|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1737 |
31.3.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Samhain 2024 – DB InfraGO AG agus DB RegioNetz Infrastruktur GmbH v Bundesrepublik Deutschland
(Cás C-770/24, DB InfraGO agus DB RegioNetz Infrastruktur)
(C/2025/1737)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Köln
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: DB InfraGO AG, DB RegioNetz Infrastruktur GmbH
Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Páirtithe uamtha: DB Fernverkehr AG, DB Cargo AG, Land Berlin, Bayerische Eisenbahngesellschaft mbH, Zweckverband Nahverkehr Westfalen-Lippe, Land Brandenburg, Land Baden-Württemberg, Land Sachsen-Anhalt, BBL Logistik GmbH, boxXpress.de GmbH, DeltaRail GmbH, Eisenbahngesellschaft Potsdam mbH, Havelländische Eisenbahn AG, HSL Logistik GmbH, Hupac Intermodal SA, ITL Eisenbahngesellschaft mbH, Lineas NV, METRANS Rail (Deutschland) GmbH, Rheincargo GmbH & Co. KG, SBB Cargo Deutschland GmbH, TX Logistik AG, Verkehrsbetriebe Peine-Salzgitter GmbH, FlixTrain GmbH, Zweckverband go.Rheinland, RDC Autozug Sylt GmbH, BTE BahnTouristikExpress GmbH
An cheist a tharchuirtear:
An bhfuil Airteagail 4(2) agus 29(1) de Threoir 2012/34/AE (1) le léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar an mbainisteoir bonneagair, i réimse an iompair gearrthurais paisinéirí d’iarnród, na táillí atá faoi réir údarú a ríomh trí mheánmhuirir an tráchta lena mbaineann i mbliain tagartha arna cinneadh go dlíthiúil a iolrú faoi ráta méadaithe dinimiciúil bliantúil a fhorordaítear le dlí?
(1) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) (IO 2012 L 343, lch. 32) arna leasú le Treoir (AE) 2016/2370 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2012/34/AE a mhéid a bhaineann leis an margadh do sheirbhísí intíre iompair do phaisinéirí d’iarnród a oscailt agus maidir le rialachas an bhonneagair iarnróid (IO 2016 L 352, lch. 1) agus Cinneadh Tarmligthe (AE) 2017/2075 ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2017 a chuirtear in ionad Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (téacs comhdhlúite) (IO 2017 L 295, lch. 69).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1737/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)