European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1335

21.2.2025

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Feabhra 2025

lena gceaptar comhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) thar ceann na Slóvaice

(C/2025/1335)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint do liostaí na n-iarrthóirí a chuir Rialtais na mBallstát agus eagraíochtaí na bhfostaithe agus eagraíochtaí na bhfostóirí faoi bhráid na Comhairle,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh an 28 Márta 2023 (2), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2027.

(2)

Chuir rialtas na Slóvaice ainmniúchán isteach le haghaidh post amháin atá le líonadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceaptar an duine seo a leanas mar chomhalta malartach de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna don tréimhse dar críoch an 31 Márta 2027:

I.   IONADAITHE RIALTAIS

Ballstát

Comhalta malartach

An tSlóvaic

Karol JAKUBÍK

Airteagal 2

Ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha nár ainmníodh fós tráth níos déanaí.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)   IO L 30, 31.1.2019, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/128/oj.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) (IO C 116, 31.3.2023, lch. 15).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1335/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)