|
2.
|
An gcaithfear an dara fomhír d’Airteagal 19(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4(2) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi nach bhfuil breitheamh neamhchlaonta agus neamhspleách agus nach cúirt neamhspleách ‘arna bhunú roimhe sin le dlí’ é painéal na mbreithiúna a bhfuil breitheamh den sórt sin ina chomhalta de, ós rud é:
|
—
|
gur ceapadh breitheamh den chúirt náisiúnta is airde (an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)) le rannpháirtíocht chomhairle na mbreithiúna, nach raibh dlisteanacht dhaonlathach ag a pháirtí breithiúnach,
|
|
—
|
gur chuir údarás náisiúnta, lena n-áirítear, i measc a inniúlachtaí eisiacha, scrúdú ar bhunreachtúlacht an dlí náisiúnta, i gcoinne chomhdhéanamh na comhairle sin mar ábhar míbhunreachtúil.
|
|
—
|
go bhfuil na coinníollacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta maidir le cinneadh a ghlacadh ag an gcomhairle sin lena moltar duine do phost mar bhreitheamh i gcúirt náisiúnta céime deiridh (an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)) de chineál a fhágann, in aigne daoine aonair, go bhfuil amhras dlisteanach ann maidir le neamhspleáchas an bhreithimh atá i gceist ar thosca seachtracha agus maidir lena neodracht i ndáil leis na leasanna nach bhfuil ag teacht le chéile atá os a comhair, i gcás inar ceapadh an breitheamh sin chuig an gcúirt náisiúnta céime deiridh (an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)) i gcomhthéacs nós imeachta iomaíochta ar follasach go bhfuil sé neamhthrédhearcach agus fíorasach agus, ar cheapadh dó:
|
(a)
|
go déanann sé bearta go pearsanta chun rialtacht an nós imeachta as ar eascair a cheapachán a dheimhniú agus go ndéanann sé cinneadh maidir le heaspa neamhspleáchais na cúirte díreach toisc gur ceapadh breitheamh eile in imeachtaí a bhaineann le comhairle na mbreithiúna, a bhfuil amhras poiblí air faoina chomhdhéanamh, a thuairiscíonn sé mar ‘chlúmhillte’, atá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, comhdhéanta de chomhaltaí a bhfuil an dlisteanacht dhaonlathach is gá acu, de bhrí, dar leis an mbreitheamh sin, gurb é comhdhéanamh neamhrialta na comhairle sin is cúis lena spleáchas ar an gcumhacht pholaitiúil, trí mhainneachtain neamhspleáchas chomhdhéanamh (amach anseo) na cúirte a ráthú;
|
|
(b)
|
go rialaíonn sé, contrártha leis an bprionsabal nemo iudex in causa sua, ar bhailíocht cinntí breithiúnacha a tugadh roimhe sin lena rannpháirtíocht ina gconspóidtear comhdhéanamh chomhairle na mbreithiúna agus go n-agraíonn sí easpa neamhspleáchais cúirte ar comhalta di breitheamh arna cheapadh i gcomhréir le nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairle sin sa chomhdhéanamh atá faoi chonspóid;
|
|
(c)
|
go dtagraíonn sé do chritéir a líomhnaítear a bheith ‘forbartha’ i gcinntí na gcúirteanna náisiúnta, Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine chun easpa neamhchlaontachta agus neamhspleáchais breithiúna eile a léiriú, critéir nach n-urramaíonn sé, agus déanann sé measúnú, i bhfianaise na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, ar na breithiúna eile a bhain amach, le linn a ngairmréime, gach leibhéal de na breithiúna, a bhain na céimeanna acadúla is gá amach nó a fuair an taithí a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta i ngairm eile dlí, agus faigheann sé tuairimí fabhracha ó chomhairle náisiúnta na mbreithiúna ag amanna éagsúla agus ina comhdhéanamh éagsúil;
|
|
(d)
|
go ndéanann sé ráitis phoiblí maidir le stádas na mbreithiúna a ceapadh le rannpháirtíocht chomhairle na mbreithiúna, a ndéanann sé a comhdhéanamh a dhíospóid, ag diúltú dóibh na tréithe neamhchlaontachta agus neamhspleáchais ina n-iomláine, ag cur síos orthu, inter alia, mar aineolaithe, daoine a bhfuil leithleachas gairme ar bun acu agus soinicí, daoine nach breithiúna iad agus ar cheart iad a eisiamh ó na breithiúna, ag tagairt do chásdlí líomhnaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, gan aon líomhain shonrach a dhéanamh ina leith as a n-iompar, sula gceapfar iad mar bhreithiúna agus ina dhiaidh sin;
|
|
(e)
|
go dtacaíonn sé go poiblí le tograí le haghaidh athchóiriú ar an dlí náisiúnta arna ndéanamh agus arna dtíolacadh ag ionadaithe na n-údarás polaitiúil maidir le rialáil a dhéanamh amach anseo ar stádas na mbreithiúna arna gceapadh le rannpháirtíocht chomhairle na nbreithiúna a bhfuil a comhdhéanamh faoi dhíospóid, a mbeadh d’éifeacht acu na breithiúna go léir a bhaint de na dualgais ar ceapadh chucu iad i gcomhréir le nós imeachta a bhaineann leis an gcomhairle sin, contrártha le rialacha an dlí bhunreachtúil náisiúnta, agus, ina theannta sin, imeachtaí araíonachta a thionscnamh lena n-eisiamh ó ghairm an bhreithimh as páirt a ghlacadh sa nós imeachta ardaithe céime sin;
|
|
(f)
|
ag baint tairbhí éagsúla as athrú cumhachta polaitiúla, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhlachtaí atá ag brath ar an gcumhacht sin;
|
|
(g)
|
go bhfaigheann sé, mar dhuine atá ag gníomhú mar uachtarán ar chúirt náisiúnta céime deiridh (an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)), gan aon nós imeachta dá bhforáiltear le dlí, ionadaithe ó údarás polaitiúil chun imeachtaí a thionscnamh os comhair an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach) i gcás ar leith ina bhfuil leas ag an údarás sin, a tharlaíonn, go háirithe, de shárú ar rialacha infheidhme an dlí náisiúnta maidir leis an ord ina dtugtar na cásanna os comhair na cúirte sin agus a dlínse;
|
|
(h)
|
go ndiúltaíonn sé, mar dhuine atá ag gníomhú mar uachtarán ar chúirt náisiúnta céime deiridh (an Sąd Najwyższy (an Chúirt Uachtarach)), ar dhul in éag a théarma oifige, tionól breithiúnach a thionól chun comharba a thoghadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, sa phost sin, ag cur i gcoinne na dlisteanachta a bhaineann le páirt a ghlacadh i dtionól breithiúna den sórt sin a bhfuil agóid á déanamh aige maidir lena stádas, ag brath ar an ngéarghá atá ann iad a eisiamh ón gcóras breithiúnach agus, ar an gcaoi sin, an smacht reachta a athbhunú?
|
|
|