|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1385 |
6.3.2025 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas ar leasú caighdeánach ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(C/2025/1385)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
‘Puisseguin Saint-Emilion’
PDO-FR-A0992-AM05
Dáta na teachtaireachta: 9 Nollaig 2024
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA LEIS
1. Cód Geografach Oifigiúil
Cuireadh isteach tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2022 i ndáil leis an limistéar geografach agus an limistéar díreach in aice láimhe.
Is athrú eagarthóireachta amháin é sin agus ní athraíonn sé an limistéar geografach.
Leasaíodh pointí 6 ‘Limistéar geografach críochaithe’ agus 9 ‘Coinníollacha fíor-riachtanacha eile (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)’ den doiciméad aonair i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge.
2. Bainistiú fíonghort
Cuireadh isteach oibleagáid ar fheirmeacha deimhniúchán feirmeoireachta orgánaí nó deimhniúchán comhshaoil leibhéal 2 ar a laghad a bheith acu faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
3. Forálacha agra-chomhshaoil
Cuireadh roinnt forálacha comhshaoil isteach:
|
— |
Ní mór fíniúnacha marbha a bhaint de na dáileachtaí. Ní fhéadfar aon fhíniúin mharbh a choinneáil ar na dáileachtaí. |
|
— |
Toirmisctear rialú iomlán ceimiceach fiailí ar dháileachtaí. |
|
— |
Ní mór do gach fíonsaothraí a n-innéacs minicíochta cóireála a ríomh agus a thaifeadadh. |
Is é is aidhm do na leasuithe sin aird níos fearr a thabhairt ar an gcomhshaol agus ar éilimh ghinearálta ar níos lú úsáide a bhaint as táirgí cosanta plandaí.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
4. Buaint
Scriosadh an fhoráil maidir leis an mbuaint a shórtáil ar chúiseanna a bhaineann le hinfheidhmitheacht na seiceála.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
5. Cúrsaíocht idir trádstórais údaraithe
Scriosadh pointe IX(5)(b) de Chaibidil I maidir le dáta theacht i gcúrsaíocht na bhfíonta idir trádstórais údaraithe.
Ní gá aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
6. Bearta idirthréimhseacha
Scriosadh bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
7. Coimeád taifead
Ní gá taifead blaiste a choimeád a thuilleadh.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
8. Tábla na bpríomhphointí atá le seiceáil
Leasaíodh an pointe maidir le haibíocht na bhfíonchaor a sheiceáil, rud a chiallaíonn nach gá ach na taifid a fhíorú.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
9. Tagairt don chomhlacht cigireachta
Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta chun í a ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.
Ní gá aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm (nó ainmneacha)
Puisseguin Saint-Emilion
2. Cineál an táisc gheografaigh
ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
3.1. Cód Ainmníochta Comhcheangailte
|
— |
22 – DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR 2204 - Fíon ó fhíonchaora úra, lena n-áirítear fíonta treisithe; úrfhíon fíonchaor seachas é sin atá faoi cheannteideal 2009 |
4. Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Is fíonta dearga láidre cruinne iad sin, ó fhíonchaora Merlot N go príomha, le dath domhain agus dea-bholaithe diana de thorthaí dearga a éiríonn níos casta le haosú. Uaireanta tugann aosú i mbairillí, a chleachtar go minic, blasanna fanaile agus rósta amach a shaibhríonn pailéad agus struchtúr aramatach na bhfíonta. Tá neart alcóil nádúrtha íosta 11 % de réir toirte ag na fíonta; neart alcóil iomlán de réir toirte tar éis saibhrithe de 13,5 %; cion aigéid mhalaigh nach mó ná 0.30 g/l; agus méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) nach mó ná 3 g/l.
Comhlíonann na saintréithe anailíseacha na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair.
Saintréithe anailíseacha ginearálta
|
— |
Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte) — |
|
— |
Aigéadacht iomlán íosta i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
— |
Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) 13.26 |
|
— |
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir) 140 |
5. Cleachtais fhíoneolaíocha
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Saibhriú
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
|
— |
Ceadaítear teicnící laghdúcháin saibhrithe suas le ráta tiúchana 15 %. |
|
— |
Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13,5 %. |
2. Treorú na bhfíniúnacha
An modh saothraithe
Is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandaithe íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart an spásáil idir na sraitheanna fíniúna a bheith níos mó ná 2 mhéadar, agus ní mór an spásáil idir plandaí sa tsraith chéanna a bheith 0.50 méadar ar a laghad.
Tá an phrúnáil sainordaitheach. Déantar í ag céim na nduilleog neamhfhillte (céim 9 Lorenz) ar a dhéanaí.
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil trí úsáid a bhaint as na teicnící seo a leanas arb é is aidhm dóibh fás a leathadh ar phlean treilísithe aonair le haerú leordhóthanach, agus an líon triopall a theorannú freisin:
|
— |
Guyot singil nó dúbailte; |
|
— |
prúnáil spoir (prúnáil Royat nó prúnáil fean); |
|
— |
prúnáil chána. |
Tá 12 bhachlóg ar a mhéad ar gach planda.
Ní fhéadfaidh na cánaí forluí i gcás ar bith.
Uisciú
Ní cheadaítear uisciú le linn shéasúr fáis na bhfíniúnacha ach amháin i gcásanna triomaigh leanúnaigh agus má tá triomach ag cur isteach ar fhorbairt fhiseolaíoch fhónta na bhfíniúnacha agus ar aibiú na bhfíonchaor.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Fíon dearg 65 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus déantar, forbraítear agus aosaítear na fíonta sa chuid de bhardas Puisseguin (bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2022), roinn Gironde, a chomhfhreagraíonn dá chríoch sular cumascadh é le bardas Monbadon an 1 Eanáir 1989 (de réir ord maorachta an 10 Samhain 1988).
7. Cineálacha fíonchaor
|
|
Cabernet Franc N |
|
|
Cabernet Sauvignon N |
|
|
Cot N – Malbec |
|
|
Merlot N |
8. Tuairisc ar na naisc:
Tá limistéar geografach AOC ‘Puisseguin Saint-Emilion’ lonnaithe laistigh de bhardas Puisseguin, teoranta don chuid a bhí ina críoch sular cumascadh é le Monbadon in 1989. Tá sé suite in oirthuaisceart roinn Gironde, 48 gciliméadar thoir ó thuaidh ó Bordeaux agus 10 gciliméadar thoir ó thuaidh ó Saint-Emilion, i limistéar fíonsaothrúcháin Libourne.
Tá ithreacha aolchloiche agus cré-aolchloiche den chuid is mó i ndáileachtaí fíonsaothrúcháin ‘Puisseguin Saint-Emilion’, ag cumar an Isle agus an Dordogne.
Agus é ar theorainn an Atlantaigh, tá aeráid mhuirí mheasartha ag réigiún Gironde le héagsúlachtaí measartha teochta, rud a fhágann go bhfuil sé oiriúnach don fhíonsaothrúchán. Sa limistéar geografach, atá lonnaithe in oirthuaisceart Gironde, bíonn na teochtaí níos airde sa samhradh agus san fhómhar mar gheall ar thionchair ilchríochacha, rud atá fabhrach d’aibiú na bhfíonchaor. Ní féidir an aeráid mhuirí a thuar le tréimhsí báistí agus brú íseal san fhómhar nó, os a choinne sin, séasúir dhéanacha theo agus an-ghrianmhar, ag brath ar an mbliain. Cruthaíonn sé sin ‘éifeacht na bliana fíona’ suntasach.
Tá an talamh seo an-oiriúnach don chineál fíonchaor Merlot N. Is mór aige go háirithe na hithreacha fuara, taise cré, áit ina n-aibíonn sé go maith.
Fástar na cineálacha eile ar ithreacha atá beagán níos teo, gainmheach-gairbhéalach nó gainmheach-créúil, nó ar ithreacha cré-aolchloiche dea-nochta.
Tá aeráid mhuirí an limistéir, a théann i dtreo na mór-roinne (samhraí teo, fómhair fhada agus shéimhe, geimhrí séimhe agus tirime go ginearálta), fabhrach d’aibiú mall na bhfíonchaor.
Cuimsíonn an limistéar dáileachta críochaithe dáileachtaí ag a bhfuil draenáil mhaith, mar gheall ar uigeacht na n-ithreacha nó mar gheall ar a suíomh ar bharr cnoic nó fána. Eisiatar ón limistéar fíonsaothrúcháin dáileachtaí ina bhfuil ithreacha hidreamorfacha den chuid is mó, nó ithreacha aolchloiche agus siolta atá neamhscagach ar dhoimhneacht éadomhain. Is amhlaidh an cás maidir le dáileachtaí ar urlár an ghleanna ina bhfuil ithreacha a léiríonn comharthaí hidreamorfacha atá nochta do riosca shioc an earraigh.
Áirithítear leis na dáileachtaí a shainítear go beacht an fhorbairt is fearr is féidir ar na cineálacha fíniúna áitiúla a roghnaíodh le himeacht ama le haghaidh a gcáilíochtaí coinneála agus aosaithe, rud a fhágann gur féidir na fíonta a iompar thar achair fhada.
Chun buaint leordhóthanach a áirithiú, tá an dlús plandaithe ard, ach gan na fíniúnacha a ró-ualú ar ithreacha a bhfuil cáil orthu mar gheall ar a n-acmhainneacht táirgeachta. Áirithítear leis sin an aibíocht is fearr agus díreach an tiúchan ceart caor. Áirithítear le treilísiú ginearálaithe, in éineacht le prúnáil dhocht agus toirmeasc ar chánaí forluiteacha, buaint fíonchaor dea-dháilte agus ceannbhrat leordhóthanach le haghaidh fótaisintéise, rud a chuidíonn leis na fíonchaora aibiú.
Chun buaint shláintiúil a áirithiú, ní mór deireadh a chur le haon toradh nach bhfuil aibí, nó atá millte nó galraithe trí shórtáil.
Déantar na fíonta a aosú go dtí earrach na bliana tar éis na buainte ar a laghad. Tá gá leis sin chun cáilíochtaí an fhíona a chobhsú, a bheachtú agus a fheabhsú sula gcuirtear ar an margadh é agus sula ndíoltar leis an tomhaltóir é.
Is fíonta dearga láidre cruinne iad fíonta leis an ainmniúchán ‘Puisseguin Saint-Emilion’, ó fhíonchaora Merlot N go príomha, le dath domhain agus dea-bholaithe diana de thorthaí dearga a éiríonn níos casta le haosú.
I gcumaisc, cuireann cineálacha Cabernet Franc N agus Cabernet Sauvignon N úire agus struchtúr leo, rud a fheabhsaíonn acmhainneacht aosaithe agus castacht aramatach na bhfíonta.
Is coitianta é an t-aosú i mbairillí a thugann blasanna fanaile agus blasanna rósta amach uaireanta a shaibhríonn pailéad agus struchtúr aramatach na bhfíonta.
9. Coinníollacha fíor-riachtanacha breise (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Móraonad geografach
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Féadfaidh fíonta AOC ‘Puisseguin Saint-Emilion’ an móraonad geografach ‘Vin de Bordeaux’ nó ‘Grand Vin de Bordeaux’ a shonrú ar a lipéid. Méid na litreacha le haghaidh an mhóraonaid gheografaigh, ní fhéadfaidh sé a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an ainmniúcháin tionscnaimh cláraithe.
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise:
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir leis na fíonta a dhéanamh, a fhorbairt agus a aibiú, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas i roinn Gironde, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil an 1 Eanáir 2022: Abzac, Les Artigues-de-Lussac, Castillon-la-Bataille, Lalande-de-Pomerol, Lussac, Montagne, Néac, Petit-Palais-et-Cornemps, Pomerol, Saint-Cibard, Saint-Christophe-des-Bardes, Saint-Emilion, Saint-Etienne-de-Lisse, Saint-Genès-de-Castillon, Saint-Hippolyte, Saint-Laurent-des-Combes, Saint-Médard-de-Guizières, Saint-Pey-d’Armens, Saint-Philippe-d’Aiguille, Saint-Suice-de-Faleyrens, Tayac agus Vignonet, agus cuid de chríoch bhardais Puisseguin (teoranta don limistéar a chomhdhéanann a chríoch sular cumascadh é le bardas Monbadon an 1 Eanáir 1989) agus Libourne (teoranta don limistéar ó dheas ó shruth Capelle agus a shíneadh suas go dtí mionbhealach 28, chomh fada le hiarnród Dordogne agus Bordeaux-Bergerac).
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1385/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)