European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1470

27.2.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11838 – GA / TA / TSYL TOPCO

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/1470)

1.   

An 14 Feabhra 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

General Atlantic (TSV), L.P. (‘ GA ’, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh General Atlantic Service Company, LP (na Stáit Aontaithe) (GA, in éineacht lena chuideachtaí infheistíochta cleamhnaithe, ‘ grúpa GA ’),

TA Associates Management, L.P. (‘ TA ’, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh TA Associates. L.P. (na Stáit Aontaithe),

TSYL Topco, L.P. (‘ TSYL Topco ’ nó ‘ an Spriocghnóthas ’, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh TA faoi láthair.

Gheobhaidh GA agus TA rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar TSYL Topco.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá GA mar chuid de ghrúpa GA, infheisteoir fáis domhanda a sholáthraíonn caipiteal agus tacaíocht straitéiseach, agus atá gníomhach i 20 tír i gcúig réigiún.

Is gnólacht cothromais phríobháidigh domhanda é TA a bhfuil cuideachtaí punainne aige atá gníomhach i dtionscail roghnaithe, lena n-áirítear seirbhísí gnó, réimse an tomhaltóra, seirbhísí airgeadais, cúram sláinte agus teicneolaíochtaí, agus feidhmíonn sé ar fud an domhain.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó an Spriocghnóthais: Is cuideachta bogearraí é TSYL Topco a chuireann táirgí tuairiscithe riosca agus teagmhais ar fáil a bhaineann le teagmhais thurraingeacha amhail samhaltú riosca tuilte agus falscaithe nó táirgí réamhaisnéise aimsire falscaithe. Oibríonn sé faoi bhrandaí éagsúla, is iad sin Technosylva, KatRisk, Heartland Software Solutions, agus Atmospheric Data Solutions.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11838 – GA / TA / TSYL TOPCO

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1470/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)