|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1865 |
7.4.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 13 Feabhra 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Hoge Raad der Nederlanden – an Ísiltír) – Athenian Brewery SA, Heineken NV v Macedonian Thrace Brewery SA
(Cás C-393/23 (1) , Athenian Brewery et Heineken)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála - Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Dlínse speisialta - Airteagal 8(1) - Líon cosantóirí - Éilimh a bhfuil ‘baint chomh dlúth sin’ lena chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile - Airteagal 102 CFAE - An coincheap ‘gnóthas’– Máthairchuideachta agus fochuideachta - Sárú arna dhéanamh ag an bhfochuideachta - Toimhde tionchar cinntitheach a bheith á oibriú ag an máthairchuideachta - Dliteanas comhpháirteach agus leithleach - Cinneadh ó údarás iomaíochta náisiúnta - Caingne le haghaidh cúiteamh)
(C/2025/1865)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Hoge Raad der Nederlanden
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Athenian Brewery SA, Heineken NV
Cosantóir: Macedonian Thrace Brewery SA
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leis, i gcás ina n ordaítear do mháthairchuideachta agus dá fochuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an damáiste a fulaingíodh mar gheall ar shárú ar na rialacha iomaíochta arna dhéanamh ag an bhfochuideachta a shlánú, ar an gcúirt ina bhfuil sainchónaí ar an máthairchuideachta a dtugtar na héilimh sin os a comhair brath, d’fhonn a dlínse idirnáisiúnta a bhunú, ar an toimhde, i gcás ina sealbhaíonn máthairchuideachta go díreach nó go hindíreach caipiteal go léir– nó geall leis – fochuideachta a sháraigh na rialacha iomaíochta go bhfuil tionchar cinntitheach aici ar an bhfochuideachta sin, ar choinníoll nach mbaintear an fhéidearthacht de na cosantóirí brath ar fhianaise dhochloíte a thugann le tuiscint nach raibh caipiteal go léir – nó geall leis – na fochuideachta úd ag an máthairchuideachta sin go díreach nó go hindíreach, nó gur cheart an toimhde sin a bhréagnú mar sin féin.
(1) IO C, C/2023/115.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1865/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)