|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1372 |
27.2.2025 |
Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus táirgí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún
(C/2025/1372)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS AR LEASÚ CAIGHDEÁNACH A CHUR IN IÚL
(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)
‘Scottish Farmed Salmon’
Uimh. CE: PGI-GB-0141-AM02 – 10 Nollaig 2024
TGFC (X) ATFC ()
1. Ainm an táirge
Scottish Farmed Salmon
2. An tríú tír ar léi an limistéar geografach
An Ríocht Aontaithe
3. Údarás náisiúnta nó grúpa iarrthach a bhfuil an leasú caighdeánach á chur in iúl aige
Ainm: Salmon Scotland Ltd (SC152347)
Teagmháil: Dr Iain Berrill
Seoladh Ríomhphoist: iain@salmonscotland.co.uk
Seoladh: Floor 3, Venue Studios, 21 Calton Road, Edinburgh, EH8 8DL
Teileafón: +44 091312026621
Seoladh Ríomhphoist: enquiries@salmonscotland.co.uk
4. Tuairisc ar an leasú (nó ar na leasuithe) formheasta
Tagann na leasuithe sin faoin sainmhíniú ar leasú caighdeánach dá bhforáiltear in Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Níl athrú ar an ainm i gceist leo, níl an baol ann go gcuirfear an nasc ar neamhní ná go gcuirfear tuilleadh srianta margaíochta ar an táirge.
|
a) |
Tagairtí do ‘gnásúil’ agus ‘orgánach’ chomh maith le ‘gnáth-thástáil’ (sonraíocht táirge) a bhaint |
|
b) |
An focal ‘thiar’ a bhaint ag tús an téacs seo a leanas - Réigiún cósta thiar mhórthír na hAlban... (sonraíocht táirge agus doiciméad aonair) |
|
c) |
San abairt seo a leanas – ‘Go deimhin, sa lá atá inniu ann tá os cionn 4 000 duine fostaithe go díreach i dtáirgeadh Bhradán na hAlban, sa phróiseas tógála (gorlanna éisc agus feirmeacha fáis )’ an focal ‘fáis’ a chur isteach. (sonraíocht táirge agus doiciméad aonair) |
|
d) |
An roinn ‘Bradán Orgánach Feirmeoireachta’ a bhaint. Céimeanna beatha an bhradáin a shoiléiriú ó ubháin go buaint. (Sonraíocht táirge) |
|
e) |
Ceartúcháin ghinearálta ghramadaí agus theicniúla. (sonraíocht táirge agus doiciméad aonair) |
DOICIMÉAD AONAIR
‘Scottish Farmed Salmon’
Uimh. CE: PGI-GB-0141-AM02 – 10 Nollaig 2024
TGFC (X) ATFC ()
1. Ainm (nó ainmneacha) an táirge
Scottish Farmed Salmon
2. Tír
An Bhreatain Mhór
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó táirge bia
3.1. Cineál an táirge (mar atá in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún)
Aicme 1.7 Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe
3.2. Tuairisc ar an táirge
Ní mór Scottish Farmed Salmon a bheith tipiciúil don speiceas, Salmo salar (bradán Atlantach). Bíonn cruth comhsheasmhach ar Scottish Farmed Salmon. Ní mór cruth coirp tairr cruinn a bheith ar an iasc nuair a bhreathnaítear air go cliathánach agus níor cheart go léireodh córas matánach bhalla an choirp aon chlaonadh mór titim nuair a dhéantar an conablach a ghoiliú. Tá cuma dhathlonrach ar Scottish Farmed Salmon agus tá dath airgid air. Ní mór déine íosta 26 ar scála SalmoFan™ a bheith ag dath na feola. Tá feoil Scottish Farmed Salmon teann le huigeacht atá snáithíneach ach mín agus cothrom. Tá blas comhsheasmhach ar Scottish Farmed Salmon go príomha mar gheall ar fhuarú tapa tar éis na buainte.
Le cleachtais phróiseála, ní mór foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht a dhéanamh ar shamplaí de Scottish Farmed Salmon de réir critéir bhaictéareolaíocha shainithe chun a áirithiú, ar an iomlán, go bhfuil nósanna imeachta sláinteachais éifeachtach, agus go bhfuil cáilíocht mhicribhitheolaíoch na dtáirgí á coinneáil ar bun ar leibhéal sásúil.
3.3. Beatha (i gcás táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)
–
3.4. Céimeanna sonracha táirgthe nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Is féidir an próiseas táirgthe a roinnt ina chéimeanna éagsúla, agus ní mór bradán a fhás sa limistéar geografach sainithe. Is éard atá i gceist leis an gcéad chéim ná an t-iasc a thógáil ó ubháin go dtí céim na mbrainlíní agus déantar é sin uile laistigh de thimpeallacht fionnuisce. Ag céim na mbrainlíní, aistrítear an t-iasc go locaí farraige i lochanna agus góilíní timpeall chósta na hAlban ar feadh tréimhse suas le 2 bhliain. Cothaítear an bradán ar chandaim chumaisc a bhféadfadh min éisc, ola éisc agus ciseán de chomhábhair eile a bheith san áireamh iontu chun a áirithiú go soláthraítear a riachtanais chothaitheacha uile.
Baineann an chéim dheiridh le buaint dhaonnachtúil na mbradán trí úsáid a bhaint as modhanna lena n-áirithítear go ndéantar iad a stiúdadh go tapa agus a fhuiliú ansin. Áirithítear leis sin ardcháilíocht feola, agus tá prótacail láidre sláinteachais mar bhonn taca leis an bpróiseas. Ansin déantar iad a ghlanadh a luaithe is féidir agus a thabhairt síos go teocht phacáistithe 0-2 °C sula ndéantar iad a phacáil i mboscaí/coimeádáin bhiaghráid chun an táirge a chosaint le linn láimhseála, stórála agus idirthurais agus déantar an phacáil uile i gcomhréir le prótacail dhiana lena rialaítear rialuithe teochta, caighdeáin sláinteachais agus grádú táirgí. Déantar an bradán a stóráil agus a dháileadh ar an tomhaltóir i gcomhréir le dianchaighdeáin sláinteachais, lena n-áirítear rialú teochta idir 0-2 °C.
Forfheidhmíonn cigirí neamhspleácha cáilíocht Scottish Farmed Salmon go dian. Déantar seiceálacha mionsonraithe go minic ar fheirmeacha agus stáisiúin phacála.
3.5. Rialacha sonracha maidir le sliseadh, grátáil, pacáistiú, etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
–
3.6. Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Maidir le raon iomlán tháirgí, chuir i láthair agus mhiasa Scottish Farmed Salmon lena n-áirítear iad atá reoite, deataithe, béilí réamhullmhaithe, mús bradán agus pâté bradán, ceadaítear an t-ainmniúchán sin a bheith orthu agus an áit mhonaraíochta a lua go héigeantach ar a lipéad mar aon leis an tagairt don phróiseas monaraíochta. Féadfaidh Scottish Farmed Salmon, nach gcuirtear i láthair mar tháirge chomhábhar aonair, úr, fuaraithe don tomhaltóir (agus nach raibh reoite roimhe sin), féadfaidh sé tairbhiú den ainmniúchán réamhluaite ach ní mór ‘Déanta le Scottish Farmed Salmon’, ‘Déanta agus Scottish Farmed Salmon á úsáid’, ‘Tá Scottish Farmed Salmon ann’ a lua nó Scottish Farmed Salmon a liostú mar chomhábhar ar phacáistíocht táirgí, de réir mar is iomchuí.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Réigiún cósta mhórthír na hAlban, na hOileáin Iartharacha, Inse Orc agus Shealtainn
5. Nasc leis an limistéar geografach
Fástar Scottish Farmed Salmon i dtimpeallacht mhuirí na hAlban. Is í céim bradáin an táirgthe (an chéim idir brainlín agus buaint), sa timpeallacht seo, atá mar bhonn taca ag an Tásc Geografach faoi Chosaint seo. Maidir le Scottish Farmed Salmon, soláthraíonn an limistéar táirgeachta ainmnithe timpeallacht uathúil a tháirgeann gnéithe a bhaineann go sonrach le Scottish Farmed Salmon. Áirítear orthu sin go háirithe:
|
— |
Rátaí arda insruthlaithe lochanna mara agus góilíní a sholáthraíonn sruthanna láidre a áirithíonn go mbíonn na bradáin ag snámh go leanúnach. Táirgeann sé sin, dá réir sin, an fheoil shainiúil a bhfuil uigeacht theann aici agus cuireann sé cosc ar dheascadh iomarcach saille. |
|
— |
Áirithítear le rátaí arda malartaithe uisce soláthar maith ocsaigine a mhéadaíonn ráta meitibileach an bhradáin agus a mbíonn tionchar tairbhiúil aige ar mhéid agus ar mheáchan an bhradáin. |
|
— |
Cuireann uisce ardcháilíocht aigéanach an Atlantaigh Thuaidh ar a chumas don bhradán fás go cothrom agus go cruth comhsheasmhach. |
|
— |
Mar gheall ar an luaineacht bheag i dteocht an uisce thar aon bhliain ar leith, is féidir an t-iasc a shaothrú i dtimpeallacht réasúnta cobhsaí, rud a tháirgeann blas agus uigeacht chothrom agus chomhsheasmhach gan aon ‘bhlas seachtrach’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1372/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)