European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1511

17.3.2025

Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 23 Eanáir 2025 – Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) v Neoperl AG

(Case C-93/23 P)  (1)

(Achomharc - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 - Airteagal 4 - Marcanna a fhéadfar a bheith i dtrádmharc de chuid an Aontais - Iarratas ar shuíomh-mharc tadhlach a chlárú lena léirítear ionsáiteán sláintíochta sorcóireach - Airteagal 7 - Dearbhfhorais le diúltú - Oibleagáid scrúdú a dhéanamh roimh ré ar fhoras le diúltú a leagtar síos in Airteagal 7(1)(a) de Rialachán Uimh. 207/2009 - Neamhláithreacht - Rialachán (AE) 2017/1001 - Airteagal 72(3) - Cumhacht na Cúirte Ginearálta cinneadh an Bhoird Achomhairc a athrú - Teorainneacha)

(C/2025/1511)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: D. Hanf, T. Klee agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Neoperl AG (ionadaithe: C. Mertzlufft-Paufler, M. Nielen agus C. Schrempp, Rechtsanwälte, Rechtsanwälte)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2022, Neoperl v EUIPO (Léiriú ar ionsáiteán sláintíochta sorcóireach) (T-487/21, EU:T:2022:780), ar neamhní.

2.

Tarchuirtear Cás T-487/21 ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

3.

Forchoimeádtar na costais.


(1)   IO C 296, an 21.8.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1511/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)