|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1430 |
10.3.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Eanáir 2025 – Meucci v an Pharlaimint agus SEGS
(Cás T-1123/23) (1)
(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Scor de bheith i seilbh oifige - Cur ar scor éigeantach - Iarratas ar leanúint de bheith ag obair tar éis na haoise scoir - Fad leanúint de bheith ag obair tar éis na haoise scoir a theorannú - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid fhollasach measúnaithe - Leas na seirbhíse - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchais dhlisteanach - Dualgas cúraim)
(C/2025/1430)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Paolo Meucci (Addis Ababa, an Aetóip) (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: S. Seyr, R. Schiano agus R. Rende Granata, Gníomhairí), an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (ionadaithe: R. Coesme, S. Falek agus J. Lanzuela de Álvaro, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní, ar an gcéad dul síos, Cinneadh ó Phairlimint na hEorpa an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena gceadaítear dó leanúint de bheith ag obair tar éis na haoise scoir go dtí an 30 Samhain 2023, ar an dara dul síos, Cinneadh ón bParlaimint an 24 Deireadh Fómhair 2023 lena tugadh é ar iasacht ar mhaithe leis an tseirbhís go dtí an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go dtí an 30 Samhain 2023, ar an tríú dul síos, Cinneadh ón bParlaimint an 9 Samhain 2023 lena n-athfhostaíodh é agus lena gcuireadh é ar scor éigeantach le héifeacht ón 30 Samhain 2023 agus, ar an gceathrú dul síos, Cinneadh ó SEGS an 13 Samhain 2023 lena gcuireadh deireadh lena bhaint le Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Aontais Afracaigh le héifeacht ón 30 Samhain 2023.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Díbhtear an chaingean. |
|
2. |
Ordaítear do Paolo Meucci na costais a íoc, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann leis na himeachtaí idirlinne. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1430/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)