|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1315 |
13.3.2025 |
P9_TA(2024)0207
Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach maidir le dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), den pháirt eile (COM(2023)0791 – C9-0029/2024 – 2023/0464M(NLE))
(C/2025/1315)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile, a síníodh i Samó an 15 Samhain 2023 (Comhaontú Shamó) (COM(2023)0791), |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 208(1) CFAE, agus go háirithe dá ráiteas go ‘dtabharfaidh an tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha’. |
|
— |
ag féachaint do Chomhaontú Georgetown arna athbhreithniú le Cinneadh Uimh. 1/CX/19 an 7 Nollaig 2019, |
|
— |
ag féachaint don ‘Fís Chomhpháirteach do 2030’ a glacadh ag an 6ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i mí Feabhra 2022, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘ The EU strategy for cooperation in the Indo-Pacific’ [Straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach] (JOIN(2021)0024), |
|
— |
ag féachaint don toradh ar an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh (CELAC) a tionóladh i mí Iúil 2023, |
|
— |
ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), |
|
— |
ag féachaint do Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa de chuid an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a reáchtáladh i mí Iúil 2015, |
|
— |
ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 dar teideal ‘ New European Consensus on Development – Our World, Our Dignity, Our Future’ [An Comhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – ‘Ár nDomhan, ár nDínit, ár dTodhchaí’] (1), |
|
— |
ag féachaint don Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF), arna reáchtáil i gCaireo in 1994, agus dá clár gníomhaíochta, mar aon le conclúidí a comhdhálacha athbhreithnithe, agus do Chruinniú Mullaigh Nairobi, 2019, (CIDF+25) lena ndearnadh comóradh 25 bliana na Comhdhála a cheiliúradh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (2), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 1 Nollaig 2021 dar teideal (JOIN(2021)0030), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 4 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘ Youth Action Plan (YAP) in EU external action for 2022-2027 – Promoting meaningful youth participation and empowerment in EU external action for sustainable development, equality and peace’ [Plean Gníomhaíochta don Aos Óg (YAP) i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais le haghaidh 2022-2027 — Rannpháirtíocht agus cumhachtú fóinteach na hóige a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar son na forbartha inbhuanaithe, an chomhionannais agus na síochána] (JOIN(2022)0053), |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022 dar teideal ‘ EU Global Health Strategy – Better Health for All in a Changing World’ [Straitéis Sláinte Domhanda an Aontais Eorpaigh – Sláinte Níos Fearr do Chách i nDomhan Atá ag Athrú] (COM(2022)0675), |
|
— |
ag féachaint do Thuarascáil 2023 ar an bhForbairt Dhomhanda Inbhuanaithe, |
|
— |
ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal, [Plean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne (GAP) III – Clár oibre uaillmhianach do chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh] (JOIN(2020)0017), agus don tuarascáil chomhpháirteach mheántéarma ar chur chun feidhme an chláir oibre sin a foilsíodh an 20 Samhain 2023 (JOIN(2023)0036), |
|
— |
ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Bealtaine 2022 maidir le comhpháirtíocht athnuaite an Aontais leis na Tíortha is Lú Forbairt, |
|
— |
ag féachaint don ráiteas a ghlac Coiste Leantach ACC-AE an 9 Samhain 2023, |
|
— |
ag féachaint do rúin uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2016 maidir le todhchaí chaidreamh ACC-AE i ndiaidh 2020 (3), an 14 Meitheamh 2018 maidir leis an gcaibidlíocht atá ar na bacáin le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Nua idir an tAontas Eorpach agus Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (4), agus an 28 Samhain 2019 maidir leis an gcaibidlíocht leanúnach le haghaidh Comhaontú Comhpháirtíochta Nua idir an tAontas Eorpach agus Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (5), |
|
— |
ag féachaint do rúin uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht na forbartha agus ar éifeachtúlacht na cabhrach (6), an 15 Meitheamh 2023 maidir le cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (7), agus an 12 Nollaig 2023 maidir le cur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (8), |
|
— |
ag féachaint don rún maidir le tábhacht straitéiseach agus gné straitéiseach chomhpháirtíocht ACC-AE a ghlac Comhthionól Parlaiminteach ACC-AE i mBúcairist (An Rómáin) an 20 Márta 2019, |
|
— |
ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 10 Aibreán 2024 maidir le dréachtchinneadh ón gComhairle (9), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0159/2024), |
|
A. |
de bhrí go bhfuil níos mó ná 2 bhliain go leith caite idir inisealacha a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta nua idir an tAontas Eorpach agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC) i mí Aibreáin 2021 agus síniú an chomhaontaithe i Samó i mí na Samhna 2023; |
|
B. |
de bhrí gur gá, toisc an líon géarchéimeanna atá ann a bheith ag dul i méid, amhail iarmhairtí domhanda phaindéim COVID-19, tionchar an athraithe aeráide agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a ghéaraigh géarchéimeanna bia ar fud na cruinne, comhghuaillíochtaí níos láidre agus comhpháirtíochtaí níos éifeachtaí idir páirtithe comhionanna a chruthú lena mbaintear torthaí nithiúla amach chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos fearr, ar riachtanais atá ag teacht chun cinn agus ar dhúshláin dhomhanda trí thacú le córais luathrabhaidh maidir le raon gníomhaíochtaí um chomhroinnt mhear faisnéise agus idirghabhálacha luatha i gcúnamh tarrthála; |
|
C. |
de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht sheanbhunaithe idir an tAontas agus tíortha ACC ríthábhachtach i bhfianaise líon na dtíortha a thugann sí le chéile agus mar gheall ar an ról níos mó a d’fhéadfadh a bheith aici sa chóras iltaobhach, atá faoi bhrú faoi láthair; de bhrí go dtugtar le chéile leis an gcomhaontú comhpháirtíochta sin níos mó ná leath de Bhallstáit na Náisiún Aontaithe; |
|
D. |
de bhrí nach mór do thíortha an Aontais agus tíortha ACC comhpháirtíocht neartaithe a shaothrú chun torthaí comhthairbheacha a bhaint amach maidir le leasanna coiteanna agus trasnacha agus le díograis don fhreagracht chomhroinnte, don dlúthpháirtíocht, don chómhalartacht, don urraim fhrithpháirteach agus don chuntasacht; |
|
E. |
de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an straitéis tionchar geopholaitiúil an Aontais ar an leibhéal domhanda a mhéadú trí thairiscint luachbhunaithe a sholáthar do na tíortha comhpháirtíochta, faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a SDGanna; |
|
F. |
de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 208 CFAE ar AE cuspóirí maidir le comhar um fhorbairt a chur san áireamh i ngach beartas inmheánach agus seachtrach ar dócha go ndéanfaidh siad difear do thíortha i mbéal forbartha; |
Cuspóirí, prionsabail agus téarmaí comhair
|
1. |
á chur in iúl gur geal léi síniú Chomhaontú Shamó, rud a rabhthas ag súil leis le fada, agus na cuspóirí uileghabhálacha a leagtar amach ann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus cloí le Comhaontú Pháras; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé oibriú i gcomhar le tíortha ACC de mheon comhchruthaithe agus comhpháirtíochtaí comhionanna a bhunú a rachaidh chun tairbhe do chách sna sé réimse tosaíochta seo a leanas: cearta an duine, daonlathas agus rialachas, síocháin agus slándáil, forbairt dhaonna agus shóisialta, fás agus forbairt eacnamaíoch atá cuimsitheach agus inbhuanaithe, agus inbhuanaitheacht comhshaoil agus athrú aeráide, agus imirce agus soghluaisteacht; á iarraidh go ndéanfaidh na páirtithe uile an comhaontú a shíniú agus a dhaingniú go pras; á mheabhrú nach mbeidh tíortha nach síníonn an comhaontú rannpháirteach ina chomhlachtaí polaitiúla agus cinnteoireachta agus thairis sin go mbainfear an bonn go mór ó chumas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta tionscadail na Tairsí Domhanda a chur i gcrích sna tíortha sin; |
|
2. |
á chur i bhfáth go bhforáiltear leis an gcomhaontú nua do chreat comhair neartaithe, nuachóirithe agus níos uaillmhianaí; á athdhearbhú, thairis sin, go bhfuil naisc pholaitiúla, eacnamaíocha agus chultúrtha thábhachtacha ann atá á gcothú le blianta beaga anuas idir an tAontas agus stáit ACC; |
|
3. |
á iarraidh go ndéanfar an comhaontú a chur chun feidhme go pras agus go cuimsitheach, ós rud é go bhfuil géarghá le comhar iltaobhach a neartú i bhfianaise na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus na hiomaíochta atá ag dul i méid agus dúshláin dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh cheana amhail coinbhleachtaí a bheith ag méadú, fás na n-éagothromaíochtaí sóisialta i dtíortha agus idir tíortha, an gá atá le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta, an comhrac i gcoinne an ocrais agus díothú na bochtaineachta; ag cur suntas i luach geopholaitiúil Chomhaontú Shamó agus a chuspóirí, lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta, forbairt inbhuanaithe agus cur chun cinn an daonlathais agus chearta an duine; ag cur béim ar ráiteas comhpháirteach ESACC agus an Aontais do COP 28, a foilsíodh an 30 Samhain 2023, mar shampla soiléir den chomhar maidir le leasanna agus tosaíochtaí coiteanna i bhfóraim iltaobhacha; á iarraidh ar na Páirtithe a gcomhar in eagraíochtaí iltaobhacha a neartú, tacú go hiomlán le hobair Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus a ndícheall a dhéanamh tabhairt faoi thionscnaimh chomhpháirteacha; ag spreagadh na mBallstát a bheith rannpháirteach go bliantúil ar leibhéal na n-airí le ESACC; á athdhearbhú gur cúis imní di nach bhfuil an tionchar agus an infheictheacht chéanna ag an Aontas mar gheall ar thairiscintí malartacha arna ndéanamh ag an tSín agus ag an Rúis; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé don Aontas a stádas mar chomhghuaillí iontaofa sa chomhar um fhorbairt a threisiú agus a léiriú gur féidir leis an gcóras idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhaontú nua sa chomhthéacs sin; |
|
4. |
ag tacú go láidir leis na prionsabail a leagtar síos i roinn na Fondúireachta den Chomhaontú Comhpháirtíochta, go háirithe an fíoras nach mór do na páirtithe cuspóirí an chomhaontaithe a shaothrú le díograis don fhreagracht chomhroinnte, don dlúthpháirtíocht, don urraim fhrithpháirteach agus don chuntasacht; á chreidiúint sé sin ailínithe go maith le haidhm an Aontais comhpháirtíochtaí comhionanna a chruthú lena mbaintear torthaí comhthairbheacha amach maidir le leasanna coiteanna agus trasnacha agus i gcomhréir le luachanna comhroinnte; |
|
5. |
á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an comhaontú le roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta agus go sainaithnítear inti Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide mar chreataí treorach uileghabhálacha; |
|
6. |
á athdhearbhú a thábhachtaí atá an ghné pharlaiminteach agus an tionól parlaiminteach mar fhóram d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus do chomhbhailitheoirí éagsúlachta ó cheithre mhór-roinn, agus a thábhachtaí atá an t-idirphlé polaitiúil mar chuid lárnach den chomhpháirtíocht; á mheas go bhfuil sé tábhachtach go bhforbrófaí an t-idirphlé polaitiúil i dtimpeallacht ina mbeidh lán-urraim agus comhionannas idir tíortha agus á iarraidh go n-úsáidfí idirphlé polaitiúil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos córasaí agus ar bhealach réamhghníomhach chun géarchéimeanna polaitiúla a chosc; á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear an taidhleoireacht pharlaiminteach mar cholún den chomhpháirtíocht agus go dtreisítear í trí thrí thionól pharlaiminteacha réigiúnacha a bhunú lena mbeifear in ann díospóireachtaí doimhne a dhéanamh ar ábhair a bhaineann go sonrach le réigiún ar leith; |
|
7. |
á iarraidh go mbainfear úsáid éifeachtach as na forálacha maidir le freagairt do sháruithe ar na gnéithe bunriachtanacha den chomhaontú; á chur i bhfios go láidir gur gá do AE cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail a ghlacadh i leith tíortha comhpháirtíochta atá ag dul sa treo eile a mhéid a bhaineann le luachanna agus prionsabail lárnacha; |
|
8. |
á chur in iúl gur geal léi airteagal sonrach atá tiomnaithe do chomhtháthú beartais sa chomhaontú, a bhfuil gá leis chun feabhas a chur ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí forbartha a chumhdaítear leis an gcomhaontú; ag tathant go láidir ar na Páirtithe a dtiomantas oibriú i dtreo dhíothú na bochtaineachta a athdhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 208 CFAE; |
|
9. |
á iarraidh go bhforbrófar comhleanúnachas agus sineirgí idir prótacail réigiúnacha Chomhaontú Shamó agus na creataí beartais eile lena rialaítear caidreamh an Aontais leis an Afraic, le Muir Chairib agus le réigiúin an Aigéin Chiúin; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin go dtagraítear go comhsheasmhach don Aontas Afracach (AA) sa phrótacal réigiúnach don Afraic; á chreidiúint, thairis sin, go ndéanann cur chuige ilchríochach AE-AA agus creat AE-ESACC comhlánú agus a threisiú ar a chéile; á iarraidh go mbeadh dlúthchomhairliúcháin ann ós rud é gur fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige athbhreithniú a dhéanamh ar chomhpháirtíocht AE leis an Afraic sa chéad ráithe de 2024; |
|
10. |
á iarraidh go neartófaí an chomhpháirtíocht idir Muir Chairib agus an tAontas bunaithe ar Dhearbhú Chruinniú Mullaigh idir AE agus CELAC i mí Iúil 2023; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar an bhforéigean, ar an gcoireacht eagraithe agus ar an ngáinneáil ar dhrugaí i Muir Chairib; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar an gcomhar dé-réigiúnach faoin gcomhaontú seo chun na bagairtí sin a chomhrac; |
|
11. |
á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá réigiún an Aigéin Chiúin le linn iomaíocht gheostraitéiseach réigiúnach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach do leasanna an Aontais agus a Bhallstát an tsíocháin, an chobhsaíocht agus saoirse na loingseoireachta i réigiún an Aigéin Chiúin a chaomhnú; á thabhairt chun suntais gur gá acmhainní a chomhthiomsú chun lorg polaitiúil an Aontais a fheabhsú go héifeachtach agus chun an tAontas a dhearbhú mar chomhpháirtí iontaofa agus straitéiseach san Aigéan Ciúin; á iarraidh go bhforbrófaí comhghuaillíochtaí straitéiseacha le stáit an Aigéin Chiúin maidir le roinnt saincheisteanna domhanda, go háirithe maidir leis an athrú aeráide, rialachas na n-aigéan, an tsíocháin agus an tslándáil; ag spreagadh na mBallstát a bheith rannpháirteach go bliantúil ar leibhéal na n-airí le tíortha oileánacha an Aigéin Chiúin; |
|
12. |
á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dul i muinín na réigiún is forimeallaí (ORanna) agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear (OCTanna) chun an caidreamh a neartú agus chun tionscadail comhair le Ballstáit ESACC a chur chun feidhme; á iarraidh go spreagfaí rannpháirtíocht OR agus OCT sna próisis réigiúnacha comhair agus sna sásraí idirphlé dá bhforáiltear i gComhaontú Shamó; |
Na tosaíochtaí straitéiseacha
|
13. |
á chreidiúint go bhfuil na 6 thosaíocht chomhpháirteacha straitéiseacha a sainaithníodh sa chuid ghinearálta den chomhaontú fós thar a bheith ábhartha in ainneoin an chomhthéacs gheopholaitiúil atá ag athrú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na réimsí dúshlán agus deiseanna sin i gcur chuige comhpháirteach; |
|
14. |
á chur in iúl gur geal léi an gealltanas chun cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil an treocht i dtreo an daonlathais agus an dea-rialachais ag dul i laghad ar fud an domhain agus go bhfuil bagairtí leanúnacha ar chearta an duine ar fud an domhain; ag athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, nach mór do ghníomhaíocht sheachtrach AE chun tacú leis an daonlathas dul in oiriúint do réaltacht gheopholaitiúil nua ina bhfuil samhlacha rialachais iomaíocha chun cúlú daonlathach a chosc agus freagairt air ar bhealach níos fearr; á chur in iúl gur geal léi freisin an gealltanas cearta uilíocha an duine a chur chun cinn gan idirdhealú a bheith ann bunaithe ar aon fhoras; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach luaitear go sainráite sa chomhaontú go bhféadfadh an t-idirdhealú a bheith bunaithe ar ghnéaschlaonadh nó ar fhéiniúlacht inscne; ag tathant ar na Páirtithe freisin aon idirdhealú atá bunaithe ar ghnéaschlaonadh a sheachaint agus deireadh a chur le coiriúlú agus pionósú daoine LGBTI, lena n-áirítear pionós an bháis a úsáid; |
|
15. |
á áitiú gur gá béim níos mó a thabhairt ar ghnéithe forbartha daonna agus sóisialta an chomhaontaithe, lena n-áirítear chun rochtain ar oideachas agus gairmoiliúint ar ardchaighdeán a fheabhsú, chun a chur ar chumas thíortha ACC leas a bhaint as acmhainneacht caipitil dhaonna a ndaoine óga agus chun borradh a chur faoin bhforbairt dhaonna, faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht ina dtíortha féin; á chur i bhfáth, thairis sin, gur gá feabhas a chur ar acmhainní le haghaidh cabhair dhaonnúil agus bealaí éifeachtacha rochtana ar a cur chun feidhme a ráthú; |
|
16. |
á chur i bhfáth, maidir le hoibríochtú ‘Straitéis Dhomhanda Sláinte an Aontais’ i dtíortha ACC, go háirithe maidir le haistriú teicneolaíochta agus scileanna chun borradh a chur faoi mhonarú vacsaíní i dtíortha ACC, gur cheart go gcuirfí é in oiriúint do riachtanais áitiúla le rannpháirtíocht iomlán na n-údarás riaracháin áitiúil agus réigiúnach, gairmithe áitiúla agus saineolaithe, chun comhar éifeachtach a áirithiú lena ndírítear ar cháilíocht an chúraim sláinte agus na seirbhísí sláinte i dtíortha ACC a fheabhsú; |
|
17. |
á chur i bhfios go láidir gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na forálacha maidir le slándáil bia agus cothú feabhsaithe, i bhfianaise an mhéadaithe dhomhanda ar neamhshlándáil an tsoláthair bia, ar mhíchothú agus ar ocras, atá i bhfad níos measa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á athdhearbhú gur cheart tacaíocht AE sa réimse sin a bheith i gcomhréir lena chomhtháthú beartais ar mhaithe le gealltanais forbartha agus rannchuidiú le córais agraibhia inbhuanaithe a thógáil, go háirithe agus béim á leagan ar fheirmeoirí ar mhionscála, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach acu i slándáil an tsoláthair bia i roinnt mhaith tíortha ACC, agus sainiúlachtaí na dtrí réigiún á gcur san áireamh; |
|
18. |
á chur in iúl gur geal léi cuimsiú airteagail shonraigh maidir leis an óige agus á mheabhrú gur cheart rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i mbeartais a dhéanann difear dóibh a spreagadh go láidir; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an bplean gníomhaíochta don óige sa ghníomhaíocht sheachtrach a thapú chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht fhóinteach na hóige agus ar chumhachtú na hóige i mbeartais gníomhaíochta seachtraí an Aontais; á chur i bhfios go láidir gurb iad leanaí is mó atá i mbaol foréigin, dúshaothraithe, mí-úsáide agus faillí; ag tathant ar na Páirtithe a n-iarrachtaí agus a gcomhar a neartú lena ndírítear ar chearta bunúsacha agus folláine leanaí a chosaint, agus ar rochtain ar oideachas agus ar cheartas a áirithiú; |
|
19. |
á chur in iúl gur geal léi go n-aithnítear an comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban mar phríomhspreagthaí don fhorbairt inbhuanaithe agus á chur i bhfáth, mar sin, nach mór iad a phríomhshruthú i rith chur chun feidhme Chomhaontú Shamó; á chur in iúl gur geal léi freisin go gcomhaontaíonn na Páirtithe nach mór dóibh reachtaíocht in-fhorfheidhmithe a ghlacadh agus a neartú, creataí dlíthiúla agus beartais, cláir agus sásraí fónta chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann agus smacht comhionann ag cailíní agus ag mná ar gach réimse den saol, go mbeidh comhdheiseanna acu iontu agus go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán agus go comhionann iontu; ag tacú leis na gealltanais maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) i gcomhthéacs Dhearbhú Bhéising agus Chlár Oibre Gníomhaíochta agus Chlár Gníomhaíochta CIDF agus torthaí a comhdhála athbhreithnithe, i gcomhréir le SDG 5; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cláir maidir le comhar um fhorbairt atá íogair ó thaobh inscne de a chothabháil agus a neartú chun na gealltanais a leagtar amach sa chomhaontú a bhaint amach, go háirithe chun gach cineál foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe a chomhrac, amhail ciorrú ball giniúna ban; á iarraidh ar institiúidí AE dlús a chur le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne i dtíortha ACC; |
|
20. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an comhaontú ina bhonn chun an caidreamh eacnamaíoch idir na páirtithe a neartú ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá pháirtí, lena méadófar an sciar den mhargadh domhanda atá ag gnólachtaí AE agus ESACC araon agus lena neartófar ról na bhfiontraithe áitiúla agus na bhfiontar beag agus meánmhéide; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an caidreamh frithpháirteach idir AE agus ESACC bunaithe ar luachanna coiteanna agus nach mór caidreamh eacnamaíoch a fhorbairt ar bhonn comhpháirtíochta; ag tacú leis an gcuspóir infheistíocht a shlógadh, tacú le trádáil agus forbairt na hearnála príobháidí a chothú, d’fhonn fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach agus poist chuibhiúla a chruthú do chách; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, nach mór nasc láidir a bhunú idir an comhaontú agus tionscnamh na Tairsí Domhanda le rannpháirtíocht gníomhaithe ón tsochaí shibhialta áitiúil agus ón earnáil phríobháideach, go háirithe trí Ardán Idirphlé na Tairsí Domhanda agus na nÚdarás Áitiúil agus an Grúpa Comhairleach Gnó, i gcéimeanna roghnúcháin agus cur chun feidhme thionscadail na Tairsí Domhanda i dtíortha ACC; á chur i bhfios go láidir acmhainneacht thionscnamh Thairseach Dhomhanda AE; ag cur suntas sa chlár oibre infheistíochta Thairseach Dhomhanda AE-Mheiriceá Laidineach agus Mhuir Chairib agus pacáiste infheistíochta Thairseach Dhomhanda AE-na hAfraice; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíochtaí ollmhóra i mbonneagar crua agus bog araon i dtíortha ACC, ó líonraí digiteacha, iompair agus fuinnimh go córais sláinte, oideachais agus bia, agus gur cheart na hinfheistíochtaí sin a ailíniú le spriocanna SDGanna; á chreidiúint go bhféadfadh an straitéis Global Gateway a bheith ina freagairt air sin, agus é mar aidhm aici rogha mhalartach inmharthana agus tharraingteach a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta, lena soláthraítear tairbhí marthanacha do phobail áitiúla; |
|
21. |
á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh Comhaontú Shamó rannchuidiú go dearfach le saorthrádáil chóir oscailte chun fás agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór forálacha trádála agus infheistíochta an chomhaontaithe a shaincheapadh ionas go mbainfidh na páirtithe uile tairbhe astu chun comhpháirtíocht chothrom a rachaidh chun tairbhe do na páirtithe go léir a áirithiú; á chur i bhfios go láidir nach n-athróidh Comhaontú Shamó socruithe trádála idir AE agus tíortha ESAAC, a leanfaidh a gcomhpháirtíocht de bheith bunaithe ar chomhaontuithe agus ionstraimí trádála ar leithligh, go háirithe na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche réigiúnacha (CCEnna) agus an córas ginearálaithe um fhabhair (GSP); á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh a ionstraimí trádála uile lena ndírítear ar thíortha ESACC amhail CCEnna, GSP agus Cúnamh don Trádáil a chéile a threisiú agus go mbeidh siad ag teacht le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus lena cuspóir comhair um fhorbairt maidir leis an mbochtaineacht a dhíothú, agus cuidiú leis na SDGanna a bhaint amach ag an am céanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil caibidil sa chomhaontú maidir le comhar trádála lena n-athdheimhnítear an tiomantas do CCEnna a chur chun feidhme agus a neartú agus lena mbunaítear tosaíochtaí agus diúscairtí coiteanna; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh forbairt fhadtéarmach, inbhuanaithe a chur chun cinn, bochtaineacht a laghdú agus borradh a chur faoin gcomhtháthú réigiúnach mar phríomhról ag CCEnna idir AE agus tíortha na hAfraice; ag aithint na dtuairimí éagsúla maidir le CCEnna agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt orthu trí mhuinín agus tuiscint fhrithpháirteach a chothú maidir le tairbhí agus ábhair imní CCEnna; á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go ndéanfar mionanailís ar thionchar CCEnna ar gheilleagair áitiúla, ar an gcomhtháthú réigiúnach agus ar an éagsúlú eacnamaíoch, agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na SDGanna agus prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt; |
|
22. |
á thabhairt dá haire go n-áirítear ar aidhmeanna an chomhaontaithe tacú le comhtháthú thíortha ACC sa gheilleagar domhanda; á áitiú gur cheart go rannchuideodh forálacha an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta nua a bhaineann le trádáil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a spreagadh agus a mhéadú a rachaidh chun tairbhe do phobail áitiúla, a chruthaíonn poist, a chothaíonn forbairt na hearnála príobháidí, go háirithe do FBManna, agus a fheabhsaíonn comhar cuimsitheach eacnamaíoch agus inbhuanaithe trádála; á chur in iúl gur geal léi tagairtí do chaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus saothair, freagracht shóisialta chorparáideach, iompar freagrach gnó agus urraim don cheart chun rialála ar fud an chomhaontaithe; á chreidiúint gur cheart nasc dearfach a bhunú idir an trádáil, díothú na bochtaineachta, an comhrac i gcoinne neamhionannais agus tacaíocht don fhorbairt inbhuanaithe; á chur i bhfáth gur cheart forálacha inbhuanaitheachta a bheith fréamhaithe i spriocanna agus i ngealltanais ar chomhaontaigh an dá pháirtí leo; ag aithint go bhféadfadh léirmhínithe éagsúla a bheith ag na páirtithe sa chomhaontú ar an inbhuanaitheacht agus á chur in iúl gurb eol di leibhéil forbartha agus tosaíochtaí beartais na bpáirtithe faoi seach; á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh leis an gcúnamh polaitiúil, airgeadais, teicniúil agus beartais a chuirtear ar fáil do thíortha ESACC de réir a riachtanas measúnaithe, eadhon dá chomhpháirtithe Afracacha chun Limistéar Saorthrádála Mór-roinn na hAfraice a chur chun feidhme go rianúil, d’fhonn trádáil laistigh den Afraic a chur chun cinn; |
|
23. |
ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún bearta a chur chun feidhme amhail toirmeasc ar allmhairiú táirgí a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, amhail saothar éigeantais nó na cineálacha is measa de shaothar leanaí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí an cuspóir saothar éigeantais agus saothar leanaí a chomhrac sna caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe de chomhaontuithe trádála AE; |
|
24. |
á mheabhrú go bhfuil an Pharlaimint tiomanta don Chomhaontú Glas don Eoraip agus á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh trádála a rannchuidíonn lena cuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus an togra reachtach maidir le dícheall cuí éigeantach, ach gan bheith teoranta dóibh; á áitiú go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar na dtionscnamh sin ar thrádáil AE-ESACC agus bearta tionlacain a thíolacadh chun aon suaitheadh gearrthéarmach a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur slabhraí luacha domhanda níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bheidh mar thoradh ar na tionscnaimh reachtaíochta sin san fhadtéarma, rud a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus gnólachtaí san Aontas Eorpach agus in ESACC; |
|
25. |
á chur in iúl gur geal léi an gealltanas comhoibriú chun slándáil fuinnimh a neartú agus rochtain ar fhuinneamh a mhéadú i dtíortha ACC, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus leis na SDGanna, go háirithe trí dhlús a chur leis an dul chun cinn maidir le SDG 7 agus Comhaontú Pháras, agus cearta gach duine, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, á n-urramú, mar a leagtar amach i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, agus i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach; á chur i bhfáth nach mór don chomhaontú rannchuidiú go hiomlán le leictriú tíortha atá i mbéal forbartha chun a áirithiú go gcomhlíonfar bunriachtanais na ndaoine agus go mbunófar gníomhaíochtaí táirgiúla; á chur i bhfáth go háirithe gur gá tacú le tíortha comhpháirtíochta na hAfraice trí leas a bhaint as móracmhainneacht fuinnimh in-athnuaite na mór-roinne nár baineadh leas aisti, a bhfuil sé d’acmhainn aici borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, faoi chruthú post agus faoin bhforbairt shóisialta; á chur in iúl gur geal léi cuimsiú airteagail shonraigh atá tiomnaithe don fhuinneamh i bprótacal réigiúnach na hAfraice; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go sainaithnítear earnáil an fhuinnimh mar cheann de thosaíochtaí infheistíochta thionscnamh na Tairsí Domhanda, ar cheart í a ailíniú le cuspóirí na SDGanna; |
|
26. |
á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé dul i ngleic le dúshláin dhomhanda chomhshaoil agus díriú ar chur chun feidhme éifeachtach Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, go háirithe trí chomhar a neartú maidir le hathléimneacht i bhfianaise tubaistí nádúrtha agus oiriúnú don athrú aeráide agus rannchuidiú leis an gCiste Caillteanais agus Damáiste; ag cur sonrú sna conclúidí ó thuarascáil maidir le Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide 2022, ar dá réir a lagófar sláinte ithreach agus seirbhísí éiceachórais de réir a chéile leis an téamh domhanda, rud a bhainfidh an bonn de tháirgiúlacht bia i roinnt mhaith réigiún ar talamh agus sna haigéin; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear forálacha i bhfad níos mionsonraithe maidir leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil agus an t-athrú aeráide i gComhaontú Shamó, murab ionann agus Comhaontú Cotonou; á thabhairt dá haire go gcumhdaítear forálacha maidir leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil, le haigéin, le farraigí agus le hacmhainní muirí, chomh maith leis an athrú aeráide agus tubaistí nádúrtha, sa chuid den Fhondúireacht agus sna trí phrótacal réigiúnacha araon; á iarraidh ar Bhallstáit AE agus ESACC tacú le tionscadail chomhair atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhroinnte; ag cur suntas, go háirithe, i dtionscadal an Bhalla Mhóir Ghlais san Afraic agus tionscnamh an Chreasa Ghoirm le haghaidh líonra domhanda le haghaidh comhar maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint agus rialachas na n-aigéan; |
|
27. |
á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an dá Pháirtí an ról ríthábhachtach atá ag an aigéan don bheatha ar domhan, don fhorbairt inbhuanaithe agus don tslándáil bia, agus gur geal léi a dtiomantas geilleagar gorm agus rialachas córasach, comhtháite agus uaillmhianach idirnáisiúnta na n-aigéan a chur chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs na caibidlíochta domhanda atá ar siúl faoi láthair; á áitiú a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis an gcomhar idir AE agus tíortha ESACC maidir leis na príomhdhúshláin atá ag dul i méid a bhaineann le mianadóireacht ghrinneall na farraige, truailliú muirí (micreaphlaistigh, truailliú ó muinisin mhíleata a dhumpáiltear ar muir, etc.), iascaireacht neamhdhleathach, an t-aistriú i dtreo bainistiú níos inbhuanaithe ar acmhainní iascaigh agus dícharbónú an iompair mhuirí; |
|
28. |
á chur in iúl gur geal léi tiomantas na bPáirtithe feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh, mar shampla mar gheall ar choinbhleacht, éagobhsaíocht agus iarmhairtí an athraithe aeráide, chomh maith le bealaí dlíthiúla a éascú don imirce agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán agus i gcomhréir le hinniúlachtaí na bPáirtithe faoi seach, chomh maith le bheith i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — An Eoraip Dhomhanda; |
|
29. |
á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag súil go gcuirfear leis an gcomhar maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil faoin gcomhaontú nua, mar gur léir gur réimse leasa choitinn é; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an comhaontú tuilleadh comhair a dhéanamh i réimsí nua, lena n-áirítear an phíoráideacht nó maoiniú na sceimhlitheoireachta, go dtí an chibearchoireacht; á iarraidh go mbeadh cur chuige comhtháite ann maidir le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna lena nascfar iarrachtaí daonnúla, forbartha, síochána agus slándála ag gach céim; á áitiú go mbaineann tábhacht leis an gcur chuige maidir leis an nasc idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin a chur chun feidhme i gceart ar fud na dtíortha uile atá buailte ag géarchéimeanna agus ar fud na dtíortha leochaileacha uile. á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le treoshuíomhanna soiléire beartais chun na bearnaí idir na réimsí beartais aonair a líonadh, agus a áirithiú ag an am céanna go n-urramófar saintréith dhlíthiúil ar leith na cabhrach daonnúla agus prionsabail na cabhrach daonnúla; á athdhearbhú nach féidir forbairt inbhuanaithe a bheith ann gan an tsíocháin agus an tslándáil, agus gan forbairt chuimsitheach, nach féidir síocháin agus slándáil inbhuanaithe a bheith ann; á chur in iúl gur cúis bhuartha di lorg méadaithe gníomhaithe eachtracha agus níos mó gníomhaithe eachtracha a bheith i láthair, lena n-áirítear cuideachtaí míleata príobháideacha agus ionadaithe státurraithe, amhail Grúpa Wagner, sa tSaiheil, a bhaineann an bonn ó shlándáil agus ó chobhsaíocht na dtíortha lena mbaineann agus a bhfuil iarmhairtí móra réigiúnacha agus idirnáisiúnta aici; |
Modhanna comhair agus cur chun feidhme
|
30. |
á chur in iúl gur geal léi buiséadú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (CEF) i mbuiséad an Aontais arna chur chun feidhme amhail ó 2021, ar éileamh é a bhí ann le fada ó Pharlaimint na hEorpa; á mheas go gceadaítear leis sin grinnscrúdú daonlathach níos fearr agus cuntasacht agus infheictheacht fheabhsaithe mhaoiniú forbartha AE; |
|
31. |
ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé forbairt éifeachtach agus torthaí a áirithiú; á chreidiúint gur gá acmhainní airgeadais a shlógadh go suntasach agus go hinbhuanaithe chun an comhaontú a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, go n-aithnítear gur cheart na modhanna comhair a éagsúlú, lena gcuimsítear raon beartas agus ionstraimí ó na foinsí agus na gníomhaithe uile atá ar fáil, de réir chur chuige na dtrí nasc; á aithint go bhfuil ról tábhachtach atá ag an earnáil phríobháideach maidir le maoiniú a ghiniúint don fhorbairt; |
|
32. |
á mheabhrú go bhfuil slógadh acmhainní intíre trí chánachas ar cheann de na foinsí ioncaim is tábhachtaí dá bhfuil ann chun an fhorbairt inbhuanaithe a mhaoiniú; ag tathant ar an Aontas agus ar ESACC toil pholaitiúil láidir agus diongbháilteacht a léiriú maidir le sreafaí airgeadais aindleathacha, imghabháil cánach agus éilliú a chomhrac; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le hiarrachtaí thíortha comhpháirtíochta ACC córais láidre chun acmhainní intíre a shlógadh a fhorbairt chun cistiú intíre méadaithe a áirithiú don fhorbairt agus chun acmhainneacht fhorbairt eacnamaíoch thíortha ACC a scaoileadh; ag aithint gur bac ar shlógadh acmhainní intíre é an t-éilliú i mbainistiú airgeadais phoiblí; ag tacú, dá bhrí sin, le conclúidí ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023, maidir leis an éilliú mar bhac ar an bhforbairt; |
|
33. |
á chur in iúl gur geal léi tiomantas na bPáirtithe i gComhaontú Shamó aghaidh a thabhairt ar fhiachas agus oibriú i dtreo na hinbhuanaitheachta fiachais, ós rud é go bhfuil sé sin mar bhonn faoi bhaint amach na SDGanna; |
Rannpháirtíocht geallsealbhóirí, an ghné pharlaiminteach agus an t-iltaobhachas
|
34. |
á áitiú go bhfuil tábhacht ag baint leis an taidhleoireacht pharlaiminteach i ndáil leis an idirphlé polaitiúil idir an tAontas agus comhaltaí ESACC a neartú; |
|
35. |
á iarraidh go n-áiritheofar cuntasacht dhaonlathach ar gach leibhéal den chomhaontú; |
|
36. |
ag aithint rannchuidiú Chomhthionól Parlaiminteach OACPS-AE san am a chuaigh thart agus go leanfaidh sé de rannchuidiú a dhéanamh amach anseo; á mheabhrú gur féidir le comhaltaí, tríd an gComhthionól Parlaiminteach, malartuithe tuairimí a reáchtáil maidir le beartais agus saincheisteanna atá ábhartha go frithpháirteach don Aontas agus do ESACC; |
|
37. |
á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh na trí thionól réigiúnacha ar bun lena neartófar tuilleadh an ghné pharlaiminteach agus a fhágfaidh go bhféadfar díospóireachtaí parlaiminteacha doimhne a reáchtáil ar shaincheisteanna de chineál níos réigiúnaí; |
|
38. |
á chur in iúl gur geal léi an gealltanas cur chuige il-gheallsealbhóra a chur chun cinn, lena gcumasófar rannpháirtíocht ghníomhach réimse leathan gníomhaithe, lena n-áirítear parlaimintí, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta áitiúil, mná agus daoine óga, agus an earnáil phríobháideach; á iarraidh go ndéanfar an gealltanas sin a chur i bhfeidhm go pras, rud a fhágfaidh go mbeidh gá le sásra oscailte agus trédhearcach a chruthú le haghaidh comhairliúchán struchtúrtha chun rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí a áirithiú; |
|
39. |
á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, ós rud é go bhfuil an spás don tsochaí shibhialta ag dul i laghad, nach bhfuil gealltanas tugtha ag na Páirtithe rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a mhéadú ach ‘i gcás inarb iomchuí’, rud a d’fhéadfadh teorainneacha a chur lena rannpháirtíocht éifeachtach; á mheabhrú gur gá róil agus rannchuidithe iolracha eagraíochtaí na sochaí sibhialta a aithint agus a chur chun cinn agus á iarraidh ar AE feabhas a chur ar rannpháirtíocht ghníomhaithe sochaí sibhialta AE agus thíortha ACC i gcur chun feidhme an chomhaontaithe; |
|
40. |
á chur in iúl gur geal léi na forálacha maidir le comhghuaillíochtaí domhanda agus comhar idirnáisiúnta atá ar áireamh sa chomhaontú nua, ina bhfuil gealltanais i leith an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe agus gealltanais idirphlé idirnáisiúnta a chur chun cinn agus réitigh iltaobhacha a lorg chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht dhomhanda, lena gcuirtear chun cinn an tsíocháin agus an fhorbairt agus lena gcuirtear dlús leis an dul chun cinn maidir le SDG 17 maidir le comhpháirtíochtaí le haghaidh na spriocanna; á iarraidh ar Bhallstáit AE agus ESACC tacú leis an treochlár do Chomhaontú Pháras do Dhaoine agus don Phláinéad, go háirithe sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus maidir le hoiriúnú don athrú aeráide; |
|
41. |
á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an chumarsáid straitéiseach maidir le gníomhaíochtaí an Aontais a neartú laistigh den chreat Comhpháirtíochta; ° ° ° |
|
42. |
á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig Comhairle Airí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin. |
(1) IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.
(2) IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(3) IO C 215, 19.6.2018, lch. 2.
(4) IO C 28, 27.1.2020, lch. 101.
(5) IO C 232, 16.6.2021, lch. 64.
(6) IO C 425, 20.10.2021, lch. 73.
(7) IO C, C/2024/493, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/493/oj.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0458.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2024)0206.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1315/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)