|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1780 |
31.3.2025 |
Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2025 – Bulkhead/EUIPO – Ubisoft Entertainment (WARDOGS)
(Cás T-109/25)
(C/2025/1780)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Bulkhead Ltd (Derby, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: D. Selmi, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ubisoft Entertainment (Carentoir, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WARDOGS – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 716 754
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Nollaig 2024 i gCás R 1314/2024-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
EUTM atá faoi chonspóid a scrúdú agus ordú a dhéanamh chun EUTM atá faoi chonspóid a chlárú le haghaidh na n-earraí agus na seirbhísí uile atá faoi chonspóid a measadh nach raibh siad inchláraithe, eadhon: Aicme 9: Na hearraí uile in Aicme 9 seachas spéaclaí gréine; cásanna, strapaí agus slabhraí le haghaidh spéaclaí gréine; maighnéid mhaisithe; maighnéid cuisneora. Aicme 41: Na seirbhísí uile in Aicme 41; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1780/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)