European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1738

31.3.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Târgu-Mureș (an Rómáin) a taisceadh an 20 Samhain 2024 – Romcab SA, RTZ & Partners SPRL, i gcáil leachtaitheoir ar Romcab SA v Banca Comercială Română SA, Banca Transilvania, CEC Bank SA – Sucursala București, Codelco Kupferhandel GmbH, Compania de Asigurări-Reasigurări Exim Romania (Care Romania) SA, Euro Alloys LTD, MKE Mansfeld GmbH, First Bank SA, Rusal Marketing GmbH, Unicredit Leasing Corporation IFN SA

(Cás C-803/24, Romcab şi RTZ & Partners)

(C/2025/1738)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Târgu-Mureş

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: Romcab S.A., RTZ & Partners SPRL, i gcáil leachtaitheoir ar Romcab S.A.

Freagróirí: Banca Comercială Română S.A., Banca Transilvania, CEC Bank S.A. - Sucursala București, Codelco Kupferhandel GmbH, Compania de Asigurări Reasigurări-Exim România (Care România) S.A., Euro Alloys LTD, MKE Mansfeld GmbH, First Bank SA, Rusal Marketing GmbH, Unicredit Leasing Corporation IFN S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil Airteagal 3i(3ca) de Rialachán Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1), arna leasú le Rialachán 2023/2878 (2), le léiriú sa chaoi go bhféadfar a áireamh freisin sa choincheap ‘forghníomhú’ conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023 an oibleagáid ghaolmhar íoc as earraí atá faoi réir conradh ceannaigh agus atá i measc na n-earraí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin, i gcás inar tháinig na hearraí sin isteach san Aontas Eorpach roimh an 19 Nollaig 2023?

2)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an leor, agus an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 3i(3ca) agus an cuspóir a shaothraítear le glacadh na mbeart sriantach á gcur san áireamh, chun infheidhmeacht an Airteagail sin a chinneadh, go mbeadh an oibleagáid íocaíochta i leith na n-earraí a chumhdaítear leis an gconradh ceannaigh dlite roimh dhul in éag na tréimhse sin?

3)

An féidir Airteagal 3i(3ca) a léiriú mar Airteagal a bhaineann le híocaíocht atá tagtha chun bheith dlite faoi chonradh a tugadh i gcrích roimh an 19 Nollaig 2023, i gcás inar soláthraíodh na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 3i(1) roimh an 19 Nollaig 2023, ach nach ndearna an páirtí faoi oibleagáid an íocaíocht dhlite sa tréimhse sin, a lig don teorainn ama dul in éag?

4)

An gcuirtear cosc le forálacha Airteagal 3i(1) de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán 2023/2878, ar iarraidh ar íocaíocht a eascraíonn as conradh chun earraí a cheannach a tugadh i gcrích roimh na leasuithe a tugadh isteach le Rialachán 2023/2878, i gcás inar tháinig na hearraí isteach san Aontas Eorpach roimh an 19 Nollaig 2023 agus nach ndearnadh an íocaíocht tráth an tseachadta ná le linn na tréimhse dá bhforáiltear i mír 3ca?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2023/2878 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2023 L, 2023/2878).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1738/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)