European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1867

7.4.2025

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 13 Feabhra 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf – an Ghearmáin) – Verbraucherzentrale Berlin eV v Vodafone GmbH

(Cás C-612/23  (1) , Verbraucherzentrale Berlin (Coincheap ‘tréimhse gealltanais thosaigh’))

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2002/22/CE (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch) - Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí - Seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí - Cosaint tomhaltóirí - Conarthaí arna dtabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí - Athrú soláthraithe a éascú - Airteagal 30(5) - Tréimhse gealltanais tosaigh - Coincheap)

(C/2025/1867)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Verbraucherzentrale Berlin eV

Cosantóir: Vodafone GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 30(5) de Threoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cumhdaítear leis an gcoincheap ‘tréimhse gealltanais thosaigh’ san fhoráil sin fad an chéad chonartha a tugadh i gcrích idir tomhaltóir agus soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus freisin fad conartha ina dhiaidh sin a tugadh i gcrích idir na páirtithe céanna, rud a fhágann nach féidir leis an gconradh ina dhiaidh sin tréimhse ghealltanais is mó ná 24 mhí a fhorchur, lena n-áirítear i gcás inar síníodh é agus inar cuireadh i bhfeidhm é roimh dhul in éag an chéad chonartha.


(1)  IO C, C/2024/708.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1867/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)