|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1393 |
10.3.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 16 Eanáir 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo – an Spáinn – Banco Santander SA, comharba ar Banco Banif SA v Asociación de Consumidores y Usuarios de Servicios Generales–Auge, thar ceann a chomhpháirtithe Andrea y Alberto
(Cás C-346/23 (1) , Banco Santander SA (Ionadaíocht tomhaltóirí aonair)
(Tarchur chun réamhrialú - Margaí in ionstraimí airgeadais - Treoir 2004/39/CE - Airteagal 52(2) - Caingean ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí - Eagraíochtaí tomhaltóirí a bhfuil leas dlisteanach acu i dtomhaltóirí a chosaint - Locus standi d’fhonn leasanna aonair a gcomhaltaí a chosaint - Locus standi a chailleadh i gcás infheistíochtaí i dtáirgí airgeadais d’ard-acmhainn airgeadais - Díolúine ó chostais dhlíthiúla agus ón oibleagáid na costais arna dtabhú ag an bpáirtí freasúra a íoc - Neamhspleáchas ó thaobh nósanna imeachta de - Prionsabal na héifeachtachta)
(C/2025/1393)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunal Supremo
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Banco Santander SA, comharba ar Banco Banif SA
Cosantóir: Asociación de Consumidores y Usuarios de Servicios Generales–Auge, thar ceann a chomhpháirtithe Andrea y Alberto
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 52(2) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, lena leasaítear Treoracha 85/611/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle,
ní mór léiriú a dhéanamh mar a leanas:
|
— |
cuirtear bac leis ar chásdlí náisiúnta, i gcás inar thug an Ballstát lena mbaineann locus standi d’eagraíochtaí tomhaltóirí chun imeachtaí a thionscnamh d’fhonn leasanna aonair iolracht a gcomhaltaí a chosaint, lena bhforáiltear do locus standi den chineál sin faoi réir srianta a bhaineann le hacmhainneacht airgeadais na gcomhaltaí sin, luach eacnamaíoch agus cineál na dtáirgí airgeadais inar infheistigh na comhaltaí sin agus castacht na dtáirgí sin; |
|
— |
ní chuirtear cosc leis, i bprionsabal, critéir den sórt sin a chur san áireamh chun a chinneadh an dtairbhíonn na heagraíochtaí sin de chúnamh dlíthiúil. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1393/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)