|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1326 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0218
Córas Cánach Ceannoifige do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus d’fhiontair mheánmhéide a bhunú, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 maidir le togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena mbunaítear córas Cánach Ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus lena leasaítear Treoir 2011/16/AE (COM(2023)0528 – C9-0340/2023 – 2023/0320(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
(C/2025/1326)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0528), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0340/2023), |
|
— |
ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, |
|
— |
ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0064/2024), |
|
1. |
ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
3. |
á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint; |
|
4. |
á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil; |
|
5. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13 b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 14
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ríomh thoradh inchánach bhuanbhunaíochtaí FBManna a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(1) (rialacha maidir le ‘Cánachas Ceannoifige’). |
Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha maidir le ríomh thoradh inchánach bhuanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí FBManna a chomhlíonann na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(1) (rialacha maidir le ‘Cánachas Ceannoifige’). |
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe e
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV, chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a chur san áireamh, athruithe a bhaineann leis an méid seo a leanas: |
2. Cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 lena leasaítear Iarscríbhinní I go IV, chun athruithe ar dhlíthe na mBallstát a chur san áireamh agus bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an mBallstát ábhartha , ar athruithe iad a bhaineann leis an méid seo a leanas: |
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Ní dhéanfar aon difear leis an Treoir seo do cheart an Bhallstáit ina bhfuil buanbhunaíocht suite chun an ráta cánach is infheidhme a shocrú, ná d’infheidhmeacht coinbhinsiún déthaobhach maidir le cánachas dúbailte a sheachaint, ná na rialacha maidir le cosaint shóisialta na n-oibrithe i mBallstát na buanbhunaíochta. |
3. Ní dhéanfar aon difear leis an Treoir seo do cheart an Bhallstáit ina bhfuil buanbhunaíocht nó an fhochuideachta suite chun an ráta cánach is infheidhme a shocrú, ná d’infheidhmeacht coinbhinsiún déthaobhach maidir le cánachas dúbailte a sheachaint, ná na rialacha maidir le cosaint shóisialta na n-oibrithe i mBallstát na buanbhunaíochta nó na fochuideachta . |
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Féadfaidh an cheannoifig a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í) i mBallstáit eile má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas: |
1. Féadfaidh an cheannoifig a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í) agus a fochuideachtaí i mBallstáit eile má chomhlíonann sí na ceanglais seo a leanas: |
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Má roghnaíonn an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí uile i mBallstáit eile. Má chruthaíonn sí buanbhunaíocht nua i mBallstát eile, cuirfidh sí na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm maidir leis an mbuanbhunaíocht sin a luaithe a bhunófar í. |
2. Má roghnaíonn an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí nó fochuideachtaí uile i mBallstáit eile. Má chruthaíonn sí buanbhunaíocht nua i mBallstát eile, cuirfidh sí na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm maidir leis an mbuanbhunaíocht sin a luaithe a bhunófar í. Má chruthaíonn sí chéad fhochuideachta i mBallstát eile, cuirfidh sí na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm maidir leis an bhfochuideachta sin a luaithe a bhunófar í agus cuirfidh sí an Ballstát óstach ar an eolas ina leith. |
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 2 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
2a. Ní chuirfear an ceanglas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), i bhfeidhm i gcás inar bunaíodh an cheannoifig tráth níos lú ná trí bliana roimh an dáta ar ar roghnaíodh na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm. |
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
I gcás ina ndíorthaítear ioncam na ceannoifige ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus i gcás ina bhfuil an t-ioncam sin faoi réir córas cánach tonnáiste sa Bhallstát ceannoifige, eiseofar an cheannoifig sin ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i leith a buanbhunaíochta(í) i mBallstáit eile a mhéid a ndíorthaíonn siad sin ioncam ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta. |
I gcás ina ndíorthaítear ioncam na ceannoifige ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta agus i gcás ina bhfuil an t-ioncam sin faoi réir córas cánach tonnáiste sa Bhallstát ceannoifige, eiseofar an cheannoifig sin ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i leith a buanbhunaíochta(í) agus na bhfochuideachtaí i mBallstáit eile a mhéid a ndíorthaíonn siad sin ioncam ó ghníomhaíochtaí loingseoireachta. |
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Tabharfaidh an cheannoifig, a roghnóidh na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíocht(aí), fógra faoina rogha don údarás comhdaithe, in éineacht le hainm an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach. Tabharfar an fógra 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh na bliana fioscaí roimh an mbliain fhioscach inar mian leis an FBM sin tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
1. Tabharfaidh an cheannoifig, a roghnóidh na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíocht(aí) agus/nó fochuideachta(í) , fógra faoina rogha don údarás comhdaithe, in éineacht le hainm an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach. Tabharfar an fógra 2 mhí ar a laghad roimh dheireadh na bliana fioscaí roimh an mbliain fhioscach inar mian leis an FBM sin tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
1a. Chun a chéad bhuanbhunaíocht nó a chéad fhochuideachta a bhunú i mBallstát eile, féadfaidh FBM na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm ón mbliain ina mbunófar an bhuanbhunaíocht nó an fhochuideachta, gan é a bheith orthu fógra a thabhairt don údarás comhdaithe 3 mhí roimh dheireadh na bliana fioscaí roimhe sin. |
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Deimhneoidh an t-údarás comhdaithe cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4 agus cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir lena thorthaí laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1. |
2. Deimhneoidh an t-údarás comhdaithe cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 4 agus cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir lena thorthaí laistigh de 1 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 2 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
2a. Gheobhaidh an t-údarás comhdaithe deimhniú ón mBallstát óstach gur buanbhunaíocht í an bhunaíocht sa Bhallstát óstach chun críoch conarthaí cánach déthaobhacha. |
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Má chomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh an t-údarás comhdaithe údaráis chánach na mBallstát óstach ar an eolas laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 go ríomhfar toradh inchánach na mbuanbhunaíochtaí ábhartha i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige ón mbliain fhioscach dár gcionn, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm iad sa Bhallstát ceannoifige. Cuirfidh údarás cánach an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach an ráta cánach is infheidhme in iúl don údarás comhdaithe. |
3. Má chomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh an t-údarás comhdaithe údaráis chánach na mBallstát óstach ar an eolas laistigh de 1 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 go ríomhfar toradh inchánach na mbuanbhunaíochtaí agus na bhfochuideachtaí ábhartha i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige ón mbliain fhioscach dár gcionn, de réir mar a chuirtear i bhfeidhm iad sa Bhallstát ceannoifige. Cuirfidh údarás cánach an Bhallstáit óstaigh/na mBallstát óstach an ráta cánach is infheidhme in iúl don údarás comhdaithe. |
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Féadfaidh an Ballstát óstach cur in aghaidh chinneadh an údaráis comhdaithe maidir le comhlíonadh na gceanglas incháilitheachta i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 13. D’ainneoin nósanna imeachta den sórt sin, féadfaidh FBManna tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
Féadfaidh an Ballstát óstach cur in aghaidh chinneadh an údaráis comhdaithe maidir le comhlíonadh na gceanglas incháilitheachta i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 13. Sa chás sin, cuirfear rialacha náisiúnta an Bhallstáit ceannoifige i bhfeidhm. D’ainneoin nósanna imeachta den sórt sin, féadfaidh FBManna tús a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Má thagann an t-údarás comhdaithe ar an gconclúid nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir leis sin laistigh de 2 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh an cheannoifig achomharc a dhéanamh ina aghaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
Má thagann an t-údarás comhdaithe ar an gconclúid nach gcomhlíontar na ceanglais incháilitheachta, cuirfidh sé an cheannoifig ar an eolas maidir leis sin laistigh de 1 mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus féadfaidh an cheannoifig achomharc a dhéanamh ina aghaidh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leanúint de na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm . Ní bheidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh críochnaitheach ach ón mbliain fhioscach ina dhiaidh sin . |
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4. I gcás ina dtagann Ballstát óstach ar an gconclúid go gcáilíonn láithreacht FBM ar a chríoch mar bhuanbhunaíocht, cuirfidh sé an t-údarás comhdaithe ar an eolas. Nuair a gheofar an fhaisnéis sin, cuirfidh an t-údarás comhdaithe údarás cánach inniúil an Bhallstáit óstaigh ar an eolas cé acu a chuireann nó nach gcuireann an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í). |
4. I gcás ina dtagann Ballstát óstach ar an gconclúid go gcáilíonn láithreacht FBM ar a chríoch mar bhuanbhunaíocht nó mar fhochuideachta , cuirfidh sé an t-údarás comhdaithe ar an eolas. Nuair a gheofar an fhaisnéis sin, cuirfidh an t-údarás comhdaithe údarás cánach inniúil an Bhallstáit óstaigh ar an eolas cé acu a chuireann nó nach gcuireann an cheannoifig na rialacha maidir le cánachas ceannoifige i bhfeidhm i leith a buanbhunaíochta(í) nó a fochuideachtaí . Ní mór an cheannoifig a chur ar an eolas go cuí faoi na nósanna imeachta sin, gan moill mhíchuí. |
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Maidir leis an gceannoifig, a bhfuil sé roghnaithe aici na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí i mBallstát óstach amháin nó níos mó, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm go ceann tréimhse 5 bliana fhioscacha. |
1. Maidir leis an gceannoifig, a bhfuil sé roghnaithe aici na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí nó a fochuideachtaí i mBallstát óstach amháin nó níos mó, cuirfidh sí na rialacha sin i bhfeidhm go ceann tréimhse in-athnuaite 7 mbliana fhioscacha. |
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh maidir le buanbhunaíochtaí atá suite sna Ballstáit óstacha, mura dtugann an cheannoifig fógra don údarás comhdaithe faoina rogha chun cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a athnuachan, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9. |
2. Ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh maidir leis na buanbhunaíochtaí agus na fochuideachtaí atá suite sna Ballstáit óstacha, mura dtugann an cheannoifig fógra don údarás comhdaithe faoina rogha chun cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a athnuachan, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9. |
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Foirceannfar an rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas: |
1. Foirceannfar an rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 7(1) ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas: |
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 1 – pointe a
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 1 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 –mír 1 – pointe b a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 –mír 1 – pointe b b (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||
|
|
|
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. In aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh ón mbliain fhioscach a leanfaidh an bhliain ina dtarlóidh na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1. |
2. Ní bheidh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a thuilleadh ón mbliain fhioscach a leanfaidh an bhliain ina dtarlóidh an chúis dá dtagraítear i mír 1. |
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Cuirfidh an t-údarás comhdaithe na Ballstáit óstacha ar an eolas faoin bhfoirceannadh dá dtagraítear i mír 1 roimh dheireadh na bliana fioscaí ina dtarlaíonn na cúiseanna leis an bhfoirceannadh sin . |
3. Cuirfidh an t-údarás comhdaithe na Ballstáit óstacha ar an eolas faoin bhfoirceannadh dá dtagraítear i mír 1 a luaithe is féidir agus, in aon chás, roimh dheireadh na bliana fioscaí ina dtarlaíonn na cúiseanna leis an bhfoirceannadh. |
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 4
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4. Má aistríonn an FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a áit chónaithe chun críoch cánach chuig Ballstát eile, féadfaidh sé a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige de chuid a Bhallstáit nua cónaithe chun críoch cánach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Measfar gur rogha nua é sin. |
4. Má aistríonn an FBM dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a áit chónaithe chun críoch cánach chuig Ballstát eile, féadfaidh sé a roghnú na rialacha maidir le cánachas ceannoifige de chuid a Bhallstáit nua cónaithe chun críoch cánach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7. Measfar gur rogha nua é sin. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), más rud é go ndearnadh aistriú áit chónaithe an FBM chun críoch cánach ar chúiseanna tráchtála bailí de réir bhrí Airteagal 15(1), pointe (a), de Threoir 2009/133/CE ón gComhairle. |
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
An rogha na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm, ní bheidh an cheannoifig i dteideal an rogha sin a athnuachan má tharla aon cheann de na cásanna seo a leanas le linn na tréimhse 5 bliana ina raibh feidhm ag na rialacha maidir le cánachas ceannoifige ar dtús : |
An rogha chun na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm, ní bheidh an cheannoifig i dteideal an rogha sin a athnuachan má tharla aon cheann de na cásanna seo a leanas: |
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1 – pointe a
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1 – pointe c
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Comhdóidh an cheannoifig an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige leis an údarás comhdaithe. |
1. Comhdóidh an cheannoifig an tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige leis an údarás comhdaithe. Tabharfaidh an Ballstát ceannoifige cúnamh don FBM an tuairisceán cánach a fhorbairt, go háirithe maidir le toradh inchánach a shannadh do gach buanbhunaíocht agus gach fochuideachta i mBallstáit eile. |
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 2 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. I gcás nach gceanglaítear ar bhuanbhunaíocht amháin nó níos mó de chuid FBM ráitis cuntasaíochta airgeadais ar leithligh a ullmhú faoi dhlí an Bhallstáit óstaigh, áireofar sa tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige an fhaisnéis seo a leanas: |
3. I gcás nach gceanglaítear ar bhuanbhunaíocht amháin nó níos mó de chuid FBM ráitis cuntasaíochta airgeadais ar leithligh a ullmhú faoi dhlí an Bhallstáit óstaigh, áireofar sa tuairisceán cánach um chánachas ceannoifige an fhaisnéis seo a leanas: |
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 3 – pointe a
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 3 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 4 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 64
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 5 – fomhír 1 – pointe b
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 8
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
8. Má dhiúltaíonn údarás cánach an Bhallstáit óstaigh don fhógra faoi dhréachtmheasúnú cánach, athbhreithneoidh sé an dréachtmheasúnú cánach sin i ndáil le sannadh brabús don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte idir an Ballstát óstach agus an Ballstát ceannoifige a sheachaint. Tar éis don údarás cánach sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht a athbhreithniú agus é a chur in iúl don údarás comhdaithe i gcomhréir le hAirteagal 8ae de Threoir 2011/16/AE, athríomhfaidh an t-údarás comhdaithe an toradh inchánach i gcomhréir le rialacha cánachais an Bhallstáit ceannoifige, agus eiseoidh an Ballstát sin measúnú cánach athbhreithnithe. Beidh an cáiníocóir i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe cánach athbhreithnithe sin os comhair chúirteanna an Bhallstáit ceannoifige. Socrófar aon díospóid a bhaineann le méid na mbrabús is féidir a shannadh don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte a sheachaint, nó i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 (17). |
8. Má dhiúltaíonn údarás cánach an Bhallstáit óstaigh don fhógra faoi dhréachtmheasúnú cánach, athbhreithneoidh sé an dréachtmheasúnú cánach sin i ndáil le sannadh brabús don bhuanbhunaíocht agus do na fochuideachtaí i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún is infheidhme chun cánachas dúbailte a bhfuil an Ballstát óstach agus an Ballstát ceannoifige ina bpáirtithe ann a sheachaint. Tar éis don údarás cánach sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht agus do na fochuideachtaí a athbhreithniú agus é a chur in iúl don údarás comhdaithe i gcomhréir le hAirteagal 8ae de Threoir 2011/16/AE, athríomhfaidh an t-údarás comhdaithe an toradh inchánach i gcomhréir le rialacha cánachais an Bhallstáit ceannoifige, agus eiseoidh an Ballstát sin measúnú cánach athbhreithnithe. Beidh an cáiníocóir i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh an mheasúnaithe cánach athbhreithnithe sin os comhair chúirteanna an Bhallstáit ceannoifige. Socrófar aon díospóid a bhaineann le méid na mbrabús is féidir a shannadh don bhuanbhunaíocht agus do na fochuideachtaí i gcomhréir leis an gcoinbhinsiún is infheidhme chun cánachas dúbailte a sheachaint, nó i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 (17). |
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 9
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
9. I gcás, faoi rialacha cánach an Bhallstáit óstaigh, ina bhfuil costais áirithe atá bainteach le fostaithe na buanbhunaíochta in-asbhainte chun críoch cánach a mhéid a ghearrtar cáin ar na méideanna faoi leith ag leibhéal an fhostóra nó a mhéid atá siad faoi réir muirear slándála sóisialta, agus nach bhfuil aon chóireáil chánach chomhchosúil sa Bhallstát ceannoifige a fhágann gur féidir asbhaint den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát ceannoifige agus an Ballstát óstach na bearta iomchuí chun neamhréireanna féideartha a sheachaint. |
9. I gcás, faoi rialacha cánach an Bhallstáit óstaigh, ina bhfuil costais áirithe atá bainteach le fostaithe na buanbhunaíochta nó na fochuideachta in-asbhainte chun críoch cánach a mhéid a ghearrtar cáin ar na méideanna faoi leith ag leibhéal an fhostóra nó a mhéid atá siad faoi réir muirear slándála sóisialta, agus nach bhfuil aon chóireáil chánach chomhchosúil sa Bhallstát ceannoifige a fhágann gur féidir asbhaint den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát ceannoifige agus an Ballstát óstach na bearta iomchuí , le treoir ón gCoimisiún, chun neamhréireanna féideartha a sheachaint. |
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 9 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
9a. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, treoir a leagan síos maidir le bearta iomchuí i ndáil le neamhréireanna dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15. |
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – teideal
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Bailiú na cánach atá dlite ag an mbuanbhunaíocht/na buanbhunaíochtaí sa Bhallstát óstach/sna Ballstáit óstacha |
Bailiú na cánach atá dlite ag na buanbhunaíochtaí agus ag na fochuideachtaí sna Ballstáit óstacha |
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Socróidh an cheannoifig, tríd an údarás comhdaithe, na dliteanais cánach ioncaim maidir lena thoradh inchánach agus toradh inchánach a buanbhunaíochta( í ) sa Bhallstát óstach/ sna Ballstáit óstacha. |
1. Socróidh an cheannoifig, tríd an údarás comhdaithe, na dliteanais cánach ioncaim maidir lena thoradh inchánach agus toradh inchánach a buanbhunaíochtaí agus a fochuideachtaí sna Ballstáit óstacha. |
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Baileoidh an t-údarás comhdaithe an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach gach buanbhunaíochta den cheannoifig san Aontas, cuirfidh sé ráta cánach an Bhallstáit óstaigh faoi leith i bhfeidhm agus aistreoidh sé an méid ábhartha d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faoi leith. |
2. Baileoidh an t-údarás comhdaithe an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach gach buanbhunaíochta agus fochuideachta den cheannoifig san Aontas, cuirfidh sé ráta cánach an Bhallstáit óstaigh faoi leith i bhfeidhm agus aistreoidh sé an méid ábhartha d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh faoi leith gan mhoill . |
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun a áirithiú go mbailítear agus go n-aistrítear an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach na buanbhunaíochta/ na mbuanbhunaíochtaí ón mBallstát ceannoifige chuig an mBallstát óstach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15. |
3. Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe praiticiúla is gá chun a áirithiú go mbailítear agus go n-aistrítear an cháin a chomhfhreagraíonn do dhliteanas cánach na mbuanbhunaíochtaí nó na bhfochuideachtaí ón mBallstát ceannoifige chuig an mBallstát óstach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15. |
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Mura sonraítear a mhalairt, ní dhéanfaidh rialacha na Treorach seo difear do rialacha náisiúnta na mBallstát lena rialaítear iniúchtaí cánach áitiúla, leigheasanna dlí agus imeachtaí, ná na sásraí réitigh díospóidí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais nó dá bhforáiltear sna coinbhinsiúin dhéthaobhacha is infheidhme maidir le seachaint an chánachais dhúbailte. |
1. Mura sonraítear a mhalairt, ní dhéanfaidh rialacha na Treorach seo difear do rialacha náisiúnta na mBallstát lena rialaítear iniúchtaí cánach áitiúla, leigheasanna dlí agus imeachtaí, ná na sásraí réitigh díospóidí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais nó dá bhforáiltear sna coinbhinsiúin dhéthaobhacha is infheidhme maidir le seachaint an chánachais dhúbailte. Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear d’oibleagáidí tráchtála, cuntasaíochta agus fioscacha buanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí de bhun rialacha náisiúnta an Bhallstáit óstaigh. |
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Féadfaidh údarás cánach an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go ndéanfaí iniúchadh i gcomhpháirt leis an údarás comhdaithe, iniúchadh lena gcumhdófaí ríomh thoradh inchánach na buanbhunaíochta i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige, sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht agus/nó an ráta cánach infheidhme. Déanfar iniúchtaí comhpháirteacha i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (18). D’ainneoin na bhforálacha sa Treoir réamhluaite, glacfaidh an t-údarás inniúil iarrtha le hiarraidh den sórt sin ó údaráis an Bhallstáit óstaigh . |
2. Féadfaidh údaráis cánach an Bhallstáit óstaigh a iarraidh go ndéanfaí iniúchadh i gcomhpháirt leis an údarás comhdaithe, iniúchadh lena gcumhdófaí ríomh thoradh inchánach na buanbhunaíochta nó na fochuideachta i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige, sannadh na mbrabús don bhuanbhunaíocht agus/nó don fhochuideachta agus/nó an ráta cánach infheidhme. Déanfar iniúchtaí comhpháirteacha i gcomhréir le Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (18). D’ainneoin Threoir 2011/16/AE, féadfaidh údarás cánach an Bhallstáit cheannoifige an iarraidh ar iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh freisin ar údarás cánach Bhallstát óstach gach buanbhunaíochta nó gach fochuideachta. |
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 2 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
2a. Má tá iniúchadh le déanamh ar thionscnamh an Bhallstáit ceannoifige, iarrfaidh an Ballstát ceannoifige ar an mBallstát óstach an t-iniúchadh sin a dhéanamh go comhpháirteach. |
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ae – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. I gcás ceannoifig mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir maidir le bunú rialacha maidir le cánachas ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide (20), a roghnaíonn na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíocht(aí) i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, má chomhlíonann an cheannoifig sin ceanglais incháilitheachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige in iúl, trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise, d’údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta go gcaithfear toradh inchánach na buanbhunaíochta ábhartha a ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. Cuirfear é sin iúl laistigh de 2 mhí ón bhfógra ón gCeannoifig maidir lena rogha chun rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm. |
1. I gcás ceannoifig mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), den Treoir maidir le bunú rialacha maidir le cánachas ceannoifige le haghaidh micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide (20), a roghnaíonn na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm maidir lena buanbhunaíochtaí nó a fochuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin, má chomhlíonann an cheannoifig sin ceanglais incháilitheachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha sin, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige in iúl, trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise, d’údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta nó na bhfochuideachtaí go gcaithfear toradh inchánach na buanbhunaíochta nó na bhfochuideachtaí ábhartha a ríomh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. Cuirfear é sin iúl laistigh de 1 mhí ón bhfógra ón gCeannoifig maidir lena rogha chun rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm. |
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ae – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an ráta cánach is infheidhme chun dliteanas cánach na buanbhunaíochta/ na mbuanbhunaíochtaí atá suite ar a chríoch a chinneadh, laistigh de 3 mhí ón bhfógra ó údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige faoina chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
2. Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta nó na fochuideachta in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an ráta cánach is infheidhme chun dliteanas cánach na mbuanbhunaíochtaí nó na bhfochuideachtaí atá suite ar a chríoch a chinneadh, laistigh de 2 mhí ón bhfógra ó údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige faoina chinneadh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le cánachas ceannoifige. |
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ae – mír 3
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an fhaisnéis a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise d’údarás inniúil/d’údaráis inniúla Bhallstát/Bhallstáit na buanbhunaíochta/ na mbuanbhunaíochtaí i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla arna nglacadh de bhun Airteagal 21. |
3. Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige an fhaisnéis a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo in iúl trí bhíthin malartú uathoibríoch faisnéise d’údaráis inniúla Bhallstáit na mbuanbhunaíochtaí nó na bhfochuideachtaí i gcomhréir leis na socruithe praiticiúla arna nglacadh de bhun Airteagal 21. |
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ae – mír 4 – pointe iii
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
||||
|
|
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2011/16/AE
Airteagal 8ae – mír 6
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6. I gcás ina n-athbhreithníonn údarás cánach Bhallstát na buanbhunaíochta/ na mbuanbhunaíochtaí fógra an dréachtmheasúnaithe cánach maidir le brabúis a shannadh don bhuanbhunaíocht i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte idir na Ballstáit óstacha agus an Ballstát ceannoifige a sheachaint, tar éis dhiúltú an fhógra faoin dréachtmheasúnú cánach arna eisiúint ag an mBallstát ceannoifige, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na buanbhunaíochta/ na mbuanbhunaíochtaí an fógra sin faoin dréachtmheasúnú cánach in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige laistigh de 1 mhí amháin óna eisiúint, chun toradh inchánach na buanbhunaíochta a athríomh, measúnú cánach athbhreithnithe a eisiúint agus an cháin a bhailiú. |
6. I gcás ina n-athbhreithníonn údarás cánach Bhallstát na mbuanbhunaíochtaí nó na bhfochuideachtaí fógra an dréachtmheasúnaithe cánach maidir le brabúis a shannadh don bhuanbhunaíocht nó don fhochuideachta i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa choinbhinsiún déthaobhach is infheidhme chun cánachas dúbailte idir na Ballstáit óstacha agus an Ballstát ceannoifige a sheachaint, tar éis dhiúltú an fhógra faoin dréachtmheasúnú cánach arna eisiúint ag an mBallstát ceannoifige, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát na mbuanbhunaíochtaí nó na bhfochuideachtaí an fógra sin faoin dréachtmheasúnú cánach in iúl d’údarás inniúil Bhallstát na ceannoifige laistigh de 1 mhí amháin óna eisiúint, chun toradh inchánach na buanbhunaíochta nó na fochuideachta a athríomh, measúnú cánach athbhreithnithe a eisiúint agus an cháin a bhailiú. |
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 17 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe a bheith glactha, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle. |
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a bheith glactha, maidir le haon agóid ina leith, agus maidir le cúlghairm na gcumhachtaí tarmligthe ag an gComhairle. |
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 18 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Ní choinneofar faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ach chomh fada agus is gá chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, go háirithe fíorú na gceanglas incháilitheachta agus cinneadh dhliteanas cánach na gcáiníocóirí, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choinneofar i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana í . |
2. Ní choinneofar faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir seo, ach a fhad is fíor ghá chun cuspóirí na Treorach (an tréimhse choinneála') seo a bhaint amach, go háirithe fíorú na gceanglas incháilitheachta agus cinneadh dhliteanas cánach na gcáiníocóirí, i gcomhréir le rialacha intíre gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí . Cuirfear tús leis an tréimhse choinneála nuair a phróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha na Treorach seo den chéad uair agus ní rachaidh sí, in aon chás, thar 7 mbliana. |
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar a feidhmiú agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chuige sin. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir seo a leasú. |
1. 5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar a feidhmiú agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chuige sin. Sa tuarascáil, scrúdóidh an Coimisiún, inter alia, ar cheart na rialacha maidir le cánachas ceannoifige a chur i bhfeidhm freisin maidir le fochuideachta amháin nó níos mó de chuid na FBManna. I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Treoir seo a leasú. |
Leasú 83
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
Déanfar measúnú sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar leathnú féideartha de raon feidhme an Treorach seo, go háirithe chuig cuideachtaí eile dá dtagraítear in Airteagail 3(5) agus (6) de Threoir 2013/34/AE, ar a leordhóthanaí atá na ceanglais incháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 4 den Treoir seo i bhfianaise FBManna a bheith ag cloí leis na rialacha maidir le cánachas ceannoifige agus, go háirithe, a iomchuí atá an ceanglas a bhaineann le láimhdeachas comhpháirteach na mbuanbhunaíochtaí agus/nó na bhfochuideachtaí. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar a iomchuí atá na critéir a leagtar síos in Airteagal 10 den Treoir seo, eadhon FBManna a bhfuil níos mó ná 2 fhochuideachta acu a eisiamh, agus a leordhóthanaí atá eisiamh na ngníomhaíochtaí loingseoireachta a leagtar síos in Airteagal 5 den Treoir seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin ar cé acu an féidir nó nach féidir na nósanna imeachta a leagtar síos sa Treoir seo a chuíchóiriú tuilleadh chun costais chomhlíontachta a laghdú agus ar má tá ceachtanna le foghlaim ó chur i bhfeidhm na Treorach seo maidir le cánachas corparáideach i gcoitinne, agus ar an gcaoi ar féidir an méid sin a dhéanamh. |
Leasú 84
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir, i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe maidir leis an líon FBManna incháilithe i gcomparáid le FBManna a rinne rogha gan a bheith páirteach, a gcostais láimhdeachais agus chomhlíontachta i gcoibhneas le láimhdeachas; sonraí maidir leis an líon FBManna a leathnaigh trasteorann trí bhuanbhunaíocht a bhunú agus an líon FBManna a dícháilíodh toisc gur chruthaigh siad fochuideachta , nó na costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna a chuireann an rogha i bhfeidhm. |
2. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir, i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear sonraí comhiomlánaithe maidir leis an líon FBManna incháilithe i gcomparáid le FBManna a rinne rogha gan a bheith páirteach, a láimhdeachas agus a gcostais chomhlíontachta i gcoibhneas le láimhdeachas; sonraí maidir leis an líon FBManna a leathnaigh trasna teorainneacha trí bhuanbhunaíocht a bhunú agus an líon FBManna a dícháilíodh toisc gur chruthaigh siad níos mó ná 2 fhochuideachta , nó na costais chomhlíontachta le haghaidh FBManna a chuireann an rogha i bhfeidhm. |
Leasú 85
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 19 – mír 2 a (nua)
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
2a. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhacainní dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann agus an Treoir seo á cur i bhfeidhm, amhail an easpa sainmhíniú coiteann agus comhchuibhithe ar bhuanbhunaíochtaí agus fochuideachtaí san Aontas, agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh. |
Leasú 86
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31. 12. 2025 . Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. |
Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2024 . Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach. |
Leasú 87
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 .1.2026 . |
Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025 . |
(17) Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí cánach san Aontas Eorpach (IO L 265, 14.10.2017, lch. 1).
(17) Treoir (AE) 2017/1852 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2017 maidir le sásraí réitigh díospóidí cánach san Aontas Eorpach (IO L 265, 14.10.2017, lch. 1).
(18) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(18) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1)
(20) Treoir…[IO: Cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin].
(20) Treoir…[IO: Cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin].
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1326/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)