|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1493 |
4.3.2025 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11888 - HIG CAPITAL / HELLER)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(C/2025/1493)
1.
An 25 Feabhra 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
H.I.G. Europe Capital Partners III, L.P., ciste infheistíochta atá faoi bhainistiú H.I.G. Capital, LLC (‘H.I.G. Capital’, Ceanada), |
|
— |
Heller Holding SE & Co. KG (‘Heller’, an Ghearmáin). |
Gheobhaidh H.I.G. Capital rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Heller ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is gnólacht infheistíochta domhanda cothromais phríobháidigh agus sócmhainní malartacha é H.I.G. Capital, agus tá sé ina speisialtóir i soláthar caipitil fiachais agus caipitil cothromais araon do chuideachtaí beaga agus meán-mhéide, |
|
— |
Is monaróir meaisín-uirlisí é Heller, agus tá saoráidí táirgthe aige san Eoraip, san Áise agus i Meiriceá Thuaidh agus Theas. Soláthraíonn sé meaisín-uirlisí agus córais mhonaraíochta le haghaidh meaisíniú gearrtha miotail, ar nós ionaid mheaisínithe 4- agus 5-ais nó ionaid mheaisínithe meilte agus deilte. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11888 - HIG CAPITAL / HELLER
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1493/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)