European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/2007

30.4.2025

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Ionchur CESE i dtosaíochtaí an Aontais ag an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan

(tuairim féintionscnaimh)

(C/2025/2007)

Rapóirtéir:

Maria NIKOLOPOULOU

Comhairleoir

Laura KAUN (thar ceann an rapóirtéara, Grúpa II)

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

24.10.2024

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

An rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

4.2.2025

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

26.2.2025

Seisiún iomlánach Uimh.

594

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

167/03/01

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Aithníonn CESE na forbairtí dearfacha atá tagtha chun cinn i réimse an chomhionannais inscne san Eoraip le blianta beaga anuas. Tathantaíonn sé ar an Aontas agus ar na Ballstáit luas an dul chun cinn a mhéadú, a bheith níos uaillmhianaí, labhairt amach faoin laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus bac a chur ar aon fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban, atá faoi ionsaí, go háirithe ag páirtithe polaitiúla antoisceacha na heite deise.

1.2.

Molann CESE go ngeallfadh an tAontas, na Ballstáit agus na páirtithe polaitiúla beart a dhéanamh chun mná a mhealladh chuig an bpolaitíocht, trí steiréitíopaí a chomhrac, oiliúint a chur ar fáil, spásanna sábháilte a chruthú ar líne agus as líne agus bearta a bhreithniú d’fhonn toghadh agus ceapadh ban chuig príomhphoist a spreagadh, bearta amhail cuótaí, zipliostaí (1), comhchathaoirleacht, téarmaí oifige deighilte agus iarrthóirí fireanna agus baineanna a mholadh.

1.3.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit uile acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na pleananna sin a dhearadh i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí shibhialta. Chun feimeamharú agus foréigean in aghaidh na mban a chosc, tá gá le reachtaíocht chuí, feachtais múscailte feasachta, oiliúint i scoileanna agus neamhspleáchas airgeadais do na mná. Tá gá le hoiliúint speisialta don phearsanra uile a bhíonn i dteagmháil le daoine a thagann slán as an bhforéigean sin (póilíní, seirbhísí cúraim sláinte, oibrithe sóisialta, dlíodóirí agus breithiúna), agus ba cheart saoráidí cúraim agus ionaid dídine a chur ar bun i ngach réigiún.

1.4.

Tá CESE den tuairim gur cheart straitéis scileanna a áireamh i gcreat an Aontais maidir le haistriú cóir chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais inscne atá ann cheana. Ní mór dó riachtanais scileanna a mhapáil, cláir oiliúna iomchuí a fhorbairt, borradh a chur faoi fhiontraíocht na mban in earnálacha glasa agus an bhearna idir na hinscní sa lucht saothair a dhúnadh. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná agus ar chailíní sa Domhan Theas agus i gceantair thuaithe, a bhfuil tionchar díréireach ag an ngéarchéim thriarach phláinéadach orthu.

1.5.

Chun an bhearna dhigiteach idir na hinscní a dhúnadh, molann CESE infheistíocht a dhéanamh in oiliúint sa litearthacht dhigiteach, i rochtain inacmhainne ar an idirlíon, i ngléasanna digiteacha agus i dtionscadail teicneolaíochta faoi stiúir na mban agus oideachas agus gairmeacha ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a chur chun cinn do mhná agus do chailíní. Ní mór peirspictíochtaí na mban a chur san áireamh i ndearadh, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme na hintleachta saorga agus na n-algartam, chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga íogair go sóisialta agus cuimsitheach.

1.6.

Chun an bhearna idir na hinscní a dhúnadh, is é sin an bhearna maidir le freagrachtaí cúraim gan íocaíocht, agus chun cuidiú le mná fanacht sa mhargadh saothair, iarrann CESE an athuair go seolfaí Ráthaíocht Eorpach um Chúram, lena n-áirítear cúram leanaí, ar mhaithe le seirbhísí cúraim agus cúraim sláinte atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine san Aontas. Mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, ba cheart rochtain ar líontáin sábhála amhail saoire teaghlaigh níos faide le pá, scéimeanna ioncaim bhunúsaigh agus ‘creidmheasanna cúraim’ le haghaidh pleananna pinsin a bheith ag cúramóirí a fhágann an margadh saothair.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an fhís bhunaidh de dhearbhú Bhéising maidir le réiteach neamhfhoréigneach coinbhleachta agus cothú na síochána ar an leibhéal áitiúil a threisiú agus go mbeadh straitéis fhadtéarmach láidir uaillmhianach de chuid an Aontais ann maidir le beartas eachtrach cuimsitheach a mbeadh comhionannas inscne, cearta an duine, taidhleoireacht fheimineach agus ceartas sóisialta ina croílár aici.

1.8.

Cuireann CESE chun suntais go bhfuil gá le sonraí trasnacha atá imdhealaithe ó thaobh inscne de ionas gur féidir straitéisí a mhúnlú agus obair leantach a dhéanamh orthu, chun uirlisí buiséadaithe inscne a úsáid agus lionsa inscne a chruthú sa bheartas fioscach.

1.9.

Is mian le CESE go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta chun foréigean in aghaidh na mban ar líne a chomhrac (go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar bhrionnuithe digiteacha gnéis sa phornagrafaíocht), chun aire a thabhairt do shláinte fhisiciúil agus mheabhrach na mban, chun bearta a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean eacnamaíoch agus chun a áirithiú go n-urramófaí sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Leis an saineolas atá ag CESE agus an éagsúlacht atá i measc fhoireann an Choiste, agus rún daingean aige dlús a chur leis na hathruithe is gá chun domhan síochánta agus cóir a bhaint amach ina gcaitear le gach duine le dínit agus le meas, is mian le CESE cur le tosaíochtaí an 69ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan ó thaobh na hEorpa de, agus beart le déanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát.

2.2.

Ag an 69ú seisiún sin den Choimisiún, díreofar ar chur chun feidhme Dhearbhú agus Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising 1995 (2) a athbhreithniú agus a mheasúnú, agus ar thorthaí an 23ú seisiún speisialta den Chomhthionól Ginearálta (3).

2.3.

Tá sé réimse gníomhaíochta tosaíochta sainaitheanta ag Mná na Náisiún Aontaithe, gan aon ord ar leith leo (4):

Dlús a chur leis an bpaireacht inscne sa rialtas náisiúnta agus áitiúil

Pleananna gníomhaíochta náisiúnta a ghlacadh agus a chistiú chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

Mná agus cailíní a chur i lár aistriú cóir domhanda i dtreo geilleagar glas

An bhearna dhigiteach idir na hinscní a líonadh

Geilleagar an chúraim a athrú ó bhonn chun tacú le cumhachtú eacnamaíoch na mban

Cuntasacht as an gclár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn

3.   Staid na himeartha san Aontas Eorpach

3.1.

Le scór nó dhó bliain anuas, a bhuí le hobair ghníomhach na sochaí sibhialta eagraithe agus le tiomantas an Aontais don chomhionannas idir mná agus fir, tá dul chun cinn déanta maidir le príomhshruthú inscne ar leibhéal na sochaí agus ar an leibhéal reachtach, go háirithe i gcomparáid le réigiúin eile ar domhan. Tá dul chun cinn déanta againn i réimsí na hoibre, an ioncaim, an oideachais, na hionadaíochta polaitiúla agus na bpost cumhachta, cé gur dul chun cinn mall atá ann, de réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne (EIGE) (5).

3.2.

Lena chois sin (6), cé go raibh tionchar dearfach ag na hiarrachtaí a rinneadh chun staid na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, tá neamhionannais shuntasacha inscne fós ann. Tá éagsúlachtaí freisin sa dul chun cinn atá á dhéanamh sna Ballstáit. Cé go bhfuil céimeanna treasacha agus níos mó ban ná fear i roinnt tíortha (7), is saincheisteanna atá ábhartha go fóill sa lá atá inniu ann iad na saincheisteanna seanbhunaithe, amhail leibhéil níos airde bochtaineachta na mban, leibhéil níos ísle fostaíochta agus pá, easpa rochtana ar acmhainní agus ar chaipiteal, gannionadaíocht sa chinnteoireacht, oideachas ETIM neamhleor — rud a chuireann cosc ar chomhionannas deiseanna sa mhargadh saothair — agus nochtadh d’fhoréigean inscnebhunaithe. Thairis sin, tá dúshláin nua ag teacht chun cinn nach mór dul i ngleic leo, dúshláin a eascraíonn as an digiteáil, an t-athrú aeráide, an imirce, agus an fhrithfhreagairt i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban.

4.   Mná na Náisiún Aontaithe - Réimse gníomhaíochta tosaíochta san Aontas Eorpach

4.1.    Paireacht inscne sa rialachas

4.1.1.

Is mná iad thart ar 51 % de dhaonra an Aontais. Tar éis na dtoghchán Eorpach a reáchtáladh in 2024, is mná iad 39 % d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (8), agus tá roinnt de na poist cheannaireachta in institiúidí an Aontais ag mná. Tá céatadán na mban níos ísle i rialtais náisiúnta agus áitiúla na mBallstát (9). Is cur chuige cothrom é céatadán cothrom de mhná a bheith i gcomhlachtaí cinnteoireachta ó thaobh ionadaíochta de agus is é an bealach is fearr é chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na mban agus na gcailíní san áireamh sna beartais uile.

4.1.2.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit, ar na páirtithe polaitiúla agus ar an Aontas gealltanas a thabhairt paireacht a bhaint amach i gcomhlachtaí rialaithe a luaithe agus is féidir trí na bearta is iomchuí, dar leo, a ghlacadh. Is iad na réamhriachtanais chun níos mó ban a mhealladh chuig an bpolaitíocht ná steiréitíopaí a chomhrac, na heiseamláirí atá ann cheana a chur ar a shúile do dhaoine, oiliúint agus meantóireacht a chur ar fáil do mhná maidir le ceapadh beartas agus ionadaíocht pholaitiúil, cothromaíocht oibre is saoil a sholáthar agus spásanna atá go hiomlán daonlathach a chruthú (ar líne agus as líne) inar féidir le mná agus fir labhairt agus cinntí a dhéanamh gan glacadh beag ná mór le dímheas ná mí-iompar. D’fhéadfaí a áireamh ar na bearta cuótaí a chur i bhfeidhm ar liostaí toghcháin, zipliostaí a dhéanamh, comhchathaoirleacht a thabhairt isteach do phríomhphoist, téarmaí oifige a dheighilt agus iarrthóir fireann agus baineann a mholadh le linn próisis roghnúcháin do phríomhphoist.

4.2.    Pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

4.2.1.

Is sárú ar chearta an duine é foréigean fisiciúil agus síceolaíoch ar líne agus as líne in aghaidh na mban agus na gcailíní. Is rud é freisin a chuireann drogall orthu páirt a ghlacadh in ionaid oibre agus spásanna poiblí áirithe agus sa pholaitíocht. Cuireann sé srian agus cosc orthu a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach agus, ar deireadh, cuireann sé an daonlathas i mbaol. Tá cumhachtú eacnamaíoch (10) na mban ríthábhachtach chun foréigean eacnamaíoch a laghdú, amhail rialú eacnamaíoch, dúshaothrú agus sabaitéireacht (11).

4.2.2.

Is díol sásaimh do CESE nuálaíocht rialála na treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus an cur chuige trasnach a ghlactar inti (12). Le trasuí agus cur chun feidhme cuí na treorach, cuirfear na huirlisí reachtacha ar fáil do na Ballstáit chun mná a chosaint.

4.2.3.

Tá CESE ag tathant ar Bhallstáit uile an Aontais Coinbhinsiún Uimh. 190 (13) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Foréigean agus Ciapadh agus Coinbhinsiún Iostanbúl (14) a dhaingniú agus a chur chun feidhme agus iarrann sé go gcuirfí a ndaingniú chun cinn i measc tíortha a aontóidh don Aontas sa todhchaí.

4.2.4.

Is féidir ról lárnach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le haghaidh a thabhairt ar an bhforéigean agus ar an gciapadh ag an obair. I bhfianaise Threoir (AE) 2024/1385 (15) agus Choinbhinsiún EIS 190 a glacadh, d’fhéadfadh comhpháirtithe sóisialta an Aontais plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht nuashonrú a dhéanamh ar an gcreat-chomhaontú neamhspleách Eorpach ó 2007 maidir le ciapadh agus foréigean ag an obair, atá le cur chun feidhme sna Ballstáit uile.

4.2.5.

Ní mór pleananna náisiúnta agus réigiúnacha a chistiú go leordhóthanach, ní mór cuspóirí, táscairí agus sásraí faireacháin soiléire a bheith acu, agus ní mór iad a fhorbairt le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, agus cur chuige cuimsitheach idirdhisciplíneach á áirithiú.

4.2.6.

Chun dul i ngleic leis an bhfeimeamharú, an foréigean in aghaidh na mban agus steiréitíopaí díobhálacha inscne a bhíonn ann sa saol laethúil, sna meáin thraidisiúnta agus sna meáin shóisialta, ba cheart feachtais múscailte feasachta agus oiliúint a bheith ann do thuismitheoirí, do chúramóirí agus do mhúinteoirí, mar aon leis an ngnéasoideachas a chur chun cinn ag an scoil. Ba cheart oiliúint maidir le tráma agus an bealach chun déileáil le marthanóirí a bheith éigeantach do na póilíní, don fhoireann cúraim sláinte, d’oibrithe sóisialta, do dhlíodóirí agus do bhreithiúna.

4.2.7.

Is gá cistiú a chur ar fáil chun go mbeidh seirbhísí áitiúla ar ardchaighdeán ann do dhaoine a tháinig slán as an bhforéigean sin i ngach réigiún agus ionaid dídine a bhfuil spásanna leordhóthanacha acu, sin agus foirne éagsúla speisialaithe a áirithiú agus aird ar leith a thabhairt ar leanaí. Tá sé ríthábhachtach spásanna sábháilte a chruthú chun go mbeidh sé de mhisneach ag marthanóirí an mhí-úsáid a thuairisciú, agus straitéis frithbhochtaineachta a fhorbairt a chuideoidh leo rochtain a fháil ar an margadh saothair agus a bheith neamhspleách ó thaobh airgid de.

4.2.8.

Tá gá le bearta chun leanaí a scaradh ó mhí-úsáideoirí, chun tearmann a dheonú do mhná imirceacha a ndearnadh mí-úsáid orthu ionas nach ndíbreofar iad, chun gach cineál foréigin a aithint fiú an foréigean baile, agus chun sainmhíniú bunaithe ar an toiliú a thabhairt ar an rud is éigniú ann.

4.3.    An t-aistriú cóir

4.3.1.

Bíonn tionchar díréireach ag an athrú aeráide, ag an truailliú agus ag cailliúint na bithéagsúlachta ar mhná agus ar chailíní, toisc go méadaíonn nó go mbuanaíonn siad na neamhionannais atá ann cheana, go háirithe i gceantair thuaithe agus sa Domhan Theas (16). San am céanna, is iad na fir a bhíonn i gceannas i bhformhór na dtionscal a ndéanann an t-aistriú glas difear dóibh, amhail iompar, fuinneamh, bainistíocht uirbeach, tithíocht agus talmhaíocht.

4.3.2.

Ba cheart straitéis scileanna a áireamh i bpacáiste beartais de chuid an Aontais maidir le haistriú cóir chun aghaidh a thabhairt ar na neamhionannais inscne atá ann cheana agus chun a áirithiú go gcuirfidh na beartais don aistriú cóir feabhas ar an gcomhionannas inscne go gníomhach. Is gá riachtanais scileanna a mhapáil, cláir oiliúna iomchuí a fhorbairt agus rochtain fhóinteach in-fhorfheidhmithe ar uaireanta oiliúna lánchúitithe a bhunú (17).

4.3.3.

Má chuirtear borradh faoi fhiontraíocht na mban i gcoitinne, agus go háirithe in earnálacha glasa, agus má dhúntar an bhearna idir na hinscní sa lucht saothair, beidh an tAontas níos iomaíche. Chuirfeadh rochtain ar thalamh agus ar mhaoiniú dlús leis an aistriú do mhná i gceantair thuaithe. Ní mór na deiseanna, na sócmhainní, na scileanna agus an saineolas céanna a bheith ag mná agus atá ag fir ionas gur féidir leo an t-aistriú glas a dhearadh, rannchuidiú leis agus tairbhe iomlán a bhaint as.

4.4.    An bhearna dhigiteach idir na hinscní

4.4.1.

Tá laghdú tagtha ar an deighilt dhigiteach maidir le rochtain teaghlaigh ar an idirlíon sna Ballstáit agus is idir na ceantair thuaithe agus uirbeacha is mó a bhfuil an deighilt le sonrú go fóill sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, ní mná iad ach 19 % de na speisialtóirí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide fad agus nach bhfuil ach duine as gach triúr céimithe ETIM ina bhean (18).

4.4.2.

Is iomaí cúis atá leis an mbearna dhigiteach idir na hinscní, agus ní mór do bhearta lena dtugtar aghaidh ar an mbearna sin díriú ar réimsí éagsúla: an córas oideachais do gach aois, an margadh saothair, cothromaíocht oibre is saoil, seirbhísí poiblí, agus an deighilt dhigiteach i gcoitinne. Molann CESE cur chuige ildisciplíneach a ghlacadh lena dtugtar le chéile gnéithe éagsúla den nuálaíocht (teicneolaíoch, sóisialta, cultúrtha, srl.) (19). Teastaíonn cistiú, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), agus comhar le cuideachtaí chun cláir a bhaineann le rochtain ar an idirlíon agus leis an litearthacht dhigiteach a chur chun feidhme, chun pointí nascachta coiteanna a chruthú, chun gléasanna digiteacha a chur ar fáil agus chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail teicneolaíochta atá faoi stiúir na mban.

4.4.3.

Ós rud é go bhfuil na poist atá ann faoi láthair á n-athrú ó bhonn ag an digiteáil agus go bhfuil poist nua á gcruthú aici, tá sé ríthábhachtach oideachas agus gairmeacha ETIM a chur chun cinn i measc na mban agus na gcailíní chun líon na mban sna réimsí seo a mhéadú, mar go bhfeabhsóidh sé sin seasamh na mban, an geilleagar agus an tsochaí.

4.4.4.

Molann CESE don Choimisiún an Tascfhórsa ‘Mná sa Ré Dhigiteach’, an Chomhairle ‘Women4Cyber’ agus an tionscnamh ‘Digital4Her’ a neartú. Tá sé tábhachtach líonraí Eorpacha na mban sa réimse digiteach a fhorbairt tuilleadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

4.4.5.

Ní mór béim ar leith a chur ar dhearadh, ar fhorbairt agus ar imlonnú na hintleachta saorga agus algartam, ós rud é go bhfuil an baol ann, de dheasca na sonraí a úsáidtear ina leith sin, go n-athchruthófaí na claontachtaí inscne agus steiréitíopaí inscne atá ann cheana nó go rachaidís in olcas, mar shampla san earcaíocht, sna meáin chumarsáide, san fhógraíocht, sa tsiamsaíocht agus tuilleadh eile nach iad. Ní mná iad ach 30 % de na hoibrithe in earnáil na hintleachta saorga (20). Mar thoradh ar an easpa éagsúlachta inscne sin, is léiriú iad na huirlisí sin ar an gclaontacht atá ann cheana agus tá an baol ann go dtabharfaí neamhaird ar riachtanais na mban agus grúpaí imeallaithe eile nó nach dtuigfí na riachtanais sin. Deis chaillte a bheadh ann gan intleacht shaorga atá íogair go sóisialta agus cuimsitheach a fhorbairt, rud a d’athródh an saol seo againn.

4.5.    An bhearna chúraim idir na hinscní

4.5.1.

Cé go bhfuil níos mó fear ná ban ag obair fós agus go bhfuil na céatadáin éagsúil ó Bhallstát go chéile, tá méadú ag teacht ar líon na mban atá ag dul isteach sa mhargadh saothair. Leis an gcaoi a ndáiltear ár gcuid ama sa lá atá inniu ann — uaireanta codlata, oibre agus fóillíochta — tugtar neamhaird ar an am nach mór a chaitheamh ar fhreagrachtaí a bhaineann le cúram. Mar aon le steiréitíopaí inscne, cuireann sé sin ualach iomarcach ar na mná sin a oibríonn go páirtaimseartha ionas go mbeidh an t-am acu aire a thabhairt dá dteaghlach, nó ar na mná a chaitheann níos lú ama ina gcodladh nó i mbun gníomhaíochtaí fóillíochta. Bíonn tionchar diúltach ag an bhfarasbarr freagrachtaí cúraim gan íocaíocht ar mhná, toisc go mbaineann sé sin dá ngairmeacha gairmiúla agus dá staid eacnamaíoch, rud a chuireann le bearnaí pá agus pinsin, sin nó toisc go mbíonn traochadh fisiceach agus meabhrach nó bochtaineacht ama mar thoradh air.

4.5.2.

Trí aire a thabhairt do dhaoine, cothaítear an geilleagar, cionn is go gcinntíonn sé sin dea-bhail daoine fásta atá ag obair agus forbairt na nglúnta atá le teacht. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar gheilleagar an chúraim, lena gcuimsítear obair gan íocaíocht freisin, mar fhreagracht chomhchoiteann, d’fhonn aghaidh níos fearr a thabhairt ar riachtanais aonair agus shochaíocha chomh maith le míchothromaíochtaí córasacha. Ós rud é go bhfuil níos mó ban fostaithe in earnáil an chúraim, agus pá níos ísle á fháil acu, tá sé tábhachtach luach a gcuid oibre a mheas, trí phá agus dálaí oibre a fheabhsú, agus níos mó fear a mhealladh.

4.5.3.

Molann CESE an athuair go seolfar Ráthaíocht Eorpach um Chúram, chun tacú le seirbhísí cúraim sláinte agus cúraim atá inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán do dhaoine san Aontas. Chabhródh an méid sin le haghaidh a thabhairt ar easnaimh sa chóras cúraim agus le dálaí oibre cuibhiúla do chúramóirí a chur chun cinn, lena n-áirítear cúramóirí neamhfhoirmiúla. Beidh tionchar ag aosú an daonra agus ag an ngá breise le sainseirbhísí cúraim speisialaithe ar an margadh saothair agus ar chórais cosanta sóisialta. Tá CESE ag iarraidh go mbunófaí Straitéis Eorpach i leith Daoine Scothaosta agus Sainghrúpa Ardleibhéil um Chúram Fadtéarmach a bheadh cothrom ó thaobh inscne de chun seirbhísí cúraim na todhchaí a chomhchruthú (21).

4.5.4.

Tá géarghá ag tuismitheoirí óga le cúram leanaí inacmhainne, inrochtana agus ar ardchaighdeán chun cur ar a gcumas fanacht sa mhargadh saothair. Nuair a fhilleann siad ar an obair, ní mór dóibh a bheith in ann leanúint ar aghaidh lena ngairmeacha.

4.5.5.

Mar rogha dheiridh, agus i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do mhná agus d’fhir a fhágann an margadh saothair chun aire a thabhairt do bhaill teaghlaigh trí líontáin sábhála amhail saoire teaghlaigh níos faide le pá, scéimeanna ioncaim bhunúsaigh agus ‘creidmheasanna cúraim’ le haghaidh pleananna pinsin.

4.6.    Clár oibre maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil

4.6.1.

Is díol sásaimh do CESE an obair atá á déanamh ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ag an gCoimisiún maidir le príomhshruthú inscne. Ní mór dúinn ár mbunluachanna a ailíniú inár ngníomhartha go léir, idir inmheánach agus sheachtrach, ar fud beartas amhail an beartas seachtrach, an tslándáil, an chosaint, an trádáil, an fhorbairt, agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide. Thairis sin, ní mór fís bhunaidh dhearbhú Bhéising maidir le réiteach neamhfhoréigneach coinbhleachta agus cothú na síochána áitiúla a threisiú.

4.6.2.

Tá a gcuid ráite cheana féin ag gluaiseachtaí sóisialta na mban maidir le cogaí, coinbhleachtaí agus éagóracha a chomhrac, ionadaíocht chomhionann agus chothrom a áirithiú i gcomhlachtaí cinnteoireachta agus feasacht a mhúscailt maidir leis an mí-úsáid in aghaidh na mban i limistéir choinbhleachta. Dá réir sin, rachaidh peirspictíochtaí na mban i réiteach coinbhleachta chun tairbhe do phróisis díghéaraithe agus síochána. Tá sé cruthaithe gur mó an seans atá ann go mbeidh síocháin fhadtéarmach mar thoradh ar an gcaibidlíocht síochána faoi stiúir na mban (22).

4.6.3.

Molann CESE straitéis fhadtéarmach láidir uaillmhianach de chuid an Aontais maidir le beartas eachtrach cuimsitheach a chur chun feidhme go pras, straitéis a mbeadh an comhionnans inscne, an taidhleoireacht fheimineach agus an ceartas sóisialta ina croílár aici. D’fhéadfaí caitheamh leis an gcomhionannas inscne mar shaincheist a bhaineann le cearta an duine, á chur san áireamh go dtagann an comhionannas inscne aníos i measc cineálacha eile idirdhealaithe. D’fhéadfadh sé cuidiú freisin leis an mbéim a athrú ó shlándáil mhíleata go slándáil daoine agus dúlra chun go ndéanfaí a thuilleadh infheistíochtaí sa réimse cosanta, i gcosc coinbhleachtaí, agus i gcumhachtú sibhialtach.

4.6.4.

Iarrann CESE ar an Aontas tacú go láidir leis an gcomhrac i gcoinne apartheid inscne i limistéir choinbhleachta amhail an Afganastáin, an Iaráin, an Iaráic, an tSúdáin, agus Éimin.

4.7.    Díriú ar an todhchaí

4.7.1.

Chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhionannas inscne éifeachtach, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an trasnú le cineálacha eile idirdhealaithe (e.g. gnéaschlaonadh, cine, dúchas, míchumas, cúlra socheacnamaíoch agus aois). Tá gá le tuilleadh sonraí trasnacha atá imdhealaithe ó thaobh inscne de chun straitéisí a mhúnlú agus obair leantach a dhéanamh orthu agus chun rialtais agus institiúidí a thabhairt chun cuntais.

4.7.2.

Sna córais sláinte agus cóireálacha cógaisíochta agus leighis atá againn, ba cheart aird níos mó a thabhairt ar shainiúlachtaí bitheolaíocha na bhfear agus na mban. Tá gá le tuilleadh taighde agus sonraí chun sláinte fhisiciúil agus mheabhrach na mban a fheabhsú. Is gá fós sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a threisiú ar fud na mBallstát uile chun a áirithiú gur féidir le gach bean a bhfuil cúram de dhíth uirthi, cibé acu cúram coisctheach nó cúram íceach é sin, rochtain a fháil air.

4.7.3.

Tugann CESE dá aire an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘My voice, my choice’ (23), lena moltar roghanna malartacha i gcás nach n-áiritheoidh na Ballstáit rochtain shábháilte agus dhlíthiúil ar ghinmhilleadh.

4.7.4.

Ní mór dúinn féachaint ar bhealaí eile chun na buiséid náisiúnta agus buiséid an Aontais a úsáid chun comhionannas inscne a fheabhsú. Molann CESE don Aontas agus do na Ballstáit uirlisí buiséadaithe inscne a úsáid ar gach leibhéal den phróiseas buiséadach agus lionsa inscne a úsáid sa bheartas fioscach. Beidh ríthábhacht le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus leis an idirphlé sóisialta freisin chun na réimsí nach mór díriú orthu a shainaithint (24).

4.7.5.

Molann CESE an tAontas as rannpháirtíocht struchtúrach na dtoscairí óige in ullmhú an Choimisiúin um Stádas na mBan agus iarrann sé ar na Ballstáit uile an sampla sin a leanúint agus ról gníomhach a áirithiú don óige.

4.7.6.

Tá sé tábhachtach go léireoidh an tAontas toil pholaitiúil agus uaillmhian, agus go labhróidh sé amach faoin laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta agus go gcuirfidh sé bac ar an maolú ar chearta na mban, lena n-áirítear a gcearta gnéis agus atáirgthe, ar cearta iad atá á n-ionsaí go háirithe ag páirtithe polaitiúla na heite deise antoiscí.

4.7.7.

Ó glacadh Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe, tá CESE ag iarraidh go mbeadh Straitéis uileghabhálach de chuid an Aontais maidir le Forbairt Inbhuanaithe ann, chomh maith le gealltanas fadtéarmach, fiú tar éis 2030 (25). Ní mór dul i ngleic leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ina n-iomláine, agus ní ar bhonn ‘ceann ar cheann’, chun gur féidir príomhshruthú inscne a dhéanamh ar fud na mbeartas uile.

4.7.8.

Is feiniméan nua é an foréigean ar líne in aghaidh na mban nach mór dul i ngleic leis trí bhíthin bearta coisctheacha agus múscailte feasachta, chomh maith le creat dlíthiúil láidir d’fhonn déileáil le déantóirí na coire agus d’fhonn ardáin ar líne a thabhairt chun cuntais. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar bhrionnuithe digiteacha gnéis ina n-úsáidtear íomhánna ban sa phornagrafaíocht.

4.7.9.

Ní féidir comhionannas inscne a bhaint amach gan obair ghníomhach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí um chearta na mban, lena n-áirítear na heagraíochtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí dlí. Tá ról lárnach ag eagraíochtaí óige maidir leis an rannpháirtíocht a chur chun cinn trí phobail a chur i mbun gnímh, obair dheonach a dhéanamh agus idirphlé idirghlúine a éascú. Chuige sin, ní mór eagraíochtaí óige a thabhairt isteach i gceart sa phlé agus sna próisis reachtacha agus tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo leanúint dá gcuid oibre.

An Bhruiséil, an 26 Feabhra 2025.

Uachtarán

Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Liosta toghcháin ar a bhfeictear iarrthóirí fireanna agus baineanna gach re seal.

(2)   https://www.unwomen.org/en/digital-library/publications/2015/01/beijing-declaration.

(3)   https://www.un.org/womenwatch/daw/followup/beijing+5.htm.

(4)   https://www.unwomen.org/en/digital-library/publications/2024/09/brochure-equal-is-greater-time-to-act-for-gender-equality-and-womens-empowerment-and-rights.

(5)   https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2024.

(6)   https://eige.europa.eu/publications-resources/publications/beijing-25-fifth-review-implementation-beijing-platform-action-eu-member-states.

(7)   https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/w/ddn-20230530-3.

(8)   https://results.elections.europa.eu/ga/fpe-cothromaiocht-inscne/2024-2029/.

(9)   https://eige.europa.eu/gender-equality-index/2023/domain/power.

(10)   https://www.unwomen.org/en/what-we-do/economic-empowerment/facts-and-figures#87144.

(11)   https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/EIGE_Factsheet_EconomicViolence.pdf.

(12)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 93.

(13)   https://normlex.ilo.org/dyn/nrmlx_en/f?p=NORMLEXPUB:12100:0::NO::P12100_ILO_CODE:C190.

(14)   https://www.coe.int/en/web/istanbul-convention.

(15)  Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).

(16)   https://www.fao.org/socioeconomic-research-analysis/resources/unjust-climate/the-unjust-climate/en.

(17)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra reachtach maidir le haistriú cóir agus uirlisí beartais AE a cheapadh chun gné shóisialta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a neartú (tuairim féintionscnaimh) (IO C, C/2025/772, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/772/oj).

(18)  An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach 2022: https://digital-strategy.ec.europa.eu/ga/policies/desi.

(19)   IO C 440, 6.12.2018, lch. 37.

(20)   https://www.weforum.org/publications/global-gender-gap-report-2023/.

(21)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — ‘An Straitéis Eorpach um Chúram’ (COM(2022) 440 final) ( IO C 140, 21.4.2023, lch. 39).

(22)   https://wps.unwomen.org/participation.

(23)   https://eci.ec.europa.eu/044/public/#/screen/home.

(24)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Ag infheistiú sa lionsa inscne d’fhonn cur leis an gcomhionannas inscne san Aontas Eorpach’ (Tuairim féintionscnaimh) ( IO C 100, 16.3.2023, lch. 16).

(25)   IO C 440, 6.12.2018, lch. 14.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2007/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)