|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1204 |
3.3.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Eanáir 2025 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – Česká republika – Generální finanční ředitelství v Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
(Cás C-578/23 (1) , Česká republika – Generální finanční ředitelství)
(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Treoir 2004/18/CE - Airteagal 31(1)(b) - Nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré - Coinníollacha - Cúiseanna teicniúla - Cúiseanna a bhaineann le cearta eisiacha a chosaint - Inleagthacht ar an údarás conarthach - Imthosca fíorasacha agus dlíthiúla atá le cur san áireamh)
(C/2025/1204)
Teanga an cháis: an tSeicis
An chúirt a rinne an tarchur
Nejvyšší správní soud
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Česká republika – Generální finanční ředitelství
Cosantóir: Úřad pro ochranu hospodářské soutěže
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 31(1)(b) de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
chun bonn cirt a thabhairt le húsáid an nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré, de réir bhrí na forála sin, ní fhéadfaidh an t-údarás conarthach brath ar chosaint ceart eisiach i gcás ina bhfuil cúis na cosanta sin inchurtha ina leith. Ní mór measúnú a dhéanamh ar an inchurthacht sin ní hamháin ar bhonn na n-imthosca fíorasacha agus dlíthiúla a bhaineann le tabhairt i gcrích conartha tosaigh, ach freisin ar bhonn na n-imthosca sin uile lena léirítear an tréimhse ó dháta na conclúide sin go dtí an dáta a roghnaíonn an t-údarás conarthach an nós imeachta atá le leanúint chun conradh ina dhiaidh sin a dhámhachtain.
(1) IO C, C/2023/1291.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1204/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)