|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1356 |
17.3.2025 |
P9_TA(2024)0096
Deimhniú forlíontach cosanta aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí (COM(2023)0221 – C9-0152/2023 – 2023/0126(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(C/2025/1356)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0221), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 118(2), an chéad mhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0152/2023), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0020/2024), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2023)0126
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 118 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá ról cinntitheach ag taighde fíteacógaisíochta maidir le feabhsú leanúnach na talmhaíochta. Ní leanfar de tháirgí cosanta plandaí, go háirithe na táirgí sin atá ann de thoradh ar taighde fada costasach, a fhorbairt san Aontas agus san Eoraip mura rud é go gcumhdaítear iad le rialacha fabhracha lena ndéantar foráil maidir le cosaint leordhóthanach chun taighde den sórt sin a spreagadh. |
|
(2) |
Mar gheall ar an tréimhse ama atá ann idir an tráth a gcomhdaítear iarratas ar phaitinn do tháirge cosanta plandaí nua agus an tráth a bhfaightear an t-údarú chun an táirge sin a chur ar an margadh, níl tréimhse na cosanta éifeachtaí faoin bpaitinn leordhóthanach chun an infheistíocht a dhéantar sa taighde a chumhdach. |
|
(2a) |
De bharr na staide sin bíonn easpa cosanta ann, rud a chuireann pionós ar thaighde cosanta plandaí agus ar iomaíochas na hearnála. [Leasú 1] |
|
(3) |
Ba cheart cosaint aonfhoirmeach paitinne agus cosaint aonfhoirmeach fhorlíontach laistigh den mhargadh inmheánach, nó cuid shuntasach de ar a laghad, a bheith i measc na n-ionstraimí dlí atá ar fáil do ghnóthais agraiceimiceacha chun a gcuid iomaíochais a fheabhsú. |
|
(4) |
Sa teachtaireacht uaidh an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais’ (3), chuir an Coimisiún i dtábhacht an gá atá le dul i ngleic leis an ilroinnt atá fós ann i gcóras maoine intleachtúla an Aontais. Sa Teachtaireacht sin, thug an Coimisiún dá aire nach bhfuil cosaint fhorlíontach ar fáil ach ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh táirgí íocshláinte agus táirgí cosanta plandaí. An tráth céanna, tá nós imeachta láraithe ann chun paitinní Eorpacha a dheonú. Ina theannta sin, tá an ‘phaitinn aonadach’ mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 (4) ag teacht i bhfeidhm an 1 Mheithimh 2023 le haghaidh na mBallstát go léir a bhfuil an Comhaontú maidir le Cúirt Aontaithe na bPaitinní daingnithe acu. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 cruthaíodh an fhéidearthacht chun foráil a dhéanamh maidir le paitinní aonadacha. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ní dhéantar foráil maidir le deimhniú forlíontach cosanta aonadach (‘deimhniú aonadach’). |
|
(6) |
In éagmais deimhniú aonadach, ní fhéadfaí paitinn aonadach a leathnú ach amháin trí iarratas a dhéanamh ar roinnt deimhnithe náisiúnta i ngach Ballstát ina bhfuil cosaint á lorg, lena gcuirtear cosc ar shealbhóir paitinne aonadaí cosaint aonadach a fháil le linn na tréimhse iomláine cosanta comhcheangailte a thugtar leis an bpaitinn aonadach sin agus ina dhiaidh sin leis na deimhnithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart deimhniú aonadach le haghaidh táirgí cosanta plandaí a chruthú, lena mbeifí in ann paitinn aonadach a leathnú ar bhealach aonadach. Ba cheart iarratas ar dheimhniú aonadach den sórt sin a dhéanamh ar bhonn paitinn bhunúsach aonadach agus bheadh na héifeachtaí dlíthiúla céanna aige agus atá ag deimhnithe náisiúnta i ngach Ballstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. Ba cheart gurb é a cháilíocht aonadach an phríomhghné a bhaineann le deimhniú aonadach den sórt sin. |
|
(7) |
Ba cheart cosaint aonfhoirmeach a sholáthar le deimhniú aonadach agus ba cheart éifeacht chomhionann a bheith aige i ngach Ballstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach ar a bhfuil sé ag brath, ach amháin i gcás ina gcuirtear an éifeacht ar fionraí go sealadach chun údaruithe margaíochta arna ndeonú ag amanna éagsúla a cheadú. Dá réir sin, níor cheart deimhniú aonadach a aistriú nó a chúlghairm, nó a dhul in éag, ach amháin i leith na mBallstát sin go léir. |
|
(8) |
Cuirtear Rialachán [COM(2023)0223] in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus in ionad áirítear ann forálacha nua lena mbunaítear nós imeachta láraithe chun scrúdú a dhéanamh ar dheimhnithe forlíontacha cosanta le haghaidh táirgí cosanta plandaí. |
|
(9) |
Ós rud é nach ndeachaigh Ballstáit áirithe isteach sa chóras um paitinní aonadacha go fóill, ba cheart deimhnithe arna ndeonú ag oifigí paitinní náisiúnta a bheith fós ar fáil. |
|
(10) |
Chun go seachnófaí idirdhealú idir iarratasóirí ar dheimhnithe faoi Rialachán [COM(2023)0223] agus ar dheimhnithe aonadacha faoin Rialachán seo, agus chun saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha substainteacha céanna, maille le hoiriúnuithe iomchuí, ar dheimhnithe faoi Rialachán [COM(2023)0223] agus ar dheimhnithe aonadacha, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le deimhniú a dheonú, chomh maith le ré agus éifeachtaí deimhnithe. |
|
(11) |
Go háirithe, ba cheart ré an deimhnithe a dheonaítear le deimhniú aonadach a bheith comhionann leis an ré dá bhforáiltear a mhéid a bhaineann le deimhnithe faoi Rialachán [COM(2023)0223]; mar atá, ba cheart sealbhóir paitinne aonadaí agus deimhnithe aonadaigh araon a bheith in ann uastréimhse fhoriomlán 15 bliana d’eisiachas a theachtadh ón tráth a bhfaightear údarú den chéad uair chun an táirge cosanta plandaí i dtrácht chun é a chur ar an margadh san Aontas. Ó tharla go dtiocfadh an deimhniú aonadach i bhfeidhm tráth éaga na paitinne bunúsaí, agus d’fhonn go gcuirfí san áireamh neamhréireachtaí sna cleachtais náisiúnta maidir le dáta éaga paitinne a bhféadfadh difríochtaí 1-lae a bheith mar thoradh orthu, ba cheart don Rialachán seo soiléiriú a thabhairt maidir le cathain go díreach ba cheart go dtiocfadh an chosaint a thugtar le deimhniú aonadach i bhfeidhm. |
|
(12) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) bunaíodh, faoi Airteagal 2, Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’). Ar mhaithe leis an margadh inmheánach, agus mar thoradh ar chineál uathrialach an deimhnithe aonadaigh, ba cheart d’údarás scrúdúcháin aonair a nós imeachta scrúdúcháin agus deonúcháin a chur i gcrích. Is féidir é sin a bhaint amach trí chúram a thabhairt don Oifig i dtaobh scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar dheimhnithe aonadacha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus Rialachán [COM(2023)0222] agus ar iarratais láraithe ar dheimhnithe faoi Rialacháin [COM(2023)0231] agus [COM(2023)0223]. |
|
(13) |
In éagmais údarú margaíochta láraithe, deonaítear údaruithe margaíochta ar an leibhéal náisiúnta. Dá réir sin, féadfaidh raon feidhme ábhairín difriúil a bheith ag údaruithe i mBallstáit éagsúla i leith táirge cosanta plandaí faoi leith. Mar sin féin, le deimhniú aonadach níor cheart cosaint a thabhairt don táirge cosanta plandaí sin ach amháin sa mhéid a chumhdaítear é go cuí leis na húdaruithe margaíochta a dheonaítear i ngach ceann de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. |
|
(14) |
Ó tharla go bhféadfaí údaruithe margaíochta i leith táirge cosanta plandaí faoi leith a dheonú ar dhátaí éagsúla i mBallstáit éagsúla, bheadh sé dodhéanta, i mórán cásanna, deimhniú aonadach a dheonú le haghaidh táirge cosanta plandaí faoi leith, i gcás ina gceanglófaí nach mór údaruithe a bheith deonaithe i ngach Ballstát ábhartha – i.e. iad siúd ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach – faoin tráth a comhdaíodh an t-iarratas. Ba cheart, dá bhrí sin, a cheadú d’iarratasóir iarratas a chomhdú ar dheimhniú aonadach i gcás ina ndearnadh iarratas ar údaruithe margaíochta i ngach Ballstát ábhartha, ar choinníoll go ndeonaítear údaruithe den sórt sin roimh dheireadh an phróisis scrúdúcháin – rud nár cheart, ar an gcúis sin, a chur i gcrích níos luaithe ná 18 mí ó chomhdú an iarratais. I gcás nár deonaíodh aon údarú i mBallstát ábhartha roimh chur i gcrích an scrúdúcháin, níor cheart aon éifeacht a bheith ag an deimhniú aonadach i leith an Bhallstáit sin go dtí go ndeonófar údarú bailí sa Bhallstát sin. Ba cheart an éifeacht fionraíochta sin a bhaint, áfach, i gcás ina ndeonófar údarú ar feitheamh tar éis an deimhniú aonadach a dheonú ach – chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú – roimh dhul in éag don phaitinn bhunúsach, tar éis iarraidh chuige sin a fháil ó shealbhóir an deimhnithe aonadaigh, faoi réir fhíorú an iarrata sin ag an Oifig. |
|
(15) |
Ba cheart cead a bheith ag iarratasóir freisin ‘iarratas comhcheangailte’ a thaisceadh lena n-áireofaí freisin ainmniú Ballstát, seachas na Ballstáit sin ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, agus ina ndéanfaí deimhnithe náisiúnta a dheonú de réir mar a leagtar amach i Rialachán [COM(2023)0223]. Ba cheart iarratas comhcheangailte den sórt sin a chur faoi réir nós imeachta scrúdúcháin aonair. |
|
(16) |
I gcás den sórt sin, ba cheart cosaint dhúbailte ó dheimhniú aonadach agus ó dheimhniú náisiúnta araon – cibé acu ar bhonn iarratas náisiúnta nó ar bhonn iarratas láraithe a fuarthas iad – a eisiamh in aon Bhallstát. |
|
(17) |
Ba cheart a áireamh go mbeadh sé ar cheann de na coinníollacha maidir le deimhniú a dheonú gur cheart go mbeadh an táirge cosanta a chosaint leis an bpaitinn bhunúsach, sa chiall gur cheart go dtiocfadh an táirge faoi raon feidhme éilimh amháin nó níos mó de chuid na paitinne sin, arna léiriú ag an duine atá oilte san ealaín de réir i bhfianaise thuairisc agus líníochtaí na paitinne, ar bhonn eolas ginearálta an duine sin sa réimse ábhartha agus ar bhonn na húrscothachta ar an dáta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta na paitinne ar a dháta comhdaithe bunúsaí . Ní gá gur cheart go gceanglófaí leis sin go sainaithneofaí substaint ghníomhach an táirge go sainráite sna héilimh. nó, i gcás ullmhóide, ní gá gur cheart go gceanglófaí leis sin go n-aithneofaí sainaithneofaí gach ceann dá shubstaintí gníomhacha go sainráite sna héilimh, ar choinníoll go bhfuil gach ceann acu inaitheanta substaint ghníomhach in-sainaitheanta go sonrach i bhfianaise na faisnéise go léir uile a nochtar leis an bpaitinn sin ar bhonn na húrscothachta ar dháta comhdaithe nó ar dháta tosaíochta na paitinne bunúsaí . [Leasú 2] |
|
(18) |
Chun róchosaint a sheachaint, ba cheart a fhoráil nach bhfeadfar bhféadfar cosaint a thabhairt don táirge céanna i mBallstát ach le haon deimhniú amháin, cibé acu náisiúnta nó aonadach. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal nár cheart go mbeadh an táirge, ná aon díorthach amhail salainn, eistir, éitir, isiméirí, meascáin d’isiméirí, nó coimpléascaigh, atá coibhéiseach leis an táirge ó thaobh na fíteashláintíochta de, tar éis a bheith ina n-ábhar deimhnithe cheana féin, cibé acu ina n-aonar nó in éineacht le comhábhar gníomhach breise amháin nó níos mó, agus cibé acu le haghaidh na feidhme céanna nó le haghaidh ceann eile. [Leasú 3] |
|
(19) |
Laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach, níor cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a thugtar le deimhniú aonadach ach amháin maidir leis an táirge, is é sin an tsubstaint ghníomhach nó teaglamaí den chéanna, a chumhdaítear leis an údarú chun an táirge a chur ar an margadh agus maidir le haon úsáid a bhaintear as an táirge mar tháirge cosanta plandaí, ar úsáid í a bheidh údaraithe sula dtéann an deimhniú aonadach in éag. |
|
(20) |
Chun cosaint chothrom a áirithiú, áfach, le deimhniú aonadach ba cheart go mbeadh a shealbhóir i dteideal cosc a chur ar thríú páirtí monarú a dhéanamh ní hamháin ar an táirge a shainaithnítear sa deimhniú aonadach ach díorthaigh den táirge sin freisin, amhail salainn, eistir, éitir, isiméirí, meascáin d’isiméirí, nó coimpléascaigh, atá coibhéiseach leis an táirge ó thaobh na fíteashláintíochta de, fiú i gcás nach luaitear na díorthaigh sin go sainráite sa tuairisc ar an táirge sa deimhniú aonadach. Dá bhrí sin, is gá a mheas go mbaineann an chosaint a thugtar leis an deimhniú aonadach le díorthaigh choibhéiseacha den sórt sin, laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach. |
|
(21) |
Mar bheart breise chun a áirithiú nach bhféadfaidh níos mó ná deimhniú amháin an táirge céanna a chosaint in aon Bhallstát, níor cheart níos mó ná deimhniú amháin don táirge sin a dheonú don sealbhóir ar níos mó ná paitinn amháin don táirge céanna. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil dhá phaitinn lena gcosnaítear an táirge i seilbh beirt shealbhóirí, ba cheart go gceadófaí deimhniú amháin don táirge sin a dheonú do gach duine de na sealbhóirí sin, i gcás inar féidir leo a léiriú nach bhfuil siad nasctha go heacnamaíoch. Thairis sin, níor cheart aon deimhniú a dheonú do dhílseánach paitinne bunúsaí i leith táirge is ábhar d’údarú atá i seilbh tríú páirtí, gan toiliú an pháirtí sin. |
|
(22) |
A mhéid a bhaineann le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí, i ndáil leis an gcoinníoll maidir le deonú a bhaineann leis an údarú a bheith ar an gcéad cheann, ba cheart é a chomhlíonadh ar bhonn tír ar thír. |
|
(23) |
Chun ailíniú a áirithiú leis na rialacha is infheidhme maidir le paitinní aonadacha, ba cheart déileáil le deimhniú aonadach mar réad maoine, ina iomláine agus i ngach Ballstát ina bhfuil éifeacht aige, mar dheimhniú náisiúnta de chuid an Bhallstáit arna chinneadh i gcomhréir leis an dlí a bhfuil feidhm aige maidir leis an bpaitinn bhunúsach. |
|
(24) |
Chun próiseas cothrom trédhearcach a ráthú, chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun laghdú a chur ar an riosca go mbeidh dúshláin bhailíochta ann ina dhiaidh sin, ba cheart deis a bheith ag tríú páirtithe, tar éis an t-iarratas ar dheimhniú aonadach a bheith foilsithe, barúlacha a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de 3 mhí le linn an scrúdú láraithe a bheith ar siúl. Ba cheart Ballstáit a áireamh freisin ar na tríú páirtithe sin a gceadaítear dóibh barúlacha a chur isteach. Níor cheart go ndéanfadh sé sin difear, áfach, do chearta tríú páirtithe chun imeachtaí neamhbhailíochta a thionscnamhos comhair na hOifige. Tá gá leis na forálacha sin chun rannpháirtíocht tríú páirtithe a áirithiú roimh dheonú na ndeimhnithe agus ina dhiaidh. |
|
(25) |
Ba cheart do phainéal scrúdúcháin, ar a áireofaí comhalta amháin den Oifig chomh maith le beirt scrúdaitheoirí atá fostaithe ag na hoifigí paitinne náisiúnta, an scrúdú ar iarratas ar dheimhniú aonadach a dhéanamh, faoi mhaoirseacht na hOifige. Ar an gcaoi sin d’áiritheofaí go mbainfí an leas is fearr as saineolas i gcúrsaí deimhnithe forlíontacha cosanta agus i gcúrsaí paitinní gaolmhara , saineolas nach bhfuil le fáil ach amháin sna hoifigí náisiúnta sa lá atá inniu ann. Chun cáilíocht optamach an scrúdaithe a áirithiú, ba cheart don Oifig agus do na húdaráis náisiúnta inniúla a áirithiú go bhfuil an saineolas ábhartha agus taithí leordhóthanach ag scrúdaitheoirí ainmnithe ar mheasúnú a dhéanamh ar dheimhnithe forlíontacha cosanta. Ba cheart critéir oiriúnacha bhreise a leagan síos maidir le rannpháirtíocht scrúdaitheoirí sonracha sa nós imeachta, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíochtaí agus coinbhleachtaí leasa. [Leasú 4] |
|
(26) |
Ba cheart don Oifig an t-iarratas ar dheimhniú aonadach a scrúdú agus tuairim scrúdúcháin a eisiúint. Sa tuairim sin ba cheart lua a dhéanamh ar na cúiseanna a bhfuil sí dearfach nó diúltach. |
|
(27) |
Chun cearta nós imeachta tríú páirtithe a choimirciú agus chun córas iomlán leigheasanna a áirithiú, ba cheart do thríú páirtithe a bheith in ann agóid a dhéanamh i gcoinne tuairim scrúdúcháin, trí imeachtaí freasúra a thionscnamh laistigh de thréimhse ghearr tar éis fhoilsiú na tuairime sin, agus d’fhéadfadh leasú na tuairime sin a bheith mar thoradh ar an bhfreasúra sin. |
|
(28) |
Tar éis an scrúdú ar iarratas ar dheimhniú aonadach a chur i gcrích, agus tar éis do na teorainneacha ama le haghaidh achomhairc agus freasúra dul in éag, nó, i gcás inarb iomchuí, tar éis cinneadh críochnaitheach ar bhonn na bhfiúntas a bheith eisithe, ba cheart don Oifig an tuairim scrúdúcháin a chur chun feidhme gan moill mhíchuí trí dheimhniú aonadach a dheonú nó tríd an t-iarratas a dhiúltú, de réir mar is infheidhme. [Leasú 5] |
|
(29) |
Chun cearta nós imeachta a choimirciú agus córas iomlán leigheasanna a áirithiú, i gcás ina ndéanfar ndéantar difear díobhálach don iarratasóir nó do pháirtí eile le cinneadh ón Oifig, ba cheart é a bheith go mbeadh sé de cheart ag an iarratasóir nó ag an bpáirtí sin, faoi réir táille, achomharc i gcoinne an chinnidh a chomhdú laistigh de 2 mhí , os comhair Bord Bhord Achomhairc de chuid na hOifige. Baineann sé sin freisin leis an tuairim scrúdúcháin, rud ar ina choinne a d’fhéadfadh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh. Ba cheart cinntí ón mBord Achomhairc sin, ina dhiaidh sin, a bheith faoi réir ag caingne os comhair na Cúirte Ginearálta, cúirt a bhfuil dlínse aici an cinneadh a bhfuiltear ag cur ina aghaidh a chur ar neamhní nó a athrú. I gcás iarratas comhcheangailte lena n-áirítear ainmniú Ballstát d’fhonn deimhnithe náisiúnta a dheonú, féadfar achomharc coiteann a chomhdú. [Leasú 6] |
|
(30) |
Agus comhaltaí na mBord Achomhairc á gceapadh in ábhair a bhaineann le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha, ba cheart a gcuid taithí saineolas ábhartha, a neamhspleáchas agus a dtaithí leordhóthanach roimhe sin ar dheimhniú forlíontach i gcúrsaí deimhnithe forlíontacha cosanta nó ar ábhair phaitinne agus i gcúrsaí paitinní a chur san áireamh. [Leasú 7] |
|
(31) |
Féadfaidh aon duine agóid a dhéanamh i gcoinne bailíocht deimhnithe aonadaigh trí iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a thaisceadh leis an Oifig. |
|
(32) |
Ba cheart deis a bheith ag an Oifig táille a ghearradh ar an iarratas ar dheimhniú aonadach, chomh maith le táillí nós imeachta eile amhail iad siúd le haghaidh freasúraí, achomharc agus neamhbhailíochta. Ba cheart na táillí a ghearrann an Oifig a leagan síos le gníomh cur chun feidhme. |
|
(33) |
Ba cheart táillí bliantúla i leith deimhnithe aonadacha (ar a dtugtar táillí athnuachana freisin) a íoc leis an Oifig, agus ba cheart don Oifig cuid de na táillí sin a choinneáil chun cumhdach a dhéanamh ar na costais a ghintear trí chúraimí a dhéanamh maidir le deimhnithe aonadacha a dheonú, agus roinnfí an chuid eile leis na Ballstáit sin ina bhfuil éifeacht ag deimhnithe aonadacha. |
|
(34) |
Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart clár a bhunú a bheidh ina phointe rochtana aonair lena gcuirfear faisnéis ar fáil maidir le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha chomh maith le deimhnithe aonadacha deonaithe a stádas. Ba cheart an clár sin a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. |
|
(35) |
Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, ba cheart gurb iad teangacha oifigiúla uile an Aontais a bheadh i dteangacha na hOifige, chun cur ar chumas gníomhaithe ar fud an Aontais iarratas a dhéanamh go héasca ar dheimhnithe aonadacha nó barúlacha tríú páirtí a thíolacadh agus mar thoradh air sin an trédhearcacht is fearr a bheith ann do na geallsealbhóirí uile ar fud an Aontais. Ba cheart don Oifig glacadh le haistriúcháin fíoraithe, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, ar dhoiciméid agus faisnéis. Féadfaidh an Oifig, más cuí, úsáid a bhaint as meaisínaistriúcháin fíoraithe. |
|
(36) |
Ba cheart foráil airgeadais a dhéanamh chun a áirithiú go n-íocfar luach saothair leordhóthanach leis na údaráis náisiúnta inniúla a bhíonn rannpháirteach sa nós imeachta láraithe as a rannpháirtíocht. |
|
(37) |
Ba cheart na costais bhunaithe is gá a bhaineann leis na cúraimí a thugtar don Oifig, lena n-áirítear costais na gcóras digiteach nua, a mhaoiniú ó bharrachas carntha buiséadach na hOifige. |
|
(38) |
Chun eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis na nithe seo a leanas: (i) sonrú a dhéanamh ar ábhar agus foirm an fhógra achomhairc agus ar ábhar agus foirm an chinnidh ón mBord Achomhairc, (ii) mionsonraí a shonrú maidir le heagrú na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le deimhnithe, (iii) na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide a shonrú, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige, agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil, (iv) socruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal a leagan amach, (v) leagan amach na socruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh, (vi) leagan amach na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt, (vii) mionsonraí a shonrú maidir le ríomh agus fad na dteorainneacha ama agus (viii) na socruithe mionsonraithe maidir le hatosú na n-imeachtaí a leagan amach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(39) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas: (i) na foirmeacha iarratais atá le húsáid; (ii) rialacha maidir le nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhdú, agus nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a ndéanann painéil scrúdúcháin iarratais láraithe a scrúdú agus tuairimí scrúdúcháin a ullmhú, chomh maith le heisiúint tuairimí ón Oifig, (iii) critéir na mbealaí trína mbunófar na painéil, agus na critéir chun scrúdaitheoirí a roghnú, (iv) méideanna na dtáillí is infheidhme a bheidh le híoc leis an Oifig, (v) na huasrátaí a shonrú do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis, agus (vi) rialacha maidir le haistrithe airgeadais idir an Oifig agus na Ballstáit, méideanna na n-aistrithe sin, agus an luach saothair a bheidh le híoc ag an Oifig maidir le rannpháirteachas na n-údarás náisiúnta inniúil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(40) |
Ba cheart don Choimisiún tuairisciú go tráthrialta ar fheidhmiú an Rialacháin seo, i gcomhar lena gceanglaítear i Rialachán [COM(2023)0223]. |
|
(41) |
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Ba cheart na rialacha sa Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin. Go háirithe, leis an Rialachán seo féachtar le lánurraim a thabhairt don cheart chun maoine agus don cheart chun cúraim sláinte agus don cheart chun leighis éifeachtaigh in Airteagail 17 agus 47 den Chairt. |
|
(42) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr chineál uathrialach an DFC aonadaigh a bheith neamhspleách ó chórais náisiúnta, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(43) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (9) agus thug sé tuairim uaidh an XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir tagairt leis nuair a bheidh fáil uirthi]. |
|
(44) |
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le socruithe iomchuí chun cur chun feidhme rianúil na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú. Chun tréimhse leordhóthanach ama a thabhairt don Oifig leagan amach oibríochtúil agus seoladh an nós imeachta a bheidh le húsáid chun deimhnithe aonadacha a dheonú a ullmhú, mar a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta aonadach (‘deimhniú aonadach’) le haghaidh táirgí cosanta plandaí a chosnaítear le paitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi agus atá, sula gcuirtear ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí é, faoi réir nós imeachta údaraithe riaracháin mar leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘táirgí cosanta plandaí’ substaintí gníomhacha agus ullmhóidí ina bhfuil substaint ghníomhach amháin nó níos mó, atá cóirithe san fhoirm inar soláthraíodh iad don úsáideoir, agus atá beartaithe chun na gcríoch seo a leanas:
|
|
(2) |
ciallaíonn ‘substaintí’ dúile ceimiceacha agus a gcomhdhúile, mar is ann dóibh go nádúrtha nó trí mhonarú, lena n-áirítear aon eisíontas a tharlaíonn mar thoradh dosheachanta ar phróiseas an mhonaraithe; |
|
(3) |
ciallaíonn‘substaintí gníomhacha’ substaintí nó miocrorgánaigh lena n-áirítear víris, a dhéanann gníomhaíocht ghinearálta nó shonrach:
|
|
(4) |
ciallaíonn ‘ullmhóidí’ meascáin nó tuaslagáin ina bhfuil dhá shubstaint nó níos mó, agus inar substaint ghníomhach ceann amháin díobh ar a laghad, ar meascáin nó tuaslagáin iad a bheartaítear lena n-úsáid mar tháirgí cosanta plandaí; |
|
(5) |
ciallaíonn‘táirgí’ plandaí beo agus codanna beo de phlandaí, lena n-áirítear torthaí úra agus síolta; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘táirgí plandaí’ táirgí ina riocht neamhphróiseáilte nó táirgí nach ndearnadh ach ullmhúchán simplí orthu amhail muilleáil, triomú nó fáisceadh, agus a dhíorthaítear ó phlandaí, ach lena n-eisiatar plandaí iad féin; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘orgánaigh dhíobhálacha’ lotnaidí plandaí nó lotnaidí táirgí plandaí a bhaineann le ríocht na n-ainmhithe nó na bplandaí, agus ina theannta sin víris, baictéir agus míceaplasma agus paitiginí eile; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘táirge’ an tsubstaint ghníomhach nó an teaglaim de shubstaintí gníomhacha de chuid táirge cosanta plandaí; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘paitinn Eorpach’ paitinn arna deonú ag Oifig Eorpach na bPaitinní (‘OEP’) faoi na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach (‘CPE’) (11); |
|
(10) |
ciallaíonn ‘paitinn aonadach’ paitinn Eorpach a thairbhíonn d’éifeacht aonadach sna Ballstáit a bhíonn rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘paitinn bhunúsach’ paitinn aonadach lena gcosnaítear táirge ina cháil mar tháirge, ullmhóid, próiseas chun táirge a fháil nó feidhm de chuid táirge, agus atá ainmnithe ag a sealbhóir chun críche an nós imeachta le haghaidh deimhniú aonadach a dheonú; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘iarratas láraithe’ iarratas a dhéantar os comhair Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘an Oifig’) de bhun Chaibidil III de Rialachán [COM(2023)0223] d’fhonn deimhnithe a dheonú, le haghaidh an táirge a shainaithnítear san iarratas, sna Ballstáit ainmnithe; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘údarás náisiúnta inniúil’ an t-údarás náisiúnta atá inniúil, i mBallstáit áirithe, chun deimhnithe a dheonú agus chun diúltú d’iarratais ar dheimhnithe. |
|
(13a) |
ciallaíonn ‘nasctha go heacnamaíoch’, i gcás sealbhóirí éagsúla dhá phaitinn bhunúsacha nó níos mó lena gcosnaítear an táirge céanna, go rialaíonn sealbhóir amháin sealbhóir eile, go bhfuil sé faoi rialú sealbhóir eile nó go bhfuil sé faoi rialú comhchoiteann le sealbhóir eile, go díreach nó go hindíreach trí idirghabhálaí amháin nó níos mó. [Leasú 8] |
Airteagal 3
Coinníollacha chun deimhniú aonadach a fháil
1. Deonóidh an Oifig deimhniú aonadach ar bhonn paitinn bhunúsach más rud é, i ngach ceann de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach sin, ar dháta an iarratais, go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil an táirge faoi chosaint ag an bpaitinn bhunúsach sin atá i bhfeidhm; |
|
(b) |
rinneadh údarú bailí chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí a dheonú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gceann amháin ar a laghad de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn ; [Leasú 9] |
|
(c) |
nach raibh an táirge ina ábhar cheana do dheimhniú, ná do dheimhniú aonadach; |
|
(d) |
gurb é an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar táirge cosanta plandaí. |
2. Don té a shealbhaíonn níos mó ná paitinn amháin don táirge céanna ní dheonófar níos mó ná deimhniú amháin nó deimhniú aonadach amháin le haghaidh an táirge sin i gcás aon Bhallstáit ar leith.
I gcás ina bhfuil ar feitheamh, i gcás Ballstát ar leith, dhá iarratas nó níos mó a bhaineann leis an táirge céanna agus arna gcur isteach ag dhá shealbhóir nó níos mó ar phaitinní éagsúla, cibé acu iarratais náisiúnta nó iarratais láraithe ar dheimhnithe, nó iarratais ar dheimhnithe aonadacha, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta nó an Oifig, de réir mar is infheidhme, deimhniú amháin nó deimhniú aonadach amháin a dheonú do gach duine de na sealbhóirí sin, i gcás nach bhfuil siad nasctha go heacnamaíoch. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bprionsabal céanna maidir le hiarratais arna gcur isteach ag an sealbhóir maidir leis an táirge céanna ar deonaíodh deimhniú nó deimhniú aonadach amháin nó níos mó ina leith cheana do shealbhóirí éagsúla eile paitinní éagsúla. [Leasú 10]
3. Deonófar deimhniú aonadach freisin le haghaidh táirge cosanta plandaí faoi leith má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
ar dháta an iarratais, i ngach Ballstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, tá iarratas ar údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí déanta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ach níor deonaíodh údarú fós i gceann amháin de na Ballstáit sin ar a laghad; |
|
(b) |
sula nglactar an tuairim scrúdúcháin, deonaíodh údaruithe i ngach ceann de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. |
4. I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 3, pointe (a), ní ghlacfar an tuairim scrúdúcháin níos luaithe ná 18 mí tar éis an t-iarratas a chomhdú.
5. De mhaolú ar mhír 3, i gcás nach gcomhlíontar ach an coinníoll a leagtar amach i mír 3, pointe (a), i leith Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, deonófar deimhniú aonadach, ach ní bheidh éifeacht leis sa Bhallstát sin.
I gcás ina ndeonaítear deimhniú aonadach i gcomhréir leis an chéad fhomhír, féadfaidh an t-iarratasóir údaruithe margaíochta arna dheonú ina dhiaidh sin sa Bhallstát sin roimh dhul in éag na paitinne bunúsaí a chur faoi bhráid na hOifige, maille le hiarraidh go gcuirfí tús athuair sa Bhallstát sin le héifeacht an deimhnithe aonadaigh. Déanfaidh an Oifig measúnú ar cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 i leith an Bhallstáit sin, agus eiseoidh an Oifig cinneadh maidir le cé acu a chuirfear nó nach gcuirfear tús athuair leis an éifeacht.
Airteagal 4
Raon feidhme na cosanta
Laistigh de theorainneacha na cosanta a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach, ní bhainfidh an chosaint a thugtar le deimhniú aonadach ach amháin leis an táirge a chumhdaítear, i ngach ceann de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach sin, le húdarú chun an táirge cosanta plandaí comhfhreagrach a chur ar an margadh agus leis an údarú le haghaidh aon úsáid a bhaintear as an táirge mar tháirge cosanta plandaí, ar úsáid í a bheidh údaraithe sula dtéann an deimhniú aonadach in éag.
Airteagal 5
Éifeachtaí an deimhnithe aonadaigh
1. Leis an deimhniú aonadach tabharfar na cearta céanna agus a thugtar leis an bpaitinn bhunúsach agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha céanna agus na n-oibleagáidí céanna, sna Ballstáit go léir ina bhfuil feidhm ag an bpaitinn bhunúsach.
2. Beidh cáilíocht aonadach ag deimhniú aonadach. Soláthrófar cosaint aonfhoirmeach leis agus beidh éifeacht chomhionann aige sna Ballstáit go léir ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. Ní fhéadfar an deimhniú aonadach a theorannú, a aistriú, a chúlghairm nó a dhul in éag ach amháin i leith na mBallstát sin go léir.
Airteagal 6
Teideal chuig an deimhniú aonadach
1. Deonófar an deimhniú aonadach do shealbhóir na paitinne bunúsaí nó don chomharba i dteideal de chuid an tsealbhóra sin.
2. D’ainneoin mhír 1, i gcás inar deonaíodh paitinn bhunúsach i leith táirge atá faoi réir údarú atá i seilbh tríú páirtí, ní dheonófar deimhniú aonadach le haghaidh an táirge sin do shealbhóir na paitinne bunúsaí gan toiliú an tríú páirtí sin.
Airteagal 7
An deimhniú aonadach mar réad maoine
Maidir le deimhniú aonadach nó iarratas ar dheimhniú aonadach mar réad maoine, déileálfar leo ina n-iomláine, i ngach Ballstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an paitinn bhunúsach mar réad maoine.
Airteagal 8
Iarratas ar dheimhniú aonadach
1. Taiscfear an t-iarratas ar dheimhniú aonadach laistigh de 6 mhí ón dáta a rinneadh an chéad údarú, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge cosanta plandaí, a dheonú i gceann amháin de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach.
2. D’ainneoin mhír 1, i gcás ina ndéantar údarú chun an táirge a chur ar an margadh a dheonú, i mBallstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, sula gcuirtear éifeacht aonadach i leith na paitinne bunúsaí, taiscfear an t-iarratas ar dheimhniú aonadach laistigh de 6 mhí ón dáta a chuirtear éifeacht aonadach i leith na paitinne bunúsaí.
Airteagal 9
Ábhar an iarratais ar dheimhniú aonadach
1. Beidh an méid seo a leanas san iarratas ar dheimhniú aonadach:
|
(a) |
iarraidh ar dheimhniú aonadach a dheonú, ina luafar an méid seo a leanas:
|
|
(b) |
cóip den údarú chun an táirge a chur ar an margadh, dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), ar údarú é ina sainaithnítear an táirge, agus ina bhfuil, go háirithe, uimhir agus dáta an údaraithe agus achoimre ar shaintréithe an táirge arna liostú i gCuid A, Roinn 1, pointí 1.1 go 1.7, de Rialachán 283/2013 (12) ón gCoimisiún nó i gCuid B, Roinn 1, pointí 1.1 go 1.4.3, den Rialachán sin dó nó i ndlíthe coibhéiseacha den Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas; |
|
(c) |
i gcás nach é an t-údarú dá dtagraítear i bpointe (b) an chéad údarú chun an táirge a chur ar an margadh mar tháirge íocshláinte san Aontas, faisnéis maidir le céannacht an táirge a údaraítear amhlaidh agus an fhoráil dlí faoinar tharla an nós imeachta údaraithe, mar aon le cóip den fhógra inar foilsíodh an t-údarú san fhoilseachán oifigiúil nó, in éagmais fógra den sórt sin, aon doiciméad eile lena gcruthaítear gur eisíodh an t-údarú, an dáta a eisíodh é agus céannacht an táirge a údaraíodh. |
|
(ca) |
i gcás inarb infheidhme, toiliú ón tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo; [Leasú 11] |
2. Déanfar an t-iarratas dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhdú trí úsáid a bhaint as foirm iarratais shonrach.
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhfoirm iarratais atá le húsáid. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 10
Iarratas ar dheimhniú aonadach a thaisceadh
Déanfar an t-iarratas ar dheimhniú aonadach a thaisceadh leis an Oifig.
Airteagal 11
Scrúdú ar inghlacthacht iarratais láraithe ar dheimhniú aonadach
1. Scrúdóidh an Oifig na nithe seo a leanas:
|
(a) |
cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar Airteagal 9 leis an iarratas ar dheimhniú aonadach; |
|
(b) |
cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar Airteagal 8 leis an iarratas; |
|
(c) |
cé acu a íocadh nó nár íocadh an táille dá dtagraítear in Airteagal 29(1) laistigh den tréimhse fhorordaithe. |
2. I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas láraithe na ceanglais dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Oifig ar an iarratasóir na bearta is gá a dhéanamh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, agus socróidh an Oifig spriocdháta le haghaidh an chomhlíonta sin.
3. I gcás nár íocadh an táille dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), nó nár íocadh go hiomlán í, cuirfidh an Oifig an méid sin in iúl don iarratasóir.
4. I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 laistigh den spriocdháta dá dtagraítear i mír 2, diúltóidh an Oifig don iarratas ar dheimhniú aonadach.
Airteagal 12
Foilsiú an iarratais
I gcás ina gcomhlíontar Airteagal 11(1) leis an iarratas ar dheimhniú aonadach, foilseoidh an Clár an t-iarratas gan moill mhíchuí . [Leasú 12]
Airteagal 13
An t-iarratas ar dheimhniú aonadach a scrúdú
1. Measfaidh an Oifig an t-iarratas ar bhonn na gcoinníollacha uile in Airteagal 3(1) 3 , i gcás na mBallstát go léir ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. [Leasú 13]
2. I gcás ina gcomhlíontar Airteagal 3(1) Airteagail 3 agus 6(2) leis an iarratas ar dheimhniú aonadach agus leis an táirge lena mbaineann sé i gcás gach ceann de na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1, eiseoidh an Oifig tuairim scrúdúcháin dhearfach réasúnaithe dhearfach i leith deimhniú aonadach a dheonú. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Oifig fógra faoin tuairim sin don iarratasóir agus foilseoidh sí ar an gclár í gan moill mhíchuí . [Leasú 14]
3. I gcás nach gcomhlíontar Airteagal 3(1) Airteagail 3 agus 6(2) leis an iarratas ar dheimhniú aonadach agus leis an táirge lena mbaineann sé i leith ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit sin , eiseoidh an Oifig tuairim scrúdúcháin dhiúltach réasúnaithe dhiúltach maidir e i leith deimhniú aonadach a dheonú. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Oifig fógra faoin tuairim sin don iarratasóir agus foilseoidh sí ar an gclár í gan moill mhíchuí . [Leasú 15]
4. Aistreofar an tuairim scrúdúcháin go teangacha oifigiúla na mBallstát uile ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. Féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as meaisínaistriúcháin fíoraithe.
5. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhdú, agus nósanna imeachta maidir leis an gcaoi a ndéanann painéil scrúdúcháin iarratais ar dheimhnithe aonadacha a scrúdú agus tuairimí scrúdúcháin a ullmhú, chomh maith le heisiúint tuairimí ón Oifig. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 14
Barúlacha ó thríú páirtithe
1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na hOifige maidir leis an incháilitheacht chun cosanta fhorlíontaigh atá ag roinnt leis an táirge lena mbaineann an t-iarratas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach leis an bpaitinn bhunúsach.
2. Maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach a chuir barúlacha i scríbhinn isteach i gcomhréir le mír 1, ní bheidh sé ina pháirtí sna himeachtaí.
3. Cuirfear isteach barúlacha tríú páirtí laistigh de 3 mhí tar éis fhoilsiú an iarratais sa Chlár.
4. Cuirfear aon bharúlacha ó thríú páirtí isteach i scríbhinn agus é sin i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, agus luafar iontu na forais ar a bhfuil siad bunaithe.
5. Tabharfar fógra don iarratasóir faoi aon bharúlacha ó thríú páirtí. Féadfaidh an t-iarratasóir ráiteas a thabhairt ar na barúlacha laistigh de theorainn ama a shocróidh an Oifig.
Airteagal 15
Cur i gcoinne
1. Laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fhoilsiú na tuairime scrúdúcháin i leith iarratas ar dheimhniú aonadach, féadfaidh aon duine (‘freasúróir’) fógra freasúra i gcoinne na tuairime sin a chomhdú leis an Oifig.
2. Ní fhéadfar freasúra a chomhdú ach amháin ar na forais nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 i gcás ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach leis an bpaitinn bhunúsach.
3. Comhdófar freasúra i scríbhinn, agus sonrófar ann na forais ar a bhfuil sé á dhéanamh. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go cuí go dtí go n-íocfar an táille freasúra.
4. San fhógra freasúra beidh na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na tagairtí don iarratas ar dheimhniú aonadach a bhfuil freasúra á chomhdú ina choinne, ainm a shealbhóra, agus sainaithint an táirge; |
|
(b) |
sonraí an fhreasúróra agus, i gcás inarb infheidhme, sonraí a ionadaí; |
|
(c) |
ráiteas maidir lena mhéid atáthar ag cur i gcoinne na tuairime scrúdúcháin agus maidir leis na forais ar a bhfuil an freasúra bunaithe. |
|
(ca) |
aon fhianaise ar a mbraitheann an freasúróir chun tacú leis an bhfreasúra. [Leasú 16] |
5. Painéal scrúdúcháin arna bhunú ag an Oifig i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le painéil scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17 a scrúdóidh an freasúra. Ní áireofar ar an bpainéal freasúra, áfach, aon scrúdaitheoir a raibh baint aige roimhe sin leis an bpainéal scrúdúcháin a scrúdaigh an t-iarratas ar dheimhniú aonadach.
6. I gcás ina dtabharfaidh an painéal freasúra dá aire nach gcomhlíontar míreanna 2, 3, nó 4 leis an bhfógra freasúra, diúltóidh sé don fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, agus cuirfidh sé a chinneadh chomh maith leis an réasúnaíocht dá chinneadh an méid sin in iúl don fhreasúróir, mura rud é gur leigheasadh na heasnaimh sin roimh dhul in éag don tréimhse comhdaithe freasúra dá dtagraítear i mír 1. [Leasú 17]
7. An cinneadh chun diúltú do fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, cuirfear é in iúl do shealbhóir an iarratais ar dheimhniú aonadach, maille le cóip den fhógra freasúra.
8. Beidh fógra freasúra neamh-inghlactha i gcás ina ndearna an Oifig achomharc a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis chaingne chéanna a bhreithniú de réir a bhfiúntais, agus i gcás ina mbeidh údarás mar chinneadh críochnaitheach bainte amach ag an gcinneadh ón Oifig i dtaobh an achomhairc sin.
9. I gcás nach ndiúltófar don fhreasúra toisc é a bheith neamh-inghlactha, tarchuirfidh an Oifig an fógra freasúra go pras chuig an iarratasóir, agus foilseoidh sí é sa Chlár. I gcás inar comhdaíodh roinnt fógraí, cuirfidh an Oifig na fógraí sin in iúl go pras do na freasúróirí eile.
9a. I gcásanna inar comhdaíodh roinnt freasúraí i gcoinne tuairim scrúdúcháin, déileálfaidh an Oifig leis na freasúraí i gcomhpháirt a chéile agus eiseoidh sí aon chinneadh amháin i leith na bhfreasúraí uile a comhdaíodh. [Leasú 18]
10. Foilseoidh Eiseoidh an Oifig cinneadh maidir leis an bhfreasúra , lena n-áirítear réasúnaíocht mhionsonraithe don chinneadh sin, laistigh de 6 mhí, mura n-éilítear tréimhse níos faide mar gheall ar chastacht an cháis [Leasú 19].
11. Má mheasann an painéal freasúra nach ann d’fhoras fhreasúra freasúra lena ndéantar dochar do choinneáil ar bun na tuairime scrúdúcháin, diúltóidh sé don fhreasúra, agus tabharfaidh sé fógra don fhreasúróir faoina chinneadh agus luafaidh an Oifig an méid sin sa Chlár. [Leasú 20]
12. I gcás ina measann an painéal freasúra gurb ann d’fhoras amháin ar a laghad fhreasúra lena ndéantar dochar do choinneáil ar bun na tuairime scrúdúcháin, glacfaidh sé tuairim leasaithe, agus luafaidh an Oifig an méid sin sa Chlár.
12a. Áiritheofar trédhearcacht iomlán le linn an imeachta freasúra iomláin, a bheidh oscailte, nuair is féidir, do rannpháirtíocht an phobail. [Leasú 21]
13. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta chun freasúra a chomhdú agus a scrúdú.
Airteagal 16
An ról atá ag údaráis náisiúnta inniúla
1. Ar iarraidh a dhéanfar chuig an Oifig, féadfaidh an Oifig aon údarás náisiúnta inniúil náisiúnta a cheapadh mar oifig rannpháirteach sa nós imeachta scrúdúcháin. A luaithe a cheapfar údarás inniúil náisiúnta inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, ainmneoidh an t-údarás sin scrúdaitheoir amháin nó níos mó a mbeidh baint aige le scrúdú bheidh bainteach le himscrúdú a dhéanamh ar iarratais iarratas amháin nó níos mó ar dheimhnithe aonadacha bunaithe ar shaineolas ábhartha agus taithí leordhóthanach a theastaíonn don nós imeachta scrúdúcháin láraithe . [Leasú 22]
2. Tabharfaidh an Oifig agus an t-údarás inniúil náisiúnta comhaontú riaracháin i gcrích sula gceapfar an t-údarás náisiúnta inniúil sin mar oifig rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1.
Sa chomhaontú sonrófar cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe, go háirithe an gealltanas foirmiúil ón údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann an Rialachán seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le hiarratas ar dheimhnithe aonadacha a scrúdú.
3. Féadfaidh an Oifig údarás náisiúnta inniúil a cheapadh mar oifig rannpháirteach dá dtagraítear i mír 1 ar feadh 5 bliana. Féadfar tréimhsí breise 5 bliana a chur leis an gceapachán sin.
4. Sula gceapfar údarás náisiúnta inniúil, nó sula gcuirfear fadú lena cheapachán, nó roimh dhul in éag do cheapachán den sórt sin, tabharfaidh an Oifig éisteacht don údarás náisiúnta inniúil lena mbaineann.
5. Déanfaidh gach údarás inniúil náisiúnta a cheaptar faoin Airteagal seo liosta a sholáthar don Oifig ina sainaithneofar na scrúdaitheoirí aonair atá ar fáil le bheith rannpháirteach in imeachtaí scrúdúcháin, freasúra agus neamhbhailíochta. Nuashonróidh gach údarás náisiúnta inniúil den sórt sin an liosta sin i gcás ina mbeidh athrú ann.
Airteagal 17
Painéil scrúdúcháin
1. Beidh na measúnaithe faoi Airteagail 13, 15 agus 22 á seoladh ag painéal scrúdúcháin ar a n-áireofar comhalta amháin ón Oifig chomh maith le beirt scrúdaitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) ó dhá údarás náisiúnta inniúla rannpháirteacha éagsúla, agus faoi mhaoirseacht na hOifige.
2. Beidh scrúdaitheoirí neamhchlaonta agus a gcuid dualgas á bhfeidhmiú acu agus dearbhóidh siad don Oifig aon choinbhleacht leasa, bíodh sí fíor nó braite, tar éis iad a ainmniú.
3. Le linn painéal scrúdúcháin a bhunú, áiritheoidh an Oifig an méid seo a leanas:
|
(a) |
cothromaíocht thíreolaíoch i measc na n-oifigí rannpháirteacha saineolas ábhartha agus taithí leordhóthanach ar imscrúdú a dhéanamh ar phaitinní agus ar dheimhnithe forlíontacha cosanta, lena n-áirithítear, go háirithe, go mbeidh taithí 5 bliana ar a laghad ag scrúdaitheoir amháin ar a laghad ar imscrúdú a dhéanamh ar phaitinní agus ar dheimhnithe forlíontacha cosanta ; [Leasú 23] |
|
(aa) |
i gcás inar féidir, cothromaíocht gheografach i measc na n-oifigí rannpháirteacha. [Leasú 24] |
|
(b) |
cuirtear san áireamh ualach oibre gach scrúdaitheora; |
|
(c) |
ní bhainfidh níos mó ná nach bhfuil aon scrúdaitheoir amháin atá fostaithe ag údarás náisiúnta inniúil ag baint leas as an díolúine a leagtar amach in Airteagal 10(5) de Rialachán [COM(2023) 223 0231 ]. [Leasú 25] |
4. Foilseoidh an Oifig forléargas bliantúil ar líon na nósanna imeachta, lena n-áirítear le haghaidh scrúdúcháin, freasúra, achomhairc agus neamhbhailíochta, ina raibh gach údarás inniúil náisiúnta rannpháirteach.
5. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun critéir na mbealaí trína mbunófar na painéil a chinneadh, agus na critéir chun scrúdaitheoirí a roghnú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 18
Deimhniú aonadach a dheonú nó an t-iarratas ar dheimhniú aonadach a dhiúltú
Tar éis dul in éag don tréimhse ar lena linn a fhéadfar achomharc nó freasúra a chomhdú gan aon achomharc ná freasúra a bheith comhdaithe, nó tar éis cinneadh críochnaitheach maidir leis na fiúntais a bheith eisithe, déanfaidh an Oifig ceann amháin de na cinntí seo a leanas , gan moill mhíchuí : [Leasú 26]
|
(a) |
i gcás inar dearfach don tuairim scrúdúcháin, deonóidh an Oifig deimhniú aonadach; |
|
(b) |
i gcás inar diúltach don tuairim scrúdúcháin, diúltóidh an Oifig don iarratas ar dheimhniú aonadach. |
Cuirfidh an Oifig an t-iarratasóir ar an eolas faoina cinneadh gan moill mhíchuí. [Leasú 27]
Airteagal 19
Ré an deimhnithe aonadaigh
1. Tiocfaidh an deimhniú i bhfeidhm ag deireadh théarma dleathach na paitinne bunúsaí, is é sin cothrom an lae 25 bhliain tar éis dháta comhdaithe an iarratais ar an bpaitinn sin, ar feadh tréimhse is comhionann leis an tréimhse atá caite idir an dáta a taisceadh an t-iarratas ar phaitinn bhunúsach agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas, arna laghdú de thréimhse 5 bliana.
2. Ní fhéadfaidh ré an deimhnithe aonadaigh a bheith níos faide ná 5 cúig bliana ón dáta a thagann sé i bhfeidhm.
Airteagal 20
Dul in éag an deimhnithe aonadaigh
1. Rachaidh an deimhniú in éag i gcás aon cheann de na teagmhais seo a leanas:
|
(a) |
i ndeireadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 19; |
|
(b) |
más rud é go dtugann sealbhóir an deimhnithe aonadaigh suas é; |
|
(c) |
más rud é nach n-íoctar in am an táille bhliantúil a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 29(3). |
2. I gcás ina ndéantar an t-údarú chun an táirge a chur ar an margadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a tharraingt siar i mBallstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach, scoirfidh an deimhniú d’éifeacht a bheith aige sa Ballstát sin. Féadfaidh an Oifig é sin a chinneadh uaithi féin nó ar iarraidh ó thríú páirtí.
Airteagal 21
Neamhbhailíocht an deimhnithe aonadaigh
Beidh an deimhniú aonadach neamhbhailí i gcás aon cheann de na teagmhais seo a leanas:
|
(a) |
deonaíodh an deimhniú ar shlí atá contrártha d’Airteagal 3 Airteagail 3 agus 6(2) ; [Leasú 28] |
|
(b) |
go bhfuil an phaitinn bhunúsach tar éis dul in éag sula dtéann a théarma dleathach in éag; |
|
(c) |
déantar an phaitinn bhunúsach a chúlghairm nó a theorannú a mhéid nach mbeadh an táirge dár deonaíodh an deimhniú aonadach cosanta a thuilleadh le héilimh na paitinne bunúsaí nó, tar éis ré na paitinne bunúsaí a bheith imithe in éag, go bhfuil forais ann le cúlghairm a dhéanamh rud a d’fhágfadh go raibh údar maith leis an gcúlghairm sin nó leis an teorannú sin. |
Airteagal 22
Gníomhaíocht le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta
1. Féadfaidh aon duine iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta deimhnithe aonadaigh a chomhdú leis an Oifig.
2. Ní fhéadfar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chomhdú ach amháin ar na forais nach gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21 i gcás ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit ina bhfuil éifeacht aonadach leis an bpaitinn bhunúsach.
3. Comhdófar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta i scríbhinn, agus sonrófar ann na forais ar a bhfuil sé á dhéanamh. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go cuí go dtí go n-íocfar an táille ghaolmhar.
4. San iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta beidh:
|
(a) |
na tagairtí de chuid an deimhnithe aonadaigh ar ina choinne a chomhdaítear an t-iarratas sin, ainm a shealbhóra, agus sainaithint an táirge; |
|
(b) |
sonraí an duine dá dtagraítear i mír 1(‘iarratasóir’) agus, i gcás inarb infheidhme, sonraí a ionadaí; |
|
(c) |
ráiteas maidir leis na forais ar a bhfuil an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta bunaithe. |
5. Painéal neamhbhailíochta arna bhunú ag an Oifig i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le painéil scrúdúcháin a scrúdóidh an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Ní áireofar ar an bpainéal neamhbhailíochta, áfach, aon scrúdaitheoir a raibh baint aige roimhe sin leis an bpainéal scrúdúcháin a scrúdaigh an t-iarratas ar dheimhniú aonadach, ná, i gcás inarb iomchuí, aon scrúdaitheoir a raibh baint aige in imeachtaí freasúra gaolmhara féideartha, ná in imeachtaí achomhairc gaolmhara.
6. Beidh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta neamh-inghlactha más rud é go bhfuil an Oifig nó cúirt inniúil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 24, i ndiaidh iarratas maidir leis an ábhar agus leis an gcúis chéanna caingne, agus lena mbaineann na páirtithe céanna, a bhreithniú de réir a bhfiúntas féin agus go bhfuil údarás an chinnidh chríochnaithigh faighte ag cinneadh na hOifige nó ag cinneadh na cúirte sin i dtaca leis an iarratas sin.
7. I gcás ina dtabharfaidh an painéal neamhbhailíochta dá aire nach gcomhlíontar míreanna 2, 3, ná 4 leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, diúltóidh sé don iarratas toisc é a bheith neamh-inghlactha, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don iarratasóir.
8. An cinneadh chun diúltú d’iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta toisc é a bheith neamh-inghlactha, cuirfear é in iúl do shealbhóir an deimhnithe aonadaigh, maille le cóip den iarratas sin.
9. I gcás nach ndiúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta toisc é a bheith neamh-inghlactha, tarchuirfidh an Oifig an t-iarratas sin go pras chuig sealbhóir an deimhnithe aonadaigh, agus foilseoidh sí é sa Chlár. I gcás inar comhdaíodh roinnt iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta, cuirfidh an Oifig na fógraí sin in iúl go pras do na hiarratasóirí eile.
10. Foilseoidh an Oifig cinneadh maidir leis an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta laistigh de 6 mhí, mura n-éilítear tréimhse níos faide mar gheall ar chastacht an cháis.
11. I gcás ina léirítear leis an scrúdú ar an iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 21, dearbhófar go bhfuil an deimhniú aonadach neamhbhailí. In aon chás eile diúltófar don iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta. Luafar an toradh sa Chlár.
12. a mhéid a dearbhaíodh é a bheith neamhbhailí, measfar nach raibh na héifeachtaí a sonraítear shonraítear sa Rialachán seo ag an deimhniú aonadach, amhail ón tús, a mhéid is gur dearbhaíodh é a bheith neamhbhailí. . [Leasú 29]
13. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí a shonrú maidir leis an nós imeachta lena rialaítear an dearbhú neamhbhailíochta.
Airteagal 23
Frithéileamh ar neamhbhailíocht deimhnithe
1. Ní fhéadfar frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta a bhunú ach amháin ar na forais maidir le neamhbhailíocht a leagtar amach in Airteagal 21.
2. Diúltóidh an chúirt inniúil de chuid Ballstáit do fhrithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta má tá cinneadh atá déanta ag an Oifig a bhaineann leis an ábhar céanna agus leis an gcúis chaingne chéanna agus lena mbaineann na páirtithe céanna tar éis a bheith ina chinneadh críochnaitheach idir an dá linn.
3. Má thugtar an frithéileamh i gcaingean dlí nach bhfuil sealbhóir an deimhnithe aonadaigh ina pháirtí ann cheana féin, cuirfear an sealbhóir sin ar an eolas faoin méid sin agus féadfaidh sé dul isteach mar pháirtí sa chaingean i gcomhréir leis na coinníollacha is infheidhme os comhair na cúirte inniúla.
4. Maidir leis an gcúirt inniúil de chuid Ballstáit lenar comhdaíodh frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta an deimhnithe aonadaigh, ní rachaidh an chúirt sin ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh, seachas i gcás gurb amhlaidh gur chuir an páirtí leasmhar nó an chúirt an Oifig ar an eolas faoin dáta a comhdaíodh an frithéileamh. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis sin a thaifeadadh sa Chlár. Más rud é gur comhdaíodh iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta an deimhnithe aonadaigh cheana os comhair na hOifige sular comhdaíodh an frithéileamh, cuirfidh an Oifig an chúirt ar an eolas ina leith sin agus cuirfidh sí bac ar na himeachtaí go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach faoin iarratas nó go ndéanfar an t-iarratas a tharraingt siar.
5. I gcás inar thug an chúirt inniúil de chuid Ballstáit breithiúnas a tháinig chun bheith críochnaitheach maidir le frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta deimhnithe aonadaigh, seolfaidh an chúirt nó aon pháirtí eile sna himeachtaí náisiúnta cóip den bhreithiúnas chuig an Oifig gan mhoill. Féadfaidh an Oifig nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a iarraidh faoi tharchur den sórt sin. Luafaidh an Oifig an breithiúnas sa Chlár agus glacfaidh sí na bearta is gá chun cloí lena chuid oibríochtúil.
6. Féadfaidh an chúirt inniúil a éisteann a frithéileamh ar dhearbhú neamhbhailíochta bac a chur ar na himeachtaí ar iarratas ó shealbhóir an deimhnithe aonadaigh agus tar éis na páirtithe eile a éisteacht, agus féadfaidh sí iarraidh ar an gcosantóir iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a chur faoi bhráid na hOifige laistigh de thréimhse arna cinneadh aici. Mura ndéanfar an t-iarratas laistigh den teorainn ama, leanfar de na himeachtaí; measfar an frithéileamh a bheith tarraingthe siar. I gcás ina gcuireann an chúirt inniúil de chuid Ballstáit bac ar na himeachtaí, féadfaidh sé bearta sealadacha agus cosanta a ordú ar feadh ré an bhaic.
Airteagal 24
Fógra i dtaobh dul in éag nó neamhbhailíochta
I gcás ina rachaidh an deimhniú aonadach in éag i gcomhréir le hAirteagal 20(1), pointe (b) nó (c), nó le hAirteagal 20(2), nó i gcás ina bhfuil sé neamhbhailí i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22, foilseoidh an Oifig fógra i dtaobh an mhéid sin go pras.
Airteagal 25
Tiontú
1. I gcás ina gcúlghairtear éifeacht aonadach na paitinne bunúsaí le linn an t-iarratas ar dheimhniú aonadach a bheith fós ar feitheamh, féadfaidh sealbhóir an iarratais sin, faoi réir táille, tiontú an iarratais sin ina iarratas láraithe ar dheimhnithe a iarraidh.
2. I gcás ina gcúlghairtear éifeacht aonadach na paitinne bunúsaí tar éis an deimhniú aonadach a bheith deonaithe, féadfaidh sealbhóir an iarratais sin, faoi réir táille, tiontú an iarratais sin ina dheimhnithe náisiúnta a iarraidh.
3. Féadfar iarraidh ar thiontú a chomhdú leis an Oifig laistigh de 3 mhí tar éis fógra a thabhairt faoi chúlghairm éifeacht aonadach na paitinne bunúsaí.
4. Foilseofar sa Chlár iarraidh ar thiontú, chomh maith lena toradh.
5. Seiceálfaidh an Oifig an gcomhlíonann an tiontú a iarradh na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo, maille leis na coinníollacha foirmiúla a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 8. Mura gcomhlíontar na coinníollacha lena rialaítear an iarraidh, cuirfidh an Oifig na heasnaimh in iúl don iarratasóir. Mura ndéantar na heasnaimh a leigheas laistigh de thréimhse atá le sonrú ag an Oifig, diúltóidh an Oifig don iarraidh ar thiontú. I gcás nár íocadh an táille thiontaithe laistigh den tréimhse ábhartha 3 mhí, cuirfidh an Oifig in iúl don iarratasóir go meastar nach ndearnadh an iarraidh ar thiontú a chomhdú.
6. I gcás ina gcomhlíontar mír 5 le hiarraidh faoi mhír 1, tiontóidh an Oifig an t-iarratas ar dheimhniú aonadach ina iarratas láraithe ar dheimhnithe lena n-ainmnítear na Ballstáit ina raibh éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach. I gcás iarratas comhcheangailte, cuirfear ainmniú na mBallstát ina bhfuil éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach le hainmniú Ballstáit eile atá san áireamh cheana féin san iarratas comhcheangailte.
7. I gcás ina gcomhlíontar mír 5 le hiarraidh faoi mhír 2, tarchuirfidh an Oifig an iarraidh ar thiontú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla de chuid gach Ballstáit ina raibh éifeacht aonadach ag an bpaitinn bhunúsach agus ar ina leith a fuarthas go raibh an iarraidh inghlactha. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla cinntí dá réir sin.
8. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na sonraí a bheidh in iarraidh ar dheimhniú aonadach nó ar dheimhniú aonadach a thiontú ina iarratas láraithe ar dheimhnithe nó ar dheimhnithe náisiúnta. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 26
Achomhairc
1. Aon pháirtí in imeachtaí faoin Rialachán seo dá ndéanann cinneadh ón Oifig difear díobhálach, lena n-áirítear glacadh tuairime scrúdúcháin, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair na mBord Achomhairc.
2. Beidh éifeacht fionraíochta ag comhdú an achomhairc. Beidh éifeacht ag cinneadh ón Oifig nár cuireadh ina choinne an lá tar éis dháta dhul in éag na tréimhse achomhairc dá dtagraítear i mír 3.
3. Déanfar fógra achomhairc a chomhdú i scríbhinn ag an Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh. Ní mheasfar an fógra a bheith comhdaithe ach amháin go dtí go mbeidh an táille don achomharc íoctha. I gcás achomhairc, déanfar ráiteas i scríbhinn ina leagfar leagtar amach na forais achomhairc , lena n-áirítear an fhianaise lena dtacaítear leis na forais sin, a chomhdú laistigh de 4 mhí ó dháta fógartha an chinnidh 3 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh .
Déanfar aon fhreagra ar an ráiteas maidir le forais achomhairc a thíolacadh i scríbhinn tráth nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a dhéantar an ráiteas maidir le forais achomhairc a chomhdú. Socróidh an Oifig, i gcás inarb infheidhme, dáta le haghaidh imeachtaí ó bhéal laistigh de 3 mhí ón bhfreagra a chomhdú nó laistigh de 6 mhí tar éis an ráitis maidir le forais achomhairc a chomhdú, cibé acu is luaithe. Eiseoidh an Oifig cinneadh i scríbhinn laistigh de 3 mhí ó dháta na héisteachta ó bhéal nó ón bhfreagra ar an ráiteas maidir le forais achomhairc a chomhdú, de réir mar is infheidhme. [Leasú 30]
4. Tar éis inghlacthacht an achomhairc a scrúdú, déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir le tuillteanais an achomharc.
5. I gcás ina mbíonn toradh ar achomharc cinneadh nach bhfuil ag teacht i gcomhréir leis an tuairim scrúdúcháin mar thoradh ar achomharc, déanfar, le cinneadh na mBord, , féadfaidh na Boird an tuairim a chur ar neamhní nó a athrú. [Leasú 31]
6. Féadfar caingean a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinneadh ó na Boird Achomhairc maidir le hachomhairc, laistigh de 2 mhí ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin, mar gheall ar shárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta, sárú ar Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sárú ar an Rialachán seo nó ar aon riail dlí a bhaineann lena gcur i bhfeidhm nó le mí-úsáid cumhachta. Beidh an chaingean oscailte d’aon pháirtí sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc dá ndéanann cinneadh an Bhoird difear díobhálach. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.
7. Gabhfaidh éifeacht le cinntí na mBord Achomhairc an lá tar éis dháta éagtha na tréimhse dá dtagraítear i mír 6 nó, má tugadh caingean os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, ón dáta i ndiaidh an dáta a dhíbhfear caingean den sórt sin nó a dhífhostófar aon achomharc a comhdaíodh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta. Glacfaidh an Oifig na bearta is gá chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.
8. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar ábhar agus foirm an fhógra achomhairc dá dtagraítear i mír 3, ar an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú agus ar ábhar agus foirm an chinnidh ón mBord Achomhairc dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 27
Boird Achomhairc
1. I dteannta na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hAirteagal 165 de Rialachán (AE) 2017/1001, is ar na Boird Achomhairc arna dtionscnamh leis an Rialachán sin a bheidh an fhreagracht as achomhairc a chinneadh i gcoinne cinntí ón Oifig a ghlactar ar bhonn Airteagal 26(1).
2. Ar Bhord Achomhairc in ábhair a bhaineann le deimhnithe aonadacha beidh triúr comhaltaí, a mbeidh beirt díobh ar a laghad cáilithe de réir dlí. I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé glaoch ar bheirt chomhaltaí eile le haghaidh an cháis sin.
3. An tArd-Bhord dá dtagraítear in Airteagal 165 (2), (3) agus (4), agus Airteagal 167(2) de Rialachán (AE) 2017/1001, ní bheidh sé ann in ábhair a bhaineann le deimhnithe aonadacha. Cinntí a ghlacfaidh comhalta aonair, amhail faoi Airteagal 165 (2) de Rialachán (AE) 2017/1001, ní bheidh siad indéanta.
4. Maidir le comhaltaí de na Boird Achomhairc in ábhair a bhaineann le deimhnithe aonadacha, ceapfar iad i gcomhréir le hAirteagal 166 (5) de Rialachán (AE) 2017/1001. Agus comhaltaí na mBord Achomhairc á gceapadh in ábhair a bhaineann le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha, tabharfar aird chuí ar an taithí a bhí acu roimhe sin ar ábhair a bhaineann le deimhnithe forlíontacha cosanta nó le dlí paitinne. [Leasú 32]
4a. Beidh feidhm ag Airteagal 166(9) de Rialachán (AE) 2017/1001 maidir le Boird Achomhairc in ábhair a bhaineann le deimhnithe aonadacha. [Leasú 33]
Airteagal 28
Tarmligean cumhachta maidir leis na Boird Achomhairc
Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhionsonraí a shonrú maidir le heagrú na mBord Achomhairc in imeachtaí a bhaineann le deimhnithe aonadacha faoin Rialachán seo.
Airteagal 29
Táillí
1. Gearrfaidh an Oifig táille ar iarratas láraithe ar dheimhniú aonadach.
2. Gearrfaidh an Oifig táille i leith achomharc, freasúraí, iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta agus tiontuithe.
3. Beidh an deimhniú aonadach faoi réir táillí cothabhála bliantúla a íoc leis an Oifig.
4. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinntear cad iad méideanna na dtáillí a ghearrfaidh an Oifig, na teorainneacha ama ar laistigh díobh nach mór iad a íoc, agus na bealaí ina n-íocfar iad. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
Airteagal 30
Iarratais comhcheangailte
Féadfar iarratas ar dheimhniú aonadach a áireamh in iarratas comhcheangailte ina ndéanfaidh iarratasóir iarraidh freisin ar dheimhnithe náisiúnta a dheonú, sna Ballstáit ainmnithe, i gcomhréir leis an nós imeachta láraithe faoi Rialachán [COM(2023)0223]. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 38 den Rialachán sin.
Airteagal 31
Teanga
1. Na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chuirfear chuig an Oifig i ndáil leis na nósanna imeachta faoin Rialachán seo, beidh siad i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
2. Maidir leis na cúraimí a thugtar don Oifig faoin Rialachán seo, is iad teangacha oifigiúla uile an Aontais a bheidh i dteangacha na hOifige i gcomhréir le Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (13).
Airteagal 32
Teachtaireachtaí chuig an Oifig
1. Féadfar Is trí mhodhanna leictreonacha a dhíreofar teachtaireachtaí a dhírítear ar an Oifig a sheoladh go leictreonach. Déanfaidh . Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh maidir lena a mhéid is féidir na teachtaireachtaí a dhéanfar na cumarsáidí sin a thaisceadh thíolacadh go leictreonach agus maidir leis na coinníollacha teicniúla faoina dtaiscfear iad. [Leasú 34]
2. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha maidir leis na modhanna cumarsáide a shonrú, lena n-áirítear na modhanna leictreonacha cumarsáide, a úsáidfidh na páirtithe in imeachtaí os comhair na hOifige agus na foirmeacha a chuirfidh an Oifig ar fáil.
Airteagal 33
An Clár
1. A mhéid a bhaineann le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí, sa Chlár arna bhunú faoi Airteagal 35 de Rialachán [COM(2023)0231] (14), i gcás gach deimhnithe aonadaigh, nó i gcás gach iarratais ar dheimhniú aonadach, áireofar an fhaisnéis seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
|
(a) |
ainm agus seoladh an iarratasóra nó shealbhóir an deimhnithe; |
|
(b) |
ainm agus seoladh gnó an ionadaí, seachas ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 36(3); |
|
(c) |
an t-iarratas, chomh maith lena dháta taiscthe agus dáta a fhoilsithe; |
|
(d) |
cé acu a bhaineann nó nach mbaineann an t-iarratas le táirge íocshláinte nó le táirge cosanta plandaí; |
|
(e) |
uimhir na paitinne bunúsaí; |
|
(f) |
sainaithint an táirge ar iarradh deimhnithe aonadach ina leith; |
|
(g) |
uimhreacha agus dátaí na n-údaruithe chun an táirge a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), agus sainaithint an táirge a shainaithnítear i ngach ceann díobh; |
|
(h) |
uimhir agus dáta an chéad údaraithe chun an táirge a chur ar an margadh san Aontas; |
|
(i) |
dáta na tuairime scrúdúcháin ón Oifig, agus achoimre ar an tuairim scrúdúcháin sin, i leith gach ceann de na Ballstáit ainmnithe ina bhfuil éifeacht aonadach ag leis an bpaitinn bhunúsach; [Leasú 35] |
|
(j) |
i gcás inarb infheidhme, uimhir agus ré an deimhnithe aonadaigh; |
|
(k) |
i gcás inarb infheidhme, comhdú freasúra, a stádas agus toradh na n-imeachtaí freasúra, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme achoimre ar an tuairim scrúdúcháin athbhreithnithe; [Leasú 36] |
|
(l) |
i gcás inarb infheidhme, comhdú achomhairc freasúra , a stádas agus toradh na n-imeachtaí achomhairc freasúra , lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme achoimre ar an tuairim scrúdúcháin athbhreithnithe; [Leasú 37] |
|
(m) |
i gcás inarb infheidhme, trácht ina luaitear go bhfuil deimhniú imithe i léig nó gur dearbhaíodh é a bheith neamhbhailí; |
|
(n) |
i gcás inarb infheidhme, aon chinneadh maidir le raon feidhme geografach an deimhnithe aonadaigh, i ndáil le maolú faoi Airteagal 3, mír 5, nó faoi Airteagal 20, mír 2; |
|
(o) |
i gcás inarb infheidhme, comhdú ar iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta agus, a luaithe a bheidh fáil air, toradh na n-imeachtaí gaolmhara; |
|
(p) |
i gcás inarb infheidhme, faisnéis a bhaineann le hiarraidh ar thiontú, agus na torthaí air; |
|
(q) |
faisnéis maidir le táillí bliantúla a íoc. |
2. Sa Chlár beidh athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aistrithe, agus ag gabháil le gach ceann díobh beidh an dáta ar taifeadadh iontráil den sórt sin.
3. Beidh an Clár agus an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Féadfaidh an Oifig úsáid a bhaint as meaisínaistriúchán fíoraithe le haghaidh na faisnéise atá le foilsiú sa Chlár.
4. Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige a chinneadh go ndéanfar faisnéis seachas an fhaisnéis sin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thaifeadadh sa Chlár.
5. Déanfaidh an Oifig an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a bhailiú, a eagrú, a chur ar fáil don phobal agus a stóráil, lena n-áirítear sonraí pearsanta, chun na gcríoch a leagtar síos i mír 7. Déanfaidh an Oifig an Clár a choimeád ar shlí ina mbeidh an pobal in ann teacht air go réidh ar mhaithe lena iniúchadh.
6. Soláthróidh an Oifig sleachta deimhnithe nó neamhdheimhnithe ón gClár arna iarraidh sin agus tar éis táille a íoc.
7. Déanfar na sonraí a bhaineann leis na hiontrálacha a leagtar amach i míreanna 1 agus 2, lena n-áirítear aon sonraí pearsanta, a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
na hiarratais agus na deimhnithe aonadacha a riar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha a ghlacfar dá bhun; |
|
(b) |
an Clár a choinneáil ar bun agus é a chur ar fáil lena iniúchadh ag údaráis phoiblí agus oibreoirí eacnamaíocha; |
|
(c) |
tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú. |
8. Measfar na sonraí go léir a bheith chun leas an phobail, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ar sonraí iad a bhaineann leis na hiontrálacha i míreanna 1 agus 2 agus féadfaidh gach tríú páirtí rochtain a fháil orthu. Ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil, coinneofar na hiontrálacha sa Chlár ar feadh tréimhse éiginnte.
Airteagal 34
Bunachar sonraí
1. De bhreis ar an oibleagáid Clár a choimeád, baileoidh an Oifig na sonraí go léir a sholáthair iarratasóirí nó aon bharúlacha ó thríú páirtithe eile sna himeachtaí de bhun an Rialacháin seo nó de bhun gníomhartha a ghlacfar dá bhun agus coinneoidh sí i mbunachar leictreonach sonraí iad.
2. Is féidir go n-áireofar sonraí pearsanta sa bhunachar sonraí thar na sonraí sin a áirítear sa Chlár, a mhéid go mbíonn gá le sonraí den sórt sin faoin Rialachán seo nó faoi ghníomhartha a ghlacfar dá bhun. Déanfar na sonraí sin a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
riar a dhéanamh ar iarratais agus/nó cláruithe deimhnithe a thuairiscítear sa Rialachán seo agus i ngníomhartha a ghlacfar dá bhun; |
|
(b) |
rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá riachtanach chun na himeachtaí ábhartha a sheoladh ar shlí níos fusa agus níos éifeachtúla; |
|
(c) |
teagmháil a dhéanamh leis na hiarratasóirí agus le tríú páirtithe eile; |
|
(d) |
tuarascálacha agus staidreamh a tháirgeadh lena gcuirfear ar chumas na hOifige a cuid oibríochtaí a bharrfheabhsú agus feidhmiú an chórais a fheabhsú. |
3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha maidir le rochtain ar an mbunachar sonraí leictreonach agus maidir leis an dóigh a ndéanfar a inneachar, seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ach lena n-áirítear na sonraí sin a liostaítear in Airteagal 33(3), a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín-inléite, lena n-áirítear an táille ar rochtain den sórt sin.
4. Déanfar rochtain ar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a theorannú agus ní dhéanfar sonraí den sórt sin a chur ar fáil go poiblí ach amháin le toiliú sainráite an pháirtí lena mbaineann.
5. Coinneofar na sonraí go léir ar feadh tréimhse éiginnte. Mar sin féin, féadfaidh an páirtí lena mbaineann a iarraidh go mbainfí aon sonraí pearsanta den bhunachar sonraí tar éis 18 mí ó dhul in éag an deimhnithe aonadaigh nó, i gcás inarb iomchuí, ó chlabhsúr an nós imeachta inter partes ábhartha. Beidh sé de cheart ag an bpáirtí lena mbaineann go gceartófar sonraí míchruinne nó míchearta tráth ar bith.
Airteagal 35
Trédhearcacht
1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) maidir le doiciméid a shealbhaíonn an Oifig.
2. Glacfaidh Bord Bainistíochta na hOifige rialacha sonracha chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an Rialacháin seo.
3. Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí a dhéanann an Oifig faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 tríd an Ombudsman Eorpach nó féadfaidh siad bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 228 agus 263 CFAE faoi seach.
4. Beidh próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Oifig faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16).
Airteagal 36
Uiríoll
1. Déanfar ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch os comhair na hOifige i gcomhréir leis an Airteagal seo sna himeachtaí go léir dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, seachas maidir le hiarratas ar dheimhniú aonadach a chomhdú.
2. Féadfaidh fostaí ionadaíocht a dhéanamh os comhair na hOifige ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil a bpríomháit ghnó san Aontas nó a bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu san Aontas.
Féadfaidh fostaí de chuid duine dlítheanach ionadaíocht a dhéanamh freisin thar ceann daoine dlítheanacha eile a bhfuil nasc eacnamaíoch acu leis an duine dlítheanach a bhfuil an fostaí sin ag déanamh ionadaíochta thar a cheann.
Tá feidhm ag an dara fomhír freisin i gcás nach bhfuil sainchónaí ar na daoine dlítheanacha eile laistigh den Aontas nó nach bhfuil a bpríomháit ghnó laistigh den Aontas nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála réadach agus éifeachtach acu laistigh den Aontas.
Déanfaidh fostaithe a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna iarraidh sin don Oifig nó, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí sna himeachtaí, údarú sínithe a chomhdú leis an Oifig, ar údarú é atá le cur isteach sna comhaid.
3. Ceapfar ionadaí coiteann i gcás ina bhfuil níos mó ná iarratasóir amháin nó níos mó ná tríú páirtí amháin ag gníomhú i gcomhpháirt.
4. Ní fhéadfaidh ach cleachtóir atá bunaithe san Aontas agus atá i dteideal gníomhú mar ionadaí gairmiúil in ábhair phaitinne os comhair oifig náisiúnta paitinní nó Oifig Eorpach na bPaitinní, nó dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirteanna nó binsí Ballstáit, ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair na hOifige.
Airteagal 37
An Rannán Deimhnithe Forlíontacha Cosanta
Bunófar Rannán Deimhnithe Fhorlíontaigh Cosanta (‘Rannán DFC’) laistigh den Oifig agus, i dteannta na bhfreagrachtaí faoi Rialacháin [COM(2023)0231] agus [COM(2023)0223], beidh sé freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a leagtar amach sa Rialachán agus i Rialachán [COM(2023)0222], lena n-áirítear go háirithe:
|
(a) |
glacadh agus maoirsiú an scrúdaithe ar iarratais ar dheimhnithe aonadacha, achomhairc agus barúlacha ó thríú páirtithe; |
|
(b) |
tuairimí scrúdúcháin a ghlacadh thar ceann na hOifige i ndáil le hiarratais ar dheimhnithe aonadacha; |
|
(c) |
cinneadh a dhéanamh maidir le freasúraí i gcoinne tuairimí scrúdúcháin; |
|
(d) |
iarratais ar dhearbhú neamhbhailíochta a chinneadh; |
|
(e) |
iarrataí ar thiontú a phróiseáil; |
|
(f) |
an Clár agus an bunachar sonraí a choinneáil ar bun. |
Airteagal 38
Cinntí agus teachtaireachtaí na hOifige
1. Beidh ar áireamh sna cinntí ón Oifig seo faoin Rialachán seo tuairimí scrúdúcháin agus sonrófar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Ní bhunófar iad ach amháin ar chúiseanna agus fianaise ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid ráiteas a chur i láthair. I gcás ina dtionólfar imeachtaí ó bhéal os comhair na hOifige, féadfar an cinneadh a thabhairt ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfear an cinneadh nó an bharúil in iúl i scríbhinn do na páirtithe.
2. In aon chinneadh, tuairim, teachtaireacht nó fógra ón Oifig faoin Rialachán seo léireofar an Rannán DFC agus an painéal ábhartha chomh maith le hainm nó ainmneacha na scrúdaitheoirí atá freagrach. Beidh sé sínithe ag na scrúdaitheoirí sin, nó, in ionad sínithe, beidh séala clóite nó stampáilte na hOifige orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun an Rannán DFC agus ainmneacha na scrúdaitheoirí atá freagrach a shainaithint, nó úsáid a bhaint as aitheantas seachas séala, i gcás ina dtarchuirtear cinntí nó teachtaireachtaí eile trí aon mhodh teicniúil cumarsáide.
3. Cinntí ón Oifig faoin Rialachán seo ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith, beidh teachtaireacht i scríbhinn ag gabháil leo lena chur in iúl go bhfuil aon fhógra achomhairc le comhdú i scríbhinn san Oifig laistigh de 2 mhí ón dáta a thugtar fógra faoin gcinneadh i dtrácht. Leis an teachtaireacht sin tarraingeofar aird na bpáirtithe freisin ar na forálacha a leagtar síos in Airteagal 26. Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomhairc ar fáil.
Airteagal 39
Imeachtaí ó bhéal
1. Má mheasann an Oifig imeachtaí ó bhéal a bheith caoithiúil, eagrófar iad ar thionscnamh na hOifige nó ar iarraidh ó aon pháirtí sna himeachtaí.
2. Maidir le himeachtaí ó bhéal os comhair painéal scrúdúcháin, painéal freasúra nó painéal neamh, ní bheidh siad ar oscailt don phobal.
3. Maidir le himeachtaí ó bhéal os comhair na mBord Achomhairc, lena n-áirítear fógairt an chinnidh agus, de réir mar a bheidh, fógairt cinnidh athbhreithnithe, beidh siad ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh na Boird Achomhairc a mhalairt i gcásanna ina bhféadfadh míbhuntáistí tromchúiseacha gan údar a bheith ag baint leis an bpobal a ligean isteach, go háirithe le haghaidh páirtí sna himeachtaí.
4. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le himeachtaí ó bhéal a leagan amach.
Airteagal 40
Fianaise a ghlacadh
1. In aon imeachtaí os comhair na hOifige, beidh na modhanna seo a leanas ar áireamh sna modhanna chun fianaise a thabhairt nó a fháil:
|
(a) |
na páirtithe a éisteacht; |
|
(b) |
iarrataí ar fhaisnéis; |
|
(c) |
doiciméid agus samplaí fianaise a thíolacadh; |
|
(d) |
finnéithe a éisteacht; |
|
(e) |
barúlacha ó shaineolaithe; |
|
(f) |
ráitis i scríbhinn faoi mhionn nó faoi dhearbhasc nó ag a bhfuil éifeacht chomhchosúil faoin dlí sa Stát ina ndéantar an ráiteas a ullmhú. |
2. Féadfaidh an painéal ábhartha duine dá bhaill a choimisiúnú chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a tugadh ar aird.
3. Má mheasann an Oifig nó an painéal ábhartha go bhfuil sé riachtanach go dtabharfadh páirtí, finné nó saineolaí fianaise ó bhéal, eiseoidh sí toghairm don duine lena mbaineann chun teacht os a comhair. I gcás ina gcuirtear toghairm ar shaineolaí, fíoróidh an Oifig nó an painéal ábhartha, de réir mar a bheidh, go bhfuil an saineolaí sin saor ó aon choinbhleacht leasa. 1 mhí amháin ar a laghad a bheidh sa tréimhse fógra i dtoghairm den sórt sin, ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn siad ar thréimhse níos giorra. [Leasú 38]
4. Cuirfear na páirtithe ar an eolas faoi fhinné nó saineolaí a éisteacht os comhair na hOifige. Beidh sé de cheart acu a bheith i láthair agus ceisteanna a chur ar an bhfinné nó ar an saineolaí.
5. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin méideanna na gcostas a bheidh le híoc, lena n-áirítear réamhíocaíochtaí, maidir leis na costais a bhaineann le glacadh fianaise amhail dá dtagraítear san Airteagal seo.
6. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe maidir le fianaise a ghlacadh a leagan amach.
Airteagal 41
Fógra a thabhairt
1. Déanfaidh an Oifig, mar chuid den ghnáthchleachtas, fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann faoi chinntí, lena n-áirítear tuairimí, agus faoi thoghairmeacha agus faoi aon fhógra nó aon teachtaireacht eile as a gceaptar teorainn ama, nó a bhfuiltear le fógra a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann ina leith faoi fhorálacha eile de chuid an Rialacháin seo nó de chuid gníomhartha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra a thabhairt ina leith.
2. Féadfar an fógra a thabhairt ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán leictreonach. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinnfidh na mionsonraí maidir le meán leictreonach.
3. I gcás ina bhfuil an fógra le tabhairt trí fhógra poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an chaoi a dtabharfar an fógra poiblí agus socróidh sé an dáta a thosóidh an tréimhse míosa agus ar dhul in éag na tréimhse sin, measfar go mbeidh fógra tugtha faoin doiciméad.
4. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na socruithe mionsonraithe maidir le fógra a thabhairt a leagan amach.
Airteagal 42
Teorainneacha ama
1. Is i dtéarmaí blianta iomlána, míonna, seachtainí nó laethanta a leagfar síos teorainneacha ama. Tosófar an ríomh an lá i ndiaidh an lae ar tharla an teagmhas ábhartha. Ní bheidh ré na dteorainneacha ama níos lú ná 1 mhí amháin agus ní bheidh sé níos mó ná 6 mhí.
2. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nach mbeidh an Oifig ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nach ndéanfar gnáthphost a sheachadadh sa cheantar ina bhfuil an Oifig suite.
3. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fad thréimhse an bhriste i gcás briseadh ginearálta maidir le post a sheachadadh sa Bhallstát ina bhfuil an Oifig suite nó i gcás briseadh iarbhír ar nasc na hOifige le modhanna leictreonacha cumarsáide atá inghlactha.
4. Más rud é, de dhroim tarlú eisceachtúil, amhail tubaiste nádúrtha nó stailc, go mbristear cumarsáid chuí nó go gcuirtear isteach ar chumarsáid chuí ó na páirtithe sna himeachtaí chuig an Oifig nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh, maidir leis na páirtithe uile sna himeachtaí a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát lena mbaineann nó a bhfuil a n-oifig cláraithe suite sa Bhallstát sin, nó a bhfuil ionadaí ceaptha acu a bhfuil áit ghnó aige sa Bhallstát lena mbaineann, go cuirfear fadú go dtí dáta a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin le gach teorainn ama a rachadh in éag, murach an fadú sin, an dáta a thosaíonn tarlú den sórt sin nó i ndiaidh an dáta sin, ar teorainneacha ama iad a shocróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Agus an dáta sin á chinneadh aige, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin measúnú ar cathain a thiocfaidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Má dhéanann an tarlú difear do cheanncheathrú na hOifige, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm ag an gcinneadh maidir le gach páirtí sna himeachtaí.
5. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na mionsonraí maidir le ríomh agus ré na dteorainneacha ama a shonrú.
Airteagal 43
Earráidí agus dearmaid fhollasacha a cheartú
1. Ceartóidh an Oifig, as a stuaim féin nó ar iarraidh chuige sin ó pháirtí, aon earráid teanga nó aon earráid tras-scríofa nó dearmaid fhollasacha sna cinntí ón Oifig, lena n-áirítear barúlacha, nó earráidí teicniúla i bhfaisnéise foilsithe sa Chlár.
2. I gcás ina ndearna an Oifig iontráil sa Chlár nó ina ndearna sí cinneadh ina bhfuil earráid fhollasach is inchurtha i leith na hOifige, áiritheoidh sí go gcealófar an iontráil nó go gcúlghairfear an cinneadh. Déanfar an iontráil sa Chlár a chealú nó déanfar an cinneadh a chúlghairm laistigh de 1 bhliain ón dáta a ndearnadh an iontráil sa Chlár nó ón dáta a glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sna himeachtaí.
3. Coimeádfaidh an Oifig taifead d’aon chealú nó cúlghairm den sórt sin.
4. Foilseoidh an Oifig ceartúcháin agus cealuithe.
Airteagal 44
Restitutio in integrum
1. Maidir leis an iarratasóir nó sealbhóir ar deimhniú aonadach, nó maidir le haon pháirtí eile sna himeachtaí os comhair na hOifige faoin Rialachán seo nach raibh in ann, d’ainneoin an chúraim chuí uile a bhí de dhíth i ngeall ar na dálaí a bheith déanta, teorainn ama de chuid na hOifige a chomhlíonadh, déanfar a chearta a athbhunú, ar iarratas, más rud é go bhfuil sé mar iarmhairt ag an mbacainn roimh chomhlíonadh, de bhun fhorálacha an Rialacháin seo, go gcaillfear aon cheart nó aon mhodh sásaimh.
2. Déanfar an t-iarratas ar athbhunú a chomhdú i scríbhinn laistigh de 2 mhí ón tráth a baineadh an bhacainn roimh chomhlíonadh na teorann ama. Críochnófar an gníomh a fágadh ar lár laistigh den tréimhse sin. Ní bheidh an t-iarratas inghlactha ach amháin laistigh den bhliain go díreach tar éis dul in éag na teorann ama nár cloíodh léi.
3. San iarratas ar athbhunú luafar na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus leagfar amach na fíorais ar a bhfuil sé ag brath. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille le haghaidh athbhunú na gceart.
4. Déanfaidh an Rannán DFC, nó i gcás inarb infheidhme an Bord Achomhairc, cinneadh maidir leis an iarratas.
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ná in Airteagal 15(1) agus (3).
Airteagal 45
Na himeachtaí a bhriseadh
1. Brisfear na himeachtaí atá os comhair na hOifige faoin Rialachán seo:
|
(a) |
i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an iarratasóra, nó i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil an duine a údaraítear de réir an dlí náisiúnta chun gníomhú thar ceann an iarratasóra. Sa mhéid nach ndéanfaidh an bás nó an t-éagumas difear d’údarú ionadaí a cheaptar faoi Airteagal 36, ní bhrisfear na himeachtaí ach amháin ar iarraidh ón ionadaí sin; |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh cosc ar an iarratasóir, ar chúiseanna dlíthiúla mar thoradh ar chaingean in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige; |
|
(c) |
i gcás bhás nó éagumas dlíthiúil ionadaí an iarratasóra, nó i gcás ina mbeidh cosc ar an ionadaí sin, ar chúiseanna dlíthiúla mar thoradh ar chaingean in aghaidh a mhaoine nó a maoine, leanúint de na himeachtaí os comhair na hOifige. |
2. Athchromfar ar imeachtaí os comhair na hOifige a luaithe a shuífear céannacht an duine arna údarú chun leanúint díobh.
3. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shocruithe mionsonraithe a leagan amach maidir le hatosú imeachtaí os comhair na hOifige.
Airteagal 46
Costais
1. Is é an páirtí a chaillfidh in imeachtaí freasúra agus in imeachtaí le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta, lena n-áirítear in imeachtaí achomhairc gaolmhara, a iompróidh na táillí a íocann an páirtí eile. Is é an páirtí a chaillfidh a iompróidh na costais uile freisin arna dtabhú ag an bpáirtí eile, ar costais iad atá riachtanach do na himeachtaí, lena n-áirítear costais taistil agus chothaithe agus luach saothair de chuid ionadaí, laistigh de na huasrátaí a leagtar síos le haghaidh gach catagóire costais sa ghníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir le mír 7. Beidh na táillí a bheidh le híoc ag an bpáirtí a chaillfidh teoranta do na táillí a íocann an páirtí eile sna himeachtaí sin.
2. I gcás ina n-éireoidh le gach páirtí i gcinn áirithe agus ina dteipfidh gach páirtí i gcinn eile, nó más gá ar chúiseanna cothromais, cinnfidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc cionroinnt eile a dhéanamh ar na costais.
3. I gcás ina bhfoirceanntar imeachtaí, is faoi rogha an Rannáin DFC nó an Bhoird Achomhairc a bheidh na costais.
4. I gcás ina dtabharfaidh na páirtithe réiteach ar chostais i gcrích os comhair an Rannáin DFC nó an Bhoird Achomhairc, ar réiteach é atá éagsúil ón réiteach dá bhforáiltear i míreanna 1 go 3, tabharfaidh an comhlacht lena mbaineann an comhaontú sin ar aird.
5. Socróidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc méid na gcostas a bheidh le híoc de bhun mhíreanna 1 go 3 den Airteagal seo i gcás ina mbeidh na costais atá le híoc teoranta do na táillí a íoctar leis an Oifig agus do na costais ionadaíochta. I ngach cás eile, is í clárlann an Bhoird Achomhairc nó an Rannáin DFC a shocróidh, arna iarraidh sin, méid na gcostas a bheidh le haisíoc. Ní bheidh an iarraidh inghlactha ach amháin ar feadh thréimhse 2 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an cinneadh, ar ina leith a rinneadh iarratas chun na costais a shocrú, chun bheith críochnaitheach, agus beidh bille agus fianaise tacaíochta ag gabháil léi. Maidir leis na costais ionadaíochta is leor dearbhú ón ionadaí gur tabhaíodh na costais. Maidir le costais eile, is leor a sochreidteacht a shuí. I gcás ina socrófar méid na gcostas de bhun na chéad abairte den mhír seo, dámhfar costais ionadaíochta ar an leibhéal a leagtar síos sa ghníomh cur chun feidhme a ghlacfar de bhun mhír 7 den Airteagal seo, gan beann ar cé acu a tabhaíodh na costais go hiarbhír nó nár tabhaíodh.
6. Sna cinntí maidir le socrú na gcostas arna nglacadh i gcomhréir le mír 5 luafar na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe, agus féadfaidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh air ar iarraidh a chomhdaítear laistigh de 1 mhí ón dáta a thugtar fógra faoi dhámhachtain na gcostas. Ní mheasfar é a bheith comhdaithe go dtí go n-íocfar an táille le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid na gcostas. Déanfaidh an Rannán DFC nó an Bord Achomhairc, de réir mar a bheidh, cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le costais a shocrú gan imeachtaí ó bhéal.
7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na huasrátaí do chostais atá riachtanach ó thaobh na n-imeachtaí de, ar chostais iarbhír iad a thabhaíonn an páirtí a n-éireoidh leis. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
8. Agus na huasrátaí á sonrú aige maidir le costais taistil agus chothaithe, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an t-achar idir áit chónaithe nó áit ghnó an pháirtí, an ionadaí nó an fhinné nó an tsaineolaí agus an áit ina dtionólfar na himeachtaí béil, an chéim sa nós imeachta ag ar tabhaíodh na costais agus, a mhéid agus a bhaineann le costais na hionadaíochta, an gá lena áirithiú nach mbainfidh an páirtí eile mí-úsáid as an oibleagáid atá ann na costais a iompar ar chúiseanna oirbheartaíochta. Ina theannta sin, déanfar na costais chothaithe a ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (17). An páirtí a chaillfidh, ní iompróidh sé ach costais aon pháirtí amháin sna himeachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, costais aon ionadaí amháin.
Airteagal 47
Forfheidhmiú cinntí lena socraítear méid na gcostas
1. Cinneadh infhorfheidhmithe a bheidh in aon chinneadh deiridh ón Oifig lena socraítear méid na gcostas.
2. Déanfar an forfheidhmiú a rialú leis na rialacha nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forfheidhmiú. Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh freagrach as barántúlacht an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 a fhíorú, agus cuirfidh sé a chuid sonraí teagmhála in iúl don Oifig, don Chúirt Bhreithiúnais agus don Choimisiún. Déanfaidh an t-údarás sin an t-ordú maidir le forfheidhmiú a chur i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile a bheith ann seachas fíorú bharántúlacht an chinnidh
3. Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i mbun an fhorfheidhmithe de réir an dlí náisiúnta tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil.
4. Ní fhéadfar forfheidhmiú a fhionraí ach amháin trí bhreith ón gCúirt Bhreithiúnais. Beidh dlínse ag cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineann, áfach, i dtaca le gearáin á rá go bhfuil an forfheidhmiú á chur i gcrích ar dhóigh neamhrialta.
Airteagal 48
Forálacha airgeadais
1. Maidir le caiteachais a thabhóidh an Oifig le linn na cúraimí breise a tugadh di i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh, cumhdófar iad leis na táillí nós imeachta atá le híoc ag iarratasóirí leis an Oifig agus le codán de na táillí bliantúla a íocfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe, agus roinnfear fuílleach na dtáillí bliantúla leis na Ballstáit i gcomhréir le líon na ndeimhnithe aonadacha a bhfuil éifeacht dhlíthiúil acu i ngach ceann díobh. Socrófar codán na dtáillí bliantúla atá le roinnt leis na Ballstáit ar luach áirithe i dtosach, ach athbhreithneofar é gach 5 bliana, ar shlí chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Oifig faoin Rialachán seo agus faoi Rialacháin [COM(2023)0231], [COM(2023)0223] agus [COM(2023)0222] chomh maith.
2. Chun críocha mhír 1, coimeádfaidh an Oifig cuntas ar na táillí bliantúla arna n-íoc leo ag sealbhóirí na ndeimhnithe aonadacha atá i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla.
3. Maidir le caiteachas a thabhóidh údarás náisiúnta inniúil atá rannpháirteach in imeachtaí faoin gCaibidil seo, cumhdóidh an Oifig iad, agus íocfar iad go bliantúil, ar bhonn líon na n-imeachtaí lena raibh baint ag an údarás náisiúnta inniúil sin le linn na bliana roimhe sin.
4. Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le haistrithe airgeadais idir an Oifig agus na Ballstáit, méideanna na n-aistrithe sin, agus an luach saothair atá le híoc ag an Oifig maidir le rannpháirteachas na n-údarás náisiúnta inniúil dá dtagraítear i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50.
5. Beidh feidhm ag Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 maidir leis na táillí bliantúla i leith deimhnithe aonadacha.
Airteagal 49
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 15(13), Airteagal 22(13), Airteagal 26(8), Airteagal 28, Airteagal 32(2), Airteagal 39(4), Airteagal 40(6), Airteagal 41(4), Airteagal 42(5) agus Airteagal 45(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón XXX [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta teacht i bhfeidhm].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 15(13), Airteagal 22(13), Airteagal 26(8), Airteagal 28, Airteagal 32(2), Airteagal 39(4), Airteagal 40(6), Airteagal 41(4), Airteagal 42(5) agus Airteagal 45(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 15(13), Airteagal 22(13), Airteagal 26(8), Airteagal 28, Airteagal 32(2), Airteagal 39(4), Airteagal 40(6), Airteagal 41(4), Airteagal 42(5) agus Airteagal 45(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 50
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh Coiste um Dheimhnithe Forlíontacha Cosanta arna bhunú le Rialachán [COM(2023)0231] cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 51
Meastóireacht
Faoin xxxxxx ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach: 5 bliana tar éis dháta an chur i bhfeidhm], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle . Mar chuid den mheastóireacht sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar indéantacht agus ar thairbhí nós imeachta údaraithe lárnach le haghaidh táirgí cosanta plandaí a bhunú faoin Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. [Leasú 39]
Airteagal 52
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an XXX [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta a thiteann an 20ú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh].
Beidh feidhm aige ó xxxxx [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an chéad lá den 12ú mí tar éis dháta an teacht i bhfeidhm].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C […], […], lch. […].
(2) IO C […], […], lch. […].
(3) COM(2020)0760 final.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (IO L 361, 31.12.2012, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1610/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le deimhniú forlíontach cosanta a chur ar bun le haghaidh táirgí cosanta plandaí (IO L 198, 8.8.1996, lch. 30).
(6) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).
(7) Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309 24.11.2009, lch. 1).
(11) An Coinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach an 5 Deireadh Fómhair 1973, mar a athbhreithníodh an 17 Nollaig 1991 agus an 29 Samhain 2000.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lch. 1).
(13) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle lena gcinntear na teangacha atá le húsáid ag Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).
(14) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte [COM(2023)0231].
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(16) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).
(17) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Choimisiúin Eorpaigh agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1356/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)