ar an gcaoi chéanna. Tá na tionscail dianfhuinnimh tar éis a n-éileamh leictreachais a mhodhnú a oiread agus is féidir cheana féin. Tá teicneolaíochtaí eile ann a bhféadfadh solúbthacht mhéadaithe a bheith i gceist leo (e.g. luchtú cliste, teaschaidéil, córais ó fheithicil go heangach). Meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar riachtanais solúbthachta an Aontais faoi 2030 agus go rachaidh siad chomh hard le 160 GW (4). |
|
3.4. |
Cuireann CESE i bhfáth an gá atá le measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag dearadh reatha an mhargaidh leictreachais ar inacmhainneacht agus ar an iomaíochas tionsclaíoch. Cuireann sé i bhfáth freisin nach mór na costais rialála agus na costais a bhaineann leis an margadh, cuir i gcás taraifí gréasáin, muirir, agus tobhaigh, a chuirtear le praghsanna tráchtearraí, a laghdú do na tionscail dianfhuinnimh. Ní mór d’institiúidí an Aontais iniúchadh agus meastóireacht a dhéanamh ar na roghanna uile chun costais ghréasáin a ísliú do thomhaltóirí tionsclaíocha, costas ar sciar suntasach é dá gcostais fuinnimh iomlána, agus ní mór dóibh infheistíochtaí i leathnú agus i nuachóiriú na heangaí a spreagadh san am céanna. Aithníonn CESE go mbeidh infheistíocht shuntasach de dhíth chun an gréasán sin a leathnú, rud a fhágfaidh, ar ndóigh, go mbeidh costais fuinnimh níos airde ann do thomhaltóirí. Cé go bhfuil aontoilíocht i gceist le hathchóiriú reachtach sa réimse sin, ba cheart féachaint ar an gcomhar i measc foghrúpa de Bhallstáit a chothú nó ar threoir a chruthú maidir le cánachas fuinnimh. |
|
3.5. |
Ba cheart conarthaí difríochta a leathnú agus a chur i bhfeidhm i gcomhpháirt le CCCanna, lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí tionsclaíocha ar fhuinneamh saor ó iontaise ar chostas íseal atá fóirdheonaithe go poiblí. Leis an gcur chuige sin, ráthófaí ioncam íosta do thionscadail fuinnimh ghlain le linn tréimhsí nuair a bhíonn praghsanna íseal, agus ag an am céanna chuirfí deireadh leis an róchúiteamh ó rialtais de dheasca praghsanna arda. Leis na hiarrachtaí sin atá níos spriocdhírithe, ba cheart díriú freisin ar dheireadh a chur le bacainní ar CCCanna idir tomhaltóirí agus táirgeoirí dianfhuinnimh. Is féidir le hionstraimí fadtéarmacha comhcheangailte den sórt sin praghsanna a chobhsú do tháirgeoirí agus d’infheisteoirí agus is féidir infheistíochtaí i bhfuinneamh glan a éascú. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir praghas ‘cothrom’ a bhunú do ghineadóirí agus costais níos ísle a áirithiú go fadtéarmach do thomhaltóirí, go háirithe nuair nach fios beag ná mór céard atá i ndán don mhargadh fuinnimh amach anseo. |
|
3.6. |
Mar sin féin, cé go mbreathnaítear orthu go minic mar bhealach chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú agus fálú in aghaidh rioscaí luaineachta, ní leor CCCanna do na tionscail dianfhuinnimh mar gheall ar na dúshláin bhunúsacha a ghabhann leo. Is iondúil go leanann praghsanna CCCanna san Eoraip praghsanna mórdhíola leictreachais, rud a fhágann nach mbíonn mórán faoisimh ar fáil ó thaobh praghsanna de. Ina theannta sin, mar gheall ar cé chomh inathraitheach agus atá an fuinneamh in-athnuaite, tá gá le sásraí cúltaca costasacha, cuir i gcás cumhacht eangaí nó stóráil fuinnimh, rud a chuireann deireadh le coigilteas costais ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann agus a laghdaíonn éifeachtacht CCCanna mar uirlis fálaithe do na tionscail dianfhuinnimh. |
|
3.7. |
De dheasca na bpraghsanna arda leictreachais san Aontas, tá bac á chur ar tháirgeadh áitiúil hidrigine, ar thomhaltas hidrigine ag tomhaltóirí tionsclaíocha, agus, ar deireadh thiar, ar an aistriú chuig geilleagar atá bunaithe ar hidrigin. Is iomaí dúshlán atá roimh tháirgeadh hidrigine in-athnuaite intíre ina measc costais arda leictreachais, rialacha dochta maidir le foinsiú fuinnimh in-athnuaite, tacaíocht theoranta ó thaobh an éilimh de, agus moilleanna bonneagair. De réir thuarascáil 2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (5) meastar nach dócha, mar thoradh air sin, go mbainfidh an tAontas a sprioc do 2030 amach maidir le 10 milliún tona hidrigine a tháirgeadh. Chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí struchtúracha sin, molann CESE athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann cheana maidir le táirgeadh hidrigine chun na srianta rialála a laghdú agus bearta a chur chun feidhme chun praghsanna leictreachais a laghdú le haghaidh táirgeadh iomaíoch hidrigine. Molann sé freisin bearta tacaíochta a thabhairt isteach atá dírithe ar an éileamh. Meastar go mbeidh hidrigin ghlan a ghintear trí leictrealú i bhfad níos costasaí i gcónaí ná hidrigin liath agus ghorm. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas straitéis dhéach a shaothrú lena n-áiritheofar cinnteacht infheistíochta agus lena gcothófar éileamh tionsclaíoch ar hidrigin ghlan san am céanna. Tá gá ar leith leis sin in earnálacha amhail táirgeadh cruach agus leasacháin. |
4. Iomaíochas thionscal an Aontais a chothabháil agus a threisiú
|
4.1. |
Léirítear i dtuarascáil Draghi go bhfuil roinnt rioscaí do na tionscail dianfhuinnimh sa Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, ina measc sin atheagrú acmhainní ag onnmhaireoirí tríú tíortha, táirgeadh ísealcharbóin atá ann cheana a atreorú chuig an Aontas agus táirgí atá níos déine ar charbón a atreorú chuig tríú tíortha; cumhdach táirgí iartheachtacha lag; agus tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar tháirgí shásra sin an Aontais a onnmhairítear chuig tríú tíortha. Measann CESE gur gá bearta a chur chun feidhme chun onnmhairí SCCT an Aontais a chaomhnú, chun bearta láidre frith-imchéimniúcháin a thabhairt isteach, agus chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar atheagrú acmhainní agus ar dhí-chomhchruinniú earnálacha iartheachtacha agus chun na nithe sin a chosc. Molann CESE don Choimisiún gníomhú go pras má bhíonn an sásra neamhéifeachtach nó mura bhfuil sé éifeachtach ach i bpáirt, mar shampla trí athmhachnamh a dhéanamh ar chonair céimnithe amach na lamháltas saor in aisce faoi scéim trádála astaíochtaí an Aontais. |
|
4.2. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil beartas trádála níos teanntásaí agus níos comhordaithe atá i gcomhréir le straitéis thionsclaíoch an Aontais de dhíth ar an Aontas má táthar chun beartais thionsclaíocha ionsaitheacha na n-iomaitheoirí domhanda a chomhrac. Tacaíonn CESE le measúnú leathan ar bhearta breise nua um chosaint trádála chun gníomhú in aghaidh na hiomaíochta éagóraí. Thairis sin, tá na tionscail dianfhuinnimh thíos le spriocanna uaillmhianacha dícharbónaithe an Aontais ó thaobh costais de i gcomparáid lena n-iomaitheoirí sna réigiúin sin nach bhfuil rialacháin chomhshaoil chomh docht céanna i bhfeidhm iontu. Maidir leis na tionscail dianfhuinnimh atá i mbun aistrithe, is den ríthábhacht go mbainfí amach cothroime iomaíochta sna hearnálacha is mó atá neamhchosanta ar iomaíocht éagórach. |
|
4.3. |
Ní mór don Aontas cothromaíocht a bhaint amach idir na spriocanna dícharbónaithe agus iomaíochas na dtionscal dianfhuinnimh, agus ní mór dó cur chuige a chur i bhfeidhm nach bhfuil caomhnaitheach ná laissez-faire chun dochar eacnamaíoch agus díthionsclú a sheachaint. Measann CESE gur cheart don Aontas ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú agus a fhorfheidhmiú go pras chun tionscail intíre a chosaint ar dhíthionsclú go bunúsach, lena n-áirítear trí tharaifí a chur i bhfeidhm i gcás inar gá. Ba cheart féachaint freisin ar fheabhsuithe earnáilsonracha, cuir i gcás athbhreithniú a dhéanamh ar chuótaí coimirce cruach, deireadh a chur le riail na dleachta is lú, dleachtanna an éilimh chomhiomláin/an tsoláthair chomhiomláin a leathnú, agus measúnú cuí a dhéanamh ar chásanna fóirdheontais ar mhórscála. Mar sin féin, ní mór do na gníomhaíochtaí sin frithbhearta díobhálacha a sheachaint a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thionscail eile, do rochtain ar mhargadh an Aontais, nó d’iomaíochas foriomlán thionscail an Aontais. |
|
4.4. |
Tacaíonn CESE leis an mbéim atá á leagan ag an gCoimisiún nua ar ‘phríomh-mhargaí’ a chruthú chun borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí ísealcharbóin. Chun an bhearna chostais idir gnáthréitigh agus réitigh ísealcharbóin a dhúnadh, beidh gá le bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar araon, lena bhféadfaí ceanglais maidir le hábhar áitiúil a áireamh chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht a fheabhsú. |
|
4.5. |
Ba cheart don Choimisiún Eorpach straitéis chuimsitheach nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme a mbeidh faoiseamh láithreach ó phraghsanna arda fuinnimh mar thoradh uirthi, le treoirlínte cur chun feidhme gaolmhara, agus lena dtabharfar tús áite d’infheistíochtaí fadtéarmacha san fhuinneamh glan, san éifeachtúlacht fuinnimh agus sa nuálaíocht theicneolaíoch. Cuirfidh an cur chuige déach sin ar chumas an Aontais an brú eacnamaíoch gearrthéarmach ar a thionscail a mhaolú, agus creat láidir á bhunú san am céanna do thodhchaí thionsclaíoch a bheidh inbhuanaithe agus iomaíoch. |
|
4.6. |
Dúshlán mór san aistriú fuinnimh is ea spleáchas an Aontais ar amhábhair chriticiúla, agus go háirithe ar amhábhair straitéiseacha mar a shainítear sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla 2024. Tá méadú tagtha ar liosta na n-ábhar criticiúil; bhí 14 acu ann in 2011 ach faoi 2023 bhí 34 acu ann. As an méid sin aicmíodh 17 n-ábhar mar ábhair straitéiseacha, lena n-áirítear tearc-chréanna éadroma agus tearc-chréanna troma, a bhfuil an tAontas ag brath go mór ar allmhairí ón tSín ina leith. Tá tús áite tugtha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, do rochtain iontaofa inacmhainne ar amhábhair chriticiúla, trí thionscnaimh éagsúla a chur ar bun, cuir i gcás an sásra um éileamh comhiomlán agus comhpháirtíochtaí um thrádáil agus infheistíocht ghlan. Cuireann CESE i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé infhaighteacht amhábhar tánaisteach a mhéadú chun go mbeifear in ann spriocanna comhshaoil a bhaint amach agus chun úsáid príomhábhar, ídiú fuinnimh agus astaíochtaí CO2 a laghdú. |
|
4.7. |
Is den ríthábhacht go ndéanfar soláthar amhábhar agus ábhar próiseáilte a éagsúlú trí bhíthin comhaontuithe trádála agus comhpháirtíochtaí. Ba cheart d’idirbheartaithe an Aontais ionchais réalaíocha a leagan síos maidir le comhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de agus úsáid éifeachtach a bhaint as cabhair um fhorbairt ón Aontas. Anuas air sin, ba cheart dóibh urraim a thabhairt do shainphribhléidí tíortha i mbéal forbartha agus cur chuige níos uaillmhianaí maidir leis an ngeilleagar ciorclach a ghlacadh san am céanna. Tá cur chuige den sórt sin fíor-riachtanach más uainn a léiriú gur comhpháirtí iontaofa fadtéarmach é an tAontas, comhpháirtí atá comhoibríoch agus atá bunaithe ar luachanna murab ionann agus gníomhaithe eacnamaíocha domhanda eile cosúil leis an tSín. Mar chuid de sin, ní mór dreasachtaí a chur ar fáil agus fíormhargadh aonair a bhunú le haghaidh amhábhair thánaisteacha chun barainneachtaí scála a bhaint amach. Ní mór bearta a chur ar bun freisin chun sceitheadh amhábhar tánaisteach straitéiseach a chosc, mar atá molta ag CESE cheana féin (6). |
|
4.8. |
Baineann tábhacht ar leith le beartais fuinnimh thacúla a chur chun feidhme lena bhfeabhsófar an t-iomaíochas agus lena laghdófar costais oibríochtúla chun a áirithiú nach mbogfaidh gnólachtaí Eorpacha chuig tíortha ina bhfuil dálaí fuinnimh níos fabhraí. Mar thoradh ar bheartais den chineál sin, is mó seans go gcoinneofar poist oilte, go háirithe sna hearnálacha tionsclaíocha agus monaraíochta, rud lena n-áiritheofar go mbeidh na poist, na scileanna agus na conairí oiliúna ríthábhachtacha sin atá riachtanach don ationsclú laistigh den Eoraip i gcónaí agus cuirfidh siad le cobhsaíocht agus fás eacnamaíoch an réigiúin. |
|
4.9. |
Iarrann CESE go mbeidh straitéis shoiléir ann chun éiginnteachtaí d’infheisteoirí a mhaolú trí theicneolaíochtaí nuálacha nach bhfuil cás dearfach gnó acu faoi láthair a dhreasú agus trí nósanna imeachta státchabhrach a shimpliú. Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar na castachtaí sin chun gur féidir linn dul san iomaíocht le scéimeanna dreasachta éifeachtacha in áiteanna eile ar domhan, e.g. an tAcht um Boilsciú a Laghdú sna Stáit Aontaithe. |
|
4.10. |
Ní mór don Aontas feabhas a chur ar a chomhpháirtíochtaí domhanda trí ghníomhú comhordaithe domhanda ar son na haeráide a stiúradh agus trí iomaíocht chóir trádála a chur chun cinn laistigh de chreat na hEagraíochta Domhanda Trádála, rud ar féidir a dhéanamh trí thús áite a thabhairt do shlabhraí soláthair atá slán agus éagsúil. |
5. Infheistíocht agus cistiúchán
|
5.1. |
Sa bhreis ar mhaoiniú príobháideach, beidh cistiú poiblí spriocdhírithe fíor-riachtanach chun rioscaí a mhaolú agus chun an infheistíocht is gá a spreagadh chun an acmhainneacht agus an bonneagar fuinnimh a mhéadú go suntasach. Más uainn éifeachtúlacht an chórais fuinnimh a fheabhsú, beidh gá le cistiú méadaithe ón Aontas freisin. Chuige sin féadfar borradh a chur faoin tacaíocht do chláir atá ann cheana nó tionscnaimh nua iomaíocha a bhunú. D’fhógair an Coimisiún Eorpach Straitéis Eorpach nua maidir le Leictriú le déanaí. |
|
5.2. |
Chun tacaíocht a chur ar fáil don chomhtháthú in-athnuaite agus chun na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach, molann CESE infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh san acmhainneacht idirnaisc mar ábhar tosaíochta. Tá thart ar 40 % de ghréasáin an Aontais os cionn 40 bliain d’aois agus tá siad ag druidim i dtreo dheireadh a ngnáthshaolré, rud a mbíonn tionchar aige ar eangacha tarchurtha, ar eangacha dáileacháin, agus ar fhorbairt idirnascairí idir tíortha an Aontais agus tríú tíortha. Ba cheart don Aontas tús áite a thabhairt do nuachóiriú agus leathnú na n-eangach fuinnimh chun feabhas a chur ar an acmhainneacht stórála, lena n-áirítear naisc trasteorann, chun feabhas a chur ar dháileadh fuinnimh agus ar chothromaíocht an tsoláthair agus an éilimh ar fud na hEorpa. Is gá freisin infheistiú i slándáil na ngréasán agus na nasc agus i gcosaint an bhonneagair (lena n-áirítear go háirithe an bonneagar faoi uisce). Ní féidir leas a bhaint as acmhainneacht na bhfoinsí in-athnuaite gan infheistíocht phoiblí shuntasach a dhéanamh in eangacha fuinnimh nó gan na gréasáin dáileacháin is gá chun suiteálacha nua in-athnuaite a nascadh a leathnú. Beidh gá le hobair shuntasach a dhéanamh amach anseo ó thaobh dhigiteáil na n-eangach cumhachta chun gur féidir na milliúin suiteálacha fuinnimh in-athnuaite díláraithe, teaschaidéal, pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha, agus leictrealóirí hidrigine a chomhtháthú go héifeachtach. Ina theannta sin, ba cheart tús áite a thabhairt do chur chun feidhme teicneolaíochtaí eangaí cliste agus clár freagartha don éileamh chun úsáid fuinnimh a bharrfheabhsú, chun an buaicéileamh a laghdú, agus chun costais a laghdú do thomhaltóirí. |
|
5.3. |
Ba cheart féachaint ar an gcomhar i measc foghrúpa de Bhallstáit a chothú agus ar threoir a chruthú maidir le cánachas fuinnimh. Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe, próisis tógála a chuíchóiriú, agus rioscaí rialála a íoslaghdú ós rud é go gcruthaíonn na nithe sin éiginnteachtaí faoi láthair maidir leis na tionscadail idirnaisc a bheidh ann amach anseo. Tá gá le cur chuige níos córasaí chun nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú trí chomhleanúnachas beartais níos láidre a áirithiú idir beartais éagsúla an Aontais agus reachtaíocht na mBallstát, lena n-áirítear trí theorainneacha a leagan síos agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar chosaint costas chun agóidí comhshaoil a scrúdú sna cúirteanna. Ina theannta sin, molann CESE infheistíocht a dhéanamh i réitigh stórála fuinnimh ar mhórscála, cuir i gcás ceallraí, chun farasbarr fuinnimh in-athnuaite a stóráil agus chun soláthar cobhsaí fuinnimh a áirithiú le linn tréimhsí ísealtáirgthe. |
|
5.4. |
Cuireann CESE i bhfios go láidir, in ainneoin go rannchuidíonn na tionscail dianfhuinnimh go mór leis an gcóras trádála astaíochtaí, nach n-úsáidtear ach thart ar 8 % d’ioncam an chórais sin chun tacú lena ndícharbónú. Beidh tuilleadh cistiúcháin de dhíth le haghaidh costais chaipitil agus oibríochtúla araon, cuir i gcás le haghaidh glacadh hidrigine in-athnuaite nó le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí dícharbónaithe, amhail gabháil, úsáid agus stóráil carbóin agus teicneolaíochtaí leictriúcháin díreacha agus indíreacha eile. Iarrann CESE go mbeidh tuilleadh comhleanúnachais i scéimeanna cistiúcháin an Aontais, go mbainfí leas níos mó as ioncam CTA, agus go mbeadh sásraí nuálacha ann amhail an Banc Eorpach Hidrigine agus conarthaí difríochta chun nach mbeadh an riosca céanna ag baint le hinfheistíochtaí. |
|
5.5. |
Éilíonn CESE cúnamh airgeadais spriocdhírithe chun an t-ualach a bhaineann le costais fuinnimh atá ag dul i méid a mhaolú do FBManna. Chuirfeadh an méid sin ar chumas na bhfiontar sin níos mó caipitil a leithdháileadh ar an nuálaíocht, ar uasghráduithe teicneolaíochta agus ar iarrachtaí leathnaithe, rud atá ríthábhachtach chun a n-iomaíochas a choinneáil. |
|
5.6. |
Tá cistiú méadaithe don nuálaíocht ríthábhachtach chun modhanna táirgthe, iompair agus úsáide fuinnimh a chur ar fáil atá níos inacmhainne, níos sláine agus ina bhfuil níos lú carbóin. Ina theannta sin, ní mór béim níos láidre a chur ar phleanáil chuimsitheach an chórais fuinnimh agus ar oibriú comhordaithe an chórais chun costais ghréasáin a laghdú, go háirithe de réir mar a éiríonn iompróirí fuinnimh amhail gás agus leictreachas níos idirnasctha. Thairis sin, tacaíonn CESE le togra Letta le haghaidh ‘an cúigiú saoirse’ atá dírithe ar shaorghluaiseacht taighde, nuálaíochta, eolais agus oideachais a chumasú. Ar deireadh, molann CESE go méadófaí an cistiú le haghaidh taighde agus forbartha i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain, lena n-áirítear teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite atá níos forbartha, gabháil carbóin agus stóráil fuinnimh. |
An Bhruiséil, an 16 Eanáir 2025.
Uachtarán
an Choimisiúin Chomhairligh
um Athruithe Tionsclaíocha
Pietro Francesco DE LOTTO
(1) Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, EU loses almost a million manufacturing jobs in just 4 years | Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann.
(2) Todhchaí iomaíochas na hEorpa – Grinnanailís agus moltaí, an Coimisiún Eorpach, 2024, lch 5.
(3) An tAirmheán Comhpháirteach Taighde Eorpach, The Merit Order and Price-Setting Dynamics in European Electricity Markets, JRC134300, 31 Lúnasa 2023.
(4) SWD (2023)58 final, Athchóiriú ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais.
(5) Tuarascáil speisialta 11/2024 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2015/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)