European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1131

12.2.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11857 – OAKTREE / BASALT / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/1131)

1.   

An 30 Eanáir 2025, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Oaktree Capital Management, L.P. (‘Oaktree’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

Basalt Infrastructure Partners III GP Limited (‘Basalt’, Geansaí).

Gheobhaidh Oaktree agus Basalt rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar chuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í (‘JV’), lena gcuimsítear gníomhaíochtaí Zzoomm plc (an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú aonair Oaktree faoi láthair, agus Full Fibre Limited (an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú aonair Basalt faoi láthair.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta bainistíochta infheistíochta domhanda é Oaktree,

Is gnólacht tiomnaithe infheistíochta bonneagair é Basalt a dhíríonn ar bhonneagar meánmhargaidh sa limistéar trasatlantach.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an gcomhfhiontar: soláthraí seirbhísí leathanbhanda sa Ríocht Aontaithe.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é conclúid an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le cóireáil shimplithe le haghaidh comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11857 – OAKTREE / BASALT / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Seoladh Ríomhphoist: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).

(2)   IO C 160, 5.5.2023, lch. 1.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1131/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)