|
—
|
Sábháilteacht táirgí tomhaltais (Gníomhaíocht 78)
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn le hathléimneacht na hearnála tionsclaíochta Eorpaí a fhorbairt agus a athbhreithniú
|
|
Tagairt
|
Teideal
|
Tagairt
|
Caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
|
1
|
Amhábhair chriticiúla ó bhuanmhaighnéid a athchúrsáil
|
Rialachán (AE) 2024/1252 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt le haghaidh athchúrsáil buanmhaighnéad. Ba cheart na nithe seo a leanas a bhaint amach leis na caighdeáin:
|
—
|
Tacú le modhanna ar féidir leo dul in iomaíocht le táirgeadh príomhúil ó thaobh an gheilleagair de;
|
|
—
|
a áirithiú go bhfuil na próisis athchúrsála neamhdhíobhálach don chomhshaol;
|
|
—
|
neoidimiam a athshlánú i bhfoirm atá oiriúnach chun maighnéid ardcháilíochta a tháirgeadh;
|
|
—
|
táirgí úsáidte ina bhfuil maighnéid neoidimiam a bhailiú agus a shórtáil.
|
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht slabhraí soláthair an Aontais a dhaingniú agus na tionchair chomhshaoil a bhaineann le táirgeadh príomhúil a laghdú.
|
|
2
|
Amhábhair chriticiúla
|
Rialachán (AE) 2024/1252 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú
|
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha insoláthartha caighdeánúcháin a fhorbairt a thacaíonn le taiscéalaíocht, eastóscadh, scagadh agus athchúrsáil amhábhar criticiúil.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a neartú chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus chun cur le hathléimneacht an Aontais.
|
|
3
|
Amhábhair chriticiúla le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha
|
Rialachán (AE) 2023/1542 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt le haghaidh mhianadóireacht, scagadh, próiseáil agus athchúrsáil mianraí agus ábhar a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh.
|
Is é an aidhm slabhra luacha na mianraí agus na n-ábhar a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh a oiriúnú do chleachtais foinsithe inbhuanaithe agus tacú le feidhmiú éifeachtúil na margaí athchúrsála chun infhaighteacht amhábhar tánaisteach dea-cháilíochta a mhéadú.
|
|
4
|
Teicnící monaraithe shuimithigh
|
A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe, [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach le go mbeadh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] — COM/2020/98 final
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt a thacóidh leis an monarú suimitheach, lena n-áirítear priontáil 3T/4T agus lena gcumhdófar córais mhonaraithe a bheidh bunaithe ar mhiotail, ar pholaiméir, ar ábhair cheirmeacha, ar ábhair bhitheolaíocha agus ar ábhair eile.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le hiomaíochas earraí nua il-ábhar agus ábhar agus táirgí ilfheidhmeacha nua le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear feidhmeanna bithleighis, sa mhonarú suimitheach.
|
|
5
|
Bithábhair, táirgí bithbhunaithe, agus táirgí a dhíorthaítear ó adhmad
|
A sustainable Bioeconomy for Europe [Bithgheilleagar Inbhuanaithe don Eoraip]:Strengthening the connection between economy, society and the environment [Bithgheilleagar Inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú], COM/2018/673 final
Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe, COM/2021/800 final
|
Caighdeáin nua a fhorbairt agus na caighdeáin atá ann cheana maidir le bithábhair, táirgí bithbhunaithe agus táirgí a dhíorthaítear ó adhmad a athbhreithniú. Áirítear leis sin téarmaíocht a shainmhíniú, modhanna tástála le haghaidh meastóireacht feidhmíochta a chomhchuibhiú, agus critéir feidhmíochta a leagan síos chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht, ar chiorclaíocht agus ar éifeachtúlacht acmhainní, chomh maith le hin-athnuaiteacht agus in-bhithdhíghrádaitheacht, i gcás inarb infheidhme. Rialacha a fhorbairt maidir le catagóirí táirgí chun tacú le EN 15804 le haghaidh táirgí adhmaid struchtúracha, painéil de bhunús adhmaid agus na gabhálais a bhaineann leo.
|
An príomhchuspóir is ea bonn tionsclaíoch an Aontais a fheabhsú trí shlabhraí luacha nua agus próisis thionsclaíocha atá inbhuanaithe agus níos costéifeachtaí a fhorbairt, agus na hearnálacha agus na tionscail bhithbhunaithe a choinneáil ar bun agus a mhéadú, infheistíochtaí a mhealladh agus an glacadh sa mhargadh a mhéadú an tráth céanna.
|
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an aistriú digiteach a fhorbairt agus a athbhreithniú
|
|
Tagairt
|
Teideal
|
Tagairt
|
Caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
|
6
|
Ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu
|
Rialachán (AE) 2024/2847 maidir leis na ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)
|
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt a chomhfhreagraíonn do shonraíochtaí fíor-riachtanacha cibearshlándála mar a leagtar amach sa Ghníomh um Chibear-Athléimneacht, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
sonraíochtaí slándála a bhaineann le hairíonna táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus sonraíochtaí láimhseála leochaileachtaí;
|
|
(ii)
|
modheolaíochtaí chun leibhéil dearbhaithe a bhaineann le táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu a chinneadh, faoi mar a luaitear thuas;
|
|
(iii)
|
modheolaíochtaí meastóireachta chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu.
|
|
An príomhchuspóir is ea dálaí a chruthú ina bhféadfar táirgí slána a bhfuil gnéithe digiteacha acu a fhorbairt trína áirithiú go gcuirtear táirgí bogearraí agus crua-earraí ar an margadh gan an oiread sin leochaileachtaí iontu agus atá iontu faoi láthair agus trína áirithiú go ndéanann monaróirí cúram den tslándáil ar feadh shaolré an táirge.
|
|
7
|
Fíorú aoise ar líne
|
COM(2022) 212 final — Cumhachtú digiteach:(An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+)
Rialachán (AE) 2024/1183 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú
Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt maidir le dearbhú aoise/fíorú aoise ar líne i gcomhthéacs an Rialacháin maidir leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (eID) agus an Rialacháin maidir leis nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD).
|
An príomhchuspóir is ea feabhas a chur ar shábháilteacht leanaí ar líne trí fhíorú aoise a bheidh slán, deimhnithe agus idir-inoibritheach (córais chun rochtain a thabhairt ar sheirbhísí ar líne ar fud an Aontais). An aidhm is ea an mhuinín agus an iontaoibh as sásraí fíoraithe aoise a chothú agus, go háirithe, chun go n-íoslaghdófar an baol go bhfaigheadh leanaí rochtain ar ábhar atá míchuí ó thaobh aoise de.
|
|
8
|
Creat Sonraí Iontaofa an Aontais Eorpaigh
|
Rialachán (AE) 2022/868 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí)
Rialachán (AE) 2023/2854 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí)
|
Sraith chuimsitheach caighdeán, cleachtas agus rialacha chun comhroinnt iontaofa sonraí atá comhlíontach ó thaobh an dlí de a áirithiú i measc páirtithe, lena n-áirítear idirghabhálaithe sonraí agus eagraíochtaí altrúchais. Cuimsítear leis sin caighdeáin catalóige sonraí maidir le sócmhainní sonraí a fhoilsiú agus a aimsiú, caighdeáin ointeolaíochta le haghaidh comhtháthú agus úsáid sonraí comhroinnte, agus eochairtháscairí feidhmíochta coiteanna chun spásanna Eorpach sonraí a threorú i dtreo idir-inoibritheachta trasréimse, agus trédhearcacht agus úsáid á bhfeabhsú. Déanfar gach gníomhaíocht a chomhordú go dlúth leis an mBord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí agus, i gcás inarb ábhartha, le hIonad Tacaíochta na Spásanna Sonraí.
|
Bíonn dúshláin nach beag idir-inoibritheachta roimh tháirgeoirí agus úsáideoirí sonraí agus sonraí ó fhoinsí éagsúla á gcur le chéile acu, laistigh d’earnálacha agus ar fud na n-earnálacha sin. Tá sé ríthábhachtach go spreagfar formáidí agus prótacail atá caighdeánach agus comhoiriúnach a ghlacadh le haghaidh bailiú agus próiseáil sonraí comhleanúnach ar fud na n-earnálacha, agus is féidir iad a chur chun cinn tríd an bplean rollach le haghaidh chaighdeánú TFC agus trí Chreat Eorpach Idir-inoibritheachta treisithe. Na príomhspriocanna is ea feabhas a chur ar inaimsitheacht, in-athúsáidteacht agus idir-inoibritheacht sonraí — nithe atá i gcroílár na bprionsabal maidir le sonraí inaimsithe, inrochtana, idir-inoibritheach agus in-athúsáidte — chun an Geilleagar Eorpach Sonraí a neartú. Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha, a fhaigheann tacaíocht ó bhealaí cistiúcháin an Aontais amhail Fís Eorpach agus an Eoraip Dhigiteach, bíonn gach ceann acu ag forbairt ar luas uathúil.
Tá sé ríthábhachtach idir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na spásanna sin. Réiteoidh sé sin an bealach chun uirlisí cineálacha a fhorbairt agus cabhróidh sé le gnólachtaí atá gníomhach ar fud an iliomad réimsí sonraí.
|
|
9
|
Idir-inoibritheacht le haghaidh seirbhísí próiseála sonraí
|
Rialachán (AE) 2023/2854 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí)
|
Caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí lena gcomhlíontar na ceanglais fhíor-riachtanacha faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Ghníomh um Shonraí. D’fhéadfaí a áireamh leis sin obair atá bunaithe ar na sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte atá ann cheana arna bhforbairt ag an earnáil tionsclaíochta.
|
An príomhchuspóir is ea cur chun feidhme éifeachtach Chaibidil VI den Ghníomh um Shonraí a áirithiú, ina leagtar amach forálacha lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí malartú idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí. Chun é sin a éascú, ní mór do sholáthraithe comhéadain oscailte a thairiscint do chustaiméirí, ar comhéadain iad a thacaíonn le malartú. Malartú éifeachtach a bhaint amach, tá sé sin ag brath ar idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí. Ar an ábhar sin, le hAirteagal 29 den Ghníomh um Shonraí, féachtar le ‘teanga choiteann’ a bhunú i measc na seirbhísí sin.
|
|
10
|
Éiceachóras réaltachta fíorúla agus breisithe atá slán agus idir-inoibritheach, agus geilleagar fíorúil
|
Tionscnamh de chuid an Aontais maidir leis an nGréasán 4.0 agus na domhain fhíorúla:buntáiste i dtreo an chéad aistrithe teicneolaíochta eile — COM/2023/442 final
|
Measúnú a fhorbairt ar an staid atá ann faoi láthair agus moltaí a sholáthar maidir le caighdeáin le haghaidh na réimsí seo a leanas: comhéadain duine-ríomhaire, ríomhaireacht spásúil, cur in úsáid feidhmchlár, slándáil agus cumarsáid gaireas, braiteoirí bithmhéadracha i ngairis, agus samhail de réaltacht fhíorúil agus réaltacht bhreisithe a stóráil agus a mhalartú. Ba cheart a áireamh leis sin dearaí le haghaidh sócmhainní fíorúla, chomh maith le caighdeáin le haghaidh an gheilleagair fhíorúil agus na sochaí fíorúla lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le sainaithint, úinéireacht, cosaint maoine intleachtúla, agus sábháilteacht leanaí.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht Gréasán 4.0 agus domhain fhíorúla a fhorbairt a chumhachtaítear le teicneolaíochtaí agus caighdeáin oscailte agus ard-dáilte lena gcumasaítear idir-inoibritheacht idir ardáin agus líonraí, lena n-áirithítear saoirse rogha le haghaidh úsáideoirí. Tá an inbhuanaitheacht, an cuimsiú agus an inrochtaineacht i gcroílár na bhforbairtí teicneolaíochta. Is éard atá i gceist leis sin rannpháirtíocht idirnáisiúnta chun seasamh le luachanna agus rialacha an Aontais, chomh maith le comhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara i bhforbairt caighdeán.
|
|
11
|
An Intleacht Shaorga
|
Rialachán (AE) 2024/1689 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)
|
Caighdeáin chomhchuibhithe agus táirgí insoláthartha caighdeánúcháin a fhorbairt lena dtacaítear le cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus na táirgí insoláthartha caighdeánúcháin sin, ba cheart an méid seo a leanas a chumhdach go háirithe: ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le córais intleachta saorga ardriosca; oibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha; chomh maith le próisis tuairiscithe agus doiciméadachta chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht acmhainní na gcóras intleachta saorga agus chun forbairt fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.
|
Glacadh intleachta saorga duinelárnaí agus iontaofa a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus ceart bunúsach á áirithiú an tráth céanna mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil, cosaint ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas, agus tacaíocht don nuálaíocht.
|
|
12
|
Seirbhísí digiteacha idirghabhálacha
|
Rialachán (AE) 2022/2065 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha)
|
Caighdeáin nua a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 44.1 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha (Rialachán 2022/2065). Tá na gníomhaíochtaí beartaithe chun tacú le cuspóir beartais an Choimisiúin, is é sin timpeallacht ar líne atá sábháilte, intuartha agus iontaofa a áirithiú agus cearta bunúsacha a urramú ar líne trí oibleagáidí a leagan síos le haghaidh seirbhísí idirghabhálacha.
|
Príomhchuspóirí na gníomhaíochta is ea cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na n-oibleagáidí sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a éascú trí mhodhanna caighdeánaithe chun tacú le comhlíontacht soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha – maidir leis na hábhair in Airteagal 44 ar a laghad. Cuirfidh sé sin feabhas ar shábháilteacht agus ar mhuinín, méadóidh sé cuntasacht ardáin, agus áiritheoidh sé cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha, rud a chothóidh margadh digiteach comhleanúnach san Aontas.
|
|
13
|
Foclóirí sonraí in earnáil na hinnealtóireachta
|
Straitéis Eorpach maidir le sonraí — COM/2020/66 final
Rialachán (AE) 2023/2854 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí)
|
Sonraíochtaí teicniúla (faisnéiseacha) CEN a fhorbairt le haghaidh foclóirí sonraí in earnáil na hinnealtóireachta, lena n-áirítear cáilíocht agus tuairisciú ábhar innealtóireachta, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
|
An príomhchuspóir is ea comhchuibhiú sonraí a chur chun cinn in earnáil na hinnealtóireachta trí fhoclóirí sonraí arna bhforbairt ag saineolaithe fearainn, agus ar an gcaoi sin réiteach teicneolaíochta il-oiriúnach a sholáthar ar idir-inoibritheacht córas, trína soláthraítear le foclóirí um shonraí sonraíochtaí le haghaidh cineálacha cur chun feidhme a bhaineann go sonrach leis an teicneolaíocht, amhail bunachair sonraí agus formáidí teachtaireachtaí.
|
|
14
|
An Tiachóg Eorpach Céannachta Digití
|
Rialachán (AE) 2024/1183 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach a bhunú
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach
|
Caighdeáin, sonraíochtaí, prótacail, comhéadain agus tuarascálacha teicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear treoirlínte chun úsáid agus glacadh Tiachóg Eorpach Céannachta Digití a éascú.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus soláthar leibhéal leormhaith slándála do mhodhanna ríomhaitheantais agus do sheirbhísí iontaoibhe a úsáidtear ar fud an Aontais a áirithiú. Cuirfidh sé sin ar a gcumas do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a gceart a fheidhmiú go sábháilte chun páirt a ghlacadh sa tsochaí dhigiteach agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud an Aontais.
|
|
15
|
Digiteáil faisnéise faoi tháirgí foirgníochta
|
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 305/2011 — COM/2022/144
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun treoraíocht is infheidhme thar ábhair a sholáthar maidir le digiteáil faisnéise a bhaineann leis an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta a chuirtear in ionad Rialachán (AE) Uimh. 305/2011.
|
An príomhchuspóir is ea treoraíocht a fhorbairt maidir le digiteáil faisnéise teicniúla a bhaineann le táirgí foirgníochta i gcomhthéacs an chur chuige digitithe is infheidhme dá bhforáiltear sa Rialachán.
|
|
16
|
An tairiscint meán a shaincheapadh i ngairis agus i gcomhéadain úsáideora
|
Rialachán (AE) 2024/1083 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh seirbhísí meán sa mhargadh inmheánach (an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán)
|
Forbairt caighdeán comhchuibhithe a chur chun cinn, ar caighdeáin iad a bhaineann le dearadh gaireas nó comhéadan úsáideora lena rialaítear nó lena mbainistítear rochtain ar sheirbhísí meán lena soláthraítear cláir, chomh maith le húsáid na seirbhísí sin, chun an tairiscint meán a shaincheapadh i gcomhréir le leasanna nó roghanna an úsáideora, le dlí an Aontais nó le comharthaí digiteacha a bhíonn á n-iompar ag na gairis sin.
|
An príomhchuspóir is ea cothrom iomaíochta a áirithiú i soláthar seirbhísí éagsúla meán a lena soláthraítear cláir i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha sa mhargadh inmheánach agus rochtain chothrom ar sheirbhísí meán, agus dá éagsúla iad, a áirithiú. Dá ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe choiteanna a fhorbairt, chuideofaí le caighdeáin theicniúla éagsúla a sheachaint lena gcruthófaí bacainní agus costais bhreise le haghaidh an tionscail agus le haghaidh tomhaltóirí agus spreagfaí forbairt réiteach chun oibleagáidí a chur chun feidhme maidir le seirbhísí meán a leagtar síos sa Ghníomh Eorpach um Shaoirse na Meán.
|
|
17
|
Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla agus Cathracha Cliste
|
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/459 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2024 maidir leis an gCuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach a chur ar bun le haghaidh Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla Líonraithe i dtreo CitiVERSE (LDT CitiVERSE EDIC)
Rialachán (AE) 2024/903 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach)
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun ardleibhéal idir-inoibritheachta a bhaint amach i measc ardáin sonraí uirbeacha, chomh maith le réitigh a fhorbairt lena dtacaítear le Leathchúplaí Digiteacha Áitiúla a bhaineann go sonrach le réimse ar leith (e.g. soghluaisteacht, éifeachtúlacht fuinnimh, pleanáil uirbeach, bailiú dramhaíola), agus an méid sin ag brath ar ailtireacht thagartha choiteann agus ar shraith sásraí idir-inoibritheachta íosta.
|
An príomhchuspóir is ea iomaíocht chóir a chothú i measc soláthraithe teicneolaíochta, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh réitigh a fhorbairt nó a oiriúnú chun freastal ar riachtanais shonracha cathracha.
|
|
18
|
Seirbhísí ticéadaithe ilmhódacha agus il-oibreoirí
|
RIALACHÁN (AE) UIMH. 454/2011 ÓN gCOIMISIÚN maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice i gcomhair seirbhísí do phaisinéirí’ den chóras iarnróid thras-Eorpaigh
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/490 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud an Aontais
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le comhéadain feidhmchláir (APInna) i dtaca le ticéid iompair a dháileadh, le barrachóid chun ticéadú idir-inoibritheach a chumasú agus le próifíl táillí AE.
|
Is é an aidhm atá ann tacú le hidir-inoibritheacht na gcóras éagsúil, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann níos mó roghanna ilmhódacha agus ticéid ilmhódacha a dháileadh.
|
|
19
|
Caighdeáin lena spreagtar forbairt na teicneolaíochta candamaí agus cur chun feidhme na bprótacal Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí
|
2030 Digital Compass:the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an bealach Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití] COM/2021/118 final/2
Moladh (AE) 2024/1101 ón gCoimisiún an 11 Aibreán 2024 maidir le Treochlár um Chur Chun Feidhme Comhordaithe le haghaidh an aistrithe chuig Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach
C/2024/2393
Rialachán (AE) 2024/2847 maidir leis na ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha (an Gníomh um Chibear-Athléimneacht)
|
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt chun tacú le cur chun cinn na dteicneolaíochtaí candamacha agus na Cripteagrafaíochta Iar-Chandamaí i gcomhréir le beartais agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht a áirithiú go bhfanfaidh an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le caighdeáin a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí candamacha agus Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach. Maidir le Cripteagrafaíocht Iar-Chandamach, ba cheart iarrachtaí a dhíriú ar ról an Aontais sa chaighdeánú idirnáisiúnta a threisiú chomh maith leis na hiarrachtaí caighdeánaithe ilroinnte ar leibhéal an Aontais a nascadh le chéile ar mhaithe le tionchar méadaithe. Féachann an ghníomhaíocht freisin leis an nasc idir caighdeánú, taighde agus nuálaíocht a neartú agus iomaíochas, uathriail straitéiseach agus slándáil eacnamaíoch na hEorpa á gcur chun cinn an tráth céanna.
|
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an aistriú glas a fhorbairt agus a athbhreithniú
|
|
Tagairt
|
Teideal
|
Tagairt
|
Caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
|
20
|
Teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna hidrigine
|
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine — COM/2021/804 final
Treoir (AE) 2023/2413 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle
|
Caighdeáin Eorpacha um cháilíocht, teicneolaíocht agus sábháilteacht a fhorbairt maidir le monarú agus úsáid hidrigine.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo feabhas a chur ar fhorbairt agus cothabháil an bhonneagair hidrigine agus comhpháirteanna teicneolaíochta sa mhargadh aonair.
|
|
21
|
Iompar agus stóráil hidrigine
|
Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh
Treoir (AE) 2024/1788 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin
|
Na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le cáilíocht agus sábháilteacht hidrigine a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt, caighdeáin a bheidh ábhartha maidir le hinstealladh isteach sa líonra hidrigine tiomnaithe, agus maidir le húsáidí deiridh, lena n-áirítear breoslaí hidrigine.
|
Éascófar an t-athrú ó bhreoslaí iontaise agus ó bunábhar in earnálacha is deacair a dhícharbónú ach uas-scálú na modhanna iompair agus stórála le haghaidh hidrigine a chumasú agus a chur chun cinn.
|
|
22
|
Iompar agus stóráil bhuan dé-ocsaíde carbóin
|
Rialachán (AE) 2024/1735 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt maidir le dé-ocsaíd charbóin a iompar trí phíblínte, longa, traenacha agus trucailí agus maidir lena buanstóráil gheolaíoch.
|
An príomhchuspóir is ea ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú maidir le bonneagar iompair dé-ocsaíde carbóin atá ag teacht chun cinn agus maidir le hacmhainneachtaí buanstórála.
|
|
23
|
Éicidhearthóireacht i ndáil le caidéil uisce
|
Rialachán (AE) Uimh. 547/2012 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2012 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh caidéil uisce
Rialachán (AE) Uimh. 547/2012 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2012 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh caidéil uisce
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir leis na modhanna tomhais agus ríomha a úsáidtear chun sonraíochtaí éicidhearthóireachta caidéal uisce a chinneadh.
|
An príomhchuspóir is ea ídiú fuinnimh caidéal uisce a laghdú, agus cur chuige táirgí leathnaithe á chur san áireamh, agus gnéithe eile á scrúdú, b’fhéidir, cuir i gcás gnéithe a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach.
|
|
24
|
Éicidhearthóireacht na ngaothrán tionsclaíoch
|
Rialachán (AE) Uimh. 327/2011 ón gCoimisiún an 30 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh gaothráin mhótarthiomáinte ag a bhfuil cumhacht ionchuir leictrigh idir 125 W agus 500 kW
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt chun cur chuige táirgí leathnaithe a chumasú, go háirithe trí líon leordhóthanach pointí oibriúcháin a shainaithint mar aon le modh idirshuímh/ríomha agus/nó sainchuar. Modhanna tomhais díreacha a chomhlánú le modhanna iomchuí ríomha/idirshuímh agus a mbailíocht a chainníochtú. Modhanna maidir le gaothráin imshruthaithe agus gaothráin mhóra chompoird agus gaothráin mhóra a bhunú e.g. trí eachtarshuíomh ó shamhlacha scálaithe.
|
Modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun ídiú fuinnimh na ngaothrán tionsclaíoch a thomhas d’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh.
|
|
25
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh coirí breosla sholadaigh
|
Rialachán (AE) Uimh. 2015/1189 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh coirí breosla sholadaigh
Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2015/1187 an 27 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh coirí agus pacáistí coire breosla sholadaigh, téitheoirí forlíontacha, rialuithe teochta agus grianfheistí
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh coirí breosla sholadaigh.
|
An príomhchuspóir is ea ídiú fuinnimh na gcoirí breosla sholadaigh a laghdú agus tionchar comhshaoil na gcoirí sin a theorannú a thuilleadh.
|
|
26
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fearais chócaireachta
|
Rialachán (AE) Uimh. 66/2014 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh oighinn bhaile, iartaí agus cochaill sorn
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chócaireachta agus caighdeáin nua a fhorbairt.
|
An príomhchuspóir is ea ídiú fuinnimh fearas cócaireachta a laghdú.
|
|
27
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí
|
Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí tí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh miasniteoirí tí.
|
An príomhchuspóir is ea ídiú fuinnimh na miasniteoirí tí a laghdú agus a n-éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú.
|
|
28
|
Éicidhearthóireacht an trealaimh tí agus oifige leictrigh agus leictreonaigh
|
Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid ‘as’, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le trealamh tí agus oifige leictreach agus leictreonach agus caighdeáin nua a fhorbairt.
|
Ídiú fuinnimh an trealaimh tí agus oifige leictrigh agus leictreonaigh a laghdú le linn don mhód fuireachais, don mhód múchta agus don fhuireachais líonra a bheith i bhfeidhm.
|
|
29
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla
|
Rialachán (AE) Uimh. 2015/1188 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1186 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus astaíochtaí téitheoirí spáis áitiúla a laghdú.
|
Ídiú fuinnimh na dtéitheoirí spáis áitiúla a laghdú agus an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a theorannú a thuilleadh.
|
|
30
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis
|
Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo.
|
Ídiú fuinnimh, leibhéal cumhachta na fuaime, ábhar cáithníneach agus sonraíochtaí astaíochtaí ocsaídí nítrigine a chaighdeánú le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin le feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí sin.
|
|
31
|
Éicidhearthóireacht téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh
|
Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh agus caighdeáin nua a fhorbairt.
|
Ídiú fuinnimh na dtéitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh a laghdú agus an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a theorannú a thuilleadh.
|
|
32
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil agus inbhéartóirí)
|
Rialachán PLAN/2020/7002 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais)
Rialachán Tarmligthe PLAN/2020/7007 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais)
|
Caighdeáin nua a fhorbairt maidir le táirgí fótavoltacha (modúil agus inbhéartóirí), chun tacú le tomhas agus ríomh na bparaiméadar táirgí ábhartha — trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo.
|
An príomhchuspóir is ea modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun paraiméadair ábhartha modúl fótavoltach agus inbhéartóirí fótavoltacha a thomhas d’fhonn feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh.
|
|
33
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí uisce
|
Rialachán (AE) Uimh. 814/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the
Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí uisce, umair stórála uisce the agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo.
|
Ídiú fuinnimh, leibhéil chumhachta na fuaime agus sonraíochtaí astaíochtaí ocsaídí nítrigine na dtéitheoirí uisce agus sonraíochtaí maidir le caillteanais sheasta umar stórála uisce the a chaighdeánú ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin le feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí sin.
|
|
34
|
Éicidhearthóireacht teaschaidéal agus aerchóiritheoirí aer go haer
|
Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an 6 Márta 2012 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus gaothráin chompoird arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le teaschaidéal agus aerchóiritheoirí aer go haer, agus caighdeáin nua a fhorbairt, trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirfí úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta leo san áireamh.
|
Ídiú fuinnimh teaschaidéal agus aerchóiritheoirí aer go haer a laghdú le linn a gcéime úsáide, chomh maith le tionchair chomhshaoil ghaolmhara eile, agus a leibhéal cumhachta fuaime.
|
|
35
|
Éicidhearthóireacht na soláthairtí seachtracha cumhachta
|
RIALACHÁN (AE).../... ón gCoimisiún an XXX lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le soláthairtí seachtracha cumhachta, luchtairí gan sreang, pillíní luchtaithe gan sreang, luchtairí ceallraí le haghaidh ceallraí inaistrithe úsáide ginearálta agus cáblaí USB Type-C, de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2019/1782 ón gCoimisiún
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus modhanna tástála nua a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh soláthairtí cumhachta oiriúnaitheacha agus chun aghaidh a thabhairt ar cheanglais éicidhearthóireachta nua, amhail idir-inoibritheacht agus marthanacht.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo rátaí caillteanais fuinnimh a laghdú ar fud an Aontais, rud a thacóidh le feidhmiú an mhargaidh aonair agus a rannchuideoidh le coigilteas fuinnimh. Áirítear léi freisin modhanna tástála a fhorbairt chun comhlíonadh na gceanglas éicidhearthóireachta nua a áirithiú.
|
|
36
|
Éicidhearthóireacht na ngaothrán tionsclaíoch
|
Rialachán (AE) 2024/1834 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2024 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta do ghaothráin mhótarthiomáinte ina bhfuil cumhacht ionchuir leictrigh idir 125 W agus 500 kW agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 327/2011 ón gCoimisiún
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt nó caighdeáin atá ann cheana a oiriúnú chun tástáil a dhéanamh ar ghaothráin mhótarthiomáinte ina bhfuil cumhacht ionchuir leictrigh idir 125 W agus 500 kW
|
Modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun ídiú fuinnimh agus paraiméadair ábhartha eile gaothrán tionsclaíoch a thomhas chun feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus go gcuirfear coigilteas fuinnimh chun cinn.
|
|
37
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh folúsghlantóirí
|
PLAN/2019/5366 — Beart rialála maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí (athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 666/2013)
PLAN/2019/5367 — Beart rialála maidir le ceanglais lipéadaithe fuinnimh le haghaidh folúsghlantóirí
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le ceanglais éicidhearthóireachta agus lipéadaithe fuinnimh le haghaidh folúsghlantóirí, atá le comhchuibhiú trí aithris in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
An príomhchuspóir is ea caighdeáin chomhchuibhithe a fháil le haghaidh folúsghlantóirí, caighdeáin atá in-atáirgthe agus a léiríonn úsáid fíorshaoil. Gan a bheith uileghabhálach, tá sé seo ábhartha maidir leis an líon gluaiseachtaí débhuilleacha a úsáidtear le haghaidh folúsghlanta, leithead an bhuinne agus an sainmhíniú ar ghabhdán atá luchtaithe go páirteach, chomh maith le nithe eile. Cuspóir eile is ea caighdeáin a fháil chun tacú le prionsabal an chirt chun deisiúcháin.
|
|
38
|
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid
|
Rialachán (AE) 2023/1670 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena leagtar síos ceanglais maidir le héicidhearthóireacht i dtaca le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1669 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar fhóin chliste agus ríomhairí táibléid
|
Caighdeán Eorpach nua a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh, feidhmíocht, marthanacht agus ciorclaíocht fón cliste, fón póca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid a thomhas agus a ríomh.
|
Príomhchuspóir an bhirt is ea modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh agus paraiméadair ábhartha eile maidir le fóin chliste, fóin phóca nach fóin chliste iad, fóin shiúil agus ríomhairí táibléid a thomhas d’fhonn feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht, sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh.
|
|
39
|
Éicidhearthóireacht le haghaidh freastalaithe agus táirgí stórála sonraí
|
Rialachán (AE) 2019/424 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh freastalaithe agus táirgí stórála sonraí de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt chun éifeachtúlacht, feidhmíocht agus éilimh cumhachta freastalaithe agus táirgí stórála sonraí a thomhas agus a ríomh.
|
Príomhchuspóir an bhirt is ea modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh agus paraiméadair ábhartha eile freastalaithe agus táirgí stórála sonraí a thomhas. An príomhchuspóir is ea feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh.
|
|
40
|
Dearadh éicidhearthóireachta na gclaochladán beagchumhachta, meánchumhachta agus mórchumhachta
|
Rialachán (AE) Uimh. 548/2014 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2014 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le claochladáin bheagchumhachta, mheánchumhachta agus mhórchumhachta
|
Caighdeán Eorpach nua a fhorbairt chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht claochladán beagchumhachta, meánchumhachta agus mórchumhachta a thomhas agus a ríomh.
|
Príomhchuspóir an bhirt is ea modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, costéifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun éifeachtúlacht fuinnimh agus paraiméadair ábhartha eile claochladán beagchumhachta, meánchumhachta agus mórchumhachta a thomhas. An aidhm is ea feabhas a chur ar a n-éifeachtúlacht, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh.
|
|
41
|
Athchúrsáil agus athúsáid ábhar i bhfeithiclí a bhfuil a ré caite
|
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ceanglais chiorclaíochta le haghaidh dearadh feithiclí agus maidir le bainistiú feithiclí a bhfuil a ré caite, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/858 agus 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoracha 2000/53/CE agus 2005/64/CE — COM/2023/451 final
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt lena bhfeabhsófar na próisis le haghaidh dhearadh ciorclach, tháirgeadh, athúsáid agus athchúrsáil na bhfeithiclí agus a gcomhpháirteanna. Áireofar ar na caighdeáin sin feabhsuithe ar an dearadh chun páirteanna plaisteacha a athchúrsáil, chomh maith le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite chun aisghabháil amhábhar criticiúil a mhéadú agus feabhas a chur ar cháilíocht conamar cruach agus alúmanaim, chomh maith le modhanna ríomha agus tomhais maidir le cáilíocht ábhar gluaisteán sórtáilte, athchúrsáilte agus aisghafa.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht athchúrsáil agus athúsáid na n-ábhar a fheabhsú agus giniúint na dramhaíola ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a laghdú.
|
|
42
|
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh — modhanna tomhais chun faireachán a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach
|
Airteagal 4(1), (8) agus (13) de Threoir 2004/107/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach, agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi
|
Caighdeáin a fhorbairt chun tiúchaintí hidreacarbón il-timthriallach aramatach san aer comhthimpeallach a thomhas.
|
A áirithiú go bhfuil an anailís ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach beacht, iontaofa agus inchomparáide go leordhóthanach ar fud an Aontais.
|
|
43
|
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh — measúnuithe bunaithe ar shamhaltú
|
Airteagail 6, 7, 9 agus 10 de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi
|
Caighdeáin a fhorbairt lena n-áiritheofar go mbeidh measúnuithe bunaithe ar shamhaltú ar cháilíocht an aeir oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide, agus go mbeidh siad de cháilíocht leordhóthanach chun faisnéis iontaofa a ghiniúint maidir le tiúchaintí na dtruailleán aeir san aer comhthimpeallach.
|
A áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear maidir le truailliú aeir sách ionadaíoch agus inchomparáide ar fud an Aontais.
|
|
44
|
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh — feidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir
|
Airteagail 6, 7, 9 agus 10 de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi
|
Caighdeán bailíochtaithe tástála nó caighdeáin bhailíochtaithe tástála a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir. Leis an gcaighdeán, déanfar a mheas an gcomhlíonann na córais bhraiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE.
|
Measúnuithe ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a fheabhsú trí mheastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na córais bhraiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE. Leis sin, beifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as an modh faireacháin sin agus feabhas a chur ar an measúnú ar cháilíocht an aeir.
|
|
45
|
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh — an líon méid-dáileacháin cáithníní
|
Treoir (AE) 2024/2881 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt chun an líon méid-dáileacháin cáithníní a thomhas.
|
An príomhchuspóir is ea feabhas a chur ar cháilíocht an aeir trí na sonraí agus an tuiscint eolaíoch ar éifeachtaí cáithníní sármhíne ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol a fheabhsú. Chun é sin a bhaint amach, is gá a áirithiú, maidir leis an tomhas cáithníní sármhíne tríd an líon méid-dáileacháin cáithníní san aer comhthimpeallach, go mbeadh an tomhas sin beacht, iontaofa agus inchomparáide go leor ar fud an Aontais. Le Treoir (AE) 2024/2881 tugtar isteach an oibleagáid faireachán a dhéanamh ar an truailleán aeir neamhrialáilte sin atá ag teacht chun cinn, mar aon le ceanglais chun cáithníní sármhíne a thomhas, ar ceanglais iad atá dírithe go háirithe ar shuíomhanna uirbeacha.
|
|
46
|
Astaíochtaí tionsclaíocha
|
Treoir (AE) 2024/1785 lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún le dramhaíl
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú leis an Treoir athbhreithnithe maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, lena n-áirítear tomhais thréimhsiúla ar fhormaildéad, mearcair gásach iomlán trí shampláil fhadtéarmach le hanailísí minice, astaíochtaí idirleata amóinia (e.g. ó dhiantógáil), agus substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) san uisce agus san aer, agus na teicnící is fearr atá ar fáil á mbunú an tráth céanna.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht feabhas a chur ar thomhas truailleán, éifeachtúlacht acmhainne a chothú, agus na teicnící is fearr atá ar fáil a chomhtháthú, agus ar an gcaoi sin sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint agus cleachtais thionsclaíocha agus talmhaíochta inbhuanaithe a chumasú an tráth céanna.
|
|
47
|
Astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh
|
Rialachán (AE) 2024/1787 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin
|
Forbairt caighdeán nua Eorpach agus athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le cainníochtú astaíochtaí meatáin in oibríochtaí ola, gáis agus guail, lena n-áirítear sócmhainní atá neamhghníomhach, líonta, dúnta nó tréigthe. Forbairt caighdeán nua Eorpach agus athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le suirbhéanna chun sceitheadh meatáin in oibríochtaí ola agus gáis a bhrath agus a dheisiú. Forbairt caighdeán nua Eorpach maidir le trealamh a sheachnaíonn an scaoileadh trína dhearadh.
|
An cuspóir is ea tacú le hoibleagáidí ar oibreoirí fuinnimh astaíochtaí meatáin a thomhas agus a mhaolú ar bhealach inchomparáide ar fud an Aontais. Áiritheofar sa chaoi sin cothrom iomaíochta idir oibreoirí, rochtain ar fhaisnéis inchomparáide agus leibhéal éifeachtúlachta comhchuibhithe maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú.
|
|
48
|
Micreaphlaistigh
|
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú COM/2023/645 final
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt lena dtacaítear le bearta chun dul i ngleic le truailliú ó mhicreaphlaistigh (cáithníní plaisteacha ar lú ná 5 mm a dtrastomhas de ghnáth), a scaoiltear go neamhbheartaithe sa chomhshaol (e.g. ó mhillíní agus teicstílí sintéiseacha).
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht scaoileadh micreaphlaisteach sa chomhshaol a laghdú agus, dá réir sin, truailliú an chomhshaoil agus rioscaí féideartha do shláinte an duine a ísliú.
|
|
49
|
Measúnú ar sheirbhísí éiceachórais
|
Rialachán (AE) 2024/3024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach
|
Caighdeáin agus táirgí insoláthartha Eorpacha, atá éagsúil le caighdeáin airgeadais agus staidrimh, a fhorbairt chun tacú le measúnú a dhéanamh ar sheirbhísí éiceachórais. Tá sonraí maidir le seirbhísí éiceachórais mar bhonn agus mar thaca ag tuairisciú ar an mbithéagsúlacht, ar an athrú aeráide agus ar shláinte na n-éiceachóras talún agus muirí. Sonrófar sna caighdeáin sin na saintréithe teicniúla a chuirfear san áireamh agus nósanna imeachta agus samhlacha á roghnú chun sonraí a mheas agus a bhailiú.
|
Príomhchuspóir na gníomhaíochta is ea tacú le cáilíocht sonraí na gcuntas Eorpach i dtaca le seirbhísí éiceachórais chun faisnéis níos fearr a chur ar fáil don Chomhaontú Glas don Eoraip.
|
|
50
|
Táirgí leasacháin
|
Rialachán (AE) 2019/1009 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt, nó athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin atá ann cheana, maidir le modhanna tástála chun láithreacht éilleán, truailleán orgánach, miocrorgánach a chinneadh agus scrúdú eile a dhéanamh ar pharaiméadair shonracha atá ábhartha maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch tháirgí leasacháin de chuid an Aontais agus a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/1009.
|
Is é is cuspóir don ghníomhaíocht seo a áirithiú go mbeidh monaróirí, údaráis um fhaireachas margaidh agus comhlachtaí dá dtugtar fógra in ann brath ar mhodhanna tástála a chumhdaítear le caighdeáin chomhchuibhithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht táirgí leasacháin de chuid an Aontais leis na ceanglais i Rialachán (AE) 2019/1009. Tá CEN ag obair faoi láthair faoi iarraidh M/564 um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt le haghaidh táirgí leasacháin de chuid an Aontais. Tá iarraidh nua ar chaighdeánú beartaithe chun a iarraidh ar CEN caighdeáin chomhchuibhithe bhreise a fhorbairt le haghaidh na modhanna tástála is gá chun tacú le forálacha nua a áiríodh le déanaí sa ghníomh thuas.
|
|
51
|
Athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus dícharbónú sa bhonneagar iompair
|
Rialachán (AE) 2024/1679 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt
|
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le hathléimneacht earnáil thógáil an bhonneagair iompar in aghaidh an athraithe aeráide agus dícharbónú na hearnála sin, mar a leanas:
|
—
|
measúnú saolré caighdeánaithe, agus cuntasaíocht charbóin ar feadh an tsaoil agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide mar ghné lárnach den phróiseas deartha;
|
|
—
|
modheolaíocht choiteann chun astaíochtaí carbóin saolré a ríomh, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh orthu ar leibhéal oibreacha innealtóireachta sibhialta, modheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar chostais saolré i dtairiscintí a thagann faoi raon feidhme threoracha soláthair an Aontais
|
|
Príomhchuspóirí na gníomhaíochta is ea tacú leis an méid seo a leanas:
|
—
|
bonneagar glas, inbhuanaithe agus athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide a fhorbairt, agus modhanna gníomhacha á gcur san áireamh, agus teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh tógáil an bhonneagair iompair a dhícharbónú;
|
|
—
|
aird leormhaith a thabhairt ar athléimneacht an ghréasáin iompair agus a bhonneagair agus a sheirbhísí, go háirithe ag codanna trasteorann, maidir le haeráid atá ag athrú agus comhthéacs geopholaitiúil
|
|
|
52
|
Naisc leictreacha cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre
|
Rialachán (AE) 2023/1804 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE
NAIADES III:Boosting future-proof European inland waterway transport [Borradh a chur faoi iompar ar uiscebhealaí intíre Eorpach a sheasfaidh an aimsir] — COM/2021/324 final/2
|
Maidir le caighdeáin EN 15869-2:2019 agus EN 16840:2017 a athbhreithniú chun comhoiriúnacht idir córais talmhaithe a fheabhsú, d’fhéadfadh sonraíochtaí maidir le ceanglais chumhachta idir 125A agus 250A a bheith san áireamh iontu, agus d’fhéadfaí gnéithe amhail idir-inoibritheacht, seicheamh uainiúcháin ceangail, agus sásraí athshocraithe seachtracha a ionchorprú iontu i gcás cliseadh nasctha.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht tacú le claochlú ár gcóras iompair i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha trí astaíochtaí soithí loingseoireachta intíre a laghdú agus iad i mbeart.
|
|
53
|
Dearadh ciorclach agus athchúrsáil trealaimh iascaireachta
|
Treoir (AE) 2019/904 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol
|
Caighdeán Eorpach nua a fhorbairt chun tacú le Treoir (AE) 2019/904 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt i ndáil le dearadh ciorclach trealaimh iascaireachta chun ullmhú le haghaidh athúsáide a spreagadh agus chun in-athchúrsáilteacht ag deireadh a ré a éascú.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht cur le hobair CEN/TC 466 faoi Iarraidh M/574 ar Chaighdeánú chun caighdeáin a fhorbairt a thuilleadh maidir le dearadh ciorclach trealaimh iascaireachta. Áirítear leis sin na caighdeáin atá ann cheana a oiriúnú chun forbairtí beartais agus nuálaíochta a léiriú, go háirithe scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunú, dul chun cinn i mbainistiú dramhaíola, agus ábhair mhalartacha amhail polaiméirí in-bhithmhillte a chomhtháthú. Ba cheart forbairtí teicneolaíocha i monarú trealaimh iascaireachta a chur san áireamh sna caighdeáin freisin agus ba cheart a áirithiú go mbeidh siad inoiriúnaithe i gcónaí do nuálaíochtaí amach anseo.
|
|
54
|
Bonneagar luchtaithe feithiclí leictreacha
|
Rialachán (AE) 2023/1804 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
Inrochtaineacht stáisiún athluchtaithe le haghaidh úsáideoirí faoi mhíchumas;
|
|
(ii)
|
Córas bainistíochta dintiúr Bhonneagar Eochrach Poiblí an Aontais (PKI) le haghaidh plugáil isteach agus luchtú in earnáil na leictrea-shoghluaisteachta;
|
|
(iii)
|
Comhéadan Feidhmchláir (API) le haghaidh malartú sonraí idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le pointí rochtana náisiúnta agus úsáideoirí sonraí na mBallstát;
|
|
(iv)
|
Cumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an stáisiúin athluchtaithe;
|
|
(v)
|
Cumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta, agus ardáin ríomhfhánaíochta.
|
|
An príomhchuspóir is ea cur in úsáid bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe dhigitigh agus idir-inoibrithigh le haghaidh feithiclí breosla mhalartaigh a áirithiú, agus béim ar leith á leagan ar an ngá atá le bonneagar athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha.
Meastar go gcomhlánóidh na caighdeáin sin an obair a rinneadh cheana faoi shainordú M/581 chun tacú go díreach le hIarscríbhinn II (Sonraíochtaí teicniúla) a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1804.
|
|
55
|
Cáiliú ábhar le haghaidh imoibreoirí modúlacha beaga
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin
Rialachán (AE) 2024/1735 maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt a bhaineann le gné na n-imoibreoirí modúlacha beaga den Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, a leathnófar chun creimeadh agus cáiliú meicniúil ábhar struchtúrach, agus cáiliú teirmeafisiceach agus ceimiceach fuarán a chumhdach.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht iomaíochas tionsclaíoch an Aontais in earnáil an fhuinnimh núicléach a neartú, nuálaíocht i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chothú, sábháilteacht agus iontaofacht imoibreoirí a fheabhsú, agus rannchuidiú le spriocanna glan-nialasacha an Aontais a bhaint amach trí chórais fuinnimh inbhuanaithe athléimneacha a chur chun cinn.
|
|
56
|
Faireachán a dhéanamh ar cháilíocht an aeir
|
Treoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip
Treoir (AE) 2024/2881 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt agus na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le substaintí réamhtheachtacha ózóin a thomhas trí aghaidh a thabhairt ar líon níos mó comhdhúl so-ghalaithe orgánach.
|
Príomhchuspóirí na dtomhas ar shubstaintí réamhtheachtaithe ózóin is ea anailís a dhéanamh ar aon treocht i réamhtheachtaithe ózóin, éifeachtúlacht straitéisí laghdaithe astaíochtaí a sheiceáil, comhsheasmhacht fardal astaíochtaí a sheiceáil, tacú le tuiscint a fháil ar an bpróiseas foirmithe ózóin agus ar an bpróiseas scaipthe réamhtheachtaithe, mar aon le cur i bhfeidhm samhlacha fótaiceimiceacha, agus cabhrú chun foinsí astaíochtaí a shannadh do thiúchaintí bhreathnaithe truaillithe.
|
|
57
|
Doiciméadacht theicniúil i réimse na leictreonaice
|
Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 i ndáil le creat coiteann maidir le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt chun an measúnú comhréireachta ar threalamh leictreach agus leictreonach a neartú agus chun feabhas a chur ar an gcumarsáid feadh an tslabhra soláthair. Áirítear leis sin athbhreithniú a dhéanamh ar EN IEC 63000, lena sonraítear an doiciméadacht theicniúil nach mór do mhonaróirí a thiomsú chun comhlíonadh na srianta is infheidhme ar shubstaintí a dhearbhú.
|
Príomhchuspóir na gníomhaíochta is ea feabhas a chur ar dhoiciméadacht theicniúil, rud a fhágfaidh go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann measúnú a dhéanamh, ar bhealach níos éasca, ar cé acu atá nó nach bhfuil trealamh leictreach agus leictreonach i gcomhréir leis an reachtaíocht faoi seach.
|
|
58
|
Tionscal inbhuanaithe algaí san Aontas
|
I dTreo Earnáil Láidir Inbhuanaithe Algaí san Aontas COM/2022/592 final
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun tacú le prótacail chaighdeánaithe, le modhanna anailíseacha, le treoirlínte, le dea-chleachtais agus le sainmhínithe i gcomhair thionscal na n-algaí, lena gcumhdaítear saothrú, próiseáil agus rialú cáilíochta táirgí algaí chun a sábháilteacht, a gcáilíocht agus a n-inbhuanaitheacht ó thaobh bia, beatha agus feidhmeanna eile de a áirithiú.
|
Trí chaighdeáin a leagan síos, éascófar rialachas, feabhsófar feasacht shóisialta agus glacadh sa mhargadh, agus cuirfear feabhas ar an timpeallacht ghnó i gcás algaí agus táirgí atá bunaithe ar algaí san Aontas.
|
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an gcóras satailíte Eorpach agus an bonneagar spáis Eorpach a fhorbairt agus a athbhreithniú
|
|
Tagairt
|
Teideal
|
Tagairt
|
Caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
|
59
|
Sláine agus cruinneas sonraí spáis
|
Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
|
Thacódh an ghníomhaíocht atá beartaithe le Clár Spáis an Aontais. Thacódh sí freisin leis an litir intinne ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Meán Fómhair 2023 a díríodh chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus chuig Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Geilleagar Sonraí Spáis de chuid an Aontais a bhunú.
|
An príomhchuspóir is ea sláine sonraí a áirithiú i sonraí spáis, rud a chiallaíonn comhsheasmhacht, cruinneas agus iontaofacht na sonraí a choinneáil ar bun agus a dhearbhú ar feadh a saolré, chomh maith le cruinneas sonraí a áirithiú. Tagraíonn cruinneas sonraí i gcomhthéacs fhaire na Cruinne do cé chomh dlúth agus a ailíníonn na sonraí breathnaithe leis an bhfíric iarbhír ón talamh. Tá sé sin ríthábhachtach maidir le feidhmchláir iontaofa i réimsí amhail talmhaíocht, samhaltú aeráide agus pleanáil uirbeach. Ba cheart faisnéis dhian neamhchinnteachta (amhail lamhálacha earráide nó eatraimh mhuiníne) a chuimsiú ann.
|
|
60
|
Dearadh aerárthaí ísealriosca gan foireann
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann
|
Caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha nua a fhorbairt nó athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha atá ann cheana chun tacú le comhtháthú aerárthaí gan foireann san aerspás in oibríochtaí lena mbaineann riosca níos ísle.
|
An príomhchuspóir is ea tacú le hoibríochtaí aerárthaí gan foireann, ar oibríochtaí iad lena mbaineann riosca níos ísle, a chomhtháthú go sábháilte san Aerspás Eorpach Aonair trína áirithiú nach gcuirfear ar mhargadh an Aontais ach córais aerárthaí gan foireann atá comhlíontach.
|
|
61
|
Bainistiú spástráchta
|
Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis
|
Treoirlínte agus caighdeáin a fhorbairt maidir le bainistiú spástráchta chun freagrachtaí agus rialacha oibríochtúla a shainiú, rioscaí a mheasúnú, agus nósanna imeachta sábháilteachta a bhunú chun rioscaí a bhaineann leis an timpeallacht spáis phlódaithe amach anseo a chosc.
|
Is saincheist phráinneach i gcónaí í inbhuanaitheacht na timpeallachta spáis ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi ar an leibhéal Eorpach trí chaighdeánú. Seachnófar plódú spáis amach anseo agus cuirfear deireadh le bacainní ar an nuálaíocht i dtírdhreach spáis na hEorpa ach cur chuige comhchoiteann a bheith ann a mbeidh caighdeáin mar bhonn agus taca aige.
|
|
62
|
Sábháilteacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis
|
TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE Straitéis Spáis an Aontais Eorpaigh um Shlándáil agus Cosaint — JOIN/2023/9 final
PLAN/2023/214 Dlí Spáis an Aontais: Gníomhaíochtaí spáis atá sábháilte, slán agus inbhuanaithe
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt le haghaidh réimsí sonracha a chumhdaítear le Dlí Spáis an Aontais, amhail seirbhísí agus oibríochtaí sa spás, comhpháirteanna leictreacha, leictreonacha agus leictrimheicniúla le haghaidh feidhmeanna spáis, inrianaitheacht sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe, agus athléimneacht agus sábháilteacht an bhonneagair spáis agus gníomhaíochtaí spáis.
|
Tá na caighdeáin sin fíor-riachtanach chun sábháilteacht agus iontaofacht a áirithiú in oibríochtaí spáis, chun idir-inoibritheacht a fheabhsú, agus chun athléimneacht slabhraí soláthair criticiúla a neartú. Má ghlactar iad, treiseofar ceannaireacht na hEorpa in earnáil an spáis, cuirfear borradh faoin iomaíochas domhanda, agus áiritheofar seirbhísí spáis slána athléimneacha.
|
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an margadh inmheánach le haghaidh táirgí agus seirbhísí a fhorbairt agus a athbhreithniú
|
|
Tagairt
|
Teideal
|
Tagairt
|
Caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí insoláthartha Eorpacha caighdeánúcháin
|
|
63
|
Feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro
|
Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis
Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro
|
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le dearadh agus monarú na nithe seo a leanas:
|
—
|
feistí leighis a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/745 (RFL);
|
|
—
|
feistí leighis diagnóiseacha in vitro a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/746 (RDIV).
|
Beidh feidhm ag na caighdeáin maidir le dearadh agus monarú, bainistiú riosca agus na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar urraitheoirí, lena n-áirítear na cinn a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
—
|
córais bainistíochta cáilíochta;
|
|
—
|
imscrúduithe cliniciúla agus staidéir ar fheidhmíocht;
|
|
—
|
meastóireacht chliniciúil.
|
|
Feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a mhéid a bhaineann le feistí leighis a áirithiú, trí ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Leis na caighdeáin sin, ba cheart déileáil leis na gnáthcheisteanna sábháilteachta a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin, agus ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta d’othair, d’úsáideoirí agus do dhaoine eile a áirithiú.
|
|
64
|
Uirlisí meáite agus tomhais
|
Treoir 2014/31/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh
Treoir 2014/32/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hionstraimí tomhais a chur ar fáil ar an margadh
|
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse na n-uirlisí meáite agus tomhais.
|
|
(i)
|
An pobal a chosaint ar thorthaí míchearta ó oibríochtaí meáite trí bhíthin uirlisí neamh-uathoibríocha meáite nuair a úsáidtear iad i gcatagóirí áirithe feidhmeanna;
|
|
(ii)
|
Tacú le huirlisí tomhais atá ceart agus inrianaithe ar féidir iad a úsáid le haghaidh tascanna tomhais éagsúla a dhéanann difear go díreach agus go hindíreach do shaol laethúil daoine ar go leor bealaí. Is ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, leis an tsláinte phoiblí, leis an tsábháilteacht agus leis an ord, le cosaint an chomhshaoil, le cosaint tomhaltóirí, le cánacha agus dleachtanna a ghearradh agus le cóirthrádáil a dhéantar na cúraimí sin. Is féidir go mbeidh ionstraimí tomhais a rialaítear go dlíthiúil ag teastáil chun iad a chur i gcrích.
|
|
|
65
|
Idir-inoibritheacht an chórais iarnróid
|
Treoir (AE) 2016/797 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach
|
Caighdeáin nua Eorpacha agus táirgí insoláthartha nua Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt, nó caighdeáin agus táirgí atá ann cheana a athbhreithniú, chun tacú le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/797.
|
An príomhchuspóir is ea ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú le haghaidh an chórais iarnróid agus forbairtí teicneolaíocha (digiteacha) agus srianta éiceolaíocha (glasa) á gcur san áireamh.
|
|
66
|
Ísealvoltas
|
Treoir 2014/35/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i dTreoir 2014/35/AE.
|
A áirithiú go ndéanfar na caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/35/AE maidir le hÍsealvoltas a thabhairt cothrom le dáta agus go gcumhdófar an úrscothacht leo. Leis na caighdeáin chomhchuibhithe sin, a luafar na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tabharfar toimhde comhréireachta do na ceanglais chomhchuibhithe chomhfhreagracha.
Dá bhrí sin, áiritheofar nach gcuirfear sláinte agus sábháilteacht daoine agus ainmhithe clóis, nó maoin, i mbaol le trealamh leictreach, nuair a dhéantar é a shuiteáil agus a chothabháil i gceart agus a úsáid i bhfeidhmeanna ar ina leith a rinneadh é.
|
|
67
|
Foclóir sonraí le haghaidh tuairisciú d’údaráis mhaoirseachta san earnáil airgeadais
|
COM(2021) 798 — Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh
Rialachán (AE) 2019/876 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
|
Caighdeán nua Eorpach a fhorbairt le haghaidh na tuairisce ar inneachar agus formáid na sonraí a thuairiscíonn eintitis atá gníomhach san earnáil airgeadais do na húdaráis inniúla chun críoch na maoirseachta airgeadais agus na sonraí a nochtar don phobal faoi chreataí reachtacha éagsúla.
Ba cheart a áirithiú leis an gcaighdeán go ndéantar tuairisc struchtúrtha chuimsitheach chomhsheasmhach neamh-dhéchiallach ar na sonraí agus téarmaí a úsáid atá fréamhaithe sa reachtaíocht chun nasc soiléir a bhunú idir ítimí sonraí a bhailítear agus/nó a nochtar agus na sonraíochtaí reachtacha ábhartha.
|
An cuspóir fadtéarmach is ea tuairisciú maoirseachta an Aontais a nuachóiriú agus córas a chur i bhfeidhm lena soláthrófar sonraí cruinne comhsheasmhacha tráthúla do na húdaráis mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus an t-ualach tuairiscithe comhiomlán ar na páirtithe ábhartha uile a íoslaghdú san am céanna.
Le caighdeánú sonraí agus le comhthuiscint ar na sonraí a bhailítear agus a nochtar faoi chreataí reachtacha éagsúla, beidh sé níos éasca teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus déanfar tarchur, bailíochtú agus anailís na sonraí a shimpliú.
|
|
68
|
Breithnithe antrapaiméadracha maidir le sábháilteacht innealra
|
Rialachán (AE) 2023/1230 maidir le hinnealra
|
Staidéir antrapaiméadracha a dhéanamh, amhail sonraí antrapaiméadracha a bhailiú ar léiriú ionadaíoch iad ar dhaonra an Aontais Eorpaigh nó ceardlanna a reáchtáil chun monaróirí, úsáideoirí agus caighdeánóirí a thionól, chun an míchompord, an tuirse agus an strus fisiciúil agus síceolaíoch a bhíonn ar an oibreoir a laghdú nó a dhíothú a mhéid is féidir chun inathraitheacht thoisí fisiciúla, neart agus theacht aniar an oibreora a cheadú. Sna sonraí sin, ba cheart a chuimsiú freisin gné na mball coirp, go háirithe géaga agus foircinn, chun rioscaí teagmhála leis an meaisín trí oscailtí a chosc.
|
An príomhchuspóir is ea staidéir antrapaiméadracha a dhéanamh, mar shampla na staidéir atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus sonraí antrapaiméadracha atá ar iarraidh agus ar léiriú ionadaíoch iad ar dhaonra an Aontais a bhailiú, nó ceardlanna a reáchtáil chun úsáideoirí, monaróirí agus caighdeánóirí a thionól. Tá na sonraí sin riachtanach chun caighdeáin a fhorbairt, agus, sa deireadh thiar, chun meaisíní a fhorbairt, ar meaisíní iad a d’fhéadfadh formhór mór na n-oibreoirí san Aontas a úsáid go sábháilte.
|
|
69
|
Breithnithe antrapaiméadracha maidir le trealamh cosanta pearsanta
|
Rialachán (AE) 2016/425 maidir le trealamh cosanta pearsanta
|
Staidéir antrapaiméadracha a dhéanamh, amhail sonraí antrapaiméadracha a bhailiú ar léiriú ionadaíoch iad ar dhaonra an Aontais nó ceardlanna a reáchtáil chun monaróirí, úsáideoirí agus caighdeánóirí a thionól, chun gur féidir TCP a oiriúnú do mhoirfeolaíocht an sciar is mó is féidir d’úsáideoirí san Aontas trí gach modh iomchuí, amhail córais choigeartaithe agus cheangail leordhóthanacha nó raon leordhóthanach méideanna a sholáthar.
|
An príomhchuspóir is ea staidéir antrapaiméadracha a dhéanamh, mar shampla sonraí antrapaiméadracha atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta agus sonraí antrapaiméadracha atá ar iarraidh agus ar léiriú ionadaíoch iad ar dhaonra an Aontais a bhailiú nó ceardlanna a reáchtáil chun úsáideoirí, monaróirí agus caighdeánóirí a thionól. Tá na sonraí sin riachtanach chun caighdeáin a fhorbairt agus, sa deireadh thiar, chun táirgí a fhorbairt ar féidir le formhór mór na n-úsáideoirí san Aontas iad a úsáid go sábháilte.
|
|
70
|
Trealamh cosanta pearsanta
|
Rialachán (AE) 2016/425 maidir le trealamh cosanta pearsanta
|
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse an trealaimh cosanta pearsanta.
|
An príomhchuspóir is ea cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-úsáideoirí agus saorghluaiseacht trealaimh cosanta pearsanta sa mhargadh inmheánach a áirithiú. Thairis sin, éascófar an rochtain ar an margadh, go háirithe le haghaidh FBManna, trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a bheith ar fáil.
|
|
71
|
Táirgí foirgníochta
|
Rialachán (AE) Uimh. 2024/3110 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
|
Na caighdeáin Eorpacha maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta:
|
—
|
Gloine chomhréidh, gloine phróifilithe, agus táirgí bloic ghloine;
|
|
—
|
Simléir, múcháin agus táirgí sonracha;
|
|
—
|
Táirgí inslithe theirmigh agus fearais agus córais inslithe ilchodaigh;
|
|
—
|
Stroighin, aolta tógála agus greamaitheoirí hiodrálacha eile;
|
|
—
|
Doirse, fuinneoga, comhlaí, geataí agus crua-earraí tógála gaolmhara;
|
|
—
|
Cruach treisithe agus réamhstrusála le haghaidh coincréite (agus foghabhálacha) — fearais iartheannta.
|
|
An príomhchuspóir is ea caighdeáin a thabhairt cothrom le dáta maidir leis an gcreat rialála nua agus aghaidh a thabhairt ar fheidhmíocht táirgí i ndáil leis na Buncheanglais le haghaidh Oibreacha Foirgníochta a shainítear sa Rialachán agus lena n-áirítear an measúnú ar inbhuanaitheacht comhshaoil.
|
|
72
|
Astaíochtaí agus radaíocht substaintí contúirteacha ó tháirgí foirgníochta
|
Rialachán (AE) Uimh. 2024/3110 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
|
Modhanna tástála a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar scaoileadh, ar astú agus ar chion substaintí contúirteacha agus ar radaíocht ó tháirgí foirgníochta.
|
An príomhchuspóir is ea modhanna a shonrú chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a chinneadh a mhéid a bhaineann le scaoileadh, astú agus cion substaintí contúirteacha agus radaíocht.
|
|
73
|
Neamhchosaint aghaidheanna foirgneamh ar dhóiteán
|
Rialachán (AE) Uimh. 2024/3110 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú
|
Modhanna tástála a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint aghaidheanna ar dhóiteán seachtrach.
|
An príomhchuspóir is ea modhanna a shonrú chun feidhmíocht aghaidheanna a chinneadh maidir le neamhchosaint ar dhóiteán seachtrach. Saineofar dhá mhodh: tástálacha aghaidhe meánscála agus mórscála. Leathadh dóiteáin ar an aghaidh agus na páirteanna a bhíonn ag titim uaithi, déanfar measúnú orthu sin ar a laghad leis an modh tástála.
|
|
74
|
Bonneagar rothaíochta agus pleanáil maidir le soghluaisteacht
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar Seirbhísí Faisnéise ar an Iompar Ilmhódach ar fud an Aontais (arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/490 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2023
Dearbhú Eorpach maidir leis an rothaíocht (C/2024/2377)
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir leis an líonra rothaíochta, lena n-áirítear tréithe amhail cáilíocht dromchla agus rothaíocht taobh le taobh; maidir le sonraí comhairimh rothar (e.g. suíomh áiritheoirí, cineál bonneagair, modhanna arna gcomhaireamh, treo, agus an líon pasáistí); maidir le sonraí iompraíochta rothaithe (e.g. roghanna maidir le casadh láithreach, roghanna bealaigh, luas taistil, agus agaí feithimh); agus maidir le páirceáil rothar — ailíniú a áirithiú le creataí ábhartha maidir le malartú sonraí agus samhaltú iompair.
|
An príomhchuspóir is ea tacú le pleanáil bealaí fíor-ama, bonneagar rothaíochta a bharrfheabhsú, agus feabhas a chur ar bhainistíocht tráchta trí shonraí maidir le líonraí rothaíochta, páirceáil agus iompraíocht rothaithe a chaighdeánú. Cuideofar le pleanálaithe soghluaisteachta, forbróirí bealaí, agus samhlacha iompair.
|
|
75
|
Sábháilteacht bréagán
|
Treoir 2009/48/CE maidir le sábháilteacht bréagán
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht bréagán agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/48/CE
COM/2023/462 final
|
Caighdeáin nua a fhorbairt chun sonraíochtaí teicniúla soilse LED i mbréagáin a chumhdach mar a chumhdaítear le Treoir 2009/48/CE.
Caighdeáin chomhchuibhithe nua a fhorbairt chun tacú leis an Rialachán atá beartaithe.
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte agus sábháilteacht leanaí agus iad ag súgradh le bréagáin, chomh maith le saorghluaiseacht bréagán san Aontas.
|
|
76
|
Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach
|
Treoir 2014/30/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach
|
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i dTreoir 2014/30/AE.
|
A áirithiú go ndéanfar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtacaítear le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/30/AE a thabhairt cothrom le dáta agus go gcumhdófar an úrscothacht is déanaí leo.
|
|
77
|
Trealamh Raidió
|
Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh
|
Caighdeáin nua a fhorbairt chun tacú le Treoir 2014/53/AE agus athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana.
|
A áirithiú go ndéanfar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtacaítear le ceanglais fhíor-riachtanacha Threoir 2014/53/AE a thabhairt cothrom le dáta agus go gcumhdófar an úrscothacht is déanaí leo.
|
|
78
|
Sábháilteacht táirgí tomhaltais
|
Rialachán (AE) 2023/988 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí
|
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt nó a athbhreithniú chun tacú le Rialachán (AE) 2023/988 maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí, agus béim á leagan ar tháirgí leanaí, ar threalamh gleacaíochta, ar lastóirí agus ar nithe eile laistigh de raon feidhme an Rialacháin, i gcomhar le sainghrúpa an Choimisiúin ‘An Líonra um Shábháilteacht Tomhaltóirí’. Áirítear leis sin sábháilteacht leanaí a fheabhsú i ndáil le dallóga inmheánacha, clúdaigh fuinneoige corda, agus gairis sábháilteachta, chomh maith le feabhas a chur ar shábháilteacht trealaimh ghleacaíochta, ar shábháilteacht trealaimh dho-aistrithe agus ar shábháilteacht gaireas glasála le haghaidh fuinneog agus doirse balcóin.
|
An príomhchuspóir is ea sábháilteacht táirgí a fheabhsú faoi Rialachán (AE) 2023/988 maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí trína áirithiú go n-ionchorpraítear sna caighdeáin atá ann faoi láthair an t-eolas eolaíoch is déanaí agus go gcomhlíontar leo ceanglais fhíor-riachtanacha na reachtaíochta.
|
|