European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1844

31.3.2025

Glao poiblí ar léirithe spéise sa cheapachán mar Chomhalta de Phainéal Achomhairc an Bhoird Réitigh Aonair (BRA)

(SRB/2025/001)

(C/2025/1844)

 

Baineann an seo glao de chuid an Bhoird Réitigh Aonair ar léirithe spéise le ceapadh cúigear (5) comhaltaí nua dá Phainéal Achomhairc.

An Bord Réitigh Aonair

Is é an Bord Réitigh Aonair (BRA) an t-údarás réitigh lárnach laistigh den Aontas Baincéireachta (AB). In éineacht le húdaráis náisiúnta réitigh (ÚNRanna) na mBallstát rannpháirteach, is é an Sásra Réitigh Aonair (SRA) é. Oibríonn BRA go dlúth le ÚRNanna, leis an gCoimisiún Eorpach (CE), leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus le húdaráis inniúla náisiúnta (ÚINanna). Cuidíonn sé le cobhsaíocht airgeadais a chosaint.

Is é an misean atá aige réiteach ordúil banc atá i mbéal cliseadh a áirithiú sa chaoi nach mbeidh ach tionchar íosta ar an bhfíorgheilleagar agus ar airgeadas poiblí na mBallstát rannpháirteach agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, tugtar cúraimí agus freagrachtaí sonracha do BRA chun ullmhú do réiteach na mbanc atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh agus chun an réiteach sin a chur i gcrích.

Tá BRA freagrach freisin as an gCiste Réitigh Aonair a bhainistiú, mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (‘an Rialachán maidir le SRA’), chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht chistiúcháin mheántéarmach ar fáil le linn do bhanc a bheith á athstruchtúrú agus/nó á réiteach.

Is gníomhaireacht féinmhaoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh é BRA.

Painéal Achomhairc SRB

De bhun Airteagal 85 den Rialachán maidir le SRA, bhunaigh BRA Painéal Achomhairc chun cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc a cuireadh isteach i gcoinne cinntí áirithe de chuid an Bhoird. De bhun alt 3, is ceadmhach do dhuine nádúrtha nó dlíthiúil ar bith, údaráis réitigh san áireamh, achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh ón mBord trí bhíthin:

aghaidh a thabhairt ar bhaic shubstainteacha ar inréiteacht de réir Airteagal 10(10) den Rialachán maidir le SRA,

oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm i dtaca le dréachtú pleananna réitigh d’eintitis faoi leith nó leagan ar leataobh oibleagáid dhréachtú na bpleananna sin de réir Airteagal 11 den Rialachán maidir le SRA,

an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (MREL) a chinneadh de réir Airteagal 12(1) den Rialachán maidir le SRA,

pionós a ghearradh de réir Airteagal 38 go hAirteagal 41 den Rialachán maidir le SRA,

ranníocaíochtaí a chruinniú le caiteachas riaracháin an Bhoird i gcomhréir le hAirteagal 65(3) den Rialachán maidir le SRA,

ranníocaíochtaí ex post urghnácha a chruinniú i gcomhréir le hAirteagal 71 den Rialachán maidir le SRA, agus

rochtain a dhiúltú ar dhoiciméid faoin gcreat um rochtain phoiblí ar dhoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 90(3) den Rialachán maidir le SRA.

Déanann an Painéal Achomhairc cinntí bunaithe ar thromlach a mball (alt 4). Beidh údar maith lena chuid cinntí agus cuirfear na páirtithe ar an eolas (alt 9). Féadfaidh an Painéal Achomhairc an cinneadh ar ghlac an Bord é a dheimhniú, nó an cás a tharchur chuig an mBord. Beidh an Bord faoi shrian ag cinneadh an Phainéil Achomhairc agus glacfaidh sé le cinneadh leasaithe maidir leis an gcás atá i gceist (alt 8). Is féidir achomharc a dhéanamh ar chinntí a nglacann an Painéal Achomhairc iad os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Airteagal 86(1) den Rialachán maidir le SRA). De bhun alt 10 d’Airteagal 85 den Rialachán maidir le SRA, ghlac an Painéal Achomhairc a rialacha nós imeachta (cf. https://srb.europa.eu/en/content/procedure). Cuidíonn Rúnaíocht neamhspleách leis an bPainéal Achomhairc ina chuid oibre.

Comhdhéanamh an Phainéil Achomhairc

Faoi Airteagal 85(2) den Rialachán maidir le SRA, beidh an Painéal Achomhairc comhdhéanta de chúigear Comhaltaí agus de bheirt Chomhaltaí Malartacha, ar daoine aonair iad a bhfuil ardcháil orthu ó na Ballstáit, a thagann ón earnáil phríobháideach nó ón earnáil phoiblí, agus ag a bhfuil cuntas tesite maidir le heolas ábhartha agus taithí ghairmiúil ábhartha, lena n-áirítear taithí ar réiteach, go leibhéal sách ard i réimsí na baincéireachta nó na seirbhísí airgeadais eile.

Is é BRA a cheapfaidh Baill an Phainéil Achomhairc agus an bheirt Chomhaltaí Malartacha do thréimhse cúig (5) bliana, ar féidir síneadh a chur leis uair amháin, tar éis glao poiblí ar léirithe spéise. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoir.

Ba cheart go léireofaí i gcomhdhéanamh foriomlán an Phainéil Achomhairc raon cothrom agus éagsúil cúlraí oideachais agus gairmiúla atá curtha in oiriúint do chineál chúraimí an Phainéil Achomhairc.

Tá comhdhéanamh reatha an Phainéil Achomhairc ar fáil faoi: https://srb.europa.eu/en/content/composition.

Glao ar léirithe spéise do Chomhaltaí an Phainéil Achomhairc

Tá sé i gceist leis an nglao seo cúigear (5) iarrthóirí a roghnú don phost mar Chomhalta ar an bPainéal Achomhairc. Déanfaidh BRA na Comhaltaí a ainmniú agus a cheapadh ar feadh téarma cúig (5) bliana, ar féidir síneadh a chur leis uair amháin. Ceaptar Comhaltaí agus Comhaltaí Malartacha i gcáil phearsanta agus, dá bhrí sin, ní fhéadfaidh siad a bhfreagrachtaí a tharmligean chuig comhalta eile ná chuig tríú páirtí.

Ualach oibre

Bítear ag súil go mbíonn na Comhaltaí agus na Comhaltaí Malartacha araon rannpháirteach go gníomhach agus go rialta. Chuige sin, beifear ag súil go bhfreastalóidh iad siúd a cheapfar ar chruinnithe rialta agus ad hoc. Tagann an Painéal Achomhairc le chéile thart ar cheithre huaire sa bhliain do chruinniú rialta lae ag áitreamh SRB sa Bhruiséil, an Bheilg. I gcás inar ghá, d’fhéadfaí minicíocht na gcruinnithe a mhéadú. Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt san áireamh go mbíonn gá, go hiondúil, le hobair ullmhúcháin roimh chruinnithe. Ba chóir dóibh a bheith toilteanach chomh maith oibriú leis na meáin leictreonacha ar mhaithe le bainistiú agus malartú cáipéisí. Cuirtear na cáipéisí oibre ar fáil i mBéarla agus is trí Bhéarla a reáchtáiltear na cruinnithe chomh maith. Tá sé riachtanach, dá bharr sin, ardchaighdeán Béarla a bheith ag iarratasóirí.

Liúntais agus cearta

Gheobhaidh na Comhaltaí agus na Comhaltaí Malartacha luach saothair atá i gcomhréir leis na cúraimí a shanntar dóibh ar bhonn conartha mar sholáthraithe seirbhíse, ach ní bheidh siad ina mbuanfhostaithe de chuid BRA. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh Comhaltaí agus Comhaltaí Malartacha an Phainéil Achomhairc a bheith i bhfostaíocht lánaimseartha, má tá sé sin ag teacht lena gcumas achomhairc a éisteacht ar ghearrfhógra (cf. Neamhspleáchas).

Gheobhaidh Comhaltaí agus Comhaltaí Malartacha luach saothair EUR 125 in aghaidh na huaire, in aghaidh an Chomhalta nó an Chomhalta Mhalartaigh, le huasmhéid EUR 12 000 in aghaidh an cháis mar chúiteamh cnapshuime. I gcásanna eisceachtúla, a bhfuil údar leo trí ráiteas réasúnaithe ar chastacht fhoriomlán an cháis, is féidir méid na cnapshuime a mhéadú go EUR 15 000 in aghaidh an achomhairc. Ina theannta sin, íoctar luach saothair le Comhaltaí nó le Comhaltaí Malartacha as páirt a ghlacadh i gcruinnithe a bhaineann le hachomhairc, as cruinnithe rialta den Phainéal Achomhairc chomh maith le comhdhálacha sonracha, suas le EUR 1 000 in aghaidh an lae cruinnithe in aghaidh an Chomhalta nó an Chomhalta Mhalartaigh. Braithfidh leibhéal gníomhaíochta an Phainéil Achomhairc ar líon na n-achomharc a dhéanfar i gcoinne chinntí an Bhoird.

Íocfaidh BRA costais taistil, chóiríochta agus chothaithe do Chomhaltaí nó do Chomhaltaí Malartacha de réir a chinnidh maidir le rialacha aisíocaíochta an Phainéil Achomhairc.

Déanfar téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe ceapacháin Chomhaltaí agus Chomhaltaí Malartacha an Phainéil Achomhairc a leagan síos ar leithligh eatarthu féin agus BRA.

Critéir incháilitheachta

Ní mór d’iarrthóirí na ceanglais thíos a chomhlíonadh, nó ní chuirfear a n-iarratais san áireamh.

Caithfidh iarrthóirí, amhail an spriocdháta le haghaidh iarratas:

a bheith ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach;

gan bheith ina mbaill foirne reatha de chuid BRA;

gan bheith ina mbaill foirne reatha d’údaráis réitigh ná d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí náisiúnta nó de chuid an Aontais a bhfuil baint acu leis na cúraimí a thugtar do BRA leis an Rialachán maidir le SRA a chomhlíonadh;

Caithfear na nithe seo a leanas a bheith acu:

(a)

cúrsa iomlán staidéar ollscoile a chur i gcrích go rathúil sa dlí, san eacnamaíocht nó in ábhar eile a bhaineann le hobair Phainéal Achomhairc BRA más féidir, arna fhianú le céim ina maireann gnáthfhad an oideachais ollscoile ceithre (4) bliana nó níos mó, rud a thugann rochtain ar staidéir iarchéime a dhéanamh; nó

(b)

cáilíocht chun dul i mbun gníomhaíochtaí gairmiúla mar dhlíodóir i mBallstát;

eolas ábhartha agus deich (10) mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil laistigh den (12) bhliain dheireanacha, lena n-áirítear taithí réitigh, i réimsí na baincéireachta nó na seirbhísí airgeadais eile (a fuarthas roimh an sprioc-am le hiarratais a chur isteach a luaitear sa ghlao seo ar léirithe spéise), agus,

sáreolas ar an mBéarla, agus cruthúnas de scileanna dréachtaithe chomh maith le heolas sásúil ar theanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid an Aontais Eorpaigh.

Neamhspleáchas

Beidh gach iarrthóir faoi réir réamhscagadh ar aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Chun na críche sin, ní mór do na hiarrthóirí uile foirm um dhearbhú leasa a sholáthar, mar aon lena n-iarratas, mar a mhínítear thíos, agus í comhlánaithe go hiomlán agus sínithe go cuí. Má bhraitear aon leas díreach, eisiafar ón bpróiseas ceapacháin iad.

Gníomhóidh Comhaltaí agus Comhaltaí Malartacha an Phainéil Achomhairc go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail agus ní bheidh siad faoi cheangal ag treoir ar bith. Tíolacfaidh siad dearbhú poiblí gealltanas agus dearbhú poiblí leasanna lena léirítear aon leas díreach nó indíreach a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a dhéanfadh dochar dá neamhspleáchas nó lena léirítear nach bhfuil aon leas den sórt sin acu.

Critéir roghnúcháin

Beidh measúnú an léirithe spéise bunaithe ar na nithe seo a leanas:

cuntas teiste d’eolas ábhartha agus de thaithí ghairmiúil ar leibhéal sách ard i réimsí na baincéireachta, na seirbhísí airgeadais eile, nó an dlí, a bhféadfadh taithí ar rialáil seirbhísí airgeadais a bheith san áireamh ann;

taithí réitigh in earnáil na baincéireachta;

obair eacnamaíoch, dhlíthiúil nó acadúil a bhaineann le réimse an réitigh;

eolas agus tuiscint an-mhaith ar reachtaíocht an Aontais i réimsí na baincéireachta agus na seirbhísí airgeadais eile;

eolas agus tuiscint an-mhaith ar chleachtas nósanna imeachta i gcomhthéacs nósanna imeachta achomhairc;

an cumas a bheith ar fáil ar ghearrfhógra chun achomhairc i gcoinne chinntí an Bhoird a éisteacht; agus

an fhéidearthacht go mbeadh coinbhleachtaí leasa ann a d’fhéadfadh teorainn a chur le cumas iarrthóra achomhairc a éisteacht; agus,

cumas cruthaithe, trí ghnéithe oibiachtúla de chuntas teiste san am a chuaigh thart, oibriú agus idirghníomhú i gcomhthéacs comhghleacúil, agus

Bheadh eolas maith agus tuiscint ar imeachtaí breithiúnacha os comhair cúirteanna náisiúnta nó cúirteanna an Aontais ina bhuntáiste.

Nós imeachta iarratais agus dáta deiridh

Ní mór an méid seo a leanas a bheith san iarratas:

(a)

litir inspreagtha (sínithe);

(b)

an fhoirm chomhlánaithe ar dhearbhú leasanna (sínithe): https://www.srb.europa.eu/system/files/media/document/2024-03-18_SRB-Declaration-of-commitments-and-interest_Form.pdf;

(c)

CV.

Níor cheart cóipeanna deimhnithe de chéimeanna nó de dhioplómaí, tagairtí, cruthúnas ar thaithí, etc. a sheoladh ag an bpointe seo ach ní mór iad a chur isteach ag céim níos déanaí den nós imeachta má iarrtar iad.

Ós rud é gurb é Béarla príomhtheanga oibre BRA, ní mór d’iarrthóirí a n-iarratais a chur isteach i mBéarla.

Agus iarratas á chur isteach acu, glacann iarratasóirí leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha a ndéantar cur síos orthu sa ghlao seo agus sna doiciméid dá dtagraíonn sé. Agus a n-iarratas á thiomsú acu, ní fhéadfaidh iarratasóirí, ar chúinse ar bith, tagairt a dhéanamh d’aon doiciméid a cuireadh isteach in iarratais a rinneadh roimhe seo (mar shampla: ní ghlacfar le fótachóipeanna d’iarratais a rinneadh roimhe seo). D’fhéadfadh eisiamh ón nglao seo a bheith mar thoradh ar aon mhífhaisnéis maidir leis an bhfaisnéis is gá a sholáthar.

Is é an 15 Bealtaine 2025 an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.

Ní mór an t-iarratas comhlánaithe a sheoladh go leictreonach tráth nach déanaí ná an 15 Bealtaine 2025, 23:59 chuig an seoladh seo a leanas: SRB-RECRUITMENT@srb.europa.eu.

Ba cheart uimhir thagartha an ghlao ar léirithe spéise a lua i líne ábhair an ríomhphoist: SRB/2025/001(https://srb.europa.eu/en/vacancies).

Tá sé beartaithe ainmniúchán agus ceapachán na n-iarrthóirí a thabhairt i gcrích faoi dheireadh mhí Iúil 2025.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin nglao seo, déan teagmháil SRB-RECRUITMENT@srb.europa.eu trí thagairt a dhéanamh, i líne ábhair an ríomhphoist, d’uimhir thagartha an ghlao: SRB/2025/001.

Próiseas ceapacháin

Cuirfear toradh an phróisis roghnúcháin in iúl do na hiarrthóirí uile a dhéanfaidh iarratas ar an nglao seo ar léirithe spéise.

Bunaithe ar na critéir roghnúcháin a liostaítear thuas, déanfaidh BRA liosta iarrthóirí a tharraingt suas.

Comhdheiseanna agus cosaint sonraí pearsanta

Cuireann BRA beartas comhdheiseanna i bhfeidhm agus glacann sé le hiarratais gan aon idirdhealú bunaithe ar aon fhoras amhail inscne, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún, tuairimí polaitiúla nó aon tuairimí eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

Is é an cuspóir atá leis na sonraí arna gcur isteach ag iarrthóirí a phróiseáil ná iarratais a mheas i bhfianaise earcaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh ag BRA. Próiseálfar an fhaisnéis phearsanta a n-iarrann BRA ó iarrthóirí de réir mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Bíonn feidhm aige sin go háirithe maidir le rúndacht agus slándáil sonraí den sórt sin. Maidir leis sin, féach an Ráiteas príobháideachais (https://www.srb.europa.eu/system/files/media/document/20250317_PrivacyStatementProcedure_selectionSRBAppeal Panel.pdf). Trí léiriú spéise a chur isteach do phost mar Chomhalta den Phainéal Achomhairc, toilíonn iarrthóirí le próiseáil a sonraí pearsanta chun críocha an nós imeachta roghnúcháin seo.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2014/806/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1844/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)