|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1519 |
17.3.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór Dhlísheomra) an 19 Nollaig 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam, agus ón Raad van State – an Ísiltír) – P (C 244/24), AI, ZY, BG (C 290/24) v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
(Cásanna Uamtha C-244/24 agus C-290/24 (1) , Kaduna (2)
(Tarchur chun réamhrialú - Beartas tearmainn - Cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe - Treoir 2001/55/CE - Airteagail 4 agus 7 - Ionradh Fhórsaí Armtha na Rúise ar an Úcráin - Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 - Airteagal 2(3) - Cumhacht Ballstáit cosaint shealadach a chur i bhfeidhm ar dhaoine easáitithe nach gcumhdaítear leis an gcinneadh sin - An pointe ag a bhféadfaidh Ballstát a dheonaigh cosaint shealadach do dhaoine den sórt sin deireadh a chur leis an gcosaint sin - Náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Treoir 2008/115/CE - Airteagal 6 - Cinneadh um fhilleadh - An pointe ag a bhféadfaidh Ballstát cinneadh um fhilleadh a ghlacadh - Fanacht go neamhdhleathach)
(C/2025/1519)
Teanga an cháis: an Ollainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amsterdam agus Raad van State
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: P (C 244/24), AI, ZY, BG (C 290/24)
Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Maidir le hAirteagail 4 agus 7 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit ó thaobh na daoine sin a ghlacadh agus ó thaobh déileáil leis na hiarmhairtí a thagann as sin, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: ní cuirtear cosc leo ar Bhallstát, a dheonaigh cosaint shealadach do chatagóirí daoine seachas iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) den Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin, de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach, tairbhe na cosanta sealadaí roghnaí sin a bhaint de na catagóirí sin daoine ar feadh ré na cosanta sealadaí sin arna cinneadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 4(2) den Treoir sin. Féadfaidh an Ballstát sin tairbhe na cosanta sealadaí a thug sé do na catagóirí sin daoine a tharraingt siar ar dháta roimh an dáta a scoirfidh an chosaint shealadach arna cinneadh ag an gComhairle d’éifeacht a bheith aici, ar choinníoll, inter alia, nach mbaineann an Ballstát sin an bonn de chuspóirí ná d’éifeachtacht Threoir 2001/55 agus go gcomhlíonann sí prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais. |
|
2. |
Maidir le hAirteagal 6 de Threoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: cuirtear cosc leis ar náisiúnach tríú tír atá ina chónaí go dleathach ar chríoch Bhallstáit ar bhonn na rogha a d’fheidhmigh an Ballstát sin chun tairbhe cosanta sealadaí roghnaí a dheonú dó, dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 2001/55, a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh sula mbeidh deireadh leis an gcosaint sin, fiú má dhealraíonn sé go scoirfidh an chosaint sin d’éifeacht a bheith aici ar dháta atá le teacht agus go gcuirfear éifeachtaí an chinnidh sin ar fionraí go dtí an dáta sin. |
(1) IO C/2024/3899
(2) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1519/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)