|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1779 |
31.3.2025 |
Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2025 – MAN Truck & Bus v EUIPO – Rolls Royce Power Systems (V12X)
(Cás T-108/25)
(C/2025/1779)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: MAN Truck & Bus SE (München, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Röhl, J. Haßold agus P. Richnow, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Rolls Royce Power Systems AG (Friedrichshafen, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: An t-iarratasóir
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh ‘V12X’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 707 743
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Samhain 2024 i gCás R 526/2024-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an iarratas ar chealú a dhiúltú; |
|
— |
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an mBord Achomhairc; |
|
— |
a ordú do EUIPO na costais a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) agus (2) de Rialachán (AE) 2007/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar Airteagal 59(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
|
— |
Sárú ar an gceart chun maoine. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1779/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)