|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1564 |
7.3.2025 |
Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún
(C/2025/1564)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT DE THIONSCNAMH BALLSTÁIT A CHUR IN IÚL
‘Pomme de terre de l’Île de Ré’
Uimh. AE: PDO-FR-0065-AM05 - 20 Nollaig 2024
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm an táirge
‘Pomme de terre de l’Île de Ré’
2. An Ballstát ar leis an limistéar geografach
An Fhrainc
3. Údarás náisiúnta a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
An Aireacht Talmhaíochta agus Biafhlaithis
4. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta
Míniú ar an gcúis a dtagann an leasú nó na leasuithe faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1143:
Ní bhaineann an t-iarratas ar leasú ar an ATFC ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ le haon cheann de na trí chás ar leasú ar leibhéal an Aontais iad, mar atá:
|
(a) |
níl athrú ar ainm an ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint i gceist leis; |
|
(b) |
ní dócha go gcuirfeadh sé an nasc leis an timpeallacht gheografach ar neamhní; |
|
(c) |
níl tuilleadh srianta i gceist leis maidir le margú an táirge. |
Measann údaráis na Fraince dá bhrí sin gur le haghaidh leasú caighdeánach atá an t-iarratas.
Tuairisc ar an táirge
Tugadh liosta na gcineálacha údaraithe cothrom le dáta, cuireadh cineálacha áirithe leis agus baineadh cineálacha áirithe.
Déanann an leasú difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
‘Pomme de terre de l’Île de Ré’
Uimh. AE: PDO-FR-0065-AM05 - 20 Nollaig 2024
ATFC (X) TGFC ( )
1. Ainm nó ainmneacha (ATFC nó TGFC)
‘Pomme de terre de l’Île de Ré’
2. Ballstát nó tríú tír
An Fhrainc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
07 – GLASRAÍ AGUS FRÉAMHACHA AGUS TIÚBAIR ÁIRITHE ATÁ INITE 0701 – Prátaí, iad úr nó fuaraithe |
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Is práta luath é ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ atá níos lú ná 70 mm.
Tagann prátaí atá incháilithe don ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ ó chineálacha prátaí inite (Alcmaria, Carrera, Primabelle, Tonic, Maïwen agus Zen) agus cineálacha inite lena mbaineann bia teann (Charlotte, Château agus Annabelle).
Is sainairíonna iad uigeacht an phráta, is é sin go leánn sé sa bhéal, agus dea-bholaithe sonracha a bhféadfadh rian an ghlasra a bheith i gceist leo. Tá a gcion ábhair thirim ar an lá a bhaintear iad idir 15 % agus 20,5 % le haghaidh na gcineálacha Alcmaria, Carrera, Primabelle, Tonic, Maïwen agus Zen agus idir 16 % agus 21 % le haghaidh na gcineálacha Charlotte, Château agus Annabelle.
Baintear iad sula mbíonn siad aibí go hiomlán, tá a gcraiceann fíneáilte agus tagann sé díobh go héasca le gnáthsciúradh.
Is táirgí séasúracha iad nach féidir a dhíol ach suas go dtí an 31 Iúil, bliain an fhómhair san áireamh, agus níl siad oiriúnach lena stóráil go fadtéarmach.
Glasra úr is ea ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ nach mór a mhargú go tapa tar éis é a bhaint.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a shainiú sa limistéar geografach sainithe
Tarlaíonn na céimeanna uile, ó phéacadh go buaint, sa limistéar geografach.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Déantar na prátaí a phacáistiú i bpacáistíocht dáilte nach mó ná 25 kg. Áirithítear leis na modhanna pacáistithe gur féidir na baisceanna agus a dtionscnamh a shainaithint, rud a chuidíonn lena ráthú gur féidir na prátaí a rianú.
Déantar an pacáistiú sa limistéar geografach,
Ós rud é gur táirge é ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ nach margaítear ach nuair atá sé úr, ní mór é a phacáistiú go tapa tar éis é a bhaint.
Ina theannta sin, buantar é sula mbíonn sé aibí go hiomlán agus ar an gcúis sin is táirge leochaileach é. Dá bhrí sin, is gá aon bhuille a sheachaint a chuirfeadh athrú ar an gcraiceann, brúnna agus donnú mar shampla. Dá bhrí sin, bíonn cúram ar leith ar na táirgeoirí saintréithe an phráta a chaomhnú agus é á bhuaint, á shórtáil agus á phacáistiú.
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
I dteannta na faisnéise a cheanglaítear le rialacháin maidir le prátaí a mhargú, ní mór ainm an ainmniúcháin a bheith ar lipéadaíocht prátaí leis an ATFC ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ chomh maith leis na focail ‘Appellation d’Origine Protégée’ [‘ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint’] nó an giorrúchán ‘AOP’ [‘ATFC’]. Ní mór na mionsonraí sin uile a bheith sa réimse radhairc céanna agus ar an lipéad céanna.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Comhfhreagraíonn an limistéar geografach do chríoch Île de Ré, ina bhfuil na bardais seo a leanas: Ars-en-Ré, La Couarde-sur-Mer, Loix, Les Portes-en-Ré, Saint-Clément-des-Baleines, Le Bois-Plage-en Ré, La Flotte, Rivedoux-Plage, Sainte-Marie-de-Ré agus Saint-Martin-de-Ré.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Is práta é ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ a bhfuil a aibiú luath, a mhéid beag agus a shaintréithe orgánaileipteacha sonracha nasctha le haeráid áitiúil mheasartha, ghrianmhar agus ghaofar an oileáin.
Is é is aidhm do theicnící táirgthe áitiúla (dáileachtaí talún a roghnú le hithreacha éadroma, tréscaoilteacha, plandú luath, dlús ard plandaithe, etc.) cáilíochtaí an phráta mar phráta luath a threisiú, rud a fhágann go bhfuil meas ag tomhaltóirí air ó thús an 20ú céad.
Comhfhreagraíonn limistéar geografach prátaí leis an ATFC ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ do 10 mbardas Île de Ré i roinn Charente-Maritime. Tá Île de Ré suite san Aigéan Atlantach, 3 chiliméadar amach ó chósta na Fraince. Tá a aghaidh ar bhardas La Rochelle.
I dtaobh tionscnamh geolaíoch, tá Île de Ré mar chuid d’imeall thuaidh Abhantrach na hAcatáine. Cruthaíodh é ó shil-leagain dríodair éagsúla sceire coiréil agus níos déanaí ó aolchloch créúil Iúrasach. Chruthaigh an dríodrú sin ón ré thánaisteach bonn aolchloiche Île de Ré, a bhí clúdaithe le sil-leagain créúla agus aeólacha le linn na ré ceathartha.
Tírdhreach ísealchríche ina bhfuil comhrianta measartha cothrom, áit nach mó ná 20 méadar an pointe is airde ann, sin é an toradh a bhí ar na céimeanna dríodraithe éagsúla sin.
Is iad caimbeasal calcarach nó cailceasal ar bhuncharraig chailcreach na cineálacha ithreach is coitianta ar an oileán.
Is iondúil go mbíonn ithreacha cósta den chineál cailcreach nó calcach donn atá clúdaithe i ngaineamh mar aon le hithreacha a bhfuil sil-leagain aeólacha iontu agus uigeacht mhín ghainmheach sna limistéir chríochaithe a leagtar amach chun prátaí a tháirgeadh. Tá na hithreacha sin éadrom, tirim agus tréscaoilteach. Tá siad saibhir i bpotaisiam agus in aigéad fosfarach agus go ginearálta bocht i húmas.
Sainiúlacht eile de chuid Île de Ré is ea go soláthraíonn sé foinse leasacháin nádúrtha do na táirgeoirí: ceilp. Ba é an múirín orgánach sin a rinneadh as algaí muirí a buanadh ar thránna an oileáin an t-aon ábhar múirín orgánaigh ar an oileán agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann ag roinnt táirgeoirí. Is é an buntáiste a bhaineann le ceilp ná go lobhann sé níos gasta ná aoileach bó, mar shampla.
Tá aeráid mheasartha mhuirí ag an oileán. Tá an cháilíocht mheasartha níos suntasaí ná ar an gcósta ilchríochach, toisc go bhfuil níos mó gréine agus níos lú báistí ann, agus go bhfuil na teochtaí níos séimhe. Is é an chúis atá leis na difríochtaí seo ná go bhfuil éifeachtaí na farraige níos láidre ar an oileán ná ar an mór-roinn.
Tá neart gréine mar shaintréith de chuid na haeráide, thart ar 2 300 uair an chloig in aghaidh na bliana san iomlán, in éineacht le neart solais, agus báisteach níos lú ná 700 milliméadar in aghaidh na bliana agus meánteocht bhliantúil gar do 13 C. Bíonn sé ag cur báistí san fhómhar agus sa gheimhreadh go príomha, agus is annamh a bhíonn sneachta agus sioc ann. Ina theannta sin, tá Île de Ré faoi lé gaotha teo an-láidir.
Is é is aidhm do na modhanna saothraithe a chuirtear i bhfeidhm cineál luath ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ a threisiú. Áirítear orthu sin go háirithe:
|
— |
sprioc-am plandaithe a shocrú chun buaint luath ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ a áirithiú, nach mór a bheith curtha i gcrích faoin 31 Iúil; |
|
— |
dlús plandaithe ard agus rónna gara; |
|
— |
má bhaintear an gas, ní féidir é a dhéanamh ach go meicniúil, ionas nach n-athrófar an ithir, rud a chuireann le saintréithe orgánaileipteacha an táirge. |
Is práta luath é ‘Pomme de terre de l’île de Ré’.
Tá cáilíochtaí orgánaileipteacha ar leith ag baint leis mar gheall ar aibíocht luath agus méid beag nó meánmhéid an phráta, atá níos lú ná 70 mm: bia a leánn sa bhéal, dea-bholaithe tar éis cócaireachta a athraíonn de réir an tséasúir, idir cothaitheach agus torthaí tirime, agus blasanna a bhíonn milis beagnach i gcónaí, le blasanna beagán goirt go hócáideach.
Tosca aeráide agus ithreach Île de Ré, in éineacht le modhanna saothraithe na dtáirgeoirí, is bun le saintréithe agus le cáilíochtaí orgánaileipteacha speisialta ‘Pomme de terre de l’île de Ré’.
Is é an talamh agus an fios gnó áitiúil is cúis le haibíocht luath ‘Pomme de terre de l’île de Ré’. Leis na hithreacha éadroma, tirime agus tréscaoilteacha, teochtaí séimhe agus flúirse gréine, mar aon le húsáid leatháin, is féidir leis an ithir téamh go tapa. Is féidir an dul chun cinn in aibíocht a fheiceáil i bpéacadóirí, agus na prátaí síl á mbaint, agus suas go dtí an bhuaint.
Cúis eile le cáilíocht ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ is ea méid uasta 70 mm an phráta, rud a chuireann le cáilíochtaí orgánaileipteacha an phráta. Is ann do phrátaí den mhéid sin a bhuí le báisteach a rialaítear go nádúrtha in éineacht le dlús plandaithe ard go ginearálta ar an oileán. Tá ról freisin ag acmhainneacht mhaith triomúcháin na n-ithreacha, na teochtaí séimhe, an teas agus na gaotha láidre a chuidíonn le himghalú chun méid na bprátaí a theorannú. Soláthraíonn dlús plandaithe ard cosaint in aghaidh na ngaoth láidir ar an oileán.
Is é sin le rá, tagann gnéithe tipiciúla ‘Pomme de terre de l’île de Ré’ as aeráid idéalach agus dálaí ithreach an oileáin, a fheabhsaítear a thuilleadh le modhanna saothraithe dea-oiriúnaithe agus le rogha stuama cineálacha.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
https://info.agriculture.gouv.fr/boagri/document_administratif-c2d2d9bb-3851-4922-a9fa-f7f353633ca9
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1564/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)