|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1597 |
25.3.2025 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Treoraíocht maidir leis na Pleananna Aeráide Sóisialta
(C/2025/1597)
Clár
|
I. |
RÉAMHRÁ | 3 |
|
II. |
CEANGLAIS GHINEARÁLTA | 4 |
|
1. |
Ábharthacht laistigh de réimsí beartais | 4 |
|
2. |
Comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais, tionchar marthanach a chruthú agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú | 5 |
|
3. |
Ag dul i ngleic le tionchar CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha | 5 |
|
4. |
Comhlíonadh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ | 6 |
|
5. |
Maoiniú comhpháirteach ón gCiste agus ó na Ballstáit | 7 |
|
6. |
Comhsheasmhacht le cláir ghaolmhara agus doiciméid bheartais ghaolmhara de chuid an Aontais | 7 |
|
a) |
Comhsheasmhacht le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus lena Phlean Gníomhaíochta | 7 |
|
b) |
Comhsheasmhacht le cláir bheartais chomhtháthaithe na mBallstát | 8 |
|
c) |
Comhsheasmhacht leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta | 9 |
|
d) |
Comhsheasmhacht leis na Pleananna Athchóirithe Foirgneamh | 9 |
|
e) |
Comhsheasmhacht leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna nuashonrú | 9 |
|
f) |
Comhsheasmhacht leis na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir | 10 |
|
7. |
Bearta agus infheistíochtaí sonracha | 10 |
|
a) |
Bearta | 10 |
|
b) |
Infheistíochtaí | 11 |
|
c) |
Bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha | 12 |
|
d) |
Tairbhí a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair | 13 |
|
8. |
Tacar comhleanúnach beart agus infheistíochtaí náisiúnta atá ann cheana nó atá nua | 13 |
|
9. |
Breisíocht na mbeart agus na n-infheistíochtaí | 14 |
|
10. |
Dáta tosaigh is luaithe na mbeart agus na n-infheistíochtaí | 15 |
|
11. |
Comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le Státchabhair | 16 |
|
12. |
Conas comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách a chur san áireamh | 18 |
|
13. |
Údaráis a bhfuil sé de chúram orthu an plean a chur chun feidhme | 18 |
|
14. |
Aistrithe acmhainní | 19 |
|
a) |
Acmhainní a aistriú ón gCiste | 19 |
|
b) |
Acmhainní a aistriú chuig an gCiste | 20 |
|
III. |
NA PLEANANNA A DHRÉACHTÚ AGUS A THÍOLACADH | 20 |
|
1. |
Anailís agus an tionchar foriomlán | 20 |
|
a) |
Tionchar réamh-mheasta CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha | 20 |
|
b) |
Líon measta grúpaí leochaileacha agus sainaithint grúpaí leochaileacha | 22 |
|
c) |
Díriú ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí | 23 |
|
d) |
Micrifhiontair leochaileacha | 24 |
|
e) |
Cásanna speisialta de ghrúpaí leochaileacha an Chiste Aeráide Sóisialta i bhfianaise thionchair CTA2 | 25 |
|
f) |
Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe | 25 |
|
2. |
Comhpháirteanna | 26 |
|
a) |
Rialacha ginearálta | 26 |
|
b) |
Struchtúr na gcomhpháirteanna | 26 |
|
3. |
Tuairisc ar bhearta agus infheistíochtaí | 27 |
|
a) |
Athchóiriú foirgneamh | 28 |
|
b) |
Tithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, agus tacaíocht do réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh | 28 |
|
c) |
Bearta agus infheistíochtaí dícharbónaithe | 29 |
|
d) |
Bearta feasachta | 29 |
|
e) |
Réitigh éifeachtúlachta fuinnimh | 30 |
|
f) |
Feithiclí agus rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle | 32 |
|
g) |
Iompar poiblí inacmhainne agus inrochtana | 33 |
|
4. |
Tacaíocht ioncaim dhíreach | 34 |
|
5. |
Cúnamh teicniúil | 36 |
|
6. |
Garspriocanna agus spriocanna | 36 |
|
a) |
Garspriocanna agus spriocanna a leagan síos | 36 |
|
b) |
Ceapadh garspriocanna agus spriocanna | 36 |
|
c) |
Dea-chleachtais maidir le garspriocanna agus spriocanna a dhréachtú | 37 |
|
7. |
Maoiniú agus costais | 38 |
|
a) |
Ranníocaíocht náisiúnta | 38 |
|
b) |
Meastacháin chostais na mbeart agus na n-infheistíochtaí | 39 |
|
c) |
Faisnéis riachtanach maidir le maoiniú agus meastacháin chostais | 40 |
|
8. |
Costais oibriúcháin | 40 |
|
9. |
Cosc ‘ex ante’ ar chistiú dúbailte agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais | 41 |
|
10. |
Cás i gcás ina gcuirfear tús le CTA2 níos déanaí | 42 |
|
11. |
Comhpháirtíocht agus comhairliúchán poiblí leordhóthanach | 42 |
|
a) |
Cineálacha páirtithe leasmhara | 42 |
|
b) |
Conas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil | 43 |
|
12. |
Tíolacadh | 43 |
|
13. |
Teachtaireacht maidir leis na Pleananna | 44 |
|
14. |
Leasuithe ar na Pleananna Aeráide Sóisialta | 45 |
|
a) |
Imthosca oibiachtúla | 45 |
|
b) |
Mionchoigeartuithe | 46 |
|
c) |
Measúnú ar oiriúnacht na bPleananna | 47 |
|
IV. |
PLEANANNA A MHEASÚNÚ AGUS A GHLACADH | 47 |
|
1. |
Measúnú an Choimisiúin ar na Pleananna | 47 |
|
a) |
An próiseas | 47 |
|
b) |
Maidir le substaint | 47 |
|
2. |
Glacadh na bPleananna | 50 |
|
3. |
Comhaontú déthaobhach agus gealltanas cistí a thabhairt i gcrích | 51 |
|
IARSCRÍBHINN I: |
An leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit tar éis caiteachas ar thacaíocht riaracháin a asbhaint | 53 |
|
1. |
Réamhrá agus cúlra dlíthiúil | 53 |
|
2. |
Caiteachas tacaíochta riaracháin sna leithdháiltí airgeadais bliantúla | 53 |
|
3. |
An bealach chun cinn a mholtar | 54 |
|
IARSCRÍBHINN II: |
Teimpléad le haghaidh mionchoigeartú ar an bPlean Aeráide Sóisialta de bhun Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2023/955 [le líonadh isteach ag na Ballstáit] | 57 |
I. RÉAMHRÁ
Is ionstraim chistiúcháin é an Ciste Aeráide Sóisialta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) (1), ionstraim a ceapadh chun cur ar chumas an Aontais aistriú atá cóir go sóisialta a dhéanamh i dtreo neodracht aeráide. Mar chuid de straitéis níos leithne an Aontais chun an t-athrú aeráide a chomhrac, is é cuspóir an Chiste dul i ngleic le tionchair shóisialta an athraithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh i dTreoir 2003/87/CE (an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí) (2). Leis an gcóras nua trádála astaíochtaí a bunaíodh le Caibidil IV(a) den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí (CTA2) cumhdaítear earnálacha na bhfoirgneamh, an iompair de bhóthar agus na dtionscal beag, nach gcumhdaítear le córas trádála astaíochtaí an Aontais atá ann cheana. Cuireann an Ciste tacaíocht airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun cabhrú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a ndéanann costais fuinnimh agus iompair níos airde difear díréireach dóibh le linn an aistrithe ghlais.
Agus é á threorú ag an gcuspóir nár cheart aon duine a fhágáil ar lár san aistriú glas, díríonn an Ciste ar thrí phríomhréimse:
|
1. |
Éifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú foirgneamh. Tá bearta agus infheistíochtaí le díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú agus lorg carbóin na gcóras téimh agus fuaraithe agus cócaireachta a laghdú. Áirítear leis sin bearta chun giniúint agus stóráil fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil i bhfoirgnimh do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair. Áirítear ann bearta chun foirgnimh a insliú agus fearais téimh, fuaraithe agus cócaireachta a bhfuil éifeachtúlacht íseal ag baint leo a ionadú le fearais atá níos éifeachtúla, chun teicneolaíochtaí agus stóráil fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil, chun pobail fuinnimh in-athnuaite a chruthú, tomhaltas fuinnimh iontaise-bhunaithe a laghdú agus chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú. |
|
2. |
Soghluaisteacht ghlan a chur chun cinn. Ní mór na bearta a cheapadh chun rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, chun iompar poiblí inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus chun tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus cineálacha soghluaisteachta gníomhaí a fhorbairt agus a sholáthar. Is é an aidhm atá ann bochtaineacht iompair a laghdú agus rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a fheabhsú agus táthar chun é sin a bhaint amach tríd an iompar a dhéanamh níos inacmhainne agus níos inrochtana agus é a chur ar fáil d’úsáideoirí iompair leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha. |
|
3. |
Tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach. Tá sé de rogha ag na Ballstáit freisin an Ciste a úsáid chun tacaíocht ioncaim dhíreach spriocdhírithe a sholáthar chun dul i ngleic le tionchair shóisialta CTA2 ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha. Is tacaíocht shealadach í sin agus ba cheart deireadh a chur léi de réir a chéile de réir mar a thagann méadú ar thionchar na mbeart struchtúrach. |
Ní mór na bearta agus na hinfheistíochtaí arna gcistiú ag an gCiste Aeráide Sóisialta dul chun tairbhe do theaghlaigh leochaileacha, d’úsáideoirí iompair leochaileacha nó do mhicrifhiontair leochaileacha go príomha. Ní féidir tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a sholáthar ach amháin do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha chun tionchar na n-athruithe a thugtar isteach le CTA2 a mhaolú. Is prionsabal tábhachtach uileghabhálach é fócas spriocdhírithe an Chiste Aeráide Sóisialta nach mór a leanúint i ngach príomhréimse.
Leithdháiltear uasmhéid iomlán EUR 65 bhilliún ón gCiste don tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2032. Le ranníocaíocht éigeantach 25 % ar a laghad ó na Ballstáit de chostais mheasta iomlána a bPleananna Aeráide Sóisialta, slógfaidh an Ciste EUR 86.7 billiún ar a laghad. Má chuirtear CTA2 siar go 2028 faoi Airteagal 30k de Threoir CTA, EUR 54.6 billiún a bheidh in uasmhéid iomlán an Chiste, mar a shonraítear in Airteagal 30d(4) de Threoir CTA agus in Airteagal 10(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Feidhmeoidh an Ciste laistigh d’amlíne shainithe, arb é is aidhm dó a spriocanna a bhaint amach faoi dheireadh 2032. Tá sé beartaithe tús a chur leis an gCiste an 1 Eanáir 2026, bliain amháin ar a laghad sula mbeidh CTA2 ag feidhmiú go hiomlán agus dhá bhliain roimh thús an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil nua (CAI nua) in 2028. Cuideoidh an tús luath sin le tabhairt isteach rianúil CTA2.
Soláthraítear leithdháileadh airgeadais uasta na mBallstát faoi Airteagail 14 agus 10(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoraíocht seo, lena leagtar síos leithdháiltí bliantúla táscacha le haghaidh an dá chás a dtugtar tuairisc orthu in Airteagal 10(1).
Ag tógáil ar cheachtanna luachmhara agus ar dhea-chleachtais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) agus ar an taithí a fuarthas ó chistí an Bheartais Chomhtháthaithe, tá an Ciste ceaptha mar ionstraim atá bunaithe ar fheidhmíocht chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht a uasmhéadú maidir lena spriocanna a bhaint amach. Tá an Treoraíocht gan dochar d’aon oibleagáid bhreise a eascraíonn as reachtaíocht infheidhme an Aontais.
II. CEANGLAIS GHINEARÁLTA
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ba cheart do gach Ballstát a Phlean Aeráide Sóisialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Is é is cuspóir don Treoraíocht seo cuidiú leis na Ballstáit a bPleananna a dhréachtú i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, go háirithe Airteagal 6 agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Dírítear sna ranna thíos ar ghnéithe sonracha den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus ar ábhar na bPleananna. Is é cuspóir an Chiste Aeráide Sóisialta faoi Airteagal 3 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta rannchuidiú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta trí dhul i ngleic le tionchair shóisialta CTA2 ar theaghlaigh leochaileacha, ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar mhicrifhiontair leochaileacha. Is é sin an bunphrionsabal atá mar bhonn taca leis an Treoirdhoiciméad ina iomláine, fiú nuair nach luaitear go sainráite é.
1. Ábharthacht laistigh de réimsí beartais
Liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta na gnéithe nach mór do na Ballstáit a áireamh ina bPlean Aeráide Sóisialta. Ní mór a áireamh sna Pleananna meastachán ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú ar phraghsanna a eascraíonn as CTA2 ar theaghlaigh, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair, agus ar mhicrifhiontair leochaileacha. Ba cheart líon na dteaghlach leochaileach, na n-úsáideoirí iompair leochaileacha agus na micrifhiontair leochaileach a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do thacaíocht ón gCiste a shainaithint agus a mheas sna Pleananna freisin. Ní mór garspriocanna agus spriocanna a shonrú sna Pleananna freisin, mar aon le tráthchlár táscach chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a chur chun feidhme.
Faoi Airteagal 7(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ina leagtar amach na prionsabail lena rialaítear an Ciste, ní mór na réimsí seo a leanas go háirithe a chumhdach leis na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear i bPleananna:
|
a) |
éifeachtúlacht fuinnimh; |
|
b) |
athchóirithe foirgneamh; |
|
c) |
soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha/ísle agus iompar astaíochtaí nialasacha/ísle; |
|
d) |
laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus |
|
e) |
laghduithe ar líon na dteaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na micrifhiontar leochaileach agus líon na n-úsáideoirí iompair leochaileacha. |
Cé nach gceanglaítear leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ar na Ballstáit na réimsí sin go léir a chumhdach ina bPlean Aeráide Sóisialta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhonn cás ar chás an dtugann Plean Aeráide Sóisialta gach Ballstáit freagairt leordhóthanach ar thionchar sóisialta agus ar dhúshláin shóisialta CTA2 atá os comhair na spriocghrúpaí, agus na comhlántachtaí le hionstraimí cistiúcháin atá ann cheana ar cheart iad a mhíniú sa phlean aeráide sóisialta á gcur san áireamh freisin. Molann an Coimisiún do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta agus d’infheistíochtaí a bhfuil an tionchar is suntasaí acu ar na spriocghrúpaí agus cothromaíocht a bhaint amach ag an am céanna idir na réimsí beartais a chumhdaítear sa Phlean Aeráide Sóisialta, agus i gcomhréir le héifeachtaí sonracha CTA2 i gcomhthéacs a dtíre.
2. Comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais, tionchar marthanach a chruthú agus spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (An Dlí Aeráide Eorpach) (3) go mbainfidh an tAontas aeráidneodracht amach faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha amach ina dhiaidh sin. Leagtar síos leis sprioc cheangailteach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Faoi Airteagal 7(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na garspriocanna agus na spriocanna sna Pleananna a bheith comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus leis na cuspóirí a leagtar amach sa Dlí Aeráide Eorpach. Ciallaíonn sé sin gur cheart do Phlean Aeráide Sóisialta tacú le Ballstát na spriocanna sin a bhaint amach, agus seiceálfaidh an Coimisiún é sin le linn a mheasúnaithe ar an bPlean Aeráide Sóisialta.
I gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do bhearta agus d’infheistíochtaí sna Pleananna tionchar marthanach a chruthú. Le hAirteagal 16(3)(b)(i) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ceanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht gach Plean Aeráide Sóisialta agus a mheas an meastar go mbeidh tionchar marthanach ag na bearta agus ag na hinfheistíochtaí sa Bhallstát (mar a shainmhínítear i Roinn IV.1.b.ii den Treoraíocht seo), i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir fadtéarmach maidir le haeráidneodracht faoi 2050, agus go háirithe ar ghrúpaí leochaileacha agus ar ghrúpaí a bhfuil bochtaineacht fuinnimh nó iompair ag bagairt orthu.
Ina theannta sin, leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, ba cheart spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, mar a luaitear in Airteagal 7(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ba cheart do na Pleananna an réiteach fadtéarmach maidir le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú a chur chun cinn agus d’fhéadfaidís bearta eile a bheartú, lena n-áirítear tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach, chun éifeachtaí díobhálacha ar ioncam a mhaolú sa ghearrthéarma (féach aithris 17 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Ba cheart do na Ballstáit an tionchar a mheastar a bheidh ag a mbearta agus a n-infheistíochtaí ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair a shonrú. Ba cheart dóibh an tionchar i gcoinne cásanna bunlíne a mheas, agus fachtóirí amhail feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú foirgneamh agus bearta dícharbónaithe, cur chun cinn soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha agus ísle, agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa á gcur san áireamh agus an tionchar ar an mbochtaineacht fuinnimh agus iompair a laghdú á réamh-mheas ag úsáid na gcomhtháscairí ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
3. Ag dul i ngleic le tionchar CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha
Faoi Airteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí a bheith sna Pleananna lena dtéitear i ngleic go sainráite le tionchair shóisialta CTA2 ar theaghlaigh leochaileacha, ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar mhicrifhiontair leochaileacha. Luaitear in Airteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta nach mór bearta agus infheistíochtaí a dhíriú go príomha ar na grúpaí leochaileacha sin.
Ceanglaítear le hAirteagal 6(1)(d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta go ndéanfar meastachán i ngach plean ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú ar phraghsanna a eascraíonn as CTA2 ar theaghlaigh, go háirithe ar na rátaí bochtaineachta fuinnimh agus ar na rátaí bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair. Ní mór do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil ceart (i gcás gach Ballstáit), agus sainiúlachtaí agus tosca náisiúnta amhail rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh, agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh a shainaithint.
Úsáidtear dhá chritéar mhalartacha chun teaghlaigh leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a ndíríonn an Ciste orthu a shainiú, mar a leagtar amach in Airteagal 2(10) agus (12) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Baineann an chéad chritéar le cé acu atá nó nach bhfuil na grúpaí i mbochtaineacht fuinnimh nó i mbochtaineacht iompair. Baineann an dara critéar leis na tionchair shuntasacha mheasta ar phraghsanna atá ag CTA2 ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncam íseal, mar aon le heaspa modhanna chun infheistíocht a dhéanamh. Is iad micrifhiontair leochaileacha an tríú spriocghrúpa leochaileach. Mar sin féin, leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair leochaileacha in Airteagal 2(11) ní thagraítear ach do thionchair shuntasacha CTA2 ar phraghsanna agus d’easpa modhanna chun infheistíocht a dhéanamh.
Na sainmhínithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha a úsáidtear le haghaidh an Chiste, áirítear orthu teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus teaghlaigh agus daoine aonair atá faoi bhochtaineacht iompair, ar teaghlaigh agus daoine aonair iad nach gá ‘ go ndéanann CTA2 difear suntasach dóibh ’. Sa mhéid sin, is féidir leis an gCiste tacú le bearta agus infheistíochtaí chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus do theaghlaigh agus daoine aonair atá faoi bhochtaineacht iompair. Ní fhéadfaidh ach bearta tacaíochta ioncaim dhírigh díriú go heisiach ar éifeachtaí CTA2 (i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (féach Roinn III.1.a den Treoraíocht seo)).
Mar sin féin, moltar do na Ballstáit breithniú cúramach a dhéanamh ar aon tacaíocht atá beartaithe acu a chur ar fáil tríd an gCiste a rachadh chun tairbhe grúpaí leochaileacha nach ndéanann CTA2 difear díreach dóibh, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gCiste aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha. Dá bhrí sin, go bunúsach, ba cheart na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa Phlean Aeráide Sóisialta a dhíriú ar ghrúpaí leochaileacha a ndéanann CTA2 difear dóibh agus, ag an am céanna, gan cumhdach níos ginearálta teaghlach agus daoine aonair atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó iompair a eisiamh.
I gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) agus (f) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit na mionsonraí seo a leanas a áireamh ina bPleananna:
|
— |
an líon measta agus sainaithint teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha; agus |
|
— |
míniú ar an gcaoi a gcuirfear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. |
Sa mheasúnú ar ghrúpaí leochaileacha, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar ‘theaghlaigh phríobháideacha’ dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2019/1700 (4) sa chiall is leithne, dá dtagraítear in Airteagal 2(8) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Daoine a chónaíonn le chéile, bíodh gaol acu lena chéile nó ná bíodh (amhail daoine a roinneann tithíocht agus na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste i socruithe maireachtála neamhspleácha), d’fhéadfaí iad a mheas mar theaghlach, ar choinníoll go dtagann siad faoin sainmhíniú ar theaghlach leochaileach a thugtar in Airteagal 2(10) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Faoi Airteagal 16(3)(a)(i) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, nuair a dhéanann an Coimisiún measúnú ar an bplean aeráide sóisialta, ba cheart dó féachaint an dtugann sé freagairt leordhóthanach ar thionchar sóisialta CTA2 ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu, go háirithe teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh faoi bhochtaineacht iompair sa Bhallstát.
Ina theannta sin, faoi Airteagal 6(1)(p), i gcás inarb infheidhme, i gcás inarb infheidhme, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcuirtear tosca struchtúr, iompar agus feidhmíocht san áireamh in aon sainiúlachtaí geografacha, amhail oileáin, na réigiúin agus na críocha is forimeallaí, limistéir thuaithe nó iargúlta, imeallacha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, limistéir shléibhtiúla nó limistéir atá tite ar gcúl.
4. Comhlíonadh an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’
Ní fhéadfaidh an Ciste tacú ach le bearta agus infheistíochtaí a chomhlíonann an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht) (5), mar a shonraítear in Airteagal 7(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Tá an cur chuige sin comhleanúnach le hAirteagal 33(2)(d) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Rialachán Airgeadais) (6).
Mar sin féin, meastar go bhfuil tionchar intuartha neamhshuntasach ag bearta náisiúnta lena soláthraítear tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ar chuspóirí comhshaoil agus, mar riail ghinearálta, ba cheart a mheas go gcomhlíonann siad an prionsabal gan dochar suntasach a dhéanamh (féach Airteagal 6(1)(l) agus aithris 23 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Tá treoraíocht theicniúil eisithe ag an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (Treoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’) (7). Ní leor comhoiriúnacht le spriocanna aeráide an Aontais ar leibhéal an phlean chun a léiriú go gcomhlíontar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(1)(l) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
5. Maoiniú comhpháirteach ón gCiste agus ó na Ballstáit
Ní mór do na Ballstáit ranníocaíocht 25 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána a bPleananna a dhéanamh (is é sin a ranníocaíocht náisiúnta). Mar a leagtar amach sa tábla forléargais a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (féach freisin Roinn III.7.a den Treoraíocht seo), ba cheart do na Ballstáit sciar céatadáin a ranníocaíochta náisiúnta le haghaidh gach réimse a léiriú.
6. Comhsheasmhacht le cláir ghaolmhara agus doiciméid bheartais ghaolmhara de chuid an Aontais
Ní mór an plean aeráide sóisialta a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis sna pleananna agus sna cláir seo a leanas agus leis na gealltanais a thug an Ballstát iontu (Airteagal 6(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta):
|
a. |
Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; |
|
b. |
cláir bheartas comhtháthaithe an Bhallstáit; |
|
c. |
plean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (An Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta); |
|
d. |
plean athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit faoi Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh); |
|
e. |
plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide (PNFA) an Bhallstáit arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 (an Rialachán Rialachais), (10); agus |
|
f. |
pleananna críochacha um aistriú cóir an Bhallstáit faoi Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). |
Ní mór do na Ballstáit comhsheasmhacht a áirithiú leis an bhfaisnéis agus leis na gealltanais arna ndéanamh ag na Ballstáit faoin méid seo a leanas:
a) Comhsheasmhacht le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus lena Phlean Gníomhaíochta
D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta in 2017. Leagtar amach sa Cholún 20 príomhphrionsabal lena dtreoraítear an tAontas i dtreo Eoraip shóisialta láidir atá cothrom, cuimsitheach agus lán deiseanna.
Tá roinnt prionsabal den Cholún ábhartha go díreach don Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, dá bhrí sin ba cheart do na Ballstáit iad a chur san áireamh agus a bPleananna á ndréachtú acu. Go ginearálta, ní mór do na Pleananna a bheith comhsheasmhach le prionsabail an Cholúin.
Le Prionsabal 20 bunaítear an ceart chun rochtain a fháil ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán, lena n-áirítear fuinneamh agus iompar. Comhlíonann seirbhísí riachtanacha bunriachtanais an duine agus tá siad ríthábhachtach don fholláine agus don chuimsiú sóisialta, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Cumasaítear leo freisin rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile atá ríthábhachtach le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí agus i margadh an tsaothair, amhail fostaíocht, oideachas agus cúram luath-óige, oideachas agus cúram sláinte.
Agus iad ag dul i ngleic le dúshláin fuinnimh agus iompair i gcomhthéacs an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar Phrionsabal 20 a leabú ina bPleananna, agus béim á leagan acu ar rochtain ar sheirbhísí fuinnimh agus iompair ar ardchaighdeán.
Ina theannta sin, ba cheart Prionsabal 11 a léiriú i bPleananna na mBallstát, lena mbunaítear go bhfuil an ceart chun cosanta ar an mbochtaineacht ag leanaí agus Prionsabal 19 maidir le rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta ar ardchaighdeán.
Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta déantar gníomhaíochtaí díreacha de na prionsabail chun tacú le saoránaigh. Moltar ann freisin príomhspriocanna atá le baint amach ag an Aontas faoi 2030, lena n-áirítear laghdú 15 mhilliún ar a laghad a dhéanamh ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta.
Mura bhfuiltear ag súil leis agus mura dtugtar aghaidh air, d’fhéadfadh éifeachtaí CTA2 an bonn a bhaint d’iarrachtaí chun líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú trí chostais fuinnimh agus iompair níos airde.
Chun é sin a sheachaint, ní mór Pleananna Aeráide Sóisialta a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá san áireamh sna Ballstáit (nó sna réigiúin) agus leis na gealltanais a thug na Ballstáit (nó na réigiúin) i gcomhthéacs chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Chearta Sóisialta, agus leis na spriocanna náisiúnta chun líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a laghdú (12).
Ba cheart go rannchuideodh na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta freisin le poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta sna réimsí a chumhdaítear le bearta agus infheistíochtaí an Chiste, mar a shonraítear in Airteagal 7(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Moltar do na Ballstáit freisin an treoraíocht a thugtar sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú a chur san áireamh, (13) inar tugadh aghaidh go sonrach ar thionchair fostaíochta agus shóisialta an aistrithe. Leagtar amach sa Mholadh treoraíocht shonrach maidir le rochtain ar sheirbhísí riachtanacha agus téann sé i ngleic freisin leis an mbochtaineacht fuinnimh agus iompair.
b) Comhsheasmhacht le cláir bheartais chomhtháthaithe na mBallstát
Cuirtear cláir an bheartais chomhtháthaithe chun feidhme i ngach Ballstát trí cheithre chiste ar leith: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe (CC), agus an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC).
Is iad na húdaráis bhainistíochta a chuireann na cláir chun feidhme (agus d’fhéadfaí roinnt freagrachtaí a tharmligean chuig comhlachtaí cur chun feidhme). Cuireann gach Ballstát clár amháin nó níos mó chun feidhme, cláir ar féidir leo a bheith ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an dá leibhéal (14).
Tacaíonn cláir an bheartais chomhtháthaithe le hinfheistíocht in go leor réimsí, lena n-áirítear réimsí atá ábhartha don Chiste Aeráide Sóisialta:
|
— |
feidhmíocht fuinnimh foirgneamh; |
|
— |
dícharbónú agus glacadh teicneolaíochtaí in-athnuaite; |
|
— |
iompar uirbeach glan, |
|
— |
rochtain ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe, cuimsitheacha agus inacmhainne, lena n-áirítear rochtain ar thithíocht agus ar chúram atá dírithe ar an tsochaí; |
|
— |
lánpháirtiú sóisialta sa phobal príomhshrutha a spreagadh i measc na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, chomh maith le pobail imeallaithe; |
|
— |
rochtain ar fhostaíocht, ar oideachas agus ar oiliúint ardcháilíochta lena n-áirítear gnéithe an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. |
Leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna Pleananna Aeráide Sóisialta, ba cheart na hinfheistíochtaí atá ann cheana agus atá beartaithe faoi chistí an bheartais chomhtháthaithe a chur san áireamh, breisíocht agus comhlántacht leo a áirithiú, agus a áirithiú go dtreiseoidh siad a chéile. Ba cheart tuairisc mhionsonraithe a thabhairt sna Pleananna ar an sásra comhordúcháin, lena n-áirítear na sineirgí atá beartaithe idir ionstraimí cistiúcháin eile agus an chaoi a bhfuil siad ar leithligh ó ionstraimí cistiúcháin eile, go háirithe le cláir an bheartais chomhtháthaithe, chun a áirithiú nach n-eascróidh cistiú dúbailte as bearta an Chiste Aeráide Sóisialta. Chuige sin, is gá freisin idirchaidreamh dlúth a dhéanamh leis na húdaráis bhainistíochta chun an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a sheachaint.
c) Comhsheasmhacht leis na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta
Cruthaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i mí Feabhra 2021 chun cabhrú leis an Aontas téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus tá sé faoi cheangal ama go dtí 2026. Leagtar amach sa Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sé cholún lena sainítear an raon feidhme:
|
(i) |
an t-aistriú glas; |
|
(ii) |
an t-aistriú digiteach; |
|
(iii) |
fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil le fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) láidre; |
|
(iv) |
comhtháthú sóisialta agus críochach; |
|
(v) |
sláinte, agus athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil mar aidhm leis ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus acmhainneacht freagartha géarchéime a mhéadú; agus |
|
(vi) |
beartais don chéad ghlúin eile, do leanaí agus don óige, amhail an t-oideachas agus scileanna. |
Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ceaptha mar ionstraim atá bunaithe ar fheidhmíocht, lena gcuirtear tacaíocht dhíreach airgeadais ar fáil do na Ballstáit in aghaidh chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna lena rianaítear cur chun feidhme meascán d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí. Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta dreasachtaí airgeadais ar fáil chun na príomh-athchóirithe a sainaithníodh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh a bhaint amach.
Ós rud é nach mór do na Pleananna Aeráide Sóisialta a bheith comhsheasmhach leis na bearta agus leis an bhfaisnéis a áirítear i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát (lena n-áirítear caibidlí REPowerEU) atá bunaithe ar chreat an tSeimeastair Eorpaigh, ní mór do na bearta féin ailíniú leis na dúshláin a bhaineann leis an gCiste Aeráide Sóisialta a shainaithnítear sna moltaí tírshonracha agus sna tosaíochtaí a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach agus rannchuidiú le haghaidh a thabhairt go héifeachtach orthu.
d) Comhsheasmhacht leis na Pleananna Athchóirithe Foirgneamh
Faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, ní mór do na Ballstáit a bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh (PNAF) a tharraingt suas agus a chur isteach chun stoc foirgneamh astaíochtaí nialasacha a dhéanamh den stoc foirgneamh atá ann cheana faoi 2050. Ní mór treochlár a bheith sna Pleananna Aeráide Sóisialta ina bhfuil spriocanna agus táscairí atá le baint amach faoi 2030, 2040 agus 2050, amlíne, beartais agus bearta chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus riachtanais infheistíochta chun na beartais agus na bearta sin a chur chun feidhme. Cuireann na pleananna sin leis na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha dá bhforáiltear i dTreoir 2010/31/AE (15). Tugtar isteach leis teimpléad caighdeánach ina bhfuil codanna éigeantacha agus deonacha chun inchomparáideacht a fheabhsú ar fud na mBallstát (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh athmhúnlaithe, lena gcomhlánaítear Airteagal 3 den Treoir sin).
Ní mór do na Ballstáit a ndréacht-Phleananna Náisiúnta Athchóirithe Foirgneamh (PNAF) a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena measúnú. Tar éis an mheasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Ballstáit a gcuid PNAFanna deiridh a chur i gcrích. Ní mór na PNAFanna a thíolacadh mar chuid de phróiseas na PNFAnna. I bhfianaise na práinne a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh a uas-scálú bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide náisiúnta daingne, tíolacfar an chéad dréacht faoi mhí na Nollag 2025.
Le hAirteagal 6(3)(d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a bPleananna comhsheasmhach lena PNAFanna. Dá bhrí sin, tá ábhar riachtanach na PNAFanna, lena n-áirítear na beartais, na bearta agus na riachtanais infheistíochta, chomh maith leis an tuairisciú ar bhaint amach na spriocanna náisiúnta, ábhartha go háirithe do na Pleananna, go háirithe do na bearta agus na hinfheistíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh, agus go sonrach d’athchóirithe foirgneamh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go rannchuidíonn na bearta agus na hinfheistíochtaí ina bPleananna lena PNAFanna agus go bhfuil siad ailínithe leo, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na foirgnimh is measa feidhmíocht agus leis an tacaíocht a sholáthraítear do theaghlaigh leochaileacha.
e) Comhsheasmhacht leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide arna nuashonrú
Ceanglaíodh ar na Ballstáit a PNFAnna arna nuashonrú a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Rialachán Rialachais, lena léirítear freisin na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí fuinnimh agus aeráide a leagtar amach ina bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Feidhmíonn na PNFAnna freisin mar chreataí beartais ríthábhachtacha a mbíonn tionchar díreach acu ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na bPleananna Aeráide Sóisialta. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, na bearta sna Pleananna a cheapadh i gcomhréir leis na hathchóirithe agus na gealltanais a chuirtear i láthair ina PNFAnna, agus cuspóirí an Chiste á gcomhlíonadh ag an am céanna agus an príomhfhócas á choinneáil ar ghrúpaí leochaileacha i mbochtaineacht fuinnimh agus iompair.
I gcás ina léirítear i measúnú an Choimisiúin ar phleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát nach bhfuil leibhéal uaillmhéine leordhóthanach ann chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a bhaint amach, moltar do na Ballstáit freisin bearta agus infheistíochtaí atá comhlántach leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur san áireamh chun díriú ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine faoi bhochtaineacht fuinnimh agus iompair, i gcomhréir le cuspóirí an Chiste agus le spriocanna aeráide an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart na Pleananna Aeráide Sóisialta a ailíniú go dlúth leis na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar síos sna PNFAnna, agus beartais agus bearta breise a ionchorprú san am céanna chun uaillmhian na spriocanna aeráide a bheidh ann amach anseo a ardú. Féach freisin Roinn II.7.a thíos.
f) Comhsheasmhacht leis na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir
Tá pleananna críochacha um aistriú cóir ullmhaithe ag na Ballstáit in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann, atá le maoiniú faoin gCiste um Aistriú Cóir (CUAC) (16). Shainaithin siad na críocha sin mar na críocha is mó a ndearna an t-aistriú i dtreo aeráidneodrachta difear diúltach dóibh, bunaithe ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a d’eascair as an aistriú. Go háirithe, tá feidhm aige sin maidir leis na hathruithe a bhfuiltear ag súil leo sa lucht saothair agus maidir le caillteanas post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus maidir leis an ngá atá le próisis táirgthe saoráidí tionsclaíocha a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu a athrú ó bhonn.
Áirítear sna Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir tuairisc ar rannchuidiú measta thacaíocht CUAC chun dul i ngleic le tionchair shóisialta, dhéimeagrafacha, eacnamaíocha, sláinte agus chomhshaoil aistriú an Aontais i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050.
Ní mór a áirithiú sna Pleananna go bhfuil na hinfheistíochtaí agus na bearta a áirítear comhsheasmhach leis na Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir agus le cláir chomhfhreagracha an bheartais chomhtháthaithe lena gcuirtear chun feidhme iad. Go hidéalach, ba cheart do na Ballstáit sineirgí a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh agus iarrachtaí a threisiú go frithpháirteach, agus a shonrú conas atá na bearta ar leithligh chun an riosca a bhaineann le cistiú dúbailte a sheachaint.
7. Bearta agus infheistíochtaí sonracha
Ní mór bearta agus infheistíochtaí a áireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta chun dul i ngleic leis na tionchair shóisialta a eascraíonn as an athrú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme na Treorach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí. I gcomhréir le hAirteagail 4(4) agus 8 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór a áireamh sna Pleananna bearta agus infheistíochtaí náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha chun foirgnimh a athchóiriú agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear giniúint agus stóráil fuinnimh in-athnuaite a chomhtháthú, agus glacadh soghluaisteachta agus iompair astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú.
Tá sé roghnach bearta a chur san áireamh chun tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach a chur ar fáil (Airteagal 4(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ní mór tacaíocht ioncaim dhíreach a bheith sealadach i gcónaí agus ní mór deireadh a chur léi de réir a chéile de réir mar a théann bearta struchtúracha chun cinn (féach Roinn III.4 den Treoraíocht seo).
a) Bearta
Ba cheart ‘beart’ a thuiscint mar ghníomhaíocht nó athrú struchtúrach, seachas infheistíocht, as a n-eascraíonn feabhsuithe beartais a bhfuil tionchar suntasach agus marthanach acu ar dhícharbónú. Luaitear in Airteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ‘ go mbeidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí náisiúnta atá ann cheana nó atá nua… ’ agus luaitear in Airteagal 16(3)(b)(i) go ‘ meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean sa Bhallstát ar na dúshláin a dtugtar aghaidh orthu leis an bPlean sin, i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais agus leis an gcuspóir fadtéarmach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair.’
Is é is cuspóir do bheart faoin gCiste Aeráide Sóisialta gníomhaíocht a dhéanamh, go príomha chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus/nó úsáideoirí iompair leochaileacha chun dul i ngleic leis na dúshláin, feidhmíocht a fheabhsú nó deireadh a chur le bacainní a chuireann bac ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí sonracha beartais, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, athchóiriú foirgneamh, soghluaisteacht agus iompar inbhuanaithe, laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus laghdú ar líon na dteaghlach leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha.
Chun an tionchar a uasmhéadú, ní mór do na Ballstáit bearta a áireamh ina bPleananna arb é atá iontu gníomhaíochtaí sonracha agus inláimhsithe agus athruithe struchtúracha suntasacha. Féadfar a áireamh orthu sin bearta chun athchóirithe reachtacha nó rialála gaolmhara a mholtar sna PNFAnna a chomhlánú, agus bearta atá bunaithe ar athchóirithe agus ar ghealltanais chun aon réimsí nach bhfuil uaillmhian leordhóthanach iontu sna PNFAnna a leigheas, arna measúnú ag an gCoimisiún. Ba cheart é sin a bheith i gcomhréir le raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, go háirithe mar an ceanglas chun bearta agus infheistíochtaí a dhíriú ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha.
Go ginearálta, ba cheart pleananna gníomhaíochta nó straitéisí a mheas mar chreataí inar féidir bearta (agus infheistíochtaí) a chomhtháthú seachas mar bhearta incháilithe iad féin. Ní mór torthaí nithiúla a bheith ar na bearta a áirítear sna Pleananna, agus bealach soiléir a bheith ann chun athrú struchtúrach a bhaint amach a chuireann le cuspóir an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus gur féidir iad a mhiondealú ina ngarspriocanna agus ina spriocanna.
Ní mór do na bearta a áirítear sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a áirítear agus leis na gealltanais a rinneadh i mbeartais ghaolmhara eile, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 6(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Go háirithe, ní mór do na bearta tacú leis na hathchóirithe a leagtar amach sna PNFAnna agus iad a chomhlánú, ar athchóirithe iad a bhaineann le cuspóirí agus raon feidhme an Chiste agus leis na grúpaí incháilithe.
Léirítear an cuspóir coiteann sin in Airteagal 4(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ina luaitear ‘ [go n-]áiritheoidh gach Ballstát comhsheasmhacht idir a Phlean agus a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ’.
Soláthraíonn na PNFAnna creat beartais ginearálta, gealltanais agus forléargas ar athchóirithe agus infheistíochtaí arna mbeartú ag na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na cúig ghné den Aontas Fuinnimh (17) i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán Rialachais. Cuireann an Ciste Aeráide Sóisialta cistiú ar fáil chun tacú leis an aistriú glas agus chun dul i ngleic le tionchair shóisialta CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha.
Feidhmíonn na PNFAnna nuashonraithe mar chreataí beartais ríthábhachtacha a mbíonn tionchar díreach acu ar cheapadh agus ar chur chun feidhme Pleananna Aeráide Sóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta sna Pleananna a bheith ar cheann de na bearta seo a leanas:
|
— |
Bearta atá bunaithe ar na hathchóirithe agus ar na gealltanais sna PNFAnna, ar choinníoll go ndírítear leo ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha nó ar úsáideoirí iompair leochaileacha. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus sineirgí a fhorbairt lena PNFAnna, ba cheart do na Ballstáit bearta a áireamh bunaithe ar na hathchóirithe agus ar na gealltanais a rinne na Ballstáit ina PNFAnna arna nuashonrú lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le CTA2 a thabhairt isteach agus ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha, do mhicrifhiontair leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart na bearta a bheith sonrach agus praiticiúil agus ba cheart dtiocfaidh torthaí nithiúla as na huaillmhianta mar atá leagtha amach sna PNFAnna. |
|
— |
Na bearta is gá chun leigheas a fháil ar aon réimse nach bhfuil uaillmhian leordhóthanach ann chun spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 sna PNFAnna a bhaint amach de réir mheasúnú an Choimisiúin. Mura bhfuil uaillmhian leordhóthanach bainte amach ag na Ballstáit ina PNFAnna, is deis iad na Pleananna Aeráide Sóisialta chun díriú ar bhearta sonracha chun an bhearna a dhúnadh agus, ag an am céanna, fanacht comhleanúnach leis na PNFAnna, lena gcoinnítear fócas na bPleananna Aeráide Sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, agus fanacht go hiomlán faoi raon feidhme an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
Bearta ag a bhfuil tionchar marthanach atá difriúil le hinfheistíochtaí. Faoi Airteagal 8(1)(d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit bearta a áireamh ina bPleananna chun faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne. Is féidir leis na bearta breise sin díriú ar athruithe iompraíochta sa tsochaí nó cabhrú go díreach leis na daoine is leochailí trí chomhairle agus faisnéis a chur ar fáil agus d’fhéadfaí iad a chur san áireamh sa phlean agus údar cuí á thabhairt maidir lena dtionchar marthanach. Tá bearta tacaíochta ioncaim dhírigh incháilithe faoi Airteagal 8(2) de Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus meastar iad i Roinn III.4 thíos. Níl bearta den sórt sin faoi réir na hoibleagáide tionchar marthanach a bheith acu nach gcumhdaíonn ach na bearta agus na hinfheistíochtaí faoi Airteagal 8(1). |
b) Infheistíochtaí
Is caiteachas iad infheistíochtaí faoin gCiste chun gníomhaíochtaí agus sócmhainní a áirítear sna cuspóirí a liostaítear in Airteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú. Ní mór do na hinfheistíochtaí sin tacú go príomha le teaghlaigh leochaileacha, le húsáideoirí iompair leochaileacha agus le micrifhiontair leochaileacha agus ní mór tionchair mharthanacha a bheith acu ar athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, ar inbhuanaitheacht (go háirithe le linn an aistrithe ghlais), ar thionchair shóisialta CTA2 a mhaolú agus ar chostas an aistrithe ghlais a laghdú do ghrúpaí leochaileacha.
Ba cheart go mbeadh an amlíne le haghaidh infheistíochtaí ag teacht le fad an Chiste (2026-2032), lena n-áirithítear gur féidir na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach faoi mhí Iúil 2032. Ba cheart do na Ballstáit cuimsiú infheistíochtaí nach féidir a chur chun feidhme go réalaíoch laistigh den tréimhse ama sin a sheachaint agus ba cheart dóibh teacht roimh aon mhoill is dócha a bheidh ann.
Iarrtar ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na gnéithe breise seo a leanas d’infheistíochtaí a chur san áireamh chun éifeachtacht a áirithiú maidir le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus chun a bheith fabhrach don aistriú glas:
|
— |
Ba cheart inbhuanaitheacht fhadtéarmach an mhaoinithe a sholáthar trí infheistíochtaí i bhfoirm scéimeanna tacaíochta, gan éifeacht aille a bheith ann nuair a bheidh acmhainní ídithe. Mura bhfuil aon sruth ioncaim leanúnach ann (lasmuigh den Chiste Aeráide Sóisialta) nó má tá cistiú fós de dhíth ar na scéimeanna, ba cheart tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta a phleanáil le himeacht ama agus méid áirithe airgid a bheith ar fáil go tréimhsiúil. |
|
— |
Aon laghdú ar leibhéal na tacaíochta, nó má chuirtear deireadh leis an tacaíocht, ba cheart é sin a chur i bhfeidhm de réir a chéile, nó d’fhéadfadh sé an margadh le haghaidh teicneolaíochtaí astaíochtaí ísle a laghdú. |
|
— |
Ba cheart scéimeanna tacaíochta a chur ar fáil a luaithe is féidir tar éis a bhfógartha chun cinnteacht a thabhairt do thairbhithe. |
|
— |
Chun éifeachtúlacht a áirithiú, ba cheart do scéimeanna tacaíochta cothromaíocht a bhaint amach idir inacmhainneacht agus róchúiteamh agus an tacaíocht is gá a sholáthar chun na cuspóirí a bhaint amach, gan infheistíochtaí príobháideacha a phlódú. Ba cheart go bhféachfadh scéimeanna tacaíochta le teagmháil a dhéanamh leis an oiread teaghlach, daoine aonair agus micrifhiontar leochaileach agus is féidir. |
|
— |
Níor cheart scéimeanna tacaíochta a chur i mbaol le dreasachtaí comhthreomhara eile chun borradh a chur faoi úsáid teicneolaíochtaí agus réiteach atá dian ar charbón sna hearnálacha céanna a chumhdaítear le CTA2, ós rud é go méadófaí astaíochtaí leo sin, go méadófaí praghas carbóin CTA2 agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí bochtaineacht iompair agus fuinnimh a ghéarú. |
Ba cheart tuairisc shoiléir a thabhairt sna Pleananna ar chuspóirí, ar cineál, ar mhéid, ar chineálacha faighteoirí deiridh nó spriocghrúpaí, ar amlíne cur chun feidhme agus ar chéimeanna gach infheistíochta.
Ba cheart a thuiscint gurb é is faighteoir deiridh ann an t-eintiteas deireanach a fhaigheann cistí nach conraitheoir ná fochonraitheoir é.
Agus infheistíocht á ceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann siad na rialacha uile is infheidhme, go háirithe na rialacha maidir le soláthar poiblí agus le státchabhair. Ar an iomlán, agus gan dochar don ghá atá ann an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chomhlíonadh, moltar do na Ballstáit critéir an Aontais maidir le soláthar poiblí glas agus sóisialta a úsáid i ngach ceannachán poiblí ábhartha agus na tionchair shóisialta a mheas.
c) Bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha
Féadfar bearta agus infheistíochtaí áitiúla agus réigiúnacha a áireamh sna Pleananna.
Comhairliúchán
Beidh rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i ndréachtú agus i gcomhairliúchán na bpleananna ríthábhachtach (18). Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhpháirtíocht le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla le linn an phróisis chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a shainaithint a rachadh chun tairbhe na spriocghrúpaí leochaileacha agus chun an plean a dhréachtú, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 de Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ba cheart do chomhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu an plean a chur chun feidhme comhoibriú le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, rud a bheidh ríthábhachtach chun na bearta agus na hinfheistíochtaí iomchuí a shainaithint.
Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar na pleananna bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, breithneoidh sé ar forbraíodh iad i gcomhairle le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit brath ar na prionsabail a leagtar amach sa chód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014.
Ceapadh agus cur chun feidhme an phlean
I gcás inarb iomchuí agus nuair is iomchuí agus i gcomhréir le socruithe institiúideacha náisiúnta, féadfar a chur de chúram ar údaráis réigiúnacha agus áitiúla chur chun feidhme na mbearta agus na n-infheistíochtaí a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn chur chun feidhme na mbearta agus na n-infheistíochtaí sin.
Ag brath ar a leagan amach institiúideach, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh fo-chomhpháirteanna réigiúnacha a áireamh faoi cheann amháin nó níos mó de na trí chomhpháirt a liostaítear i roinn III.2 den treoraíocht seo. Chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ní mór é sin a léiriú sa gharsprioc nó sa tuairisc ar an sprioc.
Gan beann ar an ról atá acu i gcur chun feidhme an Phlean, moltar go láidir d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach sa struchtúr ainmnithe a bhfuil tuairisc air i roinn iv, pointe 1 b) den Treoraíocht seo. Is gné é sin a chuirfidh an Coimisiún san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit go ndéanfar faireachán agus cur chun feidhme éifeachtach ar an bPlean.
d) Tairbhí a chur ar aghaidh chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair
Is féidir na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sna Pleananna a sholáthar trí idirghabhálaithe nó trí eintitis phríobháideacha nó phoiblí eile (Airteagal 9 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Sa chás sin, leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ceanglaítear ar na Ballstáit ‘foráil a dhéanamh maidir leis na coimircí reachtúla agus conarthacha is gá chun a áirithiú go gcuirfear an tairbhe iomlán ar aghaidh chuig na teaghlaigh leochaileacha, chuig na micrifhiontair leochaileacha nó chuig na húsáideoirí iompair leochaileacha.’ Braitheann na coimircí mionsonraithe is gá ar an mbeart nó ar an infheistíocht agus ní mór anailís a dhéanamh orthu ar bhonn cás ar chás.
Tá prionsabal ginearálta an-tábhachtach in Airteagal 9 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta nach mór a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na mbeart agus na n-infheistíochtaí uile nach soláthraítear go díreach do theaghlaigh leochaileacha, d’úsáideoirí iompair nó do mhicrifhiontair. Mar shampla, chun tithe teaghlach leochaileach a athchóiriú, d’fhéadfadh na Ballstáit conarthaí feidhmíochta fuinnimh a úsáid agus d’fhéadfadh baint a bheith ag cuideachtaí fóntais nó ag cuideachtaí seirbhísí fuinnimh leo, rud a d’áiritheodh go gcuirfí na buntáistí ar aghaidh go hiomlán chuig na tairbhithe deiridh. Ar an gcaoi chéanna, ní mór an prionsabal maidir le tairbhí a chur ar aghaidh a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfaigheann tiarna talún príobháideach neamhleochaileach tacaíocht chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh atá á áitiú ag tionóntaí a cháilíonn mar theaghlaigh leochaileacha. Maidir le hiompar, mar shampla, féadfaidh oibreoir iompair phoiblí tacaíocht a fháil chun praghsanna ticéad a laghdú d’úsáideoirí iompair leochaileacha nó chun seirbhís soghluaisteachta chomhroinnte nua a thairiscint atá ceaptha go príomha chun tacú le húsáideoirí iompair leochaileacha.
Is féidir leis na Ballstáit féachaint freisin ar an bhféidearthacht ionstraimí airgeadais a úsáid chun an tionchar is leithne is féidir a ghiniúint agus chun infheistíocht bhreise a shlógadh, lena n-áiritheofar go gcuirfear na tairbhí ar aghaidh ina n-iomláine chuig teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair.
Nuair a mheastar tairbhí a chur ar aghaidh, d’fhéadfadh na Ballstáit ról tábhachtach eintitis an gheilleagair shóisialta a chur san áireamh freisin, amhail comharchumainn, eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, comhlachais agus fiontair shóisialta, a bhfuil sé de chuspóir acu tosaíocht a thabhairt go córasach do dhaoine, tionchar dearfach a imirt ar phobail áitiúla agus cúis shóisialta a shaothrú. Ar an gcúis sin, is minic a bhíonn na heintitis sin dea-fheistithe chun grúpaí leochaileacha a shainaithint agus chun dul i ngleic leis na dúshláin atá rompu (19).
8. Tacar comhleanúnach beart agus infheistíochtaí náisiúnta atá ann cheana nó atá nua
Féadfaidh na Ballstáit bearta nó infheistíochtaí nua a áireamh ina bPleananna, ar bearta nó infheistíochtaí iad nár maoiníodh roimhe sin le hacmhainní buiséadacha náisiúnta nó le cistiú ón Aontas ina dtír féin. Má chinneann na Ballstáit uas-scálú na mbeart atá ann cheana (féach Roinn II.9 le haghaidh treoraíocht níos mionsonraithe maidir le bearta atá ann cheana a uas-scálú) nó infheistíochtaí a áireamh ina bPleananna, ní mór na bearta nó na hinfheistíochtaí sin a bheith comhleanúnach leis na bearta nó na hinfheistíochtaí nua, ós rud é, faoi Airteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, gur cheart tacar comhleanúnach beart náisiúnta atá ann cheana nó atá nua a bheith sa phlean. Ba cheart go dtreiseodh nó go gcomhlánódh bearta agus infheistíochtaí a chéile agus iad ag rannchuidiú le cuspóirí an phlean.
9. Breisíocht na mbeart agus na n-infheistíochtaí
Ba cheart bearta agus infheistíochtaí a bheith ina mbearta breise agus ní ghlacfaidh sí ionad an chaiteachais buiséid náisiúnta athfhilltigh (Airteagal 13(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ciallaíonn sé sin nach féidir leis an gCiste tacú ach le bearta nó infheistíochtaí nua, nó le bearta nó infheistíochtaí atá ann cheana a mhéadú.
Ní mhaoineoidh an Ciste Aeráide Sóisialta ach an chuid sin de bheart nó d’infheistíocht atá ann cheana agus atá méadaithe. Aon bheart nó aon infheistíocht atá i bhfeidhm cheana féin ar mhaithe le maolú a dhéanamh ar thionchair shóisialta a eascraíonn as córas náisiúnta trádála astaíochtaí atá ann cheana le haghaidh foirgnimh agus le haghaidh iompar de bhóthar, nó as cáin charbóin, ba ghá na bearta nó na hinfheistíochtaí sin a mhéadú freisin chun maoiniú an chiste aeráide sóisialta a fháil.
I gcás beart méadaithe nó infheistíocht mhéadaithe, beifear ag súil le méadú ar leibhéal uaillmhéine an bhirt nó na hinfheistíochta tosaigh. Ní gá go dtabharfaí le tuiscint leis sin go méadófaí an cistiú a leithdháiltear ar an mbeart nó ar an infheistíocht atá ann cheana; d'fhéadfaí é a léiriú freisin i gceapadh an bhirt nó na hinfheistíochta. Dá bhrí sin, chomh maith le méadú ar bhuiséad/aschur ar feadh tréimhse ar leith, d’fhéadfaí é sin a bhaint amach, mar shampla, tríd an tréimhse ama a fhadú nó tríd an raon feidhme a choigeartú.
Is gnách go dtagann bearta nó infheistíochtaí méadaithe faoi cheann amháin de na catagóirí seo a leanas, áit ar cheart na critéir incháilitheachta do na faighteoirí deiridh a bheith i gcomhréir i gcónaí leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta:
a) Méadú cainníochtúil: cistiú an Chiste Aeráide Sóisialta a chur le beart nó infheistíocht atá ann cheana do thréimhse cur chun feidhme ar leith
|
i. |
an t-aschur a mhéadú Mar shampla: mheasfaí gur méadú 10 000 teaghais a bheadh i gceist leis an mbuiséad a mhéadú chun líon níos airde foirgneamh athchóirithe a chumhdach ó 20 000 go 30 000 tithíocht shóisialta (ag a bhfuil an leibhéal céanna uaillmhéine ar a laghad do gach athchóiriú); nó an buiséad a mhéadú chun líon níos airde úsáideoirí iompair leochaileacha a chumhdach a fhaigheann tacaíocht ó tháillí níos ísle ar iompar poiblí (leis an méid céanna de gach tacaíocht aonair ar a laghad) ó 5 000 go 10 000 duine. |
|
ii. |
méid na tacaíochta a mhéadú Mar shampla: Is féidir leis na Ballstáit clár éifeachtúlachta fuinnimh nó scéim fóirdheontais iompair phoiblí do ghrúpaí leochaileacha a mhéadú tríd an bhfóirdheontas do gach faighteoir deiridh a mhéadú (i gcás ina léirítear in anailís go bhfuil gá leis an méadú ar an tacaíocht do gach faighteoir deiridh). |
b) Athruithe cáilíochtúla, lena n-áirítear:
|
i. |
raon feidhme ábhartha an bhirt a athrú nó a leathnú Mar shampla: cuirtear deireadh le beart tacaíochta atá ann cheana chun coirí gáis ardéifeachtúlachta a shuiteáil do theaghlaigh leochaileacha agus cuirtear ceann ina ionad a bhaineann le suiteáil teaschaidéal nó a leathnaítear leis. D’fhéadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta an tacaíocht chun teaschaidéil a shuiteáil a mhaoiniú (ós rud é go gcomhlíonann teaschaidéil critéir an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoin gciste aeráide sóisialta ach nach gcomhlíonann siad an tacaíocht chun coirí gáis a shuiteáil). |
|
ii. |
raon feidhme fhaighteoirí deiridh an bhirt a leathnú Mar shampla: D’fhéadfadh na Ballstáit scéim tacaíochta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú d’úinéirí tí trí thacaíocht a chur ar fáil do thionóntaí a cháilíonn mar theaghlaigh leochaileacha (trí dheontais nó trí mhicrea-iasachtaí). Ní fhéadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta ach an chuid lena dtugtar tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha (úinéirí tí agus tionóntaí) a mhaoiniú. Is faoin mBallstát atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbuiséad le haghaidh tacaíocht leanúnach do ghrúpaí eile agus níor cheart an chuid sin den mhaoiniú a áireamh sna Pleananna Aeráide Sóisialta. |
|
iii. |
an tacaíocht a athdhíriú ar ghrúpaí leochaileacha Mar shampla: D’fhéadfadh na Ballstáit scéim atá srianta do theaghlaigh leochaileacha (a bhfuil a critéir incháilitheachta i gcomhréir leis na sainmhínithe sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus leis an tsainaithint a mholtar sa Phlean Aeráide Sóisialta) a chur in ionad dreasacht ceannaigh le haghaidh grianphainéil atá ar oscailt don daonra ar fad ag rátaí fóirdheonaithe nó d’fhéadfaidís an tacaíocht ar fud na tíre a chomhlánú le breisiú sonrach do theaghlaigh leochaileacha. D’fhéadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta an beart a mhaoiniú chun tacú leis na teaghlaigh leochaileacha sin, agus is faoin mBallstát atá sé cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbuiséad le haghaidh tacaíocht leanúnach do ghrúpaí eile. |
c) Síneadh ama: cistiú an Chiste Aeráide Sóisialta a chur le beart infheistíochta atá ann cheana chun síneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme
Mar shampla: D’fhéadfadh na Ballstáit síneadh a chur le clár lena dtairgtear dearbháin do theaghlaigh leochaileacha chun cabhrú leo fearais agus trealamh téimh, fuaraithe agus cócaireachta atá tíosach ar fhuinneamh a cheannach. Mar shampla, dá rachadh clár in éag ar dtús i mí an Mheithimh 2025, d’fhéadfaí é a shíneadh go dtí mí an Mheithimh 2030 leis an síneadh sin arna mhaoiniú ag an gCiste Aeráide Sóisialta.
Tabhair faoi deara: chun prionsabal na breisíochta a chomhlíonadh trí shíneadh ama a chur le beart, ní mór an cinneadh atá ceangailteach ó thaobh dlí chun síneadh a chur leis an mbeart a dhéanamh tar éis an 30 Meitheamh 2024 (féach Roinn II.10 den Treoraíocht seo chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an dáta incháilitheachta). Tá an chatagóir sin ábhartha go háirithe do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna náisiúnta praghsála carbóin agus tacaíochta gaolmhara i bhfeidhm acu agus i gcás ina bhféadfaidh CTA2 teacht in ionad an phraghais náisiúnta carbóin. Sa chás sin, féadfaidh an Ciste Aeráide Sóisialta leanúint de bhearta agus d’infheistíochtaí den sórt sin atá ann cheana a mhaoiniú, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na forálacha uile sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Má tá raon feidhme ábhartha iomlán agus/nó faighteoirí deiridh uile birt nó infheistíochta atá ann cheana incháilithe cheana féin faoin Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, bheadh gá le gné eile a áireamh chun prionsabal na breisíochta a chomhlíonadh (e.g. méadú costais, síneadh ama a chur le beart etc.). Mura bhfuil ach cuid de raon feidhme an bhirt nó na bhfaighteoirí deiridh incháilithe faoin scéim roimhe sin, d’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san uas-scálú cistí a ath-leithdháileadh a ainmníodh ar dtús do na bearta/grúpaí atá neamh-incháilithe do Chiste Aeráide Sóisialta faoi bhearta/grúpaí atá incháilithe do Chiste Aeráide Sóisialta, rud a d’áiritheodh breisíocht do na bearta/grúpaí incháilithe sin.
Má tá sé beartaithe ag Ballstát prionsabal na breisíochta a chomhlíonadh trí chistiú breise an Chiste Aeráide Sóisialta a chur ar fáil do na grúpaí leochaileacha a ndíríonn an Ciste Aeráide Sóisialta orthu mar chuid de scéim níos leithne atá oscailte don daonra ar fad, ní féidir é a mhaoiniú ón gCiste Aeráide Sóisialta ach amháin má dhéanann an Ballstát (i) faireachán ar na daoine aonair a chomhlíon critéir incháilitheachta an Chiste Aeráide Sóisialta agus a mhaoinítear tríd an gCiste Aeráide Sóisialta, agus (ii) má tá sé in ann dul chun cinn ar na garspriocanna agus na spriocanna a rianú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na scéime maidir lena fhócas sonrach ar spriocghrúpaí an Chiste Aeráide Sóisialta.
Beidh méadú na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá ann cheana faoi réir an phróisis mheasúnaithe chéanna le bearta agus infheistíochtaí nua, rud a chiallaíonn nach mór dóibh ceanglais uile an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a chomhlíonadh (go háirithe ní mór dóibh díriú ar na grúpaí leochaileacha a bhunaítear sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ina mheasúnú ar uas-scálú na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá ann cheana, breithneoidh an Coimisiún freisin cóir chomhionann idir na Ballstáit agus áiritheoidh sé nach rachaidh na Ballstáit timpeall ar na ceanglais maidir le bearta nó infheistíochtaí méadaithe (mar shampla, trí dheireadh a chur le beart in 2024 d’fhonn é a athbhunú sa phlean mar bheart nua).
10. Dáta tosaigh is luaithe na mbeart agus na n-infheistíochtaí
Ní féidir tús a chur le bearta ná le hinfheistíochtaí roimh an 30 Meitheamh 2024 (dáta tosaigh chur i bhfeidhm an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 29 de). Ciallaíonn sé sin nár cheart costais a bheith tabhaithe nó nár cheart tús a bheith curtha le hoibreacha roimh an 30 Meitheamh 2024 (20). Tá feidhm aige sin freisin maidir le méadú na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá ann cheana.
Tionscadail ag a bhfuil céimeanna ullmhúcháin agus tosaigh (lena n-áirítear soláthar agus conraitheoireacht) a seoladh roimh an 30 Meitheamh 2024, d’fhéadfaí iad a mheas fós a bheith incháilithe le haghaidh céimeanna nó fothionscadail atá sainithe go soiléir agus a chuirfear chun feidhme ón 30 Meitheamh 2024 ar aghaidh.
Tá feidhm ag an riail chéanna maidir le cúnamh teicniúil faoi Airteagal 8(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Tá an cúnamh teicniúil is gá chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a riar agus a chur chun feidhme go héifeachtach incháilithe faoin gCiste le haghaidh costais arna dtabhú tar éis an 30 Meitheamh 2024.
Is féidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta bearta agus infheistíochtaí atá ann cheana nach cúnamh teicniúil iad a mhaoiniú freisin má chomhlíonann siad an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, go háirithe na forálacha breisíochta (féach Roinn II.9 den Treoraíocht seo). Mar sin féin, ní mór bearta cur chun feidhme agus infheistíochtaí atá le maoiniú ag an gCiste Aeráide Sóisialta sula bhformheasfaidh an Coimisiún an Plean nó tá an baol ann go bhfaighfear amach i measúnú an Choimisiúin nach gcomhlíonann cuid de na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Baineann sé sin lena n-incháilitheacht agus, ag féachaint ar shraith iomlán na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe, an gcomhlíonann an Plean foriomlán na critéir mheasúnaithe freisin.
11. Comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le Státchabhair
Mar a leagtar amach in aithris 40 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór don tacaíocht do bhearta agus d’infheistíochtaí, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE, rialacha an Aontais maidir le Státchabhair a chomhlíonadh.
I gcás ina bhfuil lánrogha ag údaráis náisiúnta maidir le húsáid chistí an Aontais, is Státchabhair iad sin má chomhlíontar na critéir eile go léir in Airteagal 107(1) CFAE. I bhfianaise chineál carnach chritéir Airteagal 107(1) CFAE, mura gcomhlíontar ceann de na critéir, is féidir a eisiamh go bhfuil Státchabhair ann (21). Mar shampla, ní mheastar gur Státchabhair í tacaíocht do ghníomhaíochtaí nach de chineál eacnamaíoch iad, i.e. nach n-úsáidtear iad chun earraí nó seirbhísí a thairiscint ar an margadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás tacaíocht do theaghlaigh chun a n-áit chónaithe féin a athchóiriú ar choinníoll nach ligeann siad ar cíos í agus nach n-úsáideann siad a n-áit chónaithe féin ar shlí eile le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha, lena n-áirítear lena ligean ar cíos. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear tacaíocht ar fáil d’úinéirí a bhfuil a réadmhaoin á ligean ar cíos acu le teaghlaigh leochaileacha, ní mór rialacha maidir le Státchabhair a chur san áireamh. Sna cásanna sin, tá an deis ag na Ballstáit tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil i gcomhréir le coinníollacha an Rialacháin ghinearálta de minimis, lena bhforáiltear, i measc nithe eile, nár cheart méid iomlán na cabhrach de minimis a dheonaítear in aghaidh an Bhallstáit do ghnóthas aonair a bheith níos mó ná EUR 300 000 thar aon tréimhse 3 bliana (22).
Nuair a bhíonn Státchabhair ann, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt faoi thacaíocht do bhearta agus d’infheistíochtaí agus í a fhormheas sular féidir leis na Ballstáit an chabhair a dheonú, ach amháin má chomhlíonann na bearta agus na hinfheistíochtaí sin na coinníollacha is infheidhme i ndáil le rialachán maidir le blocdhíolúine, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 CFAE (23), nó má thagann siad faoin Rialachán de minimis.
Agus fógra á thabhairt acu faoina ndréachtphlean, iarrtar ar na Ballstáit an méid seo a leanas a shonrú, dar leo:
|
— |
nach Státchabhair a bheidh sa tacaíocht don bheart nó don infheistíocht faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE nó |
|
— |
go maoineofar an tacaíocht don bheart nó don infheistíocht, a chomhlíonann critéir uile Airteagal 107(1) CFAE, ar bhonn scéim Státchabhrach atá ann cheana a thagann faoi rialachán maidir le blocdhíolúine, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine nó a fhormheastar le cinneadh ón gCoimisiún maidir le Státchabhair (lena soláthraítear an uimhir thagartha don scéim sin (SA.nnnnn) nó |
|
— |
go mbeidh beart Státchabhrach nua mar thoradh ar an tacaíocht don bheart nó don infheistíocht, míniú ar cé acu a chomhlíonfaidh nó nach gcomhlíonfaidh sé coinníollacha rialacháin maidir le blocdhíolúine, an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine mar shampla (agus an tAirteagal de á léiriú), nó |
|
— |
go gcomhlíonann an tacaíocht don bheart nó don infheistíocht an Rialachán de minimis nó |
|
— |
go bhfuil gá le fógra Státchabhrach chun tacú leis an mbeart nó leis an infheistíocht, lena léirítear cathain a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát fógra a thabhairt roimh ré don Choimisiún nó fógra a thabhairt don Choimisiún faoin tacaíocht atá beartaithe don bheart nó don infheistíocht, agus an ionstraim Státchabhrach is infheidhme lena n-áirithítear a comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach. |
I gcás ina bhfuil amhras ar an mBallstát, bíodh sin faoi Státchabhair a bheith ann nó faoi chomhoiriúnacht birt nó infheistíochta leis na rialacha maidir le Státchabhair, iarrtar ar an mBallstát teagmháil a dhéanamh le seirbhísí an Choimisiúin agus é sin a chur in iúl sa Phlean Aeráide Sóisialta (dréacht). Nuair a bheidh faisnéis níos mionsonraithe sa (dréacht)Phlean maidir leis an tacaíocht do na bearta agus na hinfheistíochtaí a bhaineann le Státchabhair (nó i gcás ina dtiocfaidh ceisteanna maidir le Státchabhair chun cinn), beidh seirbhísí an Choimisiúin in ann cabhrú leis an mBallstát an fhaisnéis riachtanach agus ábhartha atá le soláthar don Choimisiún a shainaithint.
I ndeireadh na dála, tá sé de dhualgas ar an mBallstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi bhearta Státchabhrach sula ndeonófar iad, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE. I ndáil leis sin, ní féidir an anailís Státchabhrach a rinne an Ballstát sa Phlean a mheas mar fhógra Státchabhrach. Chomh maith leis sin, ní féidir a thuiscint le formheas an Phlean Aeráide Sóisialta ag an gCoimisiún go ndeimhnítear comhlíonadh na rialacha maidir le Státchabhair don bheart nó don infheistíocht lena mbaineann.
I gcás ina soláthraíonn Ballstát Státchabhair faoi rialachán maidir le blocdhíolúine nó faoin Rialachán de minimis, is faoin mBallstát atá sé comhlíonadh fhorálacha ábhartha uile na rialachán sin a áirithiú.
Samplaí de chásanna ina bhféadfadh na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair ceanglais éagsúla a sholáthar i gcomparáid leo siúd a leagtar amach sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, a mholtar a chur san áireamh agus bearta agus infheistíochtaí á gceapadh agus á gcur chun feidhme:
|
— |
Faoin Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, d’fhéadfaí tús a chur le bearta nó infheistíochtaí tar éis an 30 Meitheamh 2024, rud a chiallaíonn go bhféadfaí costais a thabhú, nó tús a chur le hoibreacha, tráth nach luaithe ná an 30 Meitheamh 2024. Ceanglaítear leis an éifeacht dreasachta Státchabhrach go raibh iarratas i scríbhinn ar an gcabhair curtha faoi bhráid an Bhallstáit ag an tairbhí sular cuireadh tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht. |
|
— |
I gcásanna inar Státchabhair é beart nó infheistíocht lena ndírítear ar dhícharbónú earnáil na bhfoirgneamh, áirítear ceanglais éigeantacha in Airteagal 38a(6) den Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine (24). |
|
— |
I gcás inarb ionann bearta nó infheistíochtaí lena dtacaítear le soghluaisteacht inbhuanaithe nó ghlan agus Státchabhair, féadfar ceanglais atá éagsúil le ceanglais an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a sholáthar leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair (25). |
Agus scéimeanna le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha á gceapadh acu agus nósanna imeachta soláthair phoiblí á seoladh acu, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh siad ceanglais Airteagail 25 agus 28 den Ghníomh um an Tionscal Glan-nialasachta san áireamh. Ciallaíonn sé sin gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rannchuidiú ard inbhuanaitheachta agus athléimneachta leabaithe in infheistíochtaí agus i mbearta a thagann faoin nGníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, agus ba cheart dóibh athbhreithniú rialta a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann teicneolaíocht ghlan-nialasachta nó a príomh-chomhpháirteanna sonracha ó thríú tír arb ionann í agus níos mó ná 50 % de sholáthar na teicneolaíochta glan-nialasachta sonraí sin mar a chuir an Coimisiún in iúl. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear na Pleananna Aeráide Sóisialta chun feidhme go tapa, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar na ceanglais faoin Rialachán maidir le Fóirdheontas Eachtrach a leagtar amach in Airteagail 28-29, arb é is aidhm dóibh saobhadh i margadh inmheánach an Aontais de bharr táirgí fóirdheonaithe ó thríú tíortha a chosc, chun cothrom iomaíochta a áirithiú do chuideachtaí atá bunaithe san Aontas.
12. Conas comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách a chur san áireamh
Ba cheart míniú a thabhairt i bPleananna Aeráide Sóisialta ar an gcaoi a bhfuil sé d’aidhm ag na bearta agus na hinfheistíochtaí dul i ngleic le neamhionannas inscne agus comhionannas inscne a fheabhsú (Airteagal 6(1)(q) agus Ranna 2.1(ii) agus 2.2(ii) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Bíonn tionchar díréireach ag an mbochtaineacht fuinnimh agus ag an mbochtaineacht iompair ar mhná. Dá bhrí sin, chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár le linn an phróisis chun a bPleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách a chaomhnú agus a chur chun cinn agus na cuspóirí sin a phríomhshruthú, chomh maith le cearta inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.
Ar an gcéad dul síos, ba cheart do na Ballstáit na príomhdhúshláin a bhíonn rompu ó thaobh comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách i gcomhthéacs an Chiste Aeráide Shóisialta a shainaithint ina bPleananna. Ba cheart dóibh a mhíniú ansin conas a rachaidh na bearta agus na hinfheistíochtaí sna Pleananna i ngleic leis na dúshláin chomhionannais a sainaithníodh agus comhionannas inscne a chur chun cinn. Is éard atá i gceist leis sin breithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh bearta agus infheistíochtaí a áirítear sna Pleananna rannchuidiú le deireadh a chur le neamhionannais inscne agus cineálacha eile neamhionannais atá ann cheana, chomh maith le comhionannas inscne a chur chun cinn agus a fheabhsú.
Ba cheart do na Ballstáit a léiriú go n-áirítear cuspóirí an chomhionannais inscne agus an chomhionannais deiseanna do chách, ar thaobh amháin, i mbearta earnála sonracha (bonneagar, tithíocht, iompar, fuinneamh, tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach) agus, ar an taobh eile, go ndéantar iad a phríomhshruthú sa cheapadh agus sa chur chun feidhme. I.e. ba cheart don phlean comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách a chur chun cinn ar fud na réimsí beartais uile, go háirithe ach ní hamháin maidir le cearta inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas.
Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit miondealú a dhéanamh ar na sonraí a sholáthraíonn siad de réir inscne, de réir Airteagal 33 den Rialachán Airgeadais, de réir aoise agus míchumais (i gcás inarb ábhartha agus inar féidir) agus de réir ról a thabhairt do chomhlachtaí comhionannais agus neamh-idirdhealaithe i gceapadh agus i gcur chun feidhme an Phlean, mar shampla mar chuid den phróiseas faireacháin chun an Plean a chur chun feidhme. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint freisin as torthaí roinnt staidéar ar mheasúnú tionchair inscne ex ante (26), buiséadú atá íogair ó thaobh inscne de (27), soláthar poiblí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne (28), agus ar phríomhshruthú comhionannais san iompar (29).
Ar deireadh, le linn na gcéimeanna pleanála agus cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar raon éagsúil páirtithe leasmhara a rannpháirtiú, go háirithe mná agus daoine a bhaineann le grúpaí leochaileacha eile, chun a áirithiú go léireofar peirspictíochtaí éagsúla sa phlean.
13. Údaráis a bhfuil sé de chúram orthu an plean a chur chun feidhme
Chun na Pleananna a ullmhú go héifeachtach agus chun a gcur chun feidhme rianúil a áirithiú, ní mór do na Ballstáit a shainaithint i bhfad roimh ré cé na húdaráis a bheidh freagrach as iad a dhréachtú agus a chur chun feidhme.
Ní mór míniú a bheith sna Pleananna ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme, ag díriú ar na socruithe agus ar an tráthchlár le haghaidh faireacháin agus an chur chun feidhme (féach Iarscríbhinn V, pointe 4.1, a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ba cheart go n-áireofaí leis sin aon bheart is gá chun na rialacha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chomhlíonadh.
Ní mór do na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil a bhunú, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais, lena lena gcuimseofar deighilt feidhmeanna agus socruithe tuairiscithe, maoirseachta agus faireacháin (féach pointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Áirítear leis sin:
|
a) |
na húdaráis a ainmniú ar a gcuirtear de chúram an plean a chur chun feidhme agus na freagrachtaí agus feidhmeanna gaolmhara a leithdháileadh; |
|
b) |
an t-údarás nó na húdaráis a ainmniú ar a bhfuil freagracht as an dearbhú bainistíochta a ghabhann le hiarrataí ar íocaíocht a shíniú; |
|
c) |
nósanna imeachta lena n-áiritheofar go bhfaighidh an t-údarás nó na húdaráis sin dearbhú maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa phlean, agus go ndearnadh na cistí a bhainistiú i gcomhréir le gach riail is infheidhme, go háirithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, calaois a chosc, éilliú agus cistiú dúbailte; |
|
d) |
deighilt iomchuí idir feidhmeanna bainistíochta agus iniúchóireachta. |
Féadfaidh na Ballstáit roinnt údarás a ainmniú chun na Pleananna a chur chun feidhme (Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Mar sin féin, d’eisigh an Coimisiún ráiteas an 18 Aibreán 2023 (30), inar mheas sé go bhféadfadh neamhéifeachtúlachtaí agus caolú freagrachtaí a bheith mar thoradh ar an gcomhaontú ar tháinig na comhreachtóirí air faoi ‘Iarscríbhinn III - Príomhcheanglais maidir le córas rialaithe an Bhallstáit’ a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta maidir leis an bhféidearthacht atá ag na Ballstáit níos mó ná údarás amháin a ainmniú a gcuirtear de chúram air dearbhuithe bainistíochta a ghabhann leis na hiarrataí ar íocaíocht a shíniú agus go bhféadfadh sé mearbhall a chruthú faoi róil na n-údarás.
Chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú, ní mór freagrachtaí soiléire a shuí. D’fhéadfaí príomhúdarás comhordúcháin a ainmniú a mbeadh an fhreagracht fhoriomlán air as an bPlean a ullmhú agus as a bheith ina phríomhphointe teagmhála don Choimisiún. Ba cheart don údarás comhordúcháin a bheith freagrach as achtú foriomlán an Phlean, as comhordú le húdaráis eile sa tír (lena n-áirítear comhleanúnachas a áirithiú maidir le húsáid chistí eile de chuid an Aontais), as faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le garspriocanna agus spriocanna, as aon leasuithe ar an bPlean a thíolacadh agus as tuairisciú. Chun an fhreagracht as íocaíochtaí a iarraidh faoin gCiste a shoiléiriú, moltar go láidir do gach Ballstát gan ach údarás amháin a ainmniú chun na dearbhuithe bainistíochta a ghabhann le hiarrataí ar íocaíocht a shíniú. Ní mór dóibh údarás iniúchóireachta amháin nó níos mó a ainmniú freisin (féach pointe 5 d’Iarscríbhinn III).
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú údaráis bhainistíochta na gclár beartais chomhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna) a ainmniú chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo a mhaoirsiú, a chomhordú agus a chur chun feidhme. Ní mór do na Ballstáit an rún sin a léiriú ina bPleananna. Má áirítear é sin sna Pleananna, na córais bhainistíochta agus rialaithe atá i bhfeidhm d’údaráis bhainistíochta na gclár beartais comhtháthaithe, mar a tugadh fógra ina leith don Choimisiún, measfar go bhfuil siad i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (Airteagal 11(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Maidir le haon údarás eile, ní mór próiseas ainmniúcháin foirmiúil a chur i gcrích chun a áirithiú go bhfuil córais bhainistíochta agus rialaithe chuí i bhfeidhm agus gur féidir leo dearbhú leordhóthanach a sholáthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Beidh ar an gCoimisiún na socruithe riaracháin agus nós imeachta atá i bhfeidhm a fhíorú chun a áirithiú go bhfuil siad comhlíontach.
14. Aistrithe acmhainní
a) Acmhainní a aistriú ón gCiste
i. Aistrithe ón gCiste Aeráide Sóisialta chuig cistí bainistíochta comhroinnte faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna
Faoi Airteagal 11(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ina bPleananna go n-aistreofar suas le 15 % dá leithdháiltí airgeadais uasta bliantúla do gach bliain den Chiste Aeráide Sóisialta chuig na cistí bainistíochta comhroinnte faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, faoi réir coinníollacha.
Tabhair faoi deara (i) go leithdháiltear acmhainní ar an gCiste Aeráide Sóisialta go bliantúil (féach Airteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE) agus go gceadaítear do na Ballstáit leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta 15 % dá leithdháileadh airgeadais bliantúil a aistriú, ach nach gceadaítear iad a aistriú ón leithdháileadh le haghaidh na tréimhse iomláine 2026-2032 in aon tráinse amháin, agus (ii) faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna, nach féidir gealltanais bhuiséadacha a dhéanamh ach amháin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit an méid iomlán, is é sin 15 % dá leithdháileadh uasta airgeadais mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, a aistriú in aon tráinse amháin ó thús an Chiste Aeráide Sóisialta, ós rud é go bhfuil an luach sin bunaithe ar leithdháileadh iomlán na mBallstát le linn na tréimhse 2026-2032.
Ní fhéadfaidh na Ballstáit a iarraidh go n-aistreofar ach suas le 15 % de leithdháileadh airgeadais bliantúil an Bhallstáit do 2026 agus 2027 tríd an leasú ar na cláir faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Cuirfear na haistrithe bliantúla iarbhír chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil. Ina theannta sin, beidh aon socrú i gcláir don tréimhse tar éis 2027 ag brath ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027. Ba cheart na hacmhainní aistrithe a úsáid i gcomhréir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus leis an rialachán lena rialaítear an Ciste sonrach a n-aistrítear acmhainní an Chiste Aeráide Sóisialta chuige.
I gcomhréir le hAirteagal 26b de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, ní mór d’aistrithe ón gCiste Aeráide Sóisialta tacú leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí incháilithe a thuairiscítear in Airteagal 8 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Thairis sin, ní mór acmhainní aistrithe a chur chun feidhme de réir rialacha an Chiste fála, go háirithe Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus rialacha Ciste-shonracha. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na comhtháscairí agus/nó na táscairí clár-shonracha agus as na socruithe íocaíochta dá bhforáiltear i Rialachán na bhForálacha Coiteanna nó sna rialacháin Chiste-shonracha.
I gcás acmhainní a aistreofar ón gCiste chuig cláir bhainistíochta comhroinnte, méadóidh uasmhéideanna an chúnaimh theicniúil faoi na cláir bainistíochta comhroinnte go comhréireach leis an gcéatadán cúnaimh theicniúil sheasta a chuirtear i bhfeidhm ar na méideanna níos airde tar éis na n-aistrithe ón gCiste Aeráide Sóisialta (i gcomhréir le hAirteagal 36 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna). Mar sin féin, tiocfaidh laghdú comhréireach ar an uasmhéid chun an cúnamh teicniúil faoin gCiste Aeráide Sóisialta a ríomh (2,5 % de chostais mheasta iomlána an Phlean Aeráide Shóisialta) i gcomhréir leis an méid a aistrítear chuig na Cistí bainistíochta comhroinnte.
ii. Aistrithe ón gCiste Aeráide Sóisialta chuig InvestEU
Féadfaidh na Ballstáit méid na ranníocaíochta in airgead tirim a leithdháiltear ar urrann an Bhallstáit in InvestEU faoi Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) (i gcomhréir le hAirteagal 11(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) a áireamh ina bPleananna, mar chuid de na costais mheasta iomlána. Níor cheart na costais sin a bheith níos mó ná 4 % den leithdháileadh uasta airgeadais don Phlean. Ní mór do na bearta gaolmhara a leagtar amach sa Phlean an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a chomhlíonadh.
b) Acmhainní a aistriú chuig an gCiste
Tá sé de rogha ag na Ballstáit a iarraidh go n-aistreofaí acmhainní a leithdháiltear faoi chláir faoi bhainistíocht chomhroinnte chuig an gCiste Aeráide Sóisialta, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (féach Airteagal 11(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Is féidir suas le 5 % de leithdháileadh náisiúnta tosaigh na gcistí faoin Rialachán sin do thréimhse bhuiséadach 2021-2027 a aistriú chuig aon ionstraim eile de chuid an Aontais a bhainistítear go díreach nó go hindíreach, chun tairbhe eisiach an Bhallstáit lena mbaineann (féach Airteagal 26 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna). Tá feidhm iomlán ag rialacha ionstraim an Aontais a n-aistrítear na hacmhainní chuige.
Cuireann an fhoráil sin ar chumas Ballstáit na hacmhainní atá ar fáil dó faoin gCiste Aeráide Sóisialta a mhéadú. Féadfaidh na Ballstáit aistrithe den sórt sin a iarraidh mar chuid de leasú ar chlár a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Faoi Airteagal 26(3) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna le haghaidh 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit bunús a thabhairt le haon iarraidh den sórt sin ar aistriú i dtéarmaí na gcomhlántachtaí agus an tionchair atá le baint amach. Ba cheart an clár leasaithe nó na cláir leasaithe, mar a shonraítear in Airteagal 24 den Rialachán céanna, a bheith ag gabháil le hiarrataí.
III. NA PLEANANNA A DHRÉACHTÚ AGUS A THÍOLACADH
1. Anailís agus an tionchar foriomlán
a) Tionchar réamh-mheasta CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha
Faoi Airteagal 6(1)(d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit meastachán a sholáthar ina bPleananna ar na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú ar phraghsanna a eascraíonn as CTA2 ar theaghlaigh, go háirithe ar na rátaí bochtaineachta fuinnimh agus bochtaineachta iompair, agus ar mhicrifhiontair. Ní mór do na Ballstáit anailís a dhéanamh ar na héifeachtaí sin ar an leibhéal críochach ceart do gach Ballstát, agus sainiúlachtaí agus tosca náisiúnta amhail rochtain ar iompar poiblí agus ar sheirbhísí bunúsacha á gcur san áireamh, agus na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh á sainaithint.
Chun cuidiú le meastachán a dhéanamh ar éifeachtaí na méaduithe ar phraghsanna ó CTA2 ar ghrúpaí leochaileacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, soláthróidh an Coimisiún comhluach mar mheastachán ar phraghas an charbóin a eascraíonn as CTA2.
Chun críoch Airteagal 6(6) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, déantar tagairt do na ‘paraiméadair mholta chun réamh-mheastacháin GCT a thuairisciú in 2025’, lena n-áirítear praghsanna carbóin, a roinneadh leis na Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin Rialachais. Tá conair praghsanna carbóin CTA2 do 2027-2030 sa doiciméad seo bunaithe ar na moltaí a roinneadh leis na Ballstáit i mí an Mhárta 2023 i gcomhthéacs an nuashonraithe ar PNFAnna (‘Paraiméadair mholta do shamhail CTA2 i gcomhthéacs an nuashonraithe ar PNFAnna’), ach tugadh praghsanna cothrom le dáta ó praghsanna 2020 go praghsanna 2023. I gcomhréir leis an doiciméad seo, léirítear i dTábla 1 seo a leanas an chonair le haghaidh an chomhluacha atá le húsáid le haghaidh CTA2 (33).
Tábla 1
Conair chomhchuibhithe don chomhluach do mheastachán CTA2 maidir le praghas carbóin
|
|
EUR 2023 / tCO2 |
|
2027 |
30 |
|
2028 |
50 |
|
2029 |
55 |
|
2030 |
60 |
|
2031 |
60 |
|
2032 |
60 |
Tá luach measta EUR 60 tCO2 le haghaidh 2030 (i bpraghsanna 2023) i gcomhréir le praghas CTA 2030 arna shamhaltú i gcás an mheascáin le haghaidh na n-earnálacha CTA nua, mar a foilsíodh sa mheasúnú tionchair athbhreithnithe ar CTA.
Braitheann praghas CTA2 go mór ar chur chun feidhme beart náisiúnta in earnálacha an iompair agus na bhfoirgneamh agus ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais. Faoi Airteagal 18(5) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, faoin 15 Márta 2029, ní mór do gach Ballstát measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a phlean i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bhaineann le CTA2. Deis a bheidh ann anailís a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír CTA2 i gcomparáid leis na toimhdí a úsáideadh le haghaidh an Phlean a ullmhaíodh in 2025.
Féadfaidh na Ballstáit anailísí íogaireachta a dhéanamh, ach ba cheart an príomhchás agus na príomhthorthaí a thugtar sa phlean a bheith bunaithe ar an gcomhluach.
Fiú má tá praghas carbóin i bhfeidhm cheana féin ag Ballstát in earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar, ba cheart dó an comhluach a úsáid fós le haghaidh mheastachán CTA2 ar phraghas carbóin le haghaidh na hanailíse ina Phlean. Ba cheart do na Ballstáit a mhíniú a mhéid atá éifeacht an phraghais carbóin sna hearnálacha ábhartha i bhfeidhm cheana féin roimh thús CTA2 mar gheall ar an bpraghas náisiúnta carbóin. D’fhéadfaidís anailís ar na héifeachtaí a chur san áireamh, go háirithe i gcás ina ndearnadh an anailís sin cheana féin. Níos tábhachtaí fós, ba cheart do na Ballstáit an leibhéal praghsanna carbóin a bhfuiltear ag súil leis in 2026-2032 a shoiléiriú (agus idirdhealú á dhéanamh idir conairí na cánach náisiúnta ar charbón agus an comhluach do phraghas CTA2), ach, a mhéid is féidir, an anailís a dhíriú ar éifeachtaí (breise) CTA2.
Má dhéanann Ballstát iarratas ar mhaolú CTA2 faoin 31 Nollaig 2030 faoi Airteagal 30e(3)(a) den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, ba cheart an anailís ina phlean a bheith bunaithe freisin ar an gcomhluach don mheastachán ar phraghas carbóin CTA. Fiú má chomhlíonann Ballstát na coinníollacha ginearálta don mhaolú, ní bheifear ar an eolas go dtí tar éis gach bliana an bhfuil feidhm ag an maolú, ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil cáin charbóin náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann níos airde ná meánphraghas imréitigh ceantála lamháltais CTA2 (Airteagal 30e(3)(b) den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí).
b) Líon measta grúpaí leochaileacha agus sainaithint grúpaí leochaileacha
I gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointí (e) agus (f), den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit an fhaisnéis anailíseach seo a leanas a bhaineann le grúpaí leochaileacha a leagan amach ina bPleananna, faoi seach:
|
— |
líon measta agus sainaithint na dteaghlach leochaileach, na micrifhiontar leochaileach agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha; agus |
|
— |
míniú ar an gcaoi a gcuirtear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. |
Ní mór do na Ballstáit na meastacháin, na sainaitheantais agus na mínithe, lena n-áirítear an mhodheolaíocht a úsáideadh, a sholáthar ina bPleananna Aeráide Sóisialta (féach Roinn 3 den teimpléad maidir leis an bPlean Aeráide Sóisialta in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Agus grúpaí leochaileacha á sainaithint acu, féadfaidh na Ballstáit tagairt a dhéanamh do na saintréithe (e.g. saintréithe socheacnamaíocha, grúpa ioncaim, dáileadh geografach, cineál tithíochta), mar atá ar fáil ó shonraí staidrimh, bunaithe ar na sainmhínithe ar ghrúpaí leochaileacha in Airteagal 2 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Ní mór do na Ballstáit a shonrú ina bPleananna freisin líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh, faoi bhochtaineacht iompair agus líon na micrifhiontar leochaileach a ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí orthu chun tionchar na mbeart agus na n-infheistíochtaí orthu a mheas (Iarscríbhinn V Roinn 3.2. a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart do na Ballstáit miondealú a sholáthar de réir líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht fuinnimh, líon na dteaghlach faoi bhochtaineacht iompair chomh maith le húinéirí micrifhiontar de réir inscne chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtéarmaí comhionannais inscne (Airteagal 22 den Rialachán Airgeadais) (féach Roinn II.12 den Treoraíocht seo le haghaidh tuilleadh sonraí).
Chun na grúpaí leochaileacha a shainaithint, is féidir leis na Ballstáit cur leis an staidreamh agus leis na modheolaíochtaí atá ann cheana agus atá forbartha chun aghaidh a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus leas a bhaint as reachtaíocht an Aontais a bhaineann le tacaíocht do dhaoine faoi bhochtaineacht fuinnimh agus iompair, agus tionchair mheasta CTA2 á gcur san áireamh.
I dTuarascáil 2023 maidir le rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha san Aontas (34) léirítear maidir le teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh íseal-mheánioncaim, go háirithe teaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta (daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta) (35), go gcaitheann siad sciar níos airde dá n-ioncam ar sheirbhísí fíor-riachtanacha cheana féin, lena n-áirítear fuinneamh agus iompar. Is rompu siúd atá na bacainní is mó maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí den sórt sin, go háirithe mar gheall ar fhadhbanna inacmhainneachta. Dá bhrí sin, bíonn tionchar níos mó ag méaduithe ar phraghsanna ar na teaghlaigh sin. Is féidir leis na Ballstáit cur leis na torthaí sin agus grúpaí leochaileacha á sainiú acu agus díriú go sonrach ar theaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta chun líon na dteaghlach leochaileach a shainaithint agus a mheas agus chun spriocanna a leagan síos dá mbearta.
Ba cheart an obair chun bochtaineacht fuinnimh a shainaithint chun críoch na bPleananna a ailíniú leis an obair chun reachtaíocht ghaolmhar an Aontais a thrasuí. Is é an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh in Airteagal 2(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta an sainmhíniú céanna ar bhochtaineacht fuinnimh i dTreoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36) (an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh). Táthar ag súil go ndéanfaidh na Ballstáit an Treoir sin a thrasuí faoin 11 Deireadh Fómhair 2025 agus go dtíolacfaidh siad a bPleananna Aeráide Sóisialta faoin 30 Meitheamh 2025. Mar thoradh air sin, moltar go bhfuil an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh a úsáidtear sna Pleananna Aeráide Sóisialta comhsheasmhach leis an sainmhíniú sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus le trasuí na Treorach sin, agus go dtugtar bunús breise leis an bpróiseas sin sna Pleananna Aeráide Sóisialta trí shamhaltú agus anailís a dhéanamh ar thionchar CTA2 ar theaghlaigh leochaileacha.
Is féidir leis na Moltaí ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (37) (38) agus na doiciméid inmheánacha oibre a ghabhann leo (39) (40) cabhrú leis na Ballstáit bochtaineacht fuinnimh a shainaithint i gcomhréir leis na táscairí is féidir leo a úsáid.
Chun daoine aonair agus teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair a shainaithint, moltar do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar a ghnéithe éagsúla, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 (12) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Go sonrach, i gcás ina gceadaítear leis na sonraí atá ar fáil, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar anailís a dhéanamh ar an ngné ‘inacmhainneachta’ i gcomhar leis na gnéithe ‘infhaighteachta’ agus ‘inrochtaineachta’. Áirítear leis sin faisnéis faoi chaiteachas agus ioncam a chomhcheangal le dáileadh geospásúil an daonra, suíomh agus minicíocht stadanna agus trathchlár iompair phoiblí, am airmheánach taistil, sonraí maidir leis an ngréasán bóithre, úinéireacht gluaisteán áitiúil, bonneagar rothaíochta, agus gaireacht na ngníomhaíochtaí bunriachtanacha socheacnamaíocha, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin.
Maidir le bochtaineacht iompair, is féidir leis na Ballstáit dul i gcomhairle leis an Staidéar maidir le bochtaineacht iompair ina soláthraítear sainmhínithe, táscairí, deitéarmanaint, agus straitéisí maolaithe (41) (42).
c) Díriú ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí
Go ginearálta, ní bheidh na Ballstáit in ann na bearta a dhíriú ar na teaghlaigh agus ar na daoine aonair a cheanglaítear faoin Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ach amháin má tá sonraí riaracháin aonair acu in éineacht le sonraí staidrimh nó sonraí ó shuirbhé. Ní mór léargais ón anailís staidrimh maidir le saintréithe grúpaí leochaileacha a shainaithint a aistriú ina gcritéir incháilitheachta shonracha le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí. Chun é sin a dhéanamh, is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, na sonraí seo a leanas a úsáid:
|
— |
sonraí ioncaim (e.g. ó fhoinsí fioscacha éagsúla); |
|
— |
an cineál córais téimh (e.g. má thagann sé faoi raon feidhme CTA2); |
|
— |
cáilíocht an fhoirgnimh áitithe (e.g. measúnú ar an bhfoirgneamh ar bhonn deimhnithe feidhmíochta fuinnimh); |
|
— |
suíomh úsáideoirí iompair leochaileacha agus an t-am taistil is gá (e.g. úsáid a bhaint as táscaire limistéir thuaithe/uirbigh nó as an am is gá chun rochtain a fháil ar sheirbhísí bunriachtanacha eile amhail obair, scoileanna agus institiúidí sláinte); |
|
— |
infhaighteacht iompair phoiblí, cáilíocht an iompair phoiblí, úinéireacht gluaisteán príobháideach, etc. |
|
— |
leordhóthanacht na réiteach iompair (e.g. rochtain ar iompar poiblí do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó a bhfuil riachtanais bhreise iompair acu, sábháilteacht). |
Mura féidir leis na Ballstáit an fhaisnéis agus an fhianaise uile is gá a luaitear thuas a bhailiú, moltar dóibh an oiread faisnéise agus is féidir a bhailiú agus í a úsáid chun critéir incháilitheachta a dhréachtú chun é a chur ar a gcumas do theaghlaigh leochaileacha, d’úsáideoirí iompair leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoin gCiste Aeráide Sóisialta agus tuilleadh fianaise a sholáthar iad féin. Ní mór do na critéir léiriú a dhéanamh ar an ngá atá leis na rialacha a dhéanamh chomh simplí agus is féidir.
Maidir le bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme do ghrúpaí leochaileacha, is féidir leis na Ballstáit leas a bhaint freisin as idirghabhálaithe amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, ionaid ilfhreastail, oibrithe sóisialta, comhlachais áitiúla agus idirghabhálaithe airgeadais. Cuirtear leis sin in Airteagal 9 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta: ‘ [d]éanfaidh na Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá chun a áirithiú go gcuirtear an tairbhe ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh leochaileacha, na micrifhiontair leochaileacha nó na húsáideoirí iompair leochaileacha.’
Is de chineál comhchoiteann iad roinnt beart agus infheistíochtaí atá incháilithe faoin gCiste Aeráide Sóisialta a chuirtear chun feidhme trí idirghabhálaithe nó trí eintitis eile (e.g. tacaíocht a sholáthraítear d’iompar poiblí, do bhonneagar iompair nó do phobail fuinnimh). I gcás na mbeart sin, ní gá go mbeadh cruthúnas incháilitheachta aonair ar fáil toisc go bhféadfadh raon na dtairbhithe a bheith beagán níos leithne. Sna cásanna sin, ní mór do na Ballstáit fianaise a chur i láthair go rachaidh na bearta sin chun tairbhe do na spriocghrúpaí leochaileacha go príomha. Ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh ina bPleananna le haghaidh gach ceann de na bearta sin do líon measta teaghlach leochaileach, úsáideoirí iompair nó micrifhiontar a bhainfidh tairbhe as an mbeart (mar shampla iad siúd a bhfuil cónaí orthu i limistéar ar leith). Ní mór dóibh míniú a thabhairt freisin ar an gcaoi a bhfuil cion na dteaghlach leochaileach, na n-úsáideoirí iompair nó na micrifhiontar atá incháilithe don bheart an-ard.
Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as sonraí riaracháin áitiúla, nó as sonraí suirbhé más leor na sonraí geografacha. D’fhéadfadh sé sin a bheith ábhartha freisin chun tacú le teaghlaigh leochaileacha nó le micrifhiontair trí phobail fuinnimh. Sa chás sin, bheadh ar na Ballstáit a áirithiú go rachadh an tacaíocht a sholáthraíonn an pobal fuinnimh roghnaithe chun tairbhe do ghrúpaí leochaileacha go príomha (dá ngníomhaíocht ghinearálta nó do thionscadail roghnaithe a dtacófaí leo go sonrach ina leith). D’fhéadfaí tacaíocht a chur ar fáil freisin trí phobail fuinnimh trí chúnamh a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha nó do mhicrifhiontair a bheith páirteach go díreach sna pobail fuinnimh sin, e.g. trí dhearbháin a eisiúint (43).
Ar bhonn níos ginearálta, cé go bhféadfadh grúpaí neamhleochaileacha tairbhe a bhaint as bearta agus infheistíochtaí de chineál comhchoiteann, ní chiallaíonn an coincheap ‘tairbhiú go príomha’ gur féidir leis an bPlean tacú go díreach le grúpaí neamhleochaileacha trí bhearta agus infheistíochtaí dá dtairbhe aonair.
Is féidir le roinnt bearta agus infheistíochtaí aonair a áirítear sna Pleananna a bheith mar chuid de scéimeanna níos leithne a dhíríonn ar dhaonra níos leithne. Mar sin féin, ní féidir cistiú ón gCiste Aeráide Sóisialta a úsáid ach amháin chun bearta agus infheistíochtaí atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha a mhaoiniú. Ní mór do na Ballstáit na faighteoirí atá le maoiniú faoin bPlean a shainaithint, faighteoirí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta le haghaidh tacaíocht faoin gCiste Aeráide Sóisialta. Agus an scéim á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann dul chun cinn maidir leis na garspriocanna agus na spriocanna a rianú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na scéime ó thaobh na spriocghrúpaí a bhaint amach.
d) Micrifhiontair leochaileacha
Tagraíonn an sainmhíniú ar mhicrifhiontair leochaileacha, faoi Airteagal 2(11) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, d’éifeachtaí CTA2 d’earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ar mhicrifhiontair, agus don easpa, ‘ chun críoch a ngníomhaíochta ’, sa chás ‘ nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú, nó feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach nó athrú chuig modhanna iompair inbhuanaithe malartacha, lena n-áirítear iompar poiblí, de réir mar is ábhartha ’. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an Chiste Aeráide Sóisialta, níor cheart a mheas go bhfuil micrifhiontar ‘leochaileach’ ach amháin má bhraitheann a ghnó go mór ar ídiú breosla sna foirgnimh thráchtála/institiúideacha nó chónaithe nó in iompar de bhóthar (44), agus mura bhfuil sé d’acmhainn aige an tomhaltas sin a laghdú (ag brath ar a n-acmhainneacht airgeadais feithiclí astaíochtaí nialasacha nó ísle agus bonneagair ghaolmhara a cheannach, córais téimh níos éifeachtúla, an cumas an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú, nó ag brath ar roghanna malartacha amhail iompar poiblí a bheith ar fáil).
Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit bearta agus infheistíochtaí a cheapadh do mhicrifhiontair leochaileacha agus cinneadh a dhéanamh maidir le scála na tacaíochta sin. Mar sin féin, cibé acu a dhíríonn nó nach ndíríonn siad tacaíocht an Chiste Aeráide Sóisialta ar mhicrifhiontair leochaileacha, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) agus (d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit ‘ líon measta agus sainaithint (…), na micrifhiontar leochaileach ’ agus ‘ meastachán ar na héifeachtaí dóchúla a bheadh ag an méadú ar phraghsanna mar thoradh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE ar (…) mhicrifhiontair ’ a sholáthar faoi seach.
e) Cásanna speisialta de ghrúpaí leochaileacha an Chiste Aeráide Sóisialta i bhfianaise thionchair CTA2
Mar a luaitear i Roinn II.3 den Treoraíocht seo, áirítear leis na sainmhínithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil an Ciste dírithe orthu teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus teaghlaigh agus daoine aonair atá faoi bhochtaineacht iompair, nach gá go ndéanfadh ‘ CTA2 difear suntasach dóibh ’.
Cé go moltar go láidir do na Ballstáit a dtacaíocht a dhíriú ar aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díreacha CTA2, tugtar roinnt samplaí sa liosta seo a leanas d’fhaighteoirí féideartha nach ndéanann CTA2 difear díreach dóibh. Ní bheadh na faighteoirí sin incháilithe chun tacaíocht ioncaim dhíreach a fháil ón gCiste Aeráide Sóisialta, rud ba cheart a bheith dírithe go docht ar theaghlaigh agus ar úsáideoirí iompair a ndéanann CTA2 difear díreach dóibh (i gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Mar sin féin, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe freisin do bhearta struchtúracha seachas tacaíocht ioncaim dhíreach, a liostaítear in Airteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ar choinníoll go n-aicmítear iad mar theaghlaigh leochaileacha nó mar dhaoine aonair a ndéanann bochtaineacht fuinnimh nó bochtaineacht iompair difear dóibh.
|
— |
Teaghlaigh a bhfuil a dtithe á dtéamh acu le bithmhais sholadach. Ní thagann bithmhais sholadach faoi raon feidhme CTA2, agus dá bhrí sin ní bheadh tionchar díreach ag CTA2 ar na teaghlaigh sin maidir lena dtithe a théamh. Mar sin féin, d’fhéadfadh an Ciste cabhrú leis na teaghlaigh sin freisin agus iad faoi bhochtaineacht fuinnimh (trí úsáid a bhaint as an sainmhíniú ar theaghlaigh leochaileacha). D’fhéadfaí tacaíocht den sórt sin a chur ar fáil freisin chun cabhrú leis na teaghlaigh leochaileacha sin aistriú ó bhithmhais sholadach, nó chun éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú. |
|
— |
Teaghlaigh atá ag téamh a dtithe cheana féin le leictreachas nó le téamh ceantair. Tá leictreachas agus téamh mórcheantair faoi raon feidhme an chórais trádála astaíochtaí atá ann cheana don tionscal cumhachta agus don tionscal mór (CTA1) agus níl siad faoi raon feidhme CTA2, rud a chiallaíonn nach ndéanfadh CTA2 difear díreach do na teaghlaigh sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh teaghlaigh den sórt sin, má tá siad leochaileach agus faoi bhochtaineacht fuinnimh, tacaíocht a fháil ón gCiste, e.g. chun éifeachtúlacht fuinnimh a dtí a fheabhsú. |
|
— |
Úsáideoirí iompair nach bhfuil carr innill dócháin inmheánaigh acu. Ní dhéanfadh CTA2 difear díreach do na húsáideoirí iompair sin, cé go bhféadfaidís iompar poiblí a úsáid, faoi réir phraghas CTA2. D’fhéadfadh teaghlaigh nó daoine aonair atá faoi bhochtaineacht iompair nach bhfuil carr innill dócháin inmheánaigh acu a bheith incháilithe freisin do thacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta, chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar roghanna iompair phoiblí, comhroinnte nó gníomhacha más féidir. |
|
— |
Teaghlaigh a fhaigheann tacaíocht chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil. Tá sé de chuspóir ag an gCiste tionchair shóisialta CTA2 a mhaolú, rud a chiallaíonn gur cheart an tacaíocht do shuiteáil réiteach fuinnimh in-athnuaite a nascadh, más infheidhme, le huasghrádú ar an gcóras téimh/fuaraithe chun go mbeifear in ann feidhmiú ar fhuinneamh in-athnuaite, mar aon leis na córais theicniúla foirgneamh agus na réitigh dhigiteacha is gá. |
f) Tionchar réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe
Le hAirteagal 6(1)(a) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta ceanglaítear ar na Ballstáit míniú a áireamh ina bPleananna ar an gcaoi a gcuirfeadh na bearta agus na hinfheistíochtaí go héifeachtúil le cuspóirí an Chiste a bhaint amach.
Ba cheart do na Ballstáit Iarscríbhinn V, Roinn 3.3, a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a leanúint chun tionchair réamh-mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe a mhíniú.
Tá sé sin éagsúil leis an tuairisciú débhliantúil a cheanglaítear ar na Ballstáit (Airteagal 24 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) bunaithe ar an liosta táscairí in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ar cheart dó a bheith ag brath ar chur chun feidhme iarbhír an Phlean.
Faoin Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, cuireann an Coimisiún comhairle ar na Ballstáit maidir lena bPleananna a dhréachtú. Faigheann na Ballstáit is tairbhithe comhairle maidir le conas anailís a dhéanamh ar thionchair CTA2, conas grúpaí leochaileacha a shainaithint agus tionchair dhearfacha na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe. Cuirfear an chomhairle mhodheolaíoch maidir leis na hanailísí sin a dhéanamh agus na príomhthorthaí in iúl do na Ballstáit uile i gcomhthéacs fhoirmíocht an tSainghrúpa um Athrú Aeráide maidir le cur chun feidhme an Chiste Aeráide Sóisialta.
2. Comhpháirteanna
a) Rialacha ginearálta
Ba cheart na Pleananna a struchtúrú de réir trí chomhpháirt chomhleanúnacha, agus gach ceann acu ag dul i ngleic le réimsí sonracha:
|
1. |
foirgnimh; |
|
2. |
an t-iompar de bhóthar (45); |
|
3. |
tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach (i gcás inarb ábhartha). |
Ba cheart bearta agus infheistíochtaí a leagan amach sna Pleananna i gcomhréir le Roinn 2 den teimpléad le haghaidh Pleananna in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (‘Teimpléad’). Ba cheart na comhpháirteanna le haghaidh na n-earnálacha tógála agus iompair a struchtúrú i gcomhréir le Roinn 2.1 den teimpléad. Ba cheart don chomhpháirt maidir le tacaíocht ioncaim dhíreach Roinn 2.2 den teimpléad a leanúint.
Tá saoirse ag na Ballstáit a dtosaíochtaí féin a shocrú ar fud earnálacha agus ar fud grúpaí leochaileacha, agus an anailís ar na héifeachtaí ó CTA2 agus sainaithint grúpaí leochaileacha á gcur san áireamh. Ní thugann an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta sainordú do na Ballstáit gach réimse sa Phlean a chumhdach. Ceanglaítear le hAirteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, áfach, go mbeidh tacar comhleanúnach beart atá ann cheana agus beart nua i ngach Plean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an dtéann Plean gach Ballstáit i ngleic go leordhóthanach le tionchar sóisialta agus dúshláin shóisialta CTA2 ar spriocghrúpaí. Molann an Coimisiún do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do na bearta agus na hinfheistíochtaí a mheastar a mbeidh an tionchar is mó acu ar na grúpaí sin agus, ag an am céanna, cur chuige cothrom a choinneáil ar fud na réimsí beartais, i gcomhréir le héifeachtaí náisiúnta CTA2. Cuirfidh an Coimisiún cistiú comhlántach san áireamh don mheasúnú sin freisin.
Mar chuid dá mheasúnú faoi Airteagal 16 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas na bPleananna i gcomparáid leis an staid náisiúnta, agus go háirithe ar a leordhóthanacht chun dul i ngleic leis na dúshláin a sainaithníodh san anailís faoi Airteagal 16(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Ní mór do na Ballstáit líon na dteaghlach leochaileach a mheas agus a shainaithint freisin, míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair le cur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus tuairisciú a dhéanamh ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair araon i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(e) agus (f) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart sraith chomhleanúnach agus chothrom beart agus infheistíochtaí a leagan amach sna Pleananna lena dtéitear i ngleic leis na príomhdhúshláin a bhaineann le CTA2 a thabhairt isteach, agus sainiúlachtaí náisiúnta á gcur san áireamh.
b) Struchtúr na gcomhpháirteanna
Ba cheart struchtúr fóinteach a bheith ag comhpháirteanna, le bearta agus infheistíochtaí a chomhlánaíonn a chéile. Is codanna bunúsacha de na Pleananna iad comhpháirteanna, ina bhfuil bearta agus infheistíochtaí gaolmhara atá dírithe ar dhul i ngleic le dúshláin shonracha i gceann amháin den dá earnáil (foirgneamh nó iompar). Ba cheart na bearta agus na hinfheistíochtaí sin a bheith ina bpacáiste comhtháite ina mbeidh gníomhaíochtaí a threisíonn a chéile. Moltar do na Ballstáit gach comhpháirt a chur i láthair ar leithligh, agus na heilimintí seo a leanas a shonrú le haghaidh gach ceann acu (46):
|
1. |
bearta agus infheistíochtaí: na bearta agus na hinfheistíochtaí a áirítear sa chomhpháirt a leagan amach go soiléir, agus an chaoi a rannchuidíonn siad le cuspóirí an Chiste a shonrú; |
|
2. |
garspriocanna, spriocanna agus amlíne: garspriocanna agus spriocanna a shonrú do gach beart nó infheistíocht, mar aon le hamlíne don chur chun feidhme; |
|
3. |
maoiniú agus costais: faisnéis faoi mhaoiniú na mbeart agus na n-infheistíochtaí, lena n-áirítear na costais lena mbaineann. |
3. Tuairisc ar bhearta agus infheistíochtaí
Is é is aidhm don roinn seo roinnt treoraíocht ghinearálta a thabhairt maidir leis an gcineál beart agus infheistíochtaí a d’fhéadfaí a áireamh sna Pleananna, gan difear a dhéanamh do thoradh an mheasúnaithe shonraigh atá le déanamh ag an gCoimisiún bunaithe ar na Dréachtphleananna atá le tíolacadh ag na Ballstáit.
Ní mór réasúnaíocht chúramach a sholáthar le Pleananna Aeráide Sóisialta le haghaidh gach birt agus infheistíochta, lena leagtar amach a réasúnaíocht, a gcuspóirí agus a n-amlíne, agus a n-idirnaisc le tionscnaimh eile. Tá an leibhéal mionsonraithe sin ríthábhachtach chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí.
Nuair a cheaptar bearta agus infheistíochtaí chun tacú le grúpaí leochaileacha i gcríoch nó i réigiún áirithe (tar éis anailís a dhéanamh ar na sainiúlachtaí geografacha mar a cheanglaítear in Iarscríbhinn V, Roinn 4.5 a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta), ba cheart do na Ballstáit é sin a léiriú go soiléir sa bheart ábhartha nó sa tuairisc infheistíochta ábhartha.
Ina theannta sin, ní mór míniú a thabhairt sna Pleananna freisin ar an gcaoi a gcomhlíonann gach beart nó infheistíocht an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Ba cheart na mínithe a sholáthar trí thagairt a dhéanamh don chás is infheidhme faoi Roinn 2 den Treoraíocht Theicniúil maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. I gcomhréir leis an Treoraíocht seo, ba cheart do na Ballstáit an tábla seo a leanas a líonadh isteach chun a léiriú go gcomhlíonann gach beart agus infheistíocht an prionsabal. Is féidir le beart nó infheistíocht gníomhaíochtaí agus sócmhainní iomadúla a chumhdach. Ba cheart a léiriú go mion sa tábla cén cur chuige a cuireadh i bhfeidhm maidir le gach gníomhaíocht agus sócmhainn chun comhlíonadh an phrionsabail a léiriú, lena n-áirítear i gcás ina mbraitheann comhlíonadh an phrionsabail ar chineálacha éagsúla cur chuige.
|
Cur chuige |
Go praiticiúil |
|
An bhfuil aon ghníomhaíocht agus/nó sócmhainn faoin mbeart nó faoin infheistíocht seo ailínithe le hiarscríbhinn earnáilsonrach amháin nó le roinnt iarscríbhinní earnáilsonracha? (Roinn 2.1 den Treoraíocht Theicniúil maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’) |
Má tá, liostaigh na gníomhaíochtaí agus/nó cód na sócmhainní i dTreoraíocht Theicniúil ábhartha an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Ní féidir aon ghníomhaíocht eisiata a bheith mar chuid den liosta sin. Mura bhfuil, cuir é sin in iúl sa bhosca seo. |
|
An bhfuil gníomhaíochtaí agus/nó sócmhainní faoin mbeart nó faoin infheistíocht seo nach gcumhdaítear le hiarscríbhinn earnáilsonrach amháin nó le roinnt iarscríbhinní earnáilsonracha agus nach mbraitheann ar na cineálacha cur chuige malartacha i Ranna 2.3 agus 2.4 de Threoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’? (Roinn 2.2 de Threoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’) |
Má tá, tabhair tábla thíos do gach gníomhaíocht/sócmhainn atá beartaithe nach gcumhdaítear leis na hiarscríbhinní earnáilsonracha, i gcomhréir le ‘Tábla 1. Seicliosta le haghaidh measúnú an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh” a áirítear i Roinn 2 de Threoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta. Ní féidir aon ghníomhaíocht eisiata sna hiarscríbhinní earnáilsonracha a bheith mar chuid den liosta seo. Mura bhfuil, cuir é sin in iúl sa bhosca seo. |
|
An bhfuil gníomhaíochtaí agus/nó sócmhainní faoin mbeart nó faoin infheistíocht sin ailínithe le Tacsanomaíocht AE (rannchuidiú substaintiúil) agus leis na critéir scagtha theicniúla maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”? (Roinn 2.3 den Treoraíocht Theicniúil maidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”) |
Má tá, liostaigh na gníomhaíochtaí faoi na gníomhartha tarmligthe tacsanomaíochta. Mura bhfuil, cuir é sin in iúl sa bhosca seo. |
|
An táirge airgeadais é an beart nó an infheistíocht sin a chuirtear chun feidhme faoi urrann an Bhallstáit InvestEU, i gcomhréir le Roinn 2.4 de Threoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”? |
Sonraigh an dtagann an beart nó an infheistíocht faoin gcatagóir seo. Mura dtagann, sonraigh é sin sa bhosca seo. |
Mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, d’fhoilsigh an Coimisiún Nóta ina ndéantar achoimre ar dhea-chleachtais le haghaidh bearta costéifeachtacha a d’fhéadfaí a mhaoiniú leis an gCiste Aeráide Sóisialta (47). Ar shuíomh gréasáin Chiste Aeráide Sóisialta an Choimisiúin foilsíodh roinn atá dírithe ar dhea-chleachtais (48). Ina theannta sin, tugann an Coimisiún tacaíocht do roinnt Ballstát chun a bPleananna a dhréachtú tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Tá comhpháirt ann chun comhairle a chur ar na Ballstáit rannpháirteacha maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí iomchuí a d’fhéadfaidís a áireamh ina bPleananna. Scaipfear príomhthorthaí thionscadal na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil ar na Ballstáit uile.
a) Athchóiriú foirgneamh
Foráiltear le hAirteagal 8(1)(a) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta go bhféadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a áireamh i gcostais mheasta iomlána a bPleananna:
|
“(a) |
tacú le hathchóiriú foirgneamh, go háirithe do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha atá sna foirgnimh is lú feidhmíochta, agus lena n-áirítear do thionóntaí agus do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta;”. |
Faoi Airteagal 2(13) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ciallaíonn “athchóiriú foirgneamh” aon chineál athchóirithe foirgneamh a bhaineann le fuinneamh arb é is aidhm dó feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, amhail imchlúdach an fhoirgnimh a insliú, is é sin le rá na ballaí, an díon, an t-urlár, fuinneoga nua a chur isteach agus córais theicniúla foirgneamh a shuiteáil, i gcomhréir le haon chaighdeáin sábháilteachta náisiúnta ábhartha. Moltar do na Ballstáit bearta athchóirithe atá uaillmhianach a chur chun feidhme, e.g. lena mbaintear amach athchóiriú meánleibhéil ar a laghad mar a shonraítear i Moladh (AE) 2019/786 ón gCoimisiún (49), chun tionchar marthanach ar ghrúpaí leochaileacha a ndírítear orthu a áirithiú.
Agus na bearta sin á gceapadh acu, go háirithe chun acmhainní a spriocdhíriú agus a chur i leataobh go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a mheas nach mbíonn sé d’acmhainn ag teaghlaigh leochaileacha ná ag micrifhiontair costais athchóirithe a íoc roimh ré de ghnáth. Cé go n-aisíocfaí iad ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain éasca acu ar chreidmheas agus d’fhéadfadh sé nach mbainfidís tairbhe as bónais agus asbhaintí a bhaineann le cáin toisc gur beag an cháin ioncaim/chorparáideach atá acu. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a cheapadh chun acmhainneacht theoranta airgeadais nó eolas teoranta grúpaí leochaileacha a chur san áireamh agus ba cheart iad a bheith chomh soláimhsithe agus is féidir don chliant.
Tá réitigh maidir le conas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin ar fáil sa nóta maidir le bearta costéifeachtacha a d’fhoilsigh an Coimisiún (50) agus sa treoirdhoiciméad a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (51). Ina theannta sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsuithe feidhmíochta fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe in athchóiriú foirgneamh a nascadh leis an gcoigilteas agus na feabhsuithe fuinnimh spriocdhírithe nó a baineadh amach (i.e. is féidir an tacaíocht a mhodhnú de réir na gcoigilteas a bhaintear amach: tacaíocht níos airde do ghnóthachain níos airde). Ba cheart scéimeanna airgeadais malartacha a chur chun cinn tuilleadh chun é a dhéanamh níos éasca infheistíochtaí a chur chun feidhme. Ba cheart do thríú páirtithe iad sin a úsáid ar mhaithe le grúpaí leochaileacha mar fhaighteoirí deiridh (lena n-áirítear ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha amhail iasachtaí fabhracha chun na costais a bhaineann le caipiteal a fuarthas ar iasacht le haghaidh scéimeanna athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú chomh maith le díolúintí nó laghduithe cánach). Tá tuilleadh comhairle i Roinn II.7.d den Treoraíocht seo.
b) Tithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, agus tacaíocht do réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh
Faoi Airteagal 8(1)(b) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bplean:
|
“(b) |
tacú le rochtain ar thithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;” |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag bearta agus infheistíochtaí faoi Airteagal 8(1)(b) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta feabhas a chur ar an rochtain atá ag teaghlaigh leochaileacha ar fhoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tacaíocht spriocdhírithe do thionscadail tithíochta sóisialta a bhfuil ardfheidhmíocht fuinnimh acu agus costais níos ísle dá n-áitritheoirí. Cuireann tithíocht atá tíosach ar fhuinneamh leis na ceanglais a áirítear sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh agus sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh. Áirítear ar na bearta agus na hinfheistíochtaí tithíocht shóisialta nua agus tithíocht inacmhainne a thógáil do dhaoine leochaileacha agus dóibh siúd a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh, chomh maith le hathrú cuspóra a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana, bíodh siad neamháitithe nó beartaithe lena gcuspóir a athrú, amhail foirgnimh oifige, láithreáin thionsclaíocha nó láithreáin phoiblí a d’fhéadfaí a iompú ina dtithíocht inacmhainne atá tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta — ach gan a bheith teoranta dó sin. Is féidir tionscnaimh shuaitheanta faoin Rabharta Athchóiriúcháin (52) amhail an tionscnamh tithíochta inacmhainne, a bheith ina n-inspioráid freisin.
c) Bearta agus infheistíochtaí dícharbónaithe
Faoi Airteagal 8(1)(c) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bPlean:
|
“(c) |
rannchuidiú le dícharbónú a dhéanamh, amhail trí leictriú, ar théamh agus fuarú foirgneamh, agus ar chócaireacht iontu, trí rochtain a sholáthar ar chórais inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, agus trí ghiniúint agus stóráil fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil, lena n-áirítear trí chomhphobail fuinnimh inathnuaite, pobail fuinnimh saoránach agus custaiméirí gníomhacha eile chun glacadh féintomhaltas fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn, amhail comhroinnt fuinnimh agus trádáil fuinnimh inathnuaite idir piaraí, nascadh le heangacha cliste agus le gréasáin téimh ceantair, a rannchuidíonn le coigilteas fuinnimh a bhaint amach nó le bochtaineacht fuinnimh a laghdú”. |
Le leictriú téimh agus fuaraithe foirgneamh, agus cócaireacht i bhfoirgnimh, tagraítear do bhearta agus d’infheistíochtaí atá dírithe ar dhéine carbóin gníomhaíochtaí téimh/fuaraithe agus cócaireachta a dhéantar i bhfoirgnimh a laghdú trí aistriú chuig leictreachas mar iompróir fuinnimh. Le bearta agus infheistíochtaí táthar ag súil go laghdófar ídiú breosla iontaise trí theicneolaíochtaí breosla neamh-iontaise níos éifeachtúla, teicneolaíochtaí atá faoi thionchar leictreachais más féidir, a chur in ionad teicneolaíochtaí atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise, rud a bhainfidh tairbhe as dícharbónú méadaitheach mheascáin leictreachais na mBallstát. Leis an treoraíocht (53) a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (54) tugtar léiriú maith ar na bearta struchtúracha lenar féidir dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh.
Tagraíonn comhtháthú ghiniúint agus stóráil an fhuinnimh in-athnuaite do bhearta agus d’infheistíochtaí lena méadaítear an acmhainneacht giniúna fuinnimh in-athnuaite, mar aon leis an acmhainneacht stórála i gcás inarb ábhartha, lena n-áirítear a nasc leis an eangach. D’fhéadfaí a áireamh ar bhearta agus infheistíochtaí eile (i) réitigh theicneolaíochta chliste a chomhtháthú i bhfoirgnimh, amhail méadair chliste nó bonneagar athluchtaithe; (ii) freagairt don éileamh a chur chun cinn; (iii) tacaíocht do ghníomhaíochtaí arna reáchtáil ag pobail fuinnimh; agus (iv) comhroinnt fuinnimh ag custaiméirí gníomhacha.
Tagraítear do “chustaiméir gníomhach” agus “pobal fuinnimh saoránach” in Airteagal 2(15) agus (16) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, agus na sainmhínithe in Airteagal 2(8) den Treoir maidir le Leictreachas á n-úsáid maidir leis an gcéad cheann agus in Airteagal 2(11) maidir leis an dara ceann (55). De réir Airteagal 2(17) agus (18) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, leagtar síos “pobal fuinnimh in-athnuaite” agus “trádáil idir piaraí” fuinnimh in-athnuaite in Airteagal 2(16) agus (18) den Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (56).
D’fhéadfaí tacaíocht do phobail fuinnimh a cheapadh chun freastal ar riachtanais fuinnimh grúpaí leochaileacha i measc grúpaí eile, mar shampla trí rannpháirtíocht daoine leochaileacha sna pobail sin a mhaoiniú, trí mhaoiniú a thabhairt do thionscadal nó do thionscadail na bpobal as a bhféadfadh grúpaí leochaileacha tairbhe a bhaint freisin (mar shampla trí leictreachas a chomhroinnt le teaghlaigh ar ioncam íseal nó le teaghlaigh leochaileacha), nó trí mhaoiniú díreach a thabhairt do na pobail fuinnimh ar choinníoll go bhfuil teaghlaigh leochaileacha mar chuid díobh. D’fhéadfadh tacaíocht a bheith ar fáil chun acmhainneacht táirgeachta nua a fhorbairt, ach freisin le haghaidh seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh, ardú feasachta agus fothú acmhainneachta.
d) Bearta feasachta
Faoi Airteagal 8(1)(d) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bplean:
|
“(d) |
faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha, tacaíocht atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh agus éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le roghanna eile soghluaisteachta agus iompair atá inbhuanaithe agus inacmhainne;” |
Is féidir teacht ar dhea-shamplaí de bhearta agus d’infheistíochtaí atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar dhaoine aonair leochaileacha a ndéanann bochtaineacht fuinnimh agus iompair difear dóibh, agus faisnéis á soláthar dóibh maidir le hinacmhainneacht agus inrochtaineacht fuinnimh, sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh agus sa treoraíocht a ghabhann leis (57), agus sa nóta maidir le dea-chleachtais le haghaidh bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (58). Baineann a saintréithe féin le feachtais faisnéise do theaghlaigh leochaileacha agus ba cheart iad a sheachadadh go díreach chuig teaghlaigh leochaileacha trí bhealaí iontaofa amhail oibrithe túslíne (nach gá dóibh comhairle fuinnimh a sholáthar ach a d’fhéadfadh daoine sna teaghlaigh sin a threorú chuig comhlachtaí iontaofa eile, amhail ionaid ilfhreastail, ionaid chomhairleacha do thomhaltóirí nó línte cabhracha do thomhaltóirí) agus ní mór iad a chur in oiriúint do riachtanais cineálacha éagsúla leochaileachtaí.
e) Réitigh éifeachtúlachta fuinnimh
Faoi Airteagal 8(1)(e) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, féadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bplean:
|
“(e) |
tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe comharchumainn phoiblí–phríobháideacha, chun réitigh inacmhainne éifeachtúlachta fuinnimh agus ionstraimí cistiúcháin iomchuí a fhorbairt agus a sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;” |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag bearta agus infheistíochtaí faoi Airteagal 8(1)(e) tacaíocht a chur ar fáil d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha chun réitigh agus sásraí cistiúcháin a fhorbairt atá oiriúnaithe do riachtanais teaghlach leochaileach agus micrifhiontar leochaileach, agus an rochtain an-teoranta atá acu ar mhaoiniú tráchtála chun infheistíochtaí tosaigh a chumhdach á cur san áireamh. Trí ionstraimí airgeadais (e.g. iasachtaí agus ráthaíochtaí, ach réitigh mhaoiniúcháin níos nuálaí freisin) a úsáid chun tacú leis na bearta sin, is féidir cuidiú le hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí breise a shlógadh. Cé go bhféadfaidh údaráis áitiúla, cuideachtaí seirbhísí fuinnimh, fóntais, gníomhaireachtaí fuinnimh agus idirghabhálaithe eile bearta agus infheistíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme, ba cheart na faighteoirí deiridh a bheith ina dteaghlaigh leochaileacha i gcónaí a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh agus ina micrifhiontair leochaileacha. Agus tacaíocht á tabhairt aige d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha den sórt sin, beidh ar an mBallstát a áirithiú go gcuirfear na tairbhí ar aghaidh go hiomlán chuig an bhfaighteoir deiridh tríd an bhfianaise is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí uile a bhaineann le foirgnimh a luaitear i Ranna III.3 a, b, c, d, agus e thuas, d’fhéadfadh na Ballstáit an méid seo a leanas a mheas chun a áirithiú go ndéanfar éifeacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa Phlean a uasmhéadú (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach, mar shampla, an nóta maidir le dea-chleachtais na mbeart costéifeachtach arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (59)):
|
— |
Tosaíocht a thabhairt do “bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”. Ba cheart athchóiriú meánleibhéil ar a laghad ar fhoirgnimh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha a bheith ar an gcéad rogha chun ídiú fuinnimh agus na costais fuinnimh ghaolmhara a laghdú. Ba cheart athchóiriú domhain a mheas i gcás inarb iomchuí chun coigilteas fuinnimh a uasmhéadú, astaíochtaí CO2 a laghdú agus iolrú na bpróiseas riaracháin a sheachaint. Tá cásanna ann inar féidir le tacaíocht a thabhairt do shuiteáil feistí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas, a rialáil agus a bhainistiú, nó do bhearta athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh aonair mar a liostaítear san Iarscríbhinn maidir le foirgnimh i dTreoraíocht an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh” (agus sa Rialachán Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Aeráide faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (Roinn 7)) a bheith ina réitigh chostéifeachtacha iomchuí; |
|
— |
Agus foirgnimh á n-athchóiriú, roghnaigh comhpháirteanna a bhfuil saolré theicniúil fhada acu do gach eilimint foirgnimh chun minicíocht athchóirithe amach anseo a laghdú. Bain úsáid as táirgí a bhfuil dearadh acu le haghaidh díchóimeála, déan cion athchúrsáilte na n-ábhar athchóirithe a uasmhéadú agus déan athúsáid na n-ábhar ó athchóiriú a uasmhéadú. Bain úsáid as ábhair ghiniúna nua, lena n-áirítear táirgí bithbhunaithe agus réitigh dhúlrabhunaithe; |
|
— |
Athchóiriú fuinnimh ar struchtúr an fhoirgnimh a chomhlánú tríd an trealamh téimh nó fuaraithe a athsholáthar, fuinneamh in-athnuaite a shuiteáil (eadhon grianfhuinneamh fótavoltach agus grianfhuinneamh teirmeach), agus stóráil fuinnimh a shuiteáil. |
|
— |
Smaoinigh ar na buntáistí a bhaineann le teaschaidéil a shuiteáil in éineacht le fuinneamh in-athnuaite a shuiteáil (le haghaidh féintomhaltais agus eile), amhail grianfhuinneamh fótavoltach agus /nó grianfhuinneamh teirmeach. |
|
— |
Tacú le hinfheistíochtaí i bhfearais chócaireachta leictreacha agus aerála éifeachtúla (lena n-áirítear eastóscóirí aeir) do theaghlaigh leochaileacha agus do mhicrifhiontair leochaileacha. Ní thiocfadh fearais chistine eile (e.g. cuisneoirí) faoin gcatagóir sin toisc go ritheann siad sin ar leictreachas agus nach ndéanann CTA2 difear dóibh. |
|
— |
Cinnteoireacht níos tapúla a chur chun cinn maidir le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus dícharbónaithe i mbloc ilárasán, pleanáil uirbeach arna hoiriúnú do bhunphrionsabal na “héifeachtúlachta fuinnimh”, comhroinnt faisnéise pobail agus áitiúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus dícharbónú tithíochta nó cur chuige freagrachta sóisialta corparáidí chun éifeachtaí “i bhfad uaim é” a chosc. |
|
— |
Teaghlaigh leochaileacha agus micrifhiontair leochaileacha a spreagadh le bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí agus leictreachas a roinnt nó a dhíol, i gcás inarb ábhartha, féintomhaltas fuinnimh a spreagadh. |
|
— |
Teaghlaigh leochaileacha agus micrifhiontair leochaileacha a spreagadh chun dul isteach i bpobail fuinnimh trí dhearbháin a chur ar fáil, mar shampla, chun an costas a bhaineann le bheith rannpháirteach ann nó le clárú ann a chumhdach. Breithniú a dhéanamh ar scéimeanna comhroinnte fuinnimh a chur ar bun lena dtugtar aird ar leith ar chabhrú le teaghlaigh leochaileacha agus ar thacaíocht a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha páirt a ghlacadh iontu. |
|
— |
Breithnigh arbh inmholta úsáid a bhaint as spriocdhíriú limistéarbhunaithe agus geografach (i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(p) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) nó as cur chuige comharsanachta nuair is ábhartha, nó as rannpháirtíocht tithíochta sóisialta nó comhlachas eile, chun cur chun feidhme agus spriocdhíriú ar mhórscála a bhaint amach. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar bhearta ar leibhéal limistéir a chur chun feidhme chun rioscaí tuilte nach maoiníonn an Ciste Aeráide Sóisialta a bhainistiú, i gcomhthráth leis na bearta nó na hinfheistíochtaí arna maoiniú ag an gCiste Aeráide Sóisialta má dhéantar na hinfheistíochtaí sin ar thalamh a sainaithníodh a bheith i mbaol suntasach tuilte sna léarscáileanna guaise agus riosca tuilte arna dtáirgeadh ag na húdaráis náisiúnta nó i bPleananna spásúla náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla, mura rud é go ndearnadh bearta maidir le cosc, cosaint agus ullmhacht cheana féin. Breithniú a dhéanamh freisin ar chúnamh agus treoir a chur ar fáil d’fhorbróirí tionscadail maidir le measúnú a dhéanamh ar rioscaí tuilte do na foirgnimh a bhfuil a dtionscadail dírithe orthu agus maidir leis na rioscaí a bhainistiú trí bhearta ar an láthair (60). |
|
— |
Bearta spriocdhírithe maidir le hacmhainneacht riaracháin a chur in úsáid, lena n-áirítear oiliúint a chur ar bhaill foirne ar an láthair chun comhairle agus cúnamh réamhghníomhach a thabhairt do theaghlaigh leochaileacha maidir le nósanna imeachta riaracháin nó castachtaí na n-oibreacha athchóirithe fuinnimh. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar ionaid ilfhreastail a bhunú lena dtairgtear seirbhísí comhairleacha agus oideachais ina gcomhcheanglaítear roghanna cistiúcháin éagsúla (deontais, iasachtaí a bhfuil leibhéil éagsúla cómhaoinithe agus rátaí úis acu, agus ionstraimí airgeadais) ag brath ar an leibhéal ioncaim, ar an staid mhaireachtála, ar an gcineál foirgnimh, lena n-áirítear i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí áitiúla agus le hidirghabhálaithe airgeadais. |
|
— |
Úsáid conarthaí feidhmíochta fuinnimh a chur chun cinn agus baint a bheith ag fóntais nó ag cuideachtaí seirbhíse fuinnimh leo. |
|
— |
Cistiú na mbeart athchóirithe a mholtar sna deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a chur chun cinn (sna hiniúchtaí fuinnimh nó sna pasanna athchóirithe freisin más ann dóibh) — b’fhéidir in éineacht le cistiú agus tacaíocht riaracháin chun deimhnithe feidhmíochta fuinnimh a eisiúint roimh ré (ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh ceann ag go leor teaghlach leochaileach). |
|
— |
Aghaidh a thabhairt ar na dreasachtaí deighilte idir úinéirí agus tionóntaí leochaileacha agus ar an riosca a bhaineann le hathchóirithe don tionónta (i gcás ina gcuirtear iallach ar thionóntaí tithe nó árasáin a fhágáil mar gheall ar mhéaduithe cíosa a fhorchuirtear tar éis athchóirithe), mar shampla tríd an gcreat rialála le haghaidh conarthaí léasa a choigeartú nó trí iasachtaí saor ó ús a sholáthar d’úinéirí, choinníollach ar choimircí sóisialta a bheith ann do thionóntaí leochaileacha. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar réitigh mhaoiniúcháin a chur chun feidhme nach n-éilíonn aon íocaíocht tosaigh ó thairbhithe deiridh, e.g. conarthaí feidhmíochta fuinnimh nó oibleagáidí éifeachtúlachta fuinnimh arna bhforchur ar fhóntais. Trí chostais athchóirithe a thús-ualú in aghaidh aisíocaíochtaí míosúla (suimeanna infhaighte), ní hamháin go laghdaíonn maoiniú tríú páirtí ualach buiséadach an athchóirithe, ach éascaíonn sé aistriú suimeanna infhaighte freisin má thagann athrú ar áititheoirí i dteaghais ar leith. Is fíor sin go háirithe i gcás scéimeanna nuálacha amhail maoiniúcháin tríd an mbille agus tríd an gcáin, i gcás ina bhfuil aisíocaíochtaí dlite do sholáthraithe fuinnimh nó d’údaráis fhioscacha. Is féidir bearta den sórt sin a chomhcheangal go héasca le cineálacha eile tacaíochta amhail taraifí sóisialta nó dearbháin fuinnimh. |
|
— |
I gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuir san áireamh naisc le téamh ceantair éifeachtúil má tá téamh ceantair dícharbónaithe ar fáil nó má mheastar go n-úsáidfear é go luath amach anseo i gcomhréir le Treoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha go háirithe do thithíocht mhórscála i limistéir uirbeacha agus do thithíocht chomhchoiteann mhór agus do thithíocht shóisialta. |
|
— |
Tacú le hinfheistíochtaí lena gcuirtear féintomhaltas téimh comhchoiteann chun cinn (trí théamh ceantair bhig/micricheantair arna reáchtáil ag pobail fuinnimh), toisc go bhféadfaidís níos lú struis a chur ar an gcóras leictreachais agus gur fusa iad a úsáid i limistéir ina bhfuil acmhainneacht eangaí laghdaithe. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sin Treoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh” a chomhlíonadh. |
f) Feithiclí agus rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle
Luaitear Airteagal 8(1)(f) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bplean:
|
“(f) |
rochtain ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus ar rothair a sholáthar, agus neodracht theicneolaíoch á coinneáil ag an am céanna, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach agus le haghaidh bonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, go háirithe, i gcás inarb ábhartha, feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a cheannach, bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslúcháin agus margadh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle athláimhe a fhorbairt; Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, go dtabharfar tosaíocht ina bPleananna do thacaíocht d’fheithiclí den sórt sin;” |
Faoi Airteagal 8(1)(f), ceanglaítear ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt ina bPleananna do thacaíocht d’éiceachórais feithiclí astaíochtaí nialasacha (61) (feithiclí agus bonneagair) i gcás inar réiteach inacmhainne agus in-imscartha iad, do cheannacháin mhargaidh nua agus athláimhe araon. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, busanna/cóistí astaíochtaí nialasacha a cheannach chun críoch iompair phoiblí nó scoile i limistéir ar ioncam íseal nach ndéantar freastal ceart orthu.
Maidir le tacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair (de réir Airteagal 2 (12) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta), féadfar fóirdheontais chun feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach nó a léasú (e.g. tacsaithe, veaineanna, leoraithe, feithiclí sainchuspóireacha nó rothair lasta) a mheas.
Agus scéimeanna á gceapadh acu le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a fháil ar cíos nó a léasú atá dírithe ar ghrúpaí leochaileacha an Chiste Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit tosca amhail leibhéal ioncaim, inrochtaineacht agus infhaighteacht an iompair phoiblí atá ann cheana, agus meán-amanna comaitéireachta agus meánachair chomaitéireachta a chur san áireamh. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndíreofar na scéimeanna sin go héifeachtach ar ghrúpaí leochaileacha an Chiste Aeráide Sóisialta chun éifeachtaí cúlchéimnitheacha féideartha na bhfóirdheontas a chosc.
I gcás nach bhfuil tosaíocht á tabhairt ag na Ballstáit d’fheithiclí astaíochtaí nialasacha, ba cheart dóibh fianaise a sholáthar agus údar a thabhairt leis an bhfáth nach réiteach inacmhainne (62) ná in-imscartha iad feithiclí astaíochtaí nialasacha, agus tionchar CTA2 á chur san áireamh. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin, i gcás inarb infheidhme, tráthchlár a áireamh ina léireofar an laghdú de réir a chéile ar thacaíocht d’fheithiclí astaíochtaí ísle (de réir Airteagal 6(1)(i) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit úsáid mhéadaithe rothar, rothar leictreach, rothar lasta agus réiteach micrea-shoghluaisteachta a chur chun cinn trí phleanáil chomhtháite soghluaisteachta uirbí agus réigiúnaí. Leis an gcur chuige sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt bonneagair agus líonraí rothaíochta atá sábháilte, díreach, slán agus áisiúil a nascann limistéir ar ioncam íseal le príomhchinn scríbe. Chun tacú leis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit fóirdheontais a chur ar fáil chun rothair, rothair leictreacha nó rothair lasta a cheannach, a fháil ar cíos nó a léasú go fadtéarmach.
I gcás ina mbíonn dúshláin fhorluiteacha ag grúpaí leochaileacha a bhaineann le bochtaineacht fuinnimh agus iompair, ba cheart féachaint ar réitigh thrasearnála chun sineirgí a chruthú idir infheistíochtaí. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit forbairtí tithíochta sóisialta nó athchóirithe foirgneamh a chomhcheangal le pointí luchtaithe feithiclí leictreacha a chur in úsáid. Leis an gcur chuige comhtháite sin, is féidir aghaidh a thabhairt ag an am céanna ar bhochtaineacht fuinnimh agus iompair trí bhonneagar luchtaithe inacmhainne agus inrochtana a chur ar fáil d’fheithiclí leictreacha agus réitigh tithíochta inbhuanaithe atá tíosach ar fhuinneamh á gcur chun cinn ag an am céanna.
g) Iompar poiblí inacmhainne agus inrochtana
Luaitear in Airteagal 8(1)(g) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a áireamh ina bplean:
|
“(g) |
úsáid iompair phoiblí atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú agus tacú le heintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh, seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte agus roghanna soghluaisteachta gníomhacha a fhorbairt agus a sholáthar.” |
Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’iompar poiblí lena gcumasaítear soghluaisteacht CO2 atá i bhfad níos éifeachtúla agus níos ísle i gcomparáid le gluaisteáin phríobháideacha.
Chun tacú le soghluaisteacht inbhuanaithe a luaitear i Ranna III.3 d, f agus g thuas, d’fhéadfadh na Ballstáit na nithe seo a leanas a mheas chun éifeachtaí na mbeart agus na hinfheistíochta ina bPleananna a uasmhéadú (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach, mar shampla, an nóta maidir le dea-chleachtais na mbeart costéifeachtach arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (63)):
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar sheirbhísí iompair phoiblí a fhorlíonadh le seirbhísí ar éileamh, soghluaisteacht mar sheirbhís agus seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte chun seirbhís soghluaisteachta iomchuí a thairiscint feadh an tslabhra bealaigh iomláin, i.e. lena n-áirítear an chéad mhíle agus an míle deireanach san iompar poiblí. Agus bearta den sórt sin á gceapadh acu, ba cheart do na Ballstáit riachtanais na ngrúpaí leochaileacha atá ina gcónaí ar oileáin, sna réigiúin agus sna críocha is forimeallaí, i limistéir thuaithe nó iargúlta, i bhforimill nach bhfuil rochtain mhaith orthu, i limistéir shléibhtiúla, i limistéir atá tite ar gcúl agus i limistéir thuaithe a chur san áireamh. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar leathnú na tairisceana iompair phoiblí chomh maith leis an mbonneagar gaolmhar, go háirithe i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha, fho-uirbeacha nach ndéantar freastal ceart orthu, áit a rachadh sé chun tairbhe d’úsáideoirí iompair leochaileacha. D’fhéadfaí infheistíochtaí a chomhcheangal freisin le dearbháin d’úsáideoirí iompair atá an-leochaileach. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar dhearbháin a thairiscint ar rátaí fóirdheonaithe le haghaidh iompar poiblí, seirbhísí ar éileamh, soghluaisteacht mar sheirbhís agus seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte. Tá inrochtaineacht do na grúpaí is leochailí ríthábhachtach agus is féidir í a áirithiú trí roghanna rochtana éagsúla a chruthú (e.g. comhéadan aipbhunaithe, rochtain teileafóin, tacaíocht i bpearsa) agus timpeallacht saor ó bhacainní (e.g. dearadh stáisiúin, rochtain ar fheithiclí agus comharthaíocht). Ba cheart seirbhísí soghluaisteachta a thugann aghaidh ar ghrúpaí leochaileacha a mheas agus a chur chun feidhme mar chuid den lánpháirtiú trasearnála — e.g. i ndáil le forbairtí tithíochta sóisialta. |
|
— |
Breithniú a dhéanamh ar bhónas breise a thairiscint do dhaoine a scriosann feithiclí díosail agus peitril, más féidir le ráthaíocht leordhóthanach nach gceannaítear ceann eile. |
|
— |
Aistriú módach chuig rothair, rothair leictreacha agus réitigh mhicrea-shoghluaisteachta chomhchosúla a spreagadh trí chur chuige comhtháite pleanála soghluaisteachta uirbí agus réigiúnaí, lena méadófar infhaighteacht líonra bonneagair rothar atá sábháilte, díreach, slán agus áisiúil a nascann limistéir ar ioncam íseal le cinn scríbe ábhartha freisin. Chun an méid sin a bhaint amach, d’fhéadfadh na Ballstáit fóirdheonú a dhéanamh ar cheannach rothar, rothar leictreach agus rothar lastais, go háirithe i limistéir uirbeacha, agus an t-aistriú módach a éascú ag an am céanna le cur chuige comhtháite maidir le pleanáil soghluaisteachta uirbí agus réigiúnaí. |
|
— |
Infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar athluchtaithe poiblí iomchuí (lena gceadaítear luchtú déthreoch cliste) le praghsanna tarraingteacha, i limistéir ina bhfuil úsáideoirí iompair leochaileacha agus teaghlaigh agus daoine aonair atá faoi bhochtaineacht iompair. |
|
— |
Infheistíochtaí i moil soghluaisteachta chun malartú agus naisc a éascú idir iompar poiblí, soghluaisteacht chomhroinnte, rothaíocht agus siúl i limistéir fho-uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus thuaithe. |
|
— |
Má bheartaítear tacaíocht a thabhairt d’fheithiclí astaíochtaí ísle, ba cheart do na Ballstáit a mheas nach dtabharfaidh sé cosaint iomlán d’úsáideoirí iompair leochaileacha ar mhéaduithe ar phraghsanna breosla mar gheall ar CTA2, rud a d’fhéadfadh a stádas leochaileachta a threisiú. Ba cheart costas iomlán na húinéireachta d’úsáideoirí leochaileacha a chur san áireamh i gcónaí agus measúnú á dhéanamh ar inacmhainneacht agus ar in-imscarthacht feithiclí astaíochtaí nialasacha a dtugtar tosaíocht dóibh, agus tionchar CTA2 á chur san áireamh. |
4. Tacaíocht ioncaim dhíreach
Is éard atá i gceist le tacaíocht ioncaim dhíreach i gcomhthéacs an Chiste cúiteamh atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sonracha faighteoirí maidir le tionchar CTA2, a ghabhann le dícharbónú na n-earnálacha tithíochta agus iompair de bhóthar.
Luaitear in Airteagal 8(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta go bhféadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann le tacaíocht ioncaim dhíreach a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a áireamh ina bPleananna. Ní oibleagáid í tacaíocht ioncaim dhíreach. Má áirítear sna Pleananna é, ba cheart é a bheith d’aidhm aige (i) éifeachtaí díobhálacha ar ioncam a mhaolú; (ii) fóirithint láithreach a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha agus d’úsáideoirí iompair leochaileacha a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus iompair; agus (iii) a bheith ag gabháil le bearta struchtúracha agus infheistíochtaí. Tá an tacaíocht sin teoranta d’aghaidh a thabhairt ar an tionchar díreach a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Léirítear in Aithris 23 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta gur cheart, de ghnáth, tionchar neamhshuntasach intuartha a bheith ag bearta tacaíochta ioncaim dhírigh ar chuspóirí comhshaoil agus, dá réir sin, gur cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” (64).
Ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an tacaíocht sin:
|
— |
ní sháróidh sí an uasteorainn atá sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta: ní fhéadfaidh costais na mbeart lena soláthraítear tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach dul thar 37,5 % de chostais mheasta iomlána an Phlean (thar an tréimhse 2026-2032) dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(j) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
laghdú le himeacht ama agus a bheith ina bheart sealadach a ghabhann le dícharbónú na n-earnálacha tithíochta agus iompair: ní mór na costais leithdháilte le haghaidh tacaíocht ioncaim dhíreach a laghdú le linn thréimhse an Chiste Aeráide Sóisialta idir 2026 agus 2032. Táthar ag súil, de réir mar a bheidh bearta struchtúracha á n-úsáid thar shaolré an Chiste, go dtiocfaidh laghdú comhréireach ar an ngá atá le tacaíocht ioncaim dhíreach. |
|
— |
beidh siad spriocdhírithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar thionchar díreach CTA2: ba cheart go rannchuideodh sé le maolú a dhéanamh ar an méadú ar chostais fuinnimh agus soghluaisteachta do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a ndéanann CTA2 difear dóibh go díreach (i.e. teaghlaigh agus úsáideoirí iompair a úsáideann gual, ola bhreosla throm, gás nádúrtha, GPL, peitreal agus gás-ola le haghaidh téimh, cócaireachta agus iompair, nó aon bhreosla eile a chumhdaítear le CTA2 (65)). Níor cheart go rachadh sé chun tairbhe do theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh nó ó thaobh iompair de ná do dhaoine aonair nach ndéanann CTA2 difear díreach dóibh. Ciallaíonn sé sin gur féidir a bheith ag súil leis go n-úsáidfear tacaíocht dhíreach ioncaim ó 2027 ar aghaidh a luaithe a bheidh CTA2 i bhfeidhm go hiomlán. Léirítear in Aithris 21 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta nár cheart tacaíocht ioncaim dhíreach a úsáid chun tacú le teaghlaigh agus le húsáideoirí iompair a ndéanann costais leictreachais nó aon chostais eile téimh nó iompair difear dóibh nach ndéanann CTA2 difear dóibh. |
|
— |
beidh siad sa bhreis ar an méid seo a leanas: ní féidir tacaíocht ioncaim dhíreach a chur in ionad caiteachas náisiúnta athfhillteach nó bearta struchtúracha de réir bhrí Airteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
beidh siad leabaithe i mbeart struchtúrach agus in infheistíochtaí struchtúracha, rud a chiallaíonn “ gur cheart díriú ar fhaighteoirí tacaíochta ioncaim dírí, mar chomhaltaí de ghrúpa ginearálta faighteoirí, le bearta agus infheistíochtaí atá dírithe ar na faighteoirí sin a ardú go héifeachtach as an mbochtaineacht fuinnimh agus as an mbochtaineacht iompair. Ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht ioncaim dhíreach a áireamh sna Pleananna ar choinníoll go bhfuil bearta nó infheistíochtaí iontu freisin a mbeidh tionchair mharthanacha acu atá spriocdhírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha a fhaigheann tacaíocht ioncaim dhíreach.” (aithris 21 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). |
I gcomhréir leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh 2023 (66) agus leis an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis (67), ba cheart tús áite a thabhairt do bhearta struchtúracha fadtéarmacha thar thacaíocht ioncaim dhíreach ghearrthéarmach agus ad hoc. Níor cheart tacaíocht ioncaim dhíreach a úsáid ach amháin mar bheart sealadach agus freagairt dhíreach á tabhairt ar thabhairt isteach CTA2 ó 2027 ar aghaidh, ar bhearta struchtúracha tionlacain agus ar infheistíochtaí. Tá na moltaí sin go hiomlán i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ina luaitear “ nach dtugann tacaíocht ioncaim dhíreach aghaidh ar bhunchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair ” (aithris 21 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Tá roinnt samplaí de thacaíocht dhíreach ioncaim sa Mholadh maidir le bochtaineacht fuinnimh agus sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis.
I gcás na hearnála iompair, d’fhéadfadh tacaíocht airgeadais i bhfoirm cnapshuim mhíosúil atá dírithe ar úsáideoirí iompair leochaileacha a ndéanann CTA2 difear dóibh a bheith ina sampla den tacaíocht ioncaim dhíreach chun éifeacht ioncaim an mhéadaithe ar chostais iompair a chumhdach.
Ba cheart scéimeanna tacaíochta ioncaim dhírigh a cheapadh ar bhealach nach gcuireann bac ar dhreasachtaí praghais carbóin arna nginiúint ag CTA2. B’fhearr gur íocaíochtaí cnapshuime spriocdhírithe a bheadh iontu.
A mhéid a bhaineann le hincháilitheacht na dtaraifí sóisialta tacaíochta mar thacaíocht ioncaim dhíreach faoin gCiste Aeráide Sóisialta, ba ghá an tacaíocht sin a chur chun feidhme ar bhealach a bheadh i gcomhréir leis na forálacha uile sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ar an gcéad dul síos, ciallaíonn sé sin na rialacha uile maidir le tacaíocht ioncaim dhíreach a chomhlíonadh, go háirithe tacaíocht a theorannú do thionchar CTA2, agus leis an moladh gan an bonn a bhaint de chomhartha praghais CTA2. Ar an dara dul síos, tá feidhm ag forálacha ginearálta uile an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear prionsabal na breisíochta, trína gcaithfidh tacaíocht a bheith sa bhreis agus nár cheart gur caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach í.
Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir tacaíocht ioncaim dhíreach roghnach agus bearta struchtúracha agus infheistíochtaí nach mór a áireamh sna Pleananna i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Chun críche an Chiste, aon bheart a bhfuil sé d’aidhm aige tionchar dearfach marthanach a bheith aige maidir le haeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 nó a bhfuil sé d’aidhm aige spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, níor cheart é a mheas mar thacaíocht ioncaim dhíreach. B’amhlaidh a bheadh i gcás dearbhán nó taraifí laghdaithe lena ngabhann ceanglais aeráide shoiléire maidir leis an méid ar féidir an tacaíocht a chaitheamh air, chomh maith le bearta lena dtacaítear le rannpháirtíocht i bpobail fuinnimh in-athnuaite.
Mar shampla, dearbhán nach bhféadfar a chaitheamh ach ar fhuinneoga a athsholáthar i bhfoirgneamh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha, measfar gur beart struchtúrach é seachas tacaíocht ioncaim dhíreach, toisc go bhfuil sé d’aidhm aige éifeachtúlacht fuinnimh an fhoirgnimh a mhéadú agus go bhfuil tionchar dearfach foriomlán aige ar an aeráid.
Ar an gcaoi chéanna, ní mheasfaí gur tacaíocht ioncaim dhíreach é dearbhán le haghaidh iompar poiblí (e.g. tiachóg mhóibíleach) nó taraif laghdaithe spriocdhírithe le haghaidh iompar poiblí toisc go bhfuil sé d’aidhm ag an dá bheart úsáid an iompair phoiblí a spreagadh, ar réiteach níos glaine é ná modhanna príobháideacha iompair atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise a úsáid. Mar sin féin, chun an tionchar dearfach marthanach ar an aeráid a uasmhéadú, ba ghá bearta struchtúracha eile a bheith ag gabháil le bearta iompair den sórt sin arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar bhonneagar agus ar infhaighteacht iompair phoiblí.
Is féidir tacaíocht ioncaim dhíreach a chur ar fáil trí eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas go díreach do theaghlaigh leochaileacha nó d’úsáideoirí iompair leochaileacha. Sa chás sin, i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit míniú a thabhairt ar na cineálacha beart a chuirfidh na heintitis sin chun feidhme agus fianaise shoiléir a sholáthar maidir leis an gcaoi a rachaidh na bearta sin chun tairbhe do theaghlaigh leochaileacha nó d’úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh.
Maidir le gach beart tacaíochta ioncaim dhírigh, ba cheart go n-áireofaí sa phlean an fhaisnéis a leagtar amach i Roinn 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta:
|
1. |
nádúr, cineál agus méid na tacaíochta; |
|
2. |
faisnéis mhionsonraithe maidir leis na cineálacha faighteoirí deiridh tacaíochta agus na critéir a úsáidtear chun iad a shainaithint; |
|
3. |
an amlíne le haghaidh an laghdaithe ar an tacaíocht ioncaim dhíreach i gcomhréir le hamlíne an Chiste, lena n-áirítear dáta deiridh le haghaidh na tacaíochta; |
|
4. |
míniú ar an gcaoi a bhfuil sé d’aidhm ag an tacaíocht aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne agus comhionannas inscne a fheabhsú, más infheidhme; |
|
5. |
cur síos ar an gcaoi a gcuirtear an tacaíocht chun feidhme. |
5. Cúnamh teicniúil
Féadfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil is gá a áireamh ina bPleananna chun a áirithiú go ndéanfar na bearta agus na hinfheistíochtaí a riar agus a chur chun feidhme go héifeachtach (Airteagal 6(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Dá bhrí sin, féadfaidh an Plean costais na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a chumhdach, ach ní fhéadfaidh sé ach suas le teorainn 2,5 % de chostais mheasta iomlána an Phlean a chumhdach (Airteagal 8(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Is iondúil go gcumhdaíonn costais an chúnaimh theicniúil atá incháilithe na speansais seo a leanas: an oiliúint, an clársceidealú, an cur chun feidhme, an faireachán, an rialú, an iniúchóireacht, na gníomhaíochtaí meastóireachta, na speansais cúnaimh riaracháin (lena n-áirítear speansais le haghaidh foireann bhreise) is gá chun an Ciste a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach. Áirítear leis sin staidéir, speansais TF, comhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (Airteagal 8(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Ní mór do na Ballstáit nádúr, cineál agus méid na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a leagan amach ina bPleananna chomh maith lena gcostais mheasta faoi seach (Iarscríbhinn V, Roinn 2.3 a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Chun cistiú dúbailte a d’fhéadfadh a bheith ann do ghníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil idir an Ciste Aeráide Sóisialta agus cistí eile a sheachaint, go háirithe an ceann a bhaineann leis an mBeartas Comhtháthaithe, ní mór teorannú soiléir na foirne agus na mbeart cúnaimh theicniúil a bhaineann le gach ionstraim a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.
Maidir le cúnamh teicniúil go háirithe, ní mheastar gur caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach iad na costais riaracháin a bhaineann go díreach le cur chun feidhme na bPleananna agus, dá bhrí sin, tá siad incháilithe freisin (Airteagal 13(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Maidir le huainiú agus incháilitheacht gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil, tá feidhm ag na rialacha céanna agus atá i bhfeidhm maidir le gach beart agus infheistíocht eile laistigh den Phlean. Ní féidir leis an gCiste Aeráide Sóisialta ach costais arna dtabhú ón 30 Meitheamh 2024 ar aghaidh a mhaoiniú (dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 29).
Ní mór do na Ballstáit a leagan amach ina bPleananna cé na garspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil.
6. Garspriocanna agus spriocanna
a) Garspriocanna agus spriocanna a leagan síos
Ba cheart comhpháirteanna sa Phlean a bheith bainteach le líon teoranta ach fóinteach garspriocanna agus spriocanna a léiríonn na príomhchéimeanna i gcur chun feidhme an Phlean. Is léiriú iad garspriocanna agus spriocanna ar an dul chun cinn i dtreo beart nó infheistíocht a bhaint amach. Ba cheart an t-idirdhealú seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
Is táscaire cáilíochtúil í garsprioc a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas i dtreo beart nó infheistíocht a bhaint amach (Airteagal 2(5) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ní léiríonn sé méideanna ach gnóthachtáil cháilíochtúil atá infhíoraithe go hoibiachtúil (foraithne nó gníomh riaracháin glactha lena seoltar glao ar thograí nó píosa reachtaíochta, lena n-athchóirítear rialacháin maidir le cíos, lena simplítear an próiseas ceadaithe agus lena laghdaítear an t-ualach riaracháin do bhearta arna gcur chun feidhme) agus lena mionsonraítear ábhar agus saintréithe inmhianaithe. |
|
— |
Is táscaire cainníochtúil í sprioc a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas i dtreo beart nó infheistíocht a bhaint amach (Airteagal 2(6) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Tá sé bunaithe ar tháscairí comhaontaithe toraidh nó aschuir mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ba cheart go léireodh rogha na spriocanna cur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí, agus dá bhrí sin ba cheart go mbeadh sé oibríochtúil. |
Chun dul chun cinn a thomhas trí gharspriocanna agus spriocanna, is gá uaireanta bunlíne a shocrú chun staid, cainníochtúil nó cáilíochtúil, na hathróige/an táscaire a úsáidtear chun dul chun cinn a thomhas roimh an mbeart nó roimh an infheistíocht a léiriú. D’fhéadfadh sé gurb é sin an staid ag an bpointe ama díreach roimh an idirghabháil agus/nó nuair a cuireadh an Plean isteach, nó d’fhéadfadh sé a bheith bunaithe ar eachtarshuíomh treochtaí reatha.
b) Ceapadh garspriocanna agus spriocanna
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhearta le garspriocanna agus spriocanna i gcás inarb ábhartha. Aon uair is féidir, ba cheart beart struchtúrach a chumhdach le garsprioc aonair, lena léirítear a chéim dheiridh (e.g. teacht i bhfeidhm gníomh dlí ar leith). Ba cheart garspriocanna a bheith soiléir agus ba cheart iad a bheith dírithe ar cheanglais dhlí shimplí, i gcás inarb ábhartha.
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí den chuid is mó le spriocanna (agus garspriocanna i gcás inarb ábhartha), ar féidir a gcomhlíonadh a thomhas trí tháscairí aschuir agus toraidh. Sonraítear comhtháscairí ábhartha do gach ceann de na trí réimse in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus is féidir iad a úsáid mar tháscairí ar bhaint amach cuspóra ar leith. Mura bhfuil beart ná infheistíocht i bPlean Ballstáit a chuireann le roinnt de na táscairí a mholtar in Iarscríbhinn IV, féadfaidh an Ballstát táscairí breise a úsáid ar chúiseanna éifeachtúlachta, agus tosaíocht á tabhairt do na táscairí sin a úsáideadh faoi chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail cláir an bheartais chomhtháthaithe faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna nó faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, ba cheart na táscairí céanna a úsáid le haghaidh cineálacha comhchosúla infheistíochtaí.
Ba cheart garspriocanna agus spriocanna a cheapadh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na n-infheistíochtaí feadh a saolré chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí foriomlána gach comhpháirte. Go hiondúil, ba cheart faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme na n-infheistíochtaí laistigh den Phlean trí bhíthin trí chineál garspriocanna nó spriocanna:
|
— |
garsprioc tosaigh (más indéanta nó ábhartha): ba cheart go ndíreodh an gharsprioc sin ar a fhíorú go bhfuil tús curtha leis an infheistíocht. Áirithítear leis go mbeidh na coinníollacha creata is gá chun an infheistíocht a chur chun feidhme i bhfeidhm ón tús. Níl an chéim sin ábhartha ach amháin mura bhfuil tús curtha leis an infheistíocht go fóill agus ba cheart í a úsáid le haghaidh infheistíochtaí móra. Mar shampla, d’fhéadfadh baint a bheith aige sin le seoladh an phróisis soláthair phoiblí. |
|
— |
garsprioc nó sprioc lárphointe (más indéanta nó ábhartha): leis an ngarsprioc nó an sprioc sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme ag an lárphointe ionas gur féidir aon scrogall mór a shainaithint agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh go pras. I gcás infheistíochtaí ar mhionscála, ba cheart na spriocanna lárphointe a sheachaint chun an t-ualach riaracháin a laghdú. |
|
— |
garsprioc nó sprioc dheiridh: ba cheart an gharsprioc nó an sprioc sin a áireamh le haghaidh gach birt nó infheistíochta sa phlean. Ba cheart é a bheith bunaithe ar aschur agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige baint amach éifeachtach chuspóirí agus spriocanna an bhirt nó na hinfheistíochta a fhíorú. Tá sé ábhartha go háirithe maidir le measúnú a dhéanamh ar cheanglais nach féidir meastóireacht a dhéanamh orthu go dtí go mbeidh beart nó infheistíocht curtha i gcrích. D’fhéadfadh na táscairí aschuir a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a bheith an-úsáideach chuige sin. |
Maidir le bearta agus infheistíochtaí níos lú, ba cheart tosaíocht a thabhairt d’úsáid a bhaint as garsprioc nó sprioc aonair lena léirítear an chéim/toradh deiridh. Ba cheart líon foriomlán na ngarspriocanna agus na spriocanna a bheith i gcomhréir le méid an leithdháilte agus a bheith comhsheasmhach ar fud na n-infheistíochtaí laistigh den Phlean.
c) Dea-chleachtais maidir le garspriocanna agus spriocanna a dhréachtú
Agus na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha á ndréachtú acu, ba cheart do na Ballstáit an teimpléad a thugtar i Roinn 2.1(iv) nó 2.2(iii) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a leanúint. Moltar dóibh na táscairí in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a úsáid.
Agus garsprioc nó sprioc á roghnú nach gcumhdaítear leis na táscairí in Iarscríbhinn IV, ba cheart do na Ballstáit na dea-chleachtais seo a leanas a leanúint agus na garspriocanna agus na spriocanna faoi seach á gceapadh acu:
|
— |
Ba cheart garspriocanna agus spriocanna a bheith soiléir agus réalaíoch (inbhainte amach). Ba cheart na táscairí atá beartaithe a bheith ábhartha, intomhaiste laistigh den chreat atá i bhfeidhm nuair a sheoltar an Plean, sonrach don ghníomhaíocht a dtacaíonn an Plean léi, agus láidir. Ba cheart na céimeanna éagsúla de chur chun feidhme na mbeart agus na n-infheistíochtaí a léiriú iontu. Tugtar samplaí maithe de na táscairí a liostaítear in Iarscríbhinn IV. Más féidir, leis na táscairí ba cheart a bheith in ann an tionchar arna shloinneadh i gcainníocht na ngás ceaptha teasa a seachnaíodh a ríomh. Más gá, d’fhéadfaí táscairí eile a úsáidtear faoi chistí eile de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm, e.g. faoi na cláir agus na hionstraimí amhail cláir an bheartais chomhtháthaithe faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna. |
|
— |
Ar an iomlán, tá sé tábhachtach go bhfanfaidh garspriocanna agus spriocanna faoi smacht an Bhallstáit agus nach mbeidh siad ag brath ar thosca seachtracha amhail an t-ionchas maicreacnamaíoch. Ba cheart úsáid táscairí toraidh mar gharspriocanna agus spriocanna nach bhfuil neart ag an mBallstát orthu a sheachaint i bhfianaise dhothuarthacht na dtáscairí sin agus a spleáchas ar thosca eile. |
|
— |
Ba cheart an tuairisc ar gharspriocanna agus spriocanna a bheith gairid, beacht agus ábhartha (dhá nó trí abairt ar a mhéad). Ba cheart dóibh an cuspóir beartais a ghabháil agus toradh an-sonrach a sholáthar chun meastóireacht a dhéanamh ar a bhaint amach. |
|
— |
Ba cheart do na Ballstáit foclaíocht chomhsheasmhach a áirithiú ar fud an Phlean iomláin. |
|
— |
Ba cheart an teanga dhlíthiúil chuí a úsáid. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh ann idir teanga éigeantach agus teanga neamhéigeantach. Agus oibleagáid á cur in iúl, úsáid “déanfar ”. Seachain “déanfaidh”, “féadfaidh” nó “ba cheart ”. Seachain úsáid a bhaint as teanga neamhéigeantach amhail “ d’fhéadfaí” toisc gur cheart do Phleananna díriú ar ghealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de. |
|
— |
Ná déan tagairt do phróisis formheasa Státchabhrach i ngarspriocanna agus spriocanna (féach Roinn II.11 den Treoraíocht seo). |
|
— |
Níor cheart coinníollacha maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh” a bheith i ngarspriocanna agus spriocanna ach amháin i gcás ina bhfuil riosca ann go ndéanfaidh an ghníomhaíocht nó an tsócmhainn atá á maoiniú faoin mbeart nó faoin infheistíocht dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, i gcomhréir leis an Treoraíocht Theicniúil maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”. |
|
— |
Maidir le garspriocanna agus spriocanna a bhaineann le bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí eile de chuid an Aontais nó ó chistí náisiúnta eile, níor cheart ach an chuid de na bearta agus na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta agus na gnóthachain chomhfhreagracha a chumhdach leis na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha. Ní mór idirdhealú soiléir a bheith idir bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí eile de chuid an Aontais agus an méid a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, agus níor cheart ach na gnéithe sin a chumhdach leis na garspriocanna agus na spriocanna. I gcásanna ina ndéantar cistiú an Chiste Aeráide Sóisialta a chomhcheangal le cistí eile de chuid an Aontais chun tacú le beart, ní mór é sin a shainaithint go soiléir sa chostas measta iomlán, ina luaitear an chuid den chostas measta a mhaoinítear leis an gCiste agus an chuid den chostas measta a mhaoinítear le ciste eile de chuid an Aontais.. |
|
— |
Ba cheart spriocanna a bhunú bunaithe ar bhunlíne (táscairí comhthéacs), ar an tacar sonraí agus ar an modheolaíocht chun an bhunlíne agus an t-aschur a ríomh (an leibhéal nó an pointe sonrach atá le baint amach). Is féidir spriocanna a shocrú ar leibhéal sonrach nó ar raon réasúnta, ag brath ar an méid a thomhaistear agus ar cé chomh beacht agus atá an meastachán. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar conas cáilíocht na sonraí a áirithiú agus a chruthú agus, i gcás inarb ábhartha, na taifid uile is gá a choinneáil. Ba cheart dóibh a léiriú go soiléir cé acu a úsáidfear nó nach n-úsáidfear an mhodheolaíocht chéanna chun an sprioc agus an bhunlíne a ríomh, cén t-údarás náisiúnta a bheidh i gceannas ar na sonraí a bhailiú agus a ríomh, agus cé chomh minic a bhaileofar na sonraí. |
|
— |
Ba cheart garspriocanna a bheith iontaofa, fíorasach agus, agus tagairt á déanamh do dhoiciméid a bheidh ann amach anseo (e.g. reachtaíocht, doiciméid chlársceidealaithe), ba cheart a n-inneachar a mhionsonrú iontu. Ba cheart an gharsprioc atá le baint amach a bheith beacht agus bainteach leis na príomhchéimeanna (e.g. “teacht i bhfeidhm gníomh dlí nó riaracháin”). Bearta doiléire nó suibiachtúla a sheachaint (e.g. “togra reachtach dea-fhorbartha”). |
|
— |
Ní mór dátaí críochnaithe soiléire atá ailínithe leis na rialacha maidir le cur isteach a bheith san áireamh sna garspriocanna agus sna spriocanna: Tá cead ag na Ballstáit dhá iarraidh ar íocaíocht a chur isteach gach bliain. Ba cheart sprioc-amanna don chríochnú a shonrú i ráithí (R) den bhliain ábhartha. |
|
— |
I gcás inarb ábhartha agus más infheidhme, ba cheart do na Ballstáit cuspóirí comhionannais (inscne) a áireamh laistigh de na garspriocanna agus na spriocanna, e.g. trí spriocanna nó fospriocanna de réir inscne, aoise nó míchumais a áireamh, más iomchuí (féach Roinn II.12 den Treoraíocht seo). |
Chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ní mór é sin a léiriú sa gharsprioc nó sa tuairisc ar an sprioc.
Pléifidh an Coimisiún agus an Ballstát ábhartha garspriocanna agus spriocanna bunaithe ar a bPlean, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis na cinn atá le háireamh sna cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún maidir leis na Pleananna a fhormheas de réir Airteagal 17 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
7. Maoiniú agus costais
a) Ranníocaíocht náisiúnta
Ní mór do gach Ballstát ranníocaíocht a dhéanamh de 25 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána a Phlean. Uasranníocaíocht an Chiste Aeráide Sóisialta le plean aeráidesóisialta gach Ballstáit is ea leithdháileadh uasta airgeadais faoin gCiste don Bhallstát sin i gcomhréir le hAirteagail 10, 14 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann leis.
Ní mór don ranníocaíocht náisiúnta teacht ó fhoinsí poiblí amháin, lena n-áirítear acmhainní ó bhuiséid réigiúnacha nó áitiúla. D’fhéadfaí a áireamh leis sin acmhainní arna slógadh ag buiséid náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla trí bhannaí nó ionstraimí fiachais eile a eisiúint. Mar sin féin, ní fhéadfar aon fhoinsí príobháideacha maoinithe de réir Airteagal 15 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a áireamh sa ranníocaíocht náisiúnta.
Moltar an ranníocaíocht náisiúnta a scaipeadh go comhréireach ar fud chomhpháirteanna an Phlean. D’áiritheofaí leis sin dul chun cinn leanúnach agus baint amach garspriocanna agus spriocanna sna réimsí ábhartha uile le himeacht ama. In aon chás, ba cheart ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit a leagan amach go soiléir do gach comhpháirt, agus do bhearta agus infheistíochtaí i gcomhréir le Roinn 2.1(v) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
b) Meastacháin chostais na mbeart agus na n-infheistíochtaí
Ba cheart do na Ballstáit costais mheasta na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear ina bPlean a thíolacadh, agus na critéir seo a leanas a liostaítear in Airteagal 16(3)(c)(i) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta maidir le measúnú an Choimisiúin ar na Pleananna i dtéarmaí a n-ábharthachta á gcur san áireamh i measc nithe eile:
|
— |
réasúnta: má sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostas measta iomlán an phlean iomchuí. |
|
— |
inchreidte: má sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach go bhfuil méid chostas measta iomlán an phlean i gcomhréir le nádúr agus cineál na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá beartaithe. Chuige sin, is gá measúnú trasearnála a dhéanamh chun ailíniú a áirithiú idir cineál cáilíochtúil na mbeart nó na n-infheistíochtaí sa chomhpháirt agus a gcostas. |
|
— |
i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas: má tá méid chostas measta iomlán an phlean i gcomhréir le prionsabal na costéifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a mheastar a bheidh ag na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe ar an mBallstát lena mbaineann. Déanfar an measúnú ar chostéifeachtúlacht ar leibhéal an Phlean, agus costéifeachtúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear ann á gcur san áireamh. Déanfar measúnú ar an bPlean chun a fháil amach an bhfuil an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta a mheastar a bheidh aige ailínithe lena chostas. Le measúnú den sórt sin, breithneofar tionchair na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa Phlean agus na costais mheasta a bhaineann leo. Ba cheart do na Ballstáit fianaise a sholáthar freisin go bhfuil sé d’aidhm ag a meastachán costais na torthaí is costéifeachtúla a bhaint amach. |
|
— |
sa bhreis ar chistiú eile ón Aontas: má sholáthair an Ballstát faisnéis agus fianaise leordhóthanach nach bhfuil méid chostas measta iomlán na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa phlean atá le maoiniú faoin tSaoráid cuimsithe le cistiú reatha nó beartaithe an Aontais. |
Ba cheart don Bhallstát na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh freisin agus meastacháin chostais ar Phleananna á gcur isteach aige:
|
— |
cruinneas: cé go gcuirtear in iúl nach ndéantar meastachán ar chostais ach amháin sula dtabhaítear iad go hiarbhír, ba cheart na costais mheasta iomlána a bheith de chineál a fhágann go bhfuil siad réasúnta agus inchreidte — níl seiceáil ná faireachán le déanamh ar chostais iarbhír faoi chuimsiú an chiste aeráide sóisialta. Trí úsáid a bhaint as modhanna cuntasaíochta, costais stairiúla, sonraí staidrimh, staidéir inchreidte láidre ó chomhlachtaí iontaofa nó ó fhoinsí faisnéise agus fianaise comhchosúla eile, éascaítear meastachán cruinn ar chostais. |
|
— |
trédhearcacht: ba cheart meastacháin ar chostais a bheith inrianaithe. I gcás ina n-úsáidtear modhanna cuntasaíochta, costais stairiúla, sonraí staidrimh, staidéir inchreidte láidre ó chomhlachtaí iontaofa, praghsanna margaidh nó foinsí faisnéise agus fianaise eile den chineál céanna chun iad a ullmhú, ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ar fáil saor in aisce le haghaidh seiceálacha a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
— |
raimhre: ba cheart meastacháin chostais a bheith comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais agus le cleachtais náisiúnta eile agus go háirithe leis na costais a chuirtear i bhfeidhm ar thionscadail chomhchosúla trí shruthanna cistiúcháin eile de chuid an Aontais. |
Lorgóidh an Coimisiún dlúthchomhar leis na Ballstáit freisin chun a áirithiú go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go cuí. Beidh sásra rialaithe agus iniúchóireachta i gceist leis sin chun aon neamhrialtachtaí a chosc.
c) Faisnéis riachtanach maidir le maoiniú agus meastacháin chostais
Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis faoi mheastacháin chostais a sholáthar ar bhealach atá mionsonraithe go leor le haghaidh gach birt nó infheistíochta sa doiciméad tacaíochta ábhartha agus i dtábla amháin in aghaidh na comhpháirte, arna mhiondealú de réir bearta agus infheistíochtaí aonair a áirítear sa chomhpháirt sin. Ba cheart an tréimhse ama ábhartha agus miondealú ar chostas iomlán gach birt agus gach infheistíochta in aghaidh na bliana a bheith i ngach ceann de na trí thábla freisin. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit an teimpléad a ghabhann leis an Treoraíocht seo a úsáid (féach Ranna 2.1, 2.2 agus 2.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). I ngach tábla, ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a léiriú freisin:
|
— |
Ranníocaíocht náisiúnta: Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar maidir lena ranníocaíocht náisiúnta leis na costais iomlána in aghaidh na comhpháirte. Ní mór 25 % ar a laghad de chostas iomlán na bPleananna a bheith sa ranníocaíocht charnach náisiúnta thar na trí chomhpháirt uile. |
|
— |
Maoiniú ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, ó fhoinsí idirnáisiúnta agus ó fhoinsí poiblí eile: i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, i gcás gach birt agus infheistíochta a mhaoineofar freisin ó fhoinsí eile de chuid an Aontais, ó fhoinsí idirnáisiúnta agus ó fhoinsí poiblí eile, ba cheart do na Ballstáit na foinsí maoinithe atá á n-úsáid a shonrú agus an chuid den bheart agus den infheistíocht a chumhdaítear leo a shainaithint go soiléir. |
|
— |
Maoiniú ó fhoinsí príobháideacha: Ba cheart do na Ballstáit aon mhaoiniú a fuarthas nó a bheartaítear a úsáid ó fhoinsí príobháideacha a léiriú, i gcomhréir le hAirteagal 6(1)(c) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ba cheart a áireamh leis sin, i gcás inarb ábhartha, an ranníocaíocht airgeadais ó fhaighteoirí deiridh a fhaigheann tacaíocht ó na bearta nó ó na hinfheistíochtaí. Faisnéis luachmhar a bheidh sa mhéid sin chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iarrachta a theastaíonn ó na faighteoirí deiridh agus ar ábharthacht an Phlean faoi Airteagal 16(3)(a) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
Costas na tacaíochta teicniúla breise agus na ranníocaíochta in airgead tirim faoin gclár InvestEU: Ba cheart do na Ballstáit a áireamh ina bPleananna na méideanna atá le cur ar fáil le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de InvestEU faoi Rialachán (AE) 2021/523. Níor cheart na costais sin dul thar 4 % den leithdháileadh uasta airgeadais don Phlean, de réir Airteagal 11(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. |
Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas a áireamh ina bPleananna agus ina ndoiciméid tacaíochta:
|
— |
Faisnéis faoin modheolaíocht a úsáideadh: na toimhdí bunúsacha a rinneadh (e.g. maidir le costais aonaid, costais ionchuir, an líon daoine ar díríodh orthu), an bonn cirt atá leis na toimhdí sin agus cé a rinne an meastachán costais; |
|
— |
Ríomh lena léirítear an chaoi a bhfuarthas an meastachán deiridh, lena n-áirítear, má tá fáil orthu, ríomhanna le haghaidh na gcatagóirí ardleibhéil arb iad na príomhspreagthaí costais iad; |
|
— |
Sonraí maidir le costais chomparáideacha: faisnéis faoi chostas iarbhír beart comhchosúil nó infheistíochtaí comhchosúla a rinneadh roimhe seo, má tá sí ar fáil ó thionscadail chomhchosúla roimhe seo a maoiníodh trí shruthanna cistiúcháin eile de chuid an Aontais. Má tá gá le coigeartuithe chun na costais a dhéanamh níos inchomparáide, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt ar na paraiméadair agus ar na sonraí ábhartha a úsáideadh chun na coigeartuithe a dhéanamh; |
|
— |
Bailíochtú ag institiúid fhioscach neamhspleách: Moltar do na Ballstáit an Plean a phlé lena n-institiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta nó le comhlachtaí comhchosúla. |
Ba cheart do na Ballstáit na costais iomlána mheasta gan CBL a áireamh a chur i láthair chun inchomparáideacht idir na Pleananna a chumasú (aithris 26 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
8. Costais oibriúcháin
De ghnáth, níor cheart don Chiste ach costais de chineál neamh-athfhillteach agus a thagann laistigh dá shaolré a mhaoiniú. Foráiltear le hAirteagal 13(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta nár cheart tacaíocht ón gCiste, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, a chur in ionad caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach. Maidir leis an gcuid den Phlean atá tiomnaithe do chúnamh teicniúil, ní mheastar gur caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach iad na costais riaracháin atá nasctha go díreach le cur chun feidhme an Phlean de réir Airteagal 13(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar costais oibriúcháin rialta a mhaoiniú sa mhéid (i) go mbeidh éifeachtaí níos fadtéarmaí acu i gcomhréir le cuspóirí an Chiste; (ii) déanfar a maoiniú a áirithiú go hinbhuanaithe nuair a bheidh deireadh leis an gCiste; agus (iii) níl an éifeacht dhiúltach ar chomhardú an rialtais ach ina héifeacht shealadach. Is iad seo a leanas na príomhchritéir atá le cur san áireamh: (i) cé acu atá nó nach bhfuil an costas ina dhlúthchuid de bheart nó d’infheistíocht; agus (ii) má rannchuidíonn an beart nó an infheistíocht sin leis na critéir mheasúnaithe a chomhlíonadh. Tá feidhm aige sin maidir le caiteachas riaracháin amhail costais foirne agus costais oibriúcháin araon.
Mar shampla, ní bheadh costais chothabhála bonneagair de chineál athfhillteach incháilithe, ach ba cheart go bhféadfaí tacaíocht a thabhairt faoin gCiste ar bhonn cás ar chás d’infheistíochtaí in uasghráduithe, lena n-áirítear cothabháil an-trom nó cothabháil atá thar téarma. Ina theannta sin, d’fhéadfaí costais oibríochtúla a chumhdach chun glacadh seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte nua nó seirbhísí iompair ar éileamh a éascú i limistéir thuaithe le linn chéim bhorrtha an éilimh thosaigh, i gcás ina bhféadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta ní hamháin an costas a bhaineann leis na seirbhísí a chur ar bun a mhaoiniú, ach a gcostais reatha a mhaoiniú freisin ar feadh tréimhse theoranta ama. I ngach cás, beidh incháilitheacht an bhirt nó na hinfheistíochta ag brath ar cé chomh spriocdhírithe agus atá sé ar na grúpaí leochaileacha a d’fhéadfadh tacaíocht a fháil ón gCiste Aeráide Sóisialta ar bhonn cás ar chás.
9. Cosc “ex ante” ar chistiú dúbailte agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais
Is ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht cistiú dúbailte idir an Ciste Aeráide Sóisialta agus cistí eile de chuid an Aontais a sheachaint, agus dá bhrí sin tá sé d’oibleagáid orthu a fhíorú nach bhfuil cistiú dúbailte ann sula gcuirfidh siad a bPleananna isteach (bunaithe ar Airteagail 13 agus 21 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Mar gheall ar chineál feidhmíochtbhunaithe chistiú an Chiste Aeráide Sóisialta, is gá críochú ex ante soiléir a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí agus na tionscadail a chistítear faoin gCiste Aeráide Sóisialta agus na gníomhaíochtaí agus na tionscadail sin a chistítear faoi chistí eile de chuid an Aontais agus faoi chláir eile de chuid an Aontais.
Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
— |
na bearta agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí eile de chuid an Aontais agus ó chláir eile de chuid an Aontais (atá ar siúl faoi láthair nó atá cláraithe) a shainaithint, ar bearta agus infheistíochtaí iad a bhfuil baol ann go mbeidh forluí idir iad agus cistiú ón gCiste Aeráide Sóisialta; |
|
— |
teorainn shoiléir ex ante a chur i bhfeidhm ar chatagóirí costais/ítimí costais go díreach i ngarspriocanna agus spriocanna ionas go gcumhdófar leo go heisiach an fheidhmíocht a fhaigheann tacaíocht dhíreach ón gCiste Aeráide Sóisialta (agus an ranníocaíocht náisiúnta ghaolmhar). Níor cheart a léiriú sa Phlean ach na torthaí a baineadh amach trí thacaíocht ón gciste aeráide sóisialta (agus ní na torthaí a baineadh amach le Ciste Aeráide Sóisialta agus le cistí eile de chuid an Aontais araon). Is féidir le leagan amach an tionscadail a bheith bunaithe ar am nó ar thíreolaíocht nó ar chineál éagsúil na dtionscadal. |
I dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach thuas, ní mór an cur chuige sin a bheith i gcomhréir le forálacha na hionstraime cistiúcháin eile lena mbaineann den Aontas agus ní mór é a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair, lena n-áirítear forálacha maidir le carnadh. Ní mór do na Ballstáit nósanna imeachta fíoraithe bainistíochta críochnúla a chur i bhfeidhm chun cistiú dúbailte a chosc le linn an chur chun feidhme.
Ba cheart na nósanna imeachta sin a áireamh i gcóras rialaithe inmheánaigh an Bhallstáit (féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(1)(o) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór do na Ballstáit na socruithe atá curtha i bhfeidhm acu chun cistiú dúbailte a sheachaint a leagan amach ina bPleananna, de réir Roinn 4.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, chomh maith le leasanna an Aontais a chosaint. Tá sé tábhachtach go mbreithneofaí leis na socruithe sin na foinsí sonraí ábhartha uile, go gcoinneofaí deighilt chórasach idir sruthanna cistiúcháin, agus go gcuirfí cros-seiceálacha chun feidhme le linn chur chun feidhme an tionscadail chun an fhéidearthacht go ndéanfaí cistiú dúbailte a eisiamh. Dá bhrí sin, ní mór do na córais rialaithe inmheánaigh sin a bheith láidir go leor chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus, go háirithe, chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath, a thuairisciú agus a cheartú.
Tá córais rialaithe inmheánaigh na mBallstát le hiniúchtaí leordhóthanacha neamhspleácha a dhéanamh ar chórais agus ar oibríochtaí i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, a bhfuil tuairisc le tabhairt orthu freisin i gcomhréir le Roinn 4.6 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III, pointe 5. Áirítear leis sin, i measc nithe eile:
|
— |
ainmniú an chomhlachta nó na gcomhlachtaí a dhéanfaidh na hiniúchtaí ar chórais agus oibríochtaí agus an chaoi a ndéantar neamhspleáchas feidhmiúil an chomhlachta nó na gcomhlachtaí siúd a áirithiú; |
|
— |
leithdháileadh acmhainní leordhóthanacha don chomhlacht/do na comhlachtaí seo chun críche an Chiste; |
|
— |
an comhlacht nó na comhlachtaí ag dul i ngleic go héifeachtach le riosca calaoise, éillithe, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte trí iniúchtaí córais agus iniúchtaí ar oibríochtaí. |
10. Cás i gcás ina gcuirfear tús le CTA2 níos déanaí
I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 10(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus leis an gcolún deireanach sa tábla in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, dá gcuirfí CTA2 siar bliain amháin i gcomhréir le hAirteagal 30k de Threoir CTA, bheadh an leithdháileadh uasta airgeadais do gach Ballstát faoin gCiste níos ísle ná an leithdháileadh faoi seach dá dtosódh CTA in 2027. I gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta maidir le teimpléad an phlean agus mar a shoiléirítear in aithris 28 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta: Ar mhaithe le pleanáil níos éifeachtúla, ba cheart do na Ballstáit a léiriú ina bPleananna na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcóras trádála astaíochtaí a bhunaítear i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chur ar atráth, de bhun Airteagal 30k den Treoir sin. Chuige sin, ba cheart idirdhealú críochnúil a dhéanamh idir an fhaisnéis ábhartha uile atá le cur san áireamh sa Phlean agus an fhaisnéis sin a dheighilt ina dhá chás, eadhon, trí chur síos agus cainníochtú a dhéanamh ar na coigeartuithe is gá ar na bearta, infheistíochtaí, garspriocanna, spriocanna, méid na ranníocaíochta náisiúnta agus aon ghné ábhartha eile den Phlean.’ Ba cheart an fhaisnéis a sholáthar i gcomhréir le teimpléad an Phlean dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V.
11. Comhpháirtíocht agus comhairliúchán poiblí leordhóthanach
Tá rannpháirtíocht agus tiomantas na bpáirtithe leasmhara ábhartha le linn chéim an cheaptha agus an chur chun feidhme ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an gCiste Aeráide Sóisialta agus le tionscnaimh uile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá cur chuige comhpháirtíochta cuimsitheach maidir leis na Pleananna sin a ullmhú agus a chur chun feidhme fíor-riachtanach toisc go dtugtar dearcthaí agus saineolas éagsúil leis chun bonn eolais a chur faoi chinntí beartais. Moltar do na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar shamplaí dea-chleachtas le haghaidh comhairliúcháin phoiblí ar na Pleananna a chur chun feidhme, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (68).
a) Cineálacha páirtithe leasmhara
Liostaítear in Airteagal 5(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta cineálacha éagsúla páirtithe leasmhara ar cheart dul i gcomhairle leo mar chuid de phróiseas dréachtaithe na bPleananna:
|
— |
údaráis áitiúla agus réigiúnacha; |
|
— |
ionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta; |
|
— |
eagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha; |
|
— |
eagraíochtaí óige; |
|
— |
páirtithe leasmhara eile. |
Moltar do na Ballstáit ról iomlán a thabhairt do shaineolas agus d’eolas na bpáirtithe leasmhara sin agus úsáid iomlán a bhaint as an saineolas agus as an eolas sin maidir le mapálacha na bochtaineachta fuinnimh agus iompair, le spriocdhíriú ar ghrúpaí leochaileacha nó le riachtanais infheistíochta a shainaithint ar fud chuspóirí beartais an Chiste, i measc nithe eile.
Chun leas a bhaint as an taithí a fuarthas, moltar go n-áirítear na húdaráis atá i gceannas ar chur chun feidhme chistí an bheartais chomhtháthaithe chomh maith le Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus na Pleananna Aeráide Sóisialta agus a gcomhairliúchán poiblí á n-ullmhú acu fiú murab iad an príomhchomhlacht comhordúcháin iad chun na Pleananna a chur chun feidhme go foriomlán. Beidh rannpháirtíocht na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i ndréachtú agus i gcomhairliúchán na bPleananna ríthábhachtach, go háirithe maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí réigiúnacha agus áitiúla atá beartaithe sna Pleananna.
Sa bhreis ar na geallsealbhóirí a luaitear in Airteagal 5(1), déantar foráil leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí eile. D’fhéadfadh institiúidí taighde agus nuálaíochta, comhpháirtithe comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a bheith i gceist leo sin. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht iomchuí ar shaineolaithe comhionannais inscne agus comhionannais deiseanna amhail comhlachtaí agus eagraíochtaí comhionannais agus neamh-idirdhealaithe a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mban, daoine faoi mhíchumas, eagraíochtaí don óige (69), daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, tuismitheoirí aonair, daoine scothaosta le linn comhairliúchán chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus chun breithnithe comhionannais a chomhtháthú sna Pleananna.
Thairis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt sna Pleananna ar ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus leanaí, daoine scothaosta atá scoite amach, mionlaigh eitneacha, pobail imeallaithe, saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, atá i mbaol níos airde bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta.
I gcás nach n-eagraítear geallsealbhóirí ar bhealach a chuireann ar a gcumas ionchur fóinteach a sholáthar, ba cheart do na húdaráis cúnamh a sholáthar d’údaráis phoiblí ábhartha agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha chun cuidiú leis na páirtithe leasmhara sin a eagrú agus chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht iomlán ar a leasanna agus go n-áireofar iad go hiomlán sna Pleananna.
b) Conas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil
Ba cheart comhairliúcháin phoiblí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán Rialachais. Ba cheart dóibh an creat dlíthiúil náisiúnta a chomhlíonadh agus príomhghnéithe den chód iompair Eorpach maidir le comhpháirtíocht faoi chuimsiú chistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa a chur san áireamh (70). Leis na gnéithe sin, ceanglaítear ar na Ballstáit rannpháirtíocht phoiblí luath, shoiléir agus éifeachtach a éascú chomh maith le hamchláir réasúnta a leagan síos lena dtugtar dóthain ama don phobal a bheith ar an eolas, a bheith rannpháirteach agus a dtuairimí a chur in iúl.
Ceanglaítear leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (Airteagal 5 agus aithris 18) gur cheart comhairliúchán poiblí (nua) a dhéanamh ar an bPlean Aeráide Sóisialta ina iomláine (ag réamhchéim). Ba cheart comhairliúcháin phoiblí roimhe seo atá eagraithe cheana féin maidir leis na bearta atá ann cheana atá le cur san áireamh sa Phlean a lua agus a achoimriú.
Ceanglaítear ar na Ballstáit achoimre a sholáthar ar an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta agus an plean á ullmhú acu agus tuairisc a thabhairt ar an gcaoi ar cuireadh ionchuir ó pháirtithe leasmhara san áireamh agus a léirítear sa Phlean iad (Airteagal 5(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). San achoimre, ba cheart liosta a thabhairt de na geallsealbhóirí a ndeachthas i gcomhairle leo, an cineál modh comhairliúcháin (comhdháil, déthaobhach, trípháirteach, etc.), uainiú na n-iarrachtaí for-rochtana agus cé acu a chuathas nó nach ndeachthas i gcomhairle le geallsealbhóirí go heisiach maidir le comhpháirteanna sonracha nó cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh comhairliúchán ginearálta maidir le Dréachtphlean cuimsitheach nó maidir le gach gné de ar leithligh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit míniú a thabhairt a mhéid is féidir ar na céimeanna atá beartaithe chun na geallsealbhóirí ábhartha a bheith rannpháirteach agus dul i gcomhairle leo le linn chur chun feidhme na bPleananna.
I gcás leasuithe ar na Pleananna nach mionleasuithe iad, ba cheart do na Ballstáit comhairliúcháin phoiblí a eagrú maidir leis na bearta nó na hinfheistíochtaí leasaithe i gcomhréir le hAirteagail 5, 16 agus 18(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Luaitear an méid sin freisin in aithris 18: ‘ Ba cheart comhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara a reáchtáil gach uair a cheanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean ’.
12. Tíolacadh
Ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun tacaíocht airgeadais ón gCiste a sholáthar le haghaidh na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear sa Phlean. Ba cheart do na Ballstáit a bPleananna a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2025 i gcomhréir le haithris 17 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Cuirfidh an Coimisiún ardán leictreonach aonair i bhfeidhm chun Pleananna a chur isteach agus chun faireachán a dhéanamh orthu, agus chun iarrataí ábhartha ar íocaíocht a thabhairt isteach.
Ba cheart an plean a cheapadh i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus ní mór dó an teimpléad dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a leanúint, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(7) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit dul i dteagmháil leis an gCoimisiún maidir le Dréachtphleananna a luaithe is féidir roimh an tíolacadh foirmiúil atá beartaithe. Is féidir leo dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le gnéithe éagsúla den Phlean roimh an aighneacht fhoirmiúil a thíolacadh. Thabharfadh comhairliúcháin neamhfhoirmiúla an deis aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a réiteach sula gcuirfí an Plean isteach, rud a d’fhágfadh go mbeadh sé níos éasca don Choimisiún é a mheas agus a ghlacadh go pras. Ina theannta sin, lorgóidh an Coimisiún tiomantas gníomhach gach Ballstáit sula dtíolacfar an Plean chun oibriú i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara ábhartha chun cuidiú leis an bpróiseas a dhéanamh chomh héifeachtúil agus is féidir.
Déanfaidh an Coimisiún na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit, chomh maith leis na cinntí measúnaithe faoi seach arna gcur ar fáil don phobal ag an gCoimisiún, a tharchur go comhuaineach agus ar théarmaí comhionanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (Airteagal 25 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
13. Teachtaireacht maidir leis na Pleananna
Ceanglaítear ar na Ballstáit na sonraí seo a leanas a chur ar fáil go poiblí agus iad a choinneáil cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin aonair (a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm cheana féin) i bhformáidí oscailte agus meaisín-inléite. Fágann sé sin gur féidir na sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid (Airteagal 23(1) maidir le hAirteagal 21(2)(d) (i), (ii) agus (iv) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta):
|
— |
ainm fhaighteoirí deiridh na leithdháiltí airgeadais, a n-uimhreacha cláraithe CBL nó uimhreacha aitheantais chánach agus méid na leithdháiltí airgeadais ón gCiste; |
|
— |
ainm an chonraitheora nó na gconraitheoirí agus an fhochonraitheora nó na bhfochonraitheoirí agus a n-uimhir chláraithe CBL nó a n-uimhreacha cláraithe CBL nó a n-uimhir aitheantais chánach nó a n-uimhreacha aitheantais cánach agus luach an chonartha nó na gconarthaí i gcás inarb údarás conarthach faighteoir deiridh na leithdháiltí airgeadais i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí nó leis an dlí náisiúnta maidir le soláthar poiblí; |
|
— |
liosta de na bearta agus na hinfheistíochtaí uile a cuireadh chun feidhme faoin gCiste, lena leagtar amach méid iomlán chistiú poiblí na mbeart agus na n-infheistíochtaí sin agus méid na gcistí a íocadh faoi chistí eile a maoiníodh as buiséad an Aontais. |
Níor cheart an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad dá phointe thuas a fhoilsiú i gcás ina mbaineann sí le heisceachtaí sonracha:
|
— |
tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach do theaghlaigh leochaileacha; |
|
— |
na cásanna a liostaítear in Airteagal 38(3) den Rialachán Airgeadais, go háirithe na cinn seo a leanas: (i) tacaíocht airgeadais a sholáthraítear trí ionstraimí airgeadais i gcomhair méid níos lú ná EUR 500 000; (ii) i gcás inar baol nochtadh na faisnéise sin do chearta agus saoirsí na ndaoine nó na n-eintiteas lena mbaineann, mar a chosnaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó i gcás ina ndéanann sé dochar do leasanna tráchtála na bhfaighteoirí; (iii) nuair a bhaineann sé le luach saothair saineolaithe seachtracha a roghnaítear ar bhonn a gcumais ghairmiúil, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne agus na heaspa coinbhleachtaí leasa á n-urramú. |
Ar an suíomh gréasáin tiomnaithe atá le cur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart do gach Ballstát a Dhréachtphleananna agus a Phleananna deiridh a fhoilsiú freisin, lena n-áirítear a nIarscríbhinní, an cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar an Plean, cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún maidir le leasuithe ar an bplean, cinntí eisíocaíochta an Choimisiúin, na comhaontuithe idir an Coimisiún agus an Ballstát ar gealltanais dhlíthiúla aonair iad, agus aon fhógra faoi mhionleasuithe ar an bPlean. Ba cheart do na Ballstáit na suíomhanna gréasáin tiomnaithe sin a choinneáil cothrom le dáta le haon doiciméadacht ábhartha nua. Ba cheart dóibh freisin a dtuarascálacha débhliantúla a fhoilsiú ar na suíomhanna gréasáin tiomnaithe sin faoi Airteagal 24(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (mar chuid den tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn) agus na tuarascálacha meastóireachta agus na tuarascálacha meastóireachta ex post maidir le cur chun feidhme an Chiste arna soláthar ag an gCoimisiún faoi Airteagal 27 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin faighteoirí an Chiste a chur ar an eolas faoi thionscnamh na tacaíochta, lena n-áirítear i gcás ina mbainfidh siad tairbhe as an tacaíocht sin trí idirghabhálaithe. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis a sholáthraítear d’fhaighteoirí suaitheantas an Aontais agus ráiteas iomchuí ina léitear ‘ arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach — an Ciste Aeráide Sóisialta ’ ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme an bhirt atá beartaithe do na faighteoirí (Airteagal 23(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) (71).
Ceanglaítear ar fhaighteoirí an Chiste freisin a áirithiú go mbeidh cistiú an Aontais infheicthe, go háirithe agus gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn acu, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Níl feidhm ag an oibleagáid sin nuair a thugtar an tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó nuair atá baol ann go bpoibleofaí faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de (Airteagal 23(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta).
Agus a bPleananna á dtíolacadh acu, ba cheart do na Ballstáit (Roinn 4.7 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta) an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
a) |
Léirigh an suíomh gréasáin ina bhfoilseofar Dréachtphleananna náisiúnta agus Pleananna náisiúnta críochnaitheacha, bearta gaolmhara agus sonraí maidir le hinfheistíochtaí agus eisíocaíochtaí i bhformáid mheaisín-inléite, rud a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin na sonraí a phróiseáil tuilleadh, agus lena n-áireofar freisin na bearta faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta maidir leis an gCiste; |
|
b) |
Achoimre a thabhairt ar an straitéis cumarsáide náisiúnta atá beartaithe chun feasacht an phobail ar thionchar chistiú an Aontais ar shaol laethúil na saoránach a áirithiú tríd an bPlean náisiúnta agus gach beart agus infheistíocht a chur chun feidhme. Ba cheart do na Ballstáit straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir leis an méid seo a leanas: (i) conas na tairbhí a bhaineann le tacaíocht an chiste aeráide sóisialta a chur in iúl; (ii) conas a áiritheoidh siad go gcuirfear na grúpaí leochaileacha incháilithe ar an eolas faoi na deiseanna cistiúcháin; agus (iii) conas na grúpaí sin a spreagadh chun tairbhe a bhaint as tacaíocht an chiste aeráide sóisialta agus iarratas a dhéanamh uirthi. |
Chun an próiseas sin a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit, moltar dóibh ailíniú a dhéanamh leis na híoscheanglais chumarsáide chéanna agus a dhéantar faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a áireamh ina straitéis chumarsáide:
|
i. |
na spriocphobail a dtabharfar aghaidh orthu le gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear ar a laghad tairbhithe féideartha na mbeart agus na n-infheistíochtaí a chumhdaítear leis an bplean náisiúnta agus na pobail nach saineolaithe iad ach atá ábhartha agus a bhfuil imní orthu faoi thionchar sóisialta CTA2 agus an meascán ábhartha meán chun na pobail sin a shroichint; |
|
ii. |
conas a chuirfidh siad gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha chun feidhme leis an gCoimisiún ar an láthair; |
|
iii. |
liosta de bhearta agus de chineálacha infheistíochta a bhfuil sé ar intinn acu iad a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí, agus a d’úsáidfí le haghaidh cumarsáid chomhordaithe leis an gCoimisiún; |
|
iv. |
sonraí teagmhála an chomhordaitheora náisiúnta cumarsáide a chomhordóidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i ndáil leis an gCiste Aeráide Sóisialta agus a fheidhmeoidh mar phointe teagmhála don Choimisiún agus do Bhallstáit eile chun dea-chleachtais a roinnt agus chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhordú. |
Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme freisin gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gCiste agus leis na torthaí a fuarthas. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí agus le comhaontú na n-údarás náisiúnta, gníomhaíochtaí cumarsáide comhpháirteacha leis na húdaráis náisiúnta agus oifigí ionadaíochta Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin sna Ballstáit lena mbaineann (Airteagal 23(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). D’fhoilsigh an Coimisiún suíomh gréasáin don Chiste Aeráide Sóisialta (72). Tá faisnéis ghinearálta ann faoin gCiste, liosta d’údaráis na mBallstát atá freagrach as na Pleananna a dhréachtú, foroinn atá tiomnaithe do dhea-chleachtais maidir le bearta a d’fhéadfadh an Ciste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú agus conas comhairliúchán poiblí fóinteach a dhéanamh ar na Pleananna. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar an leathanach gréasáin tiomnaithe sin leis an bhfaisnéis phoiblí ábhartha uile.
14. Leasuithe ar na Pleananna Aeráide Sóisialta
a) Imthosca oibiachtúla
Mura féidir Plean a bhaint amach a thuilleadh, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, nó más gá do Bhallstát é a choigeartú go suntasach, go hiomlán nó go páirteach, de bharr imthosca oibiachtúla, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann Plean leasaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo a dhéanamh (Airteagal 18(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Is féidir an iarraidh a dhéanamh go háirithe mar gheall ar éifeachtaí díreacha iarbhír CTA2.
D’fhéadfadh sé go bhfágfadh imthosca oibiachtúla nach féidir beart nó infheistíocht a bhaint amach a thuilleadh leis an leibhéal measta costais nó éifeachtúlachta, nó go sainaithneofaí rogha mhalartach níos fearr atá níos fabhraí chun cuspóirí céanna an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a bhaint amach. Sna cásanna sin, beidh ar na Ballstáit na tosca oibiachtúla atá mar bhonn taca faoi na neamhéifeachtúlachtaí gan choinne a eascraíonn as cur chun feidhme an bhirt bhunaidh nó na hinfheistíochta bunaidh mar a bhí beartaithe ar dtús a thabhairt chun cinn agus a léiriú go bhfuil an rogha mhalartach atá beartaithe níos oiriúnaí chun cuspóirí beartaithe an bhirt sin a bhaint amach. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit fianaise a chur ar aghaidh go bhfuil an beart malartach nó an infheistíocht mhalartach níos costéifeachtúla nó níos fabhraí chun cuspóirí beartais an bhirt nó na hinfheistíochta a bhaint amach.
I measc na n-imthosca oibiachtúla, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá na samplaí seo a leanas:
|
— |
athruithe ar an amlíne i ngeall ar bhacainní nádúrtha gan choinne (tubaiste nádúrtha mar shampla) nó i ngeall ar fhorbairtí náisiúnta gan choinne (amhail díospóid dhlíthiúil a mbíonn tionchar aici ar chur chun feidhme an bhirt nó ar infheistíocht, forbairtí socheacnamaíocha gan choinne e.g. suaití eacnamaíocha). |
|
— |
cásanna inar féidir leis an mBallstát a léiriú nach féidir beart nó infheistíocht a bhaint amach a thuilleadh toisc go bhfuil rogha níos fearr ann chun an beart a chur chun feidhme (mar shampla toisc gur sainaithníodh rogha níos fearr atá níos fabhraí do na cuspóirí céanna a bhaint amach) i gcomparáid leis an méid a bhí beartaithe ar dtús. Mar shampla, d’fhéadfadh Ballstát bealach i bhfad níos costéifeachtaí a shainaithint chun mol iompair a thógáil agus ba mhaith leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha a athrú sa gharsprioc chomhfhreagrach, nó ba mhaith leis tacú le feithiclí astaíochtaí nialasacha. Níor mhór nóta a bheith ag gabháil leis an iarraidh sin ina míneofaí an cineál anailíse a rinneadh chun a chinneadh go mbeadh an modh nua níos costéifeachtaí agus go mbeadh na torthaí foriomlána céanna mar thoradh air. |
Níor cheart go laghdódh na leasuithe leibhéal uaillmhéine agus tionchar ionchasach an Phlean, nach mór dó leanúint de chritéir mheasúnaithe an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta a chomhlíonadh. Ba cheart do na Ballstáit a léiriú go soiléir go gcoinneofar leibhéal uaillmhéine agus tionchar ionchasach an Phlean agus go gcomhlíonfar na ceanglais faoi Airteagal 16.
Agus Airteagal 18 á agairt acu, tá na Ballstáit freagrach as údar leordhóthanach a thabhairt chun tacú leis na leasuithe atá beartaithe agus is féidir leo an cineál fianaise agus faisnéise is mian leo a chur ar aghaidh chun tacú lena réasúnaíocht a roghnú. Is le nádúr agus cineál na n-athruithe, agus leis na himthosca oibiachtúla a agraítear, a chinnfear an leibhéal faisnéise is gá a sholáthar. Mar shampla, ní gá do na Ballstáit fianaise a chur ar fáil maidir le himthosca atá ar eolas go forleathan, ach ba cheart dóibh faisnéis shonrach a chur ar fáil maidir le tionchar na n-imeachtaí sin ar na bearta agus ar na hinfheistíochtaí nó ar na garspriocanna agus na spriocanna nithiúla.
Ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an bPlean leasaithe i bhfianaise na gcritéar measúnaithe céanna dá bhforáiltear in Airteagal 16 (Airteagal 18(2) agus (3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, glacfaidh sé cinneadh ina leagfar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach i gcomhréir le hAirteagal 17(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme nua ón gCoimisiún laistigh de 3 mhí ón dáta a chuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Plean leasaithe faoina bhráid. I gcás leasuithe nach ‘mionleasuithe’ iad (féach Roinn III.14.b den Treoraíocht seo), ba cheart don Bhallstát comhairliúchán poiblí a eagrú maidir leis an bPlean leasaithe i gcomhréir le hAirteagail 5, 16 agus 18(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (73).
b) Mionchoigeartuithe
Chun ualach riaracháin iomarcach a sheachaint, is féidir leis na Ballstáit mionchoigeartuithe a dhéanamh ar na Pleananna, nó earráidí cléireachais a cheartú iontu, trí fhógra simplí a thabhairt don Choimisiún faoi na hathruithe sin (aithris 19 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Má dhéantar mionchoigeartuithe ar an bplean, amhail mion-nuashonruithe ar na hinfheistíochtaí a leagtar amach sa phlean nó earráidí cléireachais a cheartú, mionchoigeartuithe as a n-eascraíonn méadú nó laghdú níos lú ná 5 % ar sprioc a leagtar amach sa Phlean, féadfaidh an Ballstát ábhartha fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na hathruithe sin (Airteagal 18(6) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Ba cheart do na Ballstáit a léiriú go soiléir go gcaomhnófar cothromaíocht an phlean agus go gcomhlíonfar na ceanglais faoi Airteagal 16.
Níor cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi roinnt mionchoigeartuithe ar an sprioc chéanna. Más gá sin, níor cheart tionchar carnach na mionchoigeartuithe uile sin ar an sprioc chéanna a bheith níos mó ná 5 % dá luach tosaigh. I gcás bearta gan spriocanna, níor cheart an mionathrú a bheith substaintiúil. Ba cheart go gcumhdófaí leis saincheisteanna nós imeachta agus ní féidir modhnú ar na garspriocanna a áireamh leis.
I dtéarmaí nós imeachta, ba cheart do na Ballstáit a bhfógra maidir le mionchoigeartuithe a chur isteach trí úsáid a bhaint as an teimpléad in Iarscríbhinn II tríd an gcóras malartaithe sonraí leictreonacha le haghaidh an chiste aeráide sóisialta, lena gcuirfear faisnéis ar fáil maidir leis na heilimintí a athraíodh sna Pleananna. Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle le seirbhísí an Choimisiúin go neamhfhoirmiúil sula dtíolacfaidh siad a bhfógra chun a áirithiú go gcomhlíonann sé an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta. Má mheasann seirbhísí an Choimisiúin go sáraíonn an coigeartú ar an sprioc an tairseach 5 %, measfar nach bhfuil an fógra i gcomhréir leis na coinníollacha in Airteagal 18(6) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus beidh sé ar neamhní. Ar an gcaoi chéanna, má mheasann seirbhísí an Choimisiúin nach mbaineann iarraidh ar choigeartú le nuashonruithe beaga ar na bearta nó ar na hinfheistíochtaí nó le ceartú ar earráid chléireachais amháin, beidh an fógra ar neamhní.
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin freagra ar gach fógra chun a dheimhniú go gcomhlíonann sé Airteagal 18(6).
c) Measúnú ar oiriúnacht na bPleananna
Ní mór do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht a bPleananna i bhfianaise éifeachtaí díreacha iarbhír CTA2 agus na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faoin 15 Márta 2029 (Airteagal 18(5)). Ag brath ar thoradh na measúnuithe sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le leasuithe ar na Pleananna chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar éifeachtaí iarbhír CTA2 nó ar thacaíocht do theaghlaigh leochaileacha.
IV. PLEANANNA A MHEASÚNÚ AGUS A GHLACADH
1. Measúnú an Choimisiúin ar na Pleananna
a) An próiseas
Faoi Airteagal 17(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ní mór don Choimisiún an cinneadh cur chun feidhme maidir le formheas an Phlean a ghlacadh laistigh de 5 mhí ón dáta tíolactha de réir Airteagal 4(1) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
I gcomhréir le hAirteagal 16(1), féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt nó faisnéis bhreise a lorg laistigh de 2 mhí ón dáta a thíolaic an Ballstát an plean. Ní mór don Bhallstát an fhaisnéis bhreise a iarrtar a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos san iarraidh ón gCoimisiún agus féadfaidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean más gá. Féadfaidh an Ballstát ábhartha agus an Coimisiún a chomhaontú síneadh a mhairfidh tréimhse réasúnta a chur leis an spriocdháta don mheasúnú más gá (Airteagal 16(1)).
b) Maidir le substaint
Ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar Phleananna na mBallstát bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
Tábla
Liosta de chritéir mheasúnaithe le haghaidh Pleananna bunaithe ar Airteagal 16(3)
|
Ábharthacht |
Éifeachtacht |
Éifeachtúlacht |
Comhleanúnachas |
|
Freagairt chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta |
Tionchar marthanach |
Costais iomlána réasúnta agus inchreidte |
Gníomhaíochtaí comhleanúnacha |
|
Gan dochar suntasach a dhéanamh |
Faireachán éifeachtach agus cur chun feidhme éifeachtach an Phlean |
Córais rialaithe |
|
|
An t-aistriú glas |
Comhlíonadh agus comhsheasmhacht le gníomhartha dlí ábhartha eile |
Garspriocanna agus spriocanna éifeachtúla |
|
|
|
Comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí ábhartha an Aontais |
|
|
i. Ábharthacht
— Freagairt chuimsitheach agus chothromaithe go leormhaith ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta
Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an dtugtar aghaidh go leordhóthanach sa Phlean ar na tionchair shóisialta agus ar na dúshláin shóisialta atá roimh theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair sa Bhallstát ábhartha mar gheall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ó iompar de bhóthar a thagann faoi CTA2. Breithneofar an méid seo a leanas sa mheasúnú:
|
— |
plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit chun tuiscint a fháil ar a straitéis agus ar a bhearta atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta agus ar dhúshláin do ghrúpaí leochaileacha; |
|
— |
cibé acu ar thug nó nár thug an Ballstát aghaidh ar dhúshláin ar tharraing an Coimisiún aird orthu sa nuashonrú ar a Phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar a dhul chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar shaincheisteanna a dhéanann difear do theaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó do theaghlaigh atá faoi bhochtaineacht iompair; |
|
— |
an ndearnadh moltaí an Choimisiúin don Bhallstát atá ábhartha do raon feidhme an Chiste, arna n-eisiúint faoi Airteagal 34 den Rialachán Rialachais, a chomhtháthú sa Phlean; |
|
— |
an bhfuil an Plean ag teacht le spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais agus leis an sprioc fhadtéarmach aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. |
— Gan dochar suntasach a dhéanamh
Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an gcomhlíonann gach beart agus infheistíocht (gan tacaíocht ioncaim dhíreach san áireamh (74)) sa Phlean an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’. Tá sé sin bunaithe ar an measúnú arna sholáthar ag an mBallstát faoin tábla a léirítear i Roinn III.3 den Treoraíocht seo, agus i gcomhréir le Treoraíocht Theicniúil an Chiste Aeráide Sóisialta maidir le gan dochar suntasach a dhéanamh.
— Rannchuidiú leis an aistriú glas
I gcomhréir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, tá an Ciste ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hearnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a áireamh sa chóras trádála astaíochtaí de réir na Treorach maidir le Trádáil Astaíochtaí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na Pleananna comhleanúnach le tosaíochtaí aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus aistriú cóir á áirithiú ag an am céanna.
ii. Éifeachtacht
— Tionchar marthanach
Measfaidh an Coimisiún an mbeidh athruithe struchtúracha agus tionchar fadtéarmach mar thoradh ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe. Go háirithe, fíorófar leis an measúnú an dócha go mbeidh éifeacht mharthanach ag an bPlean ar na dúshláin a bhfuil sé d’aidhm aige aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe maidir leis an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair.
Déanfar measúnú ar bhearta bunaithe ar an tionchar a mheastar a bheidh acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair trí chomparáid a dhéanamh idir na torthaí réamh-mheasta agus cásanna bunlíne, agus tosca amhail éifeachtúlacht fuinnimh á gcur san áireamh.
— Faireachán éifeachtach agus cur chun feidhme éifeachtach an Phlean
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar leordhóthanacht na ngarspriocanna, na spriocanna agus an chreata fhoriomláin chun an plean a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air, chomh maith le trasuí Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Laistigh de gach Ballstát, ní mór struchtúr ainmnithe a bhunú chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean; (ii) faireachán éifeachtach a dhéanamh ar dhul chun cinn; agus (iii) tuarascálacha rialta a chur isteach maidir le stádas an chur chun feidhme. Moltar go láidir d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile a ndéanann cur chun feidhme an Phlean difear dóibh a bheith rannpháirteach i struchtúir ainmnithe den sórt sin.
Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu a mheastar nó nach meastar go n-áiritheofar leis na socruithe atá beartaithe ag na Ballstáit go gcuirfear na bearta a áirítear sa Phlean chun feidhme go héifeachtach. Áirítear leis sin a áirithiú go leithdháilfear acmhainní go hiomchuí, go saineofar freagrachtaí go soiléir, lena n-áirítear idir na leibhéil éagsúla rialtais agus riaracháin (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil), agus go mbeidh sásraí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an chur chun feidhme.
— Comhlíonadh agus comhsheasmhacht le gníomhartha dlí ábhartha eile
I dteannta thrasuí Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh agus ar chomhsheasmhacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí leis na nithe seo a leanas:
|
— |
an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (Treoir (AE) 2023/1791); |
|
— |
an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (Treoir (AE) 2018/2001); |
|
— |
an Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha (Rialachán (AE) 2023/1804); |
|
— |
an Treoir maidir le Feithiclí Glana (Treoir 2009/33/CE); agus |
|
— |
an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (Treoir (AE) 2024/1275). |
— Comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí ábhartha an Aontais
Measfaidh an Coimisiún an bhfuil an Plean agus na bearta agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe ailínithe, comhlántach agus comhsheasmhach leis an bhfaisnéis arna soláthar agus leis na gealltanais arna ndéanamh ag an mBallstát faoi na hionstraimí ábhartha seo a leanas de chuid an Aontais:
|
— |
plean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; |
|
— |
cláir an bheartais chomhtháthaithe faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna; |
|
— |
plean téarnaimh agus athléimneachta an Bhallstáit faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; |
|
— |
plean náisiúnta athchóirithe Foirgneamh an Bhallstáit faoin Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (athmhúnlú); |
|
— |
Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe na mBallstát faoin Rialachán Rialachais; |
|
— |
Pleananna Críochacha um Aistriú Cóir na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2021/1056. |
Agus féadfar doiciméad eile a mheas, amhail Cláir Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir na mBallstát faoin Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta (AE) 2016/2284.
iii. Éifeachtúlacht
— Costais iomlána réasúnta agus inchreidte
Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na meastacháin chostais arna soláthar (ex ante) ag an mBallstát le haghaidh bhearta agus infheistíochtaí na bPleananna réasúnta, inchreidte agus comhchuimseach. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Ranna III.7.b agus III.7.c den Treoraíocht seo.
— Córais rialaithe
Déanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil na socruithe atá molta ag na Ballstáit leordhóthanach chun an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) a áirithiú go ndéanfar coinbhleacht leasa, éilliú, calaois agus cistiú dúbailte a chosc, a bhrath agus a cheartú; (ii) chun rialacha maidir leis an margadh aonair, soláthar poiblí agus státchabhair a chomhlíonadh; (iii) dearbhú a thabhairt maidir leis na córais bhainistíochta agus rialaithe agus saincheisteanna a bhaineann leis an méid thuas a chosc, agus úsáid á baint as na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste; (iv) cistiú dúbailte ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe a thabhairt ar struchtúr agus ar fheidhmiú a gcóras náisiúnta bainistithe agus rialaithe nó a gcórais náisiúnta bainistithe agus rialaithe agus ar aon socrú ábhartha eile, amhail Pleananna iniúchóireachta, i gcomhréir leis na príomhcheanglais a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
— Garspriocanna agus spriocanna éifeachtúla
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna sa Phlean soiléir, indéanta agus ailínithe le cuspóirí an Phlean. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Roinn III.6.
iv. Comhleanúnachas
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na gnéithe seo a leanas de na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit:
|
— |
comhleanúnachas idir bearta agus infheistíochtaí, measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a dtreisíonn nó a gcomhlánaíonn siad a chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ábhartha; |
|
— |
comhsheasmhacht le creataí beartais, straitéisí agus Pleananna náisiúnta ábhartha. |
v. Gnéithe breise a bheidh le measúnú ag an gCoimisiún maidir le comhlíonadh an Rialacháin lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta
Sa bhreis ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 16(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an méid seo a leanas:
|
— |
an chaoi a ndearnadh an comhairliúchán leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le hionadaithe na gcomhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, le heagraíochtaí don óige agus le páirtithe leasmhara eile, agus an chaoi ar léiríodh ionchur na bpáirtithe leasmhara a ghlac páirt sa chomhairliúchán sna Pleananna (féach Roinn III.11 den Treoraíocht seo); |
|
— |
cé acu atá nó nach bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí atá sna Pleananna comhsheasmhach leis an bhfaisnéis atá san áireamh agus leis na gealltanais a rinneadh faoi Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; |
|
— |
an chaoi a bhfuil sé d’aidhm ag na bearta nó na hinfheistíochtaí sna Pleananna aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne agus comhionannas inscne a fheabhsú, i gcás inarb ábhartha agus más infheidhme. |
2. Glacadh na bPleananna
Bunaithe ar an measúnú a dhéantar i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 16, déanann an Coimisiún cinneadh maidir leis na Pleananna trí chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún a ghlacadh.
Má dhéantar measúnú dearfach, bunófar leis an gcinneadh ón gCoimisiún méid ranníocaíocht airgeadais an Aontais bunaithe ar chostais mheasta iomlána an Phlean (Airteagal 17(3)). Tá méid ranníocaíocht airgeadais an Aontais cothrom leis an méid seo a leanas:
|
— |
méid iomlán an leithdháilte uasta airgeadais – nuair atá méid chostais mheasta iomlána an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta cothrom leis an leithdháileadh uasta airgeadais le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), nó níos airde ná é; nó |
|
— |
méid chostais mheasta iomlána an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta – i gcás ina bhfuil méid chostais mheasta iomlána an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1). |
Má dhéantar measúnú diúltach, ba cheart don chinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún na cúiseanna atá leis a lua. Ba cheart don Bhallstát a Phlean a athfhoirmliú agus a chur isteach arís ansin, agus measúnú an Choimisiúin á chur san áireamh (Airteagal 17(4)).
3. Comhaontú déthaobhach agus gealltanas cistí a thabhairt i gcrích
Tar éis don Choimisiún cinneadh dearfach a ghlacadh maidir leis na Pleananna, tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an mBallstát i bhfoirm gealltanas dlíthiúil aonair don tréimhse 2026-2032 (75), agus an amlíne maidir le cur chun feidhme an Phlean a leagtar amach faoi dhátaí críochnaithe na ngarspriocanna agus na spriocanna á cur san áireamh. Féadfaidh gealltanais bhuiséadacha a bheith bunaithe ar ghealltanais fhoriomlána agus, i gcás inarb iomchuí, féadfar iad a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla arna scaipeadh thar roinnt blianta de réir Airteagal 19(2) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (76). Leanfaidh na tráthchodanna bliantúla sin na méideanna in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoraíocht seo.
Ba cheart a chur san áireamh sna comhaontuithe leis na Ballstáit arb ionann iad agus gealltanais dhlíthiúla aonair - an riosca go gcuirfí siar iad ó thaobh rialála de i gcás praghsanna arda fuinnimh (an teagmhas dá dtagraítear in Airteagal 30k de Threoir 2003/87/CE). D’fhéadfadh sé sin moill bliana a chur ar thús an chórais nua trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh, d’iompar de bhóthar agus d’earnálacha breise.
Ba cheart aon riosca airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann don Aontas a chur san áireamh sna comhaontuithe freisin. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na gealltanais dhlíthiúla aonair a leasú i ngeall ar shainiúlachtaí mhaoiniú sealadach agus eisceachtúil an Chiste trí ioncam sannta seachtrach arna ghiniúint ó lamháltais CTA.
Mura bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát maidir le garspriocanna agus spriocanna ábhartha laistigh de 15 mhí ón dáta ar tugadh an gealltanas dlíthiúil aonair i gcrích, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an gcomhaontú agus saorfaidh sé méid an leithdháilte airgeadais, tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis don Choimisiún a mheasúnú a chur in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn inbhraite (Airteagal 20(7) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta). Mar shampla, mura bhfuil iarraidh ar íocaíocht a bhaineann le garsprioc nó sprioc curtha isteach fós ag Ballstát laistigh de 15 mhí ón dáta a tugadh an gealltanas dlíthiúil aonair i gcrích, d’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin nach ndearnadh aon dul chun cinn inbhraite.
GIORRÚCHÁIN
Rialachán na bhForálacha Coiteanna - Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
An prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ – An Prionsabal Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852.
An Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh - Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh - Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).
Treoir CTA - Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
CTA2 - An córas nua trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise arna bhunú i gCaibidil IVa de Threoir 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do chóras trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).
Rialachán Airgeadais - Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
An Ciste Aeráide Sóisialta – An Ciste Aeráide Sóisialta.
An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine - Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (An Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine) (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
Rialachán Rialachais - Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
CAI – an creat airgeadais ilbhliantúil.
Plean/Pleananna Aeráide Sóisialta – Plean/Pleananna Aeráide Sóisialta.
Rialachán STA - Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
Rialachán CAS - Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
An Rialachán maidir le Tacsanomaíocht - Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(1) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
(2) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(3) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) Uimh. 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’), (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(4) Ciallaíonn ‘teaghlach príobháideach’ duine a chónaíonn ina aonar nó grúpa daoine a chónaíonn le chéile agus a chuireann bunriachtanais na beatha ar fáil dó nó dóibh féin.
(5) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
(7) IO L, C/2025/1596, 25.3.2025, ELI: C/2025/1596/oj.
(8) Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(9) Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).
(10) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(11) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(12) Foilsítear na spriocanna náisiúnta maidir le laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát i gcur chun feidhme an Cholúin i gcomhthéacs chreat an tSeimeastair Eorpaigh chun beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chomhordú agus chun faireachas a dhéanamh orthu. Sa Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht agus sna Tuarascálacha Tíre a fhoilsítear gach bliain, tá faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit.
(13) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).
(14) Tá liosta de chláir CFRE, CSE+, CC agus CUAC i ngach Ballstát le fáil ar an Ardán Sonraí Oscailte maidir le Comhtháthú https://cohesiondata.ec.europa.eu/programmes.
(15) Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(16) Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(17) Slándáil fuinnimh, an margadh inmheánach fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú agus taighde, nuálaíocht agus iomaíochas, agus gnéithe na cothroime agus an aistrithe chóir á gcur san áireamh.
(18) Féach Roinn III. 11 thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoi chomhairliúcháin phoiblí.
(19) Tuilleadh eolais faoi ról an gheilleagair shóisialta sa Teachtaireacht maidir le Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta (2021).
(20) Féach an ceanglas maidir le héifeacht dreasachta, mar a chuirtear i dtábhacht i Roinn II.11 den Treoraíocht seo maidir le Státchabhair.
(21) Tá tuilleadh treorach maidir leis na bearta a d’fhéadfadh a bheith ina Státchabhair, mar aon le samplaí, ar fáil san Fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2016/C 262/01), lena léirítear taithí an cháis go dtí 2016. Ina theannta sin, soláthraíonn teimpléid threoracha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta maidir le Státchabhair samplaí maidir le cásanna cabhrach a dhifreáil agus gan aon chabhair a idirdhealú agus soláthraíonn siad faisnéis maidir leis na nósanna imeachta agus na hionstraimí Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith infheidhme, go háirithe:
|
— |
|
— |
|
— |
(22) Rialachán (AE) 2023/2831 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2023 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L, 2023/2831, 15.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2831/oj).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(24) Ní mór go spreagfadh an chabhair feabhas ar fheidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh arna thomhas i bhfuinneamh príomhúil mar seo a leanas:
|
i. |
20 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht i gcás athchóiriú foirgneamh atá ann cheana, nó |
|
ii. |
10 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht i gcás bearta athchóirithe a bhaineann le suiteáil nó ionadú cineál amháin eiliminte foirgnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2010/31/AE agus maidir le bearta athchóirithe spriocdhírithe den sórt sin, nach mó ná 30 % iad den chuid de bhuiséad na scéime atá tiomnaithe do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, nó |
|
iii. |
10 % i gcomparáid leis an tairseach a leagtar síos le haghaidh na gceanglas maidir le foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de i mbearta náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2010/31/AE i gcás foirgnimh nua. Ní mór an t-éileamh tosaigh fuinnimh phríomhúil agus an feabhsú measta a shuí faoi threoir Theastas Feidhmíochta Fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Threoir 2010/31/AE. |
(25) Mar shampla, leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (2022/C 80/01) (‘CEEAG’) nó an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine soláthraítear coinníollacha éagsúla maidir le cabhair chun feithiclí glana agus astaíochtaí nialasacha a fháil ná mar a sholáthraítear leis an gCiste Aeráide Sóisialta (toisc go gceadaítear leis an gciste aeráide sóisialta feithiclí astaíochtaí ísle nach bhfuil ailínithe le Tacsanomaíocht a mhaoiniú). Os a choinne sin, ní cheanglaítear le Rialachán 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1) go gcomhlíonfaidh na feithiclí a chuirtear ar fáil d’oibreoir seirbhíse poiblí mar chuid de chonradh seirbhíse poiblí aon chaighdeán comhshaoil.
(26) Measúnú Tionchair Inscne | An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (europa.eu)
(27) Buiséadú Inscne | An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (europa.eu)
(28) Soláthar Poiblí Inscne-fhreagrúil | An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (europa.eu)
(29) Comhionannas a Phríomhshruthú san iompar — An Coimisiún Eorpach.
(30) An Bhruiséil, 18 Aibreán 2023, (OR. en, pl) 7984/23 ADD 1, comhad idirinstitiúideach: 2021/0206/(COD).
(31) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(32) Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(33) Tá comhluach tíolactha phraghas CTA2 comhsheasmhach tríd is tríd leis na rialacha faoi Airteagal 30h(2) den Treoir Eorpach maidir le Córas Trádála Astaíochtaí maidir leis na bearta i gcás méadú iomarcach ar phraghsanna CTA2 chun méideanna breise a scaoileadh ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, i gcás ina ndéantar an tairseach truiceartha praghsanna a innéacsú bunaithe ar phraghsanna EUR 2020.
(34) SWD(2023) 213 final/2, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=26940&langId=ga.
(35) Sainmhínítear tairseach na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a bheith ag 60 % den ioncam indiúscartha coibhéisithe airmheánach náisiúnta.
(36) Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
(37) Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, 27.10.2020, lch. 35).
(38) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(39) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Treoraíocht an Aontais maidir le bochtaineacht fuinnimh a ghabhann leis an doiciméad Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (C(2020) 9600 final) An Bhruiséil, 14.10.2020, SWD(2020) 960 final: 8ad45f6a-ad97-48ef-b166-6499445aaa8d0_ga (europa.eu).
(40) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Treoraíocht ón Aontas maidir le bochtaineacht fuinnimh a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (C(2023) 4080 final) An Bhruiséil, 20.10.2023, SWD(2023) 647 final: SWD_2023_647_F1_OTHER_STAFF_WORKING_PAPER_EN_V5_P1_3016190.PDF (europa.eu).
(41) Bochtaineacht iompair: sainmhínithe, táscairí, deitéarmanaint agus straitéisí maolaithe — Tuarascáil Chríochnaitheach — An Coimisiún Eorpach.
(42) D’fhéadfadh staidéir bhreise de chuid an Choimisiúin Eorpaigh a bheith ina n-ábhar spéise:
|
— |
|
— |
Maidir le hiompar de bhóthar, féach an Coimisiún Eorpach, Feidhmíocht Iompair de Bhóthar san Eoraip, 2018 |
|
— |
An Coimisiún Eorpach, Comhtháthú san Eoraip i dtreo 2050, an t-ochtú tuarascáil ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, 2021, féach Léarscáil 4.7 |
|
— |
An Coimisiún Eorpach, An naoú tuarascáil ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, 2024 |
|
— |
(43) Cuireann CEE Bankwatch samplaí de chritéir roghnúcháin thábhachtacha ar fáil a bhaineann le tionscadail a chuirtear chun feidhme trí phobail fuinnimh: https://bankwatch.org/publication/selection-criteria-for-energy-communities-a-practical-checklist.
(44) Tá tuilleadh sonraí maidir leis na hastaíochtaí beachta a áirítear faoi na catagóirí astaíochtaí ‘dóchán breosla i bhfoirgnimh thráchtála/institiúideacha agus chónaithe’ agus ‘iompar de bhóthar’ a chumhdaítear le CTA2, le fáil, mar shampla, sa Treoraíocht ghinearálta d’eintitis rialáilte CTA2 (https://climate.ec.europa.eu/document/download/b5ccad58-6909-4a32-8a72-c73ab8d2a165_en?filename=policy_ets_ets2_gd_regulated_entities_en.pdf). Go háirithe, áirítear ar astaíochtaí ó ‘dhóchán breosla i bhfoirgnimh thráchtála/institiúideacha agus chónaithe’ astaíochtaí ó dhóchán breosla le haghaidh téimh, uisce te agus cócaireachta, agus astaíochtaí ó ‘dhó breosla in iompar de bhóthar’ agus ní áirítear astaíochtaí ó innealra easbhóthair nó soghluaiste a úsáidtear ar láithreáin tógála (a áirítear sna hastaíochtaí in ‘earnálacha breise’ CTA2). Eisiatar astaíochtaí ó dhóchán breosla sa talmhaíocht.
(45) Ba cheart gach beart atá dírithe ar na tionchair a bhaineann le hiompar de bhóthar a áireamh in CTA2 a mhaolú a chur isteach sa chomhpháirt sin fiú nuair a théann na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe i ngleic le modhanna eile iompair faoi Airteagal 8 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
(46) Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Iarscríbhinn V.
(47) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/af68b4c7-3508-11ef-b441-01aa75ed71a1/language-en.
(48) An Ciste Aeráide Sóisialta — an Coimisiún Eorpach (europa.eu).
(49) Moladh (AE) 2019/786 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2019 maidir le hathchóiriú foirgneamh (IO L 127, 16.5.2019, lch. 34).
(50) An Ciste Aeráide Sóisialta — an Coimisiún Eorpach (europa.eu).
(51) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(52) Teachtaireacht ón gCoimisiún — A Renovation Wave for Europe — greening our buildings, creating jobs, improving lives, [Rabharta Athchóiriúcháin don Eoraip — glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM/2020/662 final).
(53) Commission Staff Working Document EU guidance on energy poverty - European Commission.
(54) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(55) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(56) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(57) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh agus an treoraíocht a ghabhann leis, doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin: Treoraíocht ón Aontas maidir le bochtaineacht fuinnimh — An Coimisiún Eorpach (europa.eu).
(58) Tacaíocht do chur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).
(59) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/af68b4c7-3508-11ef-b441-01aa75ed71a1.
(60) Mar shampla, léiriú a thabhairt ar conas teacht ar fhaisnéis maidir le cosaint ar thuilte ar leibhéal an limistéir, conas measúnú riosca tuilte ar leibhéal an fhoirgnimh a dhéanamh, agus tuairisc a dhéanamh ar na roghanna teicniúla atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí tuilte i bhfoirgnimh, amhail na roghanna teicniúla atá liostaithe sa treoraíocht ar leibhéal an Aontais maidir le foirgnimh a chur in oiriúint don athrú aeráide.
(61) Faoin Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta sainmhínítear “feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle” mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1)(m), de Rialachán (AE) 2019/631 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua.
(62) Chun an anailís ar inacmhainneacht feithiclí astaíochtaí nialasacha a éascú, féadfaidh na Ballstáit an coincheap “costas iomlán úinéireachta” a mheas mar an costas iomlán a bhaineann le feithicil a fháil agus a bheith ina húinéir uirthi ar feadh a saolré, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an bhfeithicil a fháil nó a léasú, costais bhreosla, costais chothabhála agus deisiúcháin, costais árachais, costais airgeadais agus cánacha, de réir phointe 2.4 (84) den Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1).
(63) https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/af68b4c7-3508-11ef-b441-01aa75ed71a1.
(64) Ní chuireann sé sin cosc ar an gCoimisiún soiléirithe a lorg maidir leis an mbeart nithiúil tacaíochta ioncaim dhírigh arna mholadh ag Ballstát le linn an mheasúnaithe ar Phleananna chun a shoiléiriú an dtagann sé faoi chatagóir an chineáil tacaíochta sin.
(65) Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an Treoraíocht ghinearálta le haghaidh eintitis rialáilte CTA2: https://climate.ec.europa.eu/document/download/b5ccad58-6909-4a32-8a72-c73ab8d2a165_en?filename=policy_ets_ets2_gd_regulated_entities_en.pdf.
(66) Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, 23.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2023/2407/oj).
(67) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin (SWD/2003/647): Treoraíocht ón Aontas maidir le bochtaineacht fuinnimh (a ghabhann leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh (C/2023/4080)).
(68) Tacaíocht do chur chun feidhme an Chiste Aeráide Shóisialta — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu).
(69) Is féidir le ‘ Youth for a just transition – A toolkit for youth participation in the just transition fund ’ [An Óige le haghaidh Aistriú Cóir — Sraith straitéisí do rannpháirtíocht na hóige sa Chiste um Aistriú Cóir] a bheith ina foinse mhaith faisnéise maidir le conas daoine óga a bheith rannpháirteach in aistriú atá cóir go sóisialta i dtreo geilleagar aeráidneodrach (Inforegio – An Óige le haghaidh aistriú cóir — Sraith straitéisí do rannpháirtíocht na hóige sa chiste um aistriú cóir (europa.eu)).
(70) An Cód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa — Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.
(71) Chun tuilleadh treorach a fháil maidir le húsáid iomchuí ábhar cumarsáide, féach na rialacha Cumarsáide agus infheictheachta le haghaidh chláir chistiúcháin an Aontais 2021-2027 — Treoraíocht do na Ballstáit atá ar fáil ag: Infheictheacht an Aontais Eorpaigh a chur in iúl agus a mhéadú — An Coimisiún Eorpach.
(72) https://climate.ec.europa.eu/eu-action/eu-emissions-trading-system-eu-ets/social-climate-fund_en?prefLang=ga.
(73) Soiléirítear é sin freisin in aithris 18 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta: ‘ Ba cheart comhairliúchán poiblí leis na páirtithe leasmhara a reáchtáil gach uair a cheanglaítear ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar Phlean ’.
(74) Aithris 23 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta: Ba cheart a mheas, mar riail ghinearálta, nach mbíonn tionchar suntasach intuartha ag bearta tacaíochta ioncaim dírí ar chuspóirí comhshaoil agus, dá bhrí sin, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’.’
(75) Mar a thagraítear dó in Airteagal 112 den Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (AE, Euratom 2018/1046).
(76) Níor cheart go ndéanfadh comhaontuithe deiridh difear do na rialacha maidir le ceantáil lamháltas le haghaidh na gníomhaíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn III (Airteagal 30d(4)) ná do na tuarascálacha maidir le CTA2 (Airteagal 30i agus Airteagal 30k maidir le cur siar i gcás praghsanna arda fuinnimh) den Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí. Ba cheart an comhaontú sin a thabhairt i gcrích aon bhliain amháin ar a luaithe roimh bhliain thús na gceantanna ar an gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise (Caibidil IVa de Threoir CTA), nó dhá bhliain roimh an mbliain sin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10(1), an tríú fomhír den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
IARSCRÍBHINN I
An leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit tar éis caiteachas ar thacaíocht riaracháin a asbhaint
1. Réamhrá agus cúlra dlíthiúil
|
— |
Sonraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán CAS (1) go bhféadfadh imchlúdach iomlán CAS EUR 65 billiún nó EUR 54.6 billiún, má chuirtear siar ETS2 go dtí 2028, ‘speansais a chumhdach a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an Ciste a bhainistiú agus a chuspóirí a ghnóthú, go háirithe staidéir, cruinnithe saineolaithe, comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí cuimsitheacha for-rochtana agus cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí TF atá dírithe ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, uirlisí TF corparáideacha, agus gach speansas eile maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Ciste a bhainistiú. Féadfaidh na speansais gach costas a bhaineann le gníomhaíochtaí tacaíochta eile a chumhdach freisin, amhail costais a bhaineann le rialú cáilíochta agus faireachán ar thionscadail ar an láthair agus costais a bhaineann le piarchomhairleoireacht agus le saineolaithe chun na gníomhaíochtaí incháilithe a mheasúnú agus a chur chun feidhme.’ |
|
— |
Tá an clásal seo a leanas in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, lena ndéantar foráil maidir le leithdháiltí na mBallstát: ‘Cumhdófar aon mhéid a thiocfaidh de thoradh Airteagal 10(3) [caiteachas tacaíochta] laistigh de theorainneacha an leithdháilte airgeadais uasta do gach Ballstát ar bhonn pro rata.’ |
2. Caiteachas tacaíochta riaracháin sna leithdháiltí airgeadais bliantúla
|
— |
Leagtar amach in Airteagal 30d(4) de Threoir CTA uasmhéideanna na n-ioncam ceantála a leithdháiltear ar an gCiste Aeráide Sóisialta ar feadh a fhaid in aghaidh na bliana. Déantar foráil in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta an leithdháileadh uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit do thréimhse iomlán an Chiste Aeráide Sóisialta. Fágann sin gur féidir clársceidealú bliantúil a dhéanamh ar leithdháiltí iomlána na mBallstát. Thairis sin, léirítear in Airteagal 19 den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta go bhféadfar na gealltanais bhuiséadacha ón gCiste Aeráide Sóisialta a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla. |
|
— |
Tugtar léiriú san Iarscríbhinn seo ar na leithdháiltí airgeadais bliantúla ón gCiste Aeráide Sóisialta ar gach Ballstát. Ríomhtar é tar éis an caiteachas tacaíochta riaracháin don Choimisiún a asbhaint i gcomhréir le hAirteagal 10(3) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear sna próifílí bliantúla. |
|
— |
I gcomhréir le hIarscríbhinn V, Ranna 2.1(viii) agus 2.2(viii) den Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit na hiarmhairtí a bhaineann le CTA2 a chur siar a léiriú ina bPleananna trí thuairisc a thabhairt ar na coigeartuithe is gá ar eilimintí ábhartha na bPleananna agus iad a chainníochtú. |
|
— |
Áiríodh EUR 128,539 milliún i gcostais riaracháin don Choimisiún sa Ráiteas Airgeadais Reachtach a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (2). I bhfianaise an athraithe ar fhoinse an mhaoinithe ó acmhainn dhílis chuig ioncam sannta seachtrach sa Rialachán lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta, tá sé réasúnta breithniú a dhéanamh ar an gcaiteachas tacaíochta riaracháin atá beartaithe sa Ráiteas Airgeadais Reachtach don tréimhse cur chun feidhme ar fad. Is ionann an méid iomlán EUR 128 539 milliún agus thart ar 0,2 % d’imchlúdach an Chiste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
Meastar in dhá chás le haghaidh thús CTA2 go spreagfar an t-ualach oibre céanna agus a spreagfar na cúraimí riaracháin gaolmhara uile faoi thús an Chiste Aeráide Sóisialta agus faoi chur chun feidhme na bPleananna in 2026, gan beann ar dháta tosaigh CTA2, agus go ndéanfar é ar bhonn leanúnach ar feadh fhad an Chiste Aeráide Sóisialta. Beidh tionchar ag bliain theacht i bhfeidhm CTA2 ar mhéid imchlúdaigh na mBallstát faoin gCiste Aeráide Sóisialta, ach ní ar chur chun feidhme leanúnach an Chiste Aeráide Sóisialta ag an gCoimisiún. |
|
— |
Chun cistiú riaracháin leanúnach a áirithiú ó 2026 go 2032, déantar méid atá coibhéiseach le costais riaracháin 2026 agus 2027 a asbhaint ó leithdháileadh 2026 sa dá chás. Is amhlaidh atá toisc nach mbeidh a fhios go dtí mí an Mheithimh 2026 cé acu a chuirfear CTA2 siar nó nach gcuirfear, rud a d’fhágfadh nach mbeadh aon mhéid bliantúil ann do 2027. |
3. An bealach chun cinn a mholtar
|
— |
Is gá an leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit a laghdú le méid an chaiteachais riaracháin ar bhealach comhréireach agus úsáid á baint as eochair leithdháilte na mBallstát faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hIarscríbhinn II den Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta. |
|
— |
I dTáblaí 1 agus 2 thíos tugtar miondealú bliantúil ar na méideanna (in EUR) atá ar fáil le haghaidh gealltanais do gach Ballstát tar éis an caiteachas riaracháin a asbhaint faoi dhá chás le haghaidh thús CTA2. |
Tábla 1
Cuirfear tús le Cás 1, CTA2 in 2027: leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit tar éis caiteachas tacaíochta a asbhaint de bhun Airteagal 10(3) (in EUR, praghsanna reatha)
Tábla 2
Cuirfear tús le Cás 2, CTA2 in 2028: leithdháileadh airgeadais uasta in aghaidh an Bhallstáit tar éis caiteachas tacaíochta a asbhaint de bhun Airteagal 10(3) (in EUR, praghsanna reatha)
(1) Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1).
(2) COM(2021) 568 an 14 Iúil 2021, Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta.
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad le haghaidh mionchoigeartú ar an bPlean Aeráide Sóisialta de bhun Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2023/955 (le líonadh isteach ag na Ballstáit)
I gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2023/955, cuireann [an Ballstát] leis seo fógra isteach maidir leis an mionchoigeartú seo a leanas:
|
Foráil atá ann cheana sa Phlean Aeráide Sóisialta |
Foráil nua tar éis fógra a thabhairt |
|
Comhpháirt: Beart: Soláthar na garsprice/na sprice atá ann cheana: |
Téacs leasaithe: |
Deimhníonn [an Ballstát] an méid seo a leanas:
|
☐ |
gurb ionann an mionchoigeartú agus méadú nó laghdú níos lú ná 5 % den sprioc atá leagtha amach sa phlean AGUS; |
|
☐ |
níor coigeartaíodh an sprioc riamh roimhe seo; |
|
☐ |
NÓ coigeartaíodh an gharsprioc/sprioc trí na fógraí seo a leanas:
|
ach ní sháraíonn luach carntha an mhéadaithe nó an laghdaithe thar shaolré an phlean aeráide sóisialta 5 % den sprioc ábhartha.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1597/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)