|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1086 |
24.2.2025 |
Achomharc arna thabhairt an 12 Nollaig 2024 ag Lupicinio Rodríguez Jiménez i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) a fógraíodh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-828/22, ACE v an Chomhairle
(Cás C-868/24 P)
(C/2025/1086)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóir: Lupicinio Rodríguez Jiménez (ionadaithe: J. L. Iriarte Ángel, abogado, F. Rodríguez González, M. Casado Abarquero, abogadas)
Páirtithe eile sna himeachtaí: ACE-Avocats, ensemble, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Poblacht na hEastóine, an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
|
— |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Mór-Dhlísheomra) an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-828/22 a chur ar ceal; |
|
— |
Breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an gcás agus iarratais an idiragraí, an t-achomharcóir anois, ag an gcéad chéim a dheonú; is é sin le rá:
|
|
— |
Mar mhalairt air sin, an breithiúnas a chur ar ceal agus an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; |
|
— |
A ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais an dá imeachta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena achomharc, maíonn an t-achomharcóir cúig earráid dlí.
|
1. |
Earráid dlí a mhéid is gur measadh go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc go raibh an Chomhairle tar éis a hoibleagáid cúiseanna a lua a chomhlíonadh. |
|
2. |
Earráid dlí a mhéid is gur measadh go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc go raibh forais neamhnithe nua á maíomh ag Rodríguez Jiménez, ach go raibh sárú ar Airteagal 15 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go hintuigthe, ar a cheart chun maoine agus nach mór, mar sin, diultú do na hargóintí sin, á mhaíomh aige. |
|
3. |
Earráid dlí a mhéid is gur measadh go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc nach raibh aon sárú ar acheart na ndlíodóirí comhairle dlí a chur ar fáil. |
|
4. |
Earráid dlí a mhéid is gur measadh go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc gur ardaigh Rodríguez Jiménez forais neamhnithe nua lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla. |
|
5. |
Earráid dlí a mhéid is gur measadh go mícheart leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc nach raibh aon sárú ar Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(1) Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 259I, lch. 3).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1086/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)