|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1208 |
3.3.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 9 Eanáir 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilig) – Commune de Schaerbeek, Commune de Linkebeek v Holding Communal SA
(Cás C-627/23 (1) , Communes de Schaerbeek agus de Linkebeek)
(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2003/71/CE - Réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála - Airteagal 2(1)(a) - Coincheap ‘urrúis inaistrithe’ - Airteagal 3 - Oibleagáid réamheolaire a fhoilsiú - Luachanna atá soshannta ar mhargaí caipitil - Scaireanna i gcuideachta sealbhaíochta nach féidir ach le húdaráis riaracháin chríochacha áirithe de chuid Ballstáit a shealbhú - Aistriú scaireanna lena gceanglaítear údarú ó bhord stiúrthóirí na cuideachta sealbhaíochta)
(C/2025/1208)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour de cassation
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: Commune de Schaerbeek, Commune de Linkebeek
Cosantóir: Holding Communal SA
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(1)(a) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a thairgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad chun a dtrádála agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE, arna leasú le Treoir 2008/11/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tagann scaireanna i gcuideachta nach bhféadfaidh ach cúigí agus bardais Bhallstáit iad a shealbhú agus a bhfuil a ndiúscairt faoi réir údarú bhord stiúrthóirí na cuideachta sin faoin gcoincheap ‘urrúis inaistrithe’, de réir bhrí Threoir 2003/71, arna leasú le Treoir 2008/11, agus é mar thoradh air sin go bhfuil cuireadh chun suibscríobh leis na scaireanna sin faoi réir na hoibleagáide réamheolaire a fhoilsiú roimh ré, a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir 2003/71, arna leasú le Treoir 2008/11, ar choinníoll nach bhfágann téarmaí na tairisceana go bhfuil soshanntacht na scaireanna sin ar an margadh caipitil idir tairgeoirí agus infheisteoirí ionchasacha dodhéanta nó thar a bheith deacair agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 3(2) agus in Airteagal 4 de Threoir 2003/71, arna leasú le Treoir 2008/11.
(1) IO C, C/2024/711.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1208/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)