European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1353

17.3.2025

P9_TA(2024)0086

Leasuithe ar Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 maidir leis an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (07307/2022 – C9-0405/2022 – 2022/0906(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(C/2025/1353)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle (07307/2022),

ag féachaint d’Airteagal 256(3) agus Airteagal 281, an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a cuireadh an dréachtghníomh faoina bráid(C9-0405/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus (15) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2023)0135),

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 50 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0278/2023),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


P9_TC1-COD(2022)0906

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE, Euratom) 2024/2019.)


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1353/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)