|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1648 |
24.3.2025 |
Caingean arna tabhairt an 23 Eanáir 2025 – An Ísiltír v An Coimisiún
(Cás T-47/25)
(C/2025/1648)
Teanga an cháis: an Ollainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, J. Langer agus C. Schillemans, i gcáil Gníomhairí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2879 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2024 (IO L, 2024/2879, lch. 1) a chur ar neamhní, a mhéid atá sé dírithe chuig Ríocht na hÍsiltíre, a eisiatar ó mhaoiniú an Aontais, don bhliain airgeadais 2021, suim EUR 20 793 658,03 a bhaineann le caiteachas ghníomhaireachtaí íocaíochta creidiúnaithe na mBallstát ar dearbhaíodh iad a bheith inmhuirearaithe ar an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta; |
|
— |
a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nár comhlíonadh an dualgas cúiseanna a lua toisc nach dtagraíonn an chúis atá leis an gcinneadh a chonspóidtear don fhoras a mheasann an Coimisiún Eorpach a bheith ábhartha faoi Airteagal 54(5) de Rialachán Uimh. 1306/2013 (1), toisc go bhfuil an cinneadh bunaithe ar Airteagal 54(5)(b) den Rialachán sin, cé gur dealraitheach ón gcúlra fíorasach, i measc nithe eile, gurb ar Airteagal 54(5)(c) amháin den Rialachán céanna a bhunaíonn an Coimisiún a chinneadh. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh a chonspóidtear bunaithe ar chur i bhfeidhm mícheart Airteagal 54(5)(c) de Rialachán Uimh. 1306/2013:
|
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh a chonspóidtear faillíoch nó míréasúnta toisc nach gceadaítear aon fhadú ar an tréimhse aisghabhála faoin tríú mír d’Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 1306/2013 in 2021, agus mar thoradh air sin ní thugtar aird ar na bearta a ghlac údaráis na hÍsiltíre tar éis 2021. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 671).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1648/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)