|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/1071 |
24.2.2025 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Nacional, Sala de lo Penal, Sección Tercera (an Spáinn) an 26 Meán Fómhair 2024 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne EGB, EGC, GTA, SPG, QCR, ACB, JRS, RJDL, FJG, XBLL, DBA agus CBE
(Cás C-666/24)
(C/2025/1071)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Audiencia Nacional, Sala de lo Penal, Sección Tercera (an Spáinn)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Ioncúisitheoirí: Ministerio Fiscal, Associació Catalana de Víctimes d’Organitzacions Terroristes (ACVOT), Asociación de Víctimas del Terrorismo (AVT), Asociación Dignidad y Justicia, Asociación Española de la Guardia Civil (AEGC), Asociación Unificada de la Guardia Civil (AUGC) agus Partido político VOX
Cúisithe: EGB, EGC, GTA, SPG, QCR, ACB, JRS, RJDL, FJG, XBLL, DBA agus CBE
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (1) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar dhlí náisiúnta amhail Ley Orgánica 1/2024, de 10 de junio, de amnistía para la normalización institucional, política y social en Cataluña [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú], lena gcuirtear cosc ar dhaoine a ghlacann páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh agus, i gcás inarb iomchuí, pionós coiriúil a ghearradh orthu, agus ar an gcaoi sin iad a scaoileadh óna ndliteanas coiriúil? |
|
2) |
An bhfuil Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle – go háirithe Airteagal 13 – le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar dhlí náisiúnta amhail [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú], lena gcuirtear cosc ar dhaoine a ghlacann páirt ghníomhach i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh agus, i gcás inarb iomchuí, pionós coiriúil a ghearradh orthu, agus ar an gcaoi sin iad a scaoileadh óna ndliteanas coiriúil, trína cheangal, ionas go ngearrfaí pionós coiriúil, anuas ar bheith páirteach i ngrúpa sceimhlitheoireachta, a bheith faoi réir coinníoll breise gurbh iad ba chúis iarbhír le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine go hintinniúil? |
|
3) |
An bhfuil Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar dhlí náisiúnta amhail [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú] lena ndéantar idirdhealú, laistigh de chionta sceimhlitheoireachta agus cionta a bhaineann le grúpa sceimhlitheoireachta ón Treoir sin, cibé acu arbh iad ba chúis iarbhír le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine go hintinniúil, ionas gur féidir, de bhun an idirdhealaithe sin, cuid de na cionta sceimhlitheoireachta nó na cionta a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta a dhíolmhú ó dhliteanas coiriúil? |
|
4) |
An gcaithfear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla faoi dhlí an Aontais, a chumhdaítear i gcásdlí CBAE, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú, lena ndéantar díolúine ó dhliteanas coiriúil a chur faoi réir an choinníll maithiúnas a thabhairt d’aon duine a gcuirtear iompar a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle ina leith fad is nach raibh an duine sin ina chúis iarbhír le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine go hintinniúil, go háirithe na sáruithe sin a chumhdaítear le hAirteagail 2 agus 3 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, gan na gníomhartha arb ionann iad agus sáruithe den sórt sin ná tairseach na tromchúise nach mór a shárú chun feidhmiú an mhaithiúnais a shonrú? Mar mhalairt air sin, an bhfuil prionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus prionsabal tháinisteacht reachtúil dhlí an Aontais Eorpaigh ar neamhréir le reachtaíocht, amhail an reachtaíocht atá in Airteagal 1 de Dhlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú, lena mbunaítear imlínte neamhbheachta, oibiachtúla agus suibiachtúla chun a chinneadh ar cheart dliteanas coiriúil a fhorchur nó nár cheart? |
|
5) |
An bhfuil Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar dhlí náisiúnta amhail [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú], lena gcuirtear cosc ar dhaoine a dhéanann pléascáin a mhonarú, a shealbhú, a fháil, a iompar, a sholáthar nó a úsáid chun críoch sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh agus, i gcás inarb iomchuí, pionós coiriúil a ghearradh orthu, agus ar an gcaoi sin iad a scaoileadh óna ndliteanas coiriúil? |
|
6) |
An bhfuil Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar dhlí náisiúnta amhail [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú] lena gcuirtear cosc orthu siúd a leanas a ionchúiseamh agus, i gcás inarb iomchuí, pionós coiriúil a ghearradh orthu, agus ar an gcaoi sin iad a scaoileadh óna ndliteanas coiriúil: Daoine a thosaíonn ar ghníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanamh chun críocha sceimhlitheoireachta – trí chuspóirí a roghnú le léirscrios a dhéanamh orthu toisc go léirítear nithe atá contrártha d’idé-eolaíocht an ghrúpa sceimhlitheoireachta leo, trí fhaireachas nó trí dhoiciméadú fótagrafach a dhéanamh ar na háiteanna poiblí atá le léirscriosadh – go háirithe oifigí an Ministerio Fiscal [an Ionchúisitheora Phoiblí], Fuerzas y Cuerpos de Seguridad del Estado [na bhFórsaí Slándála Stáit], institiúidí uathrialacha, nó feithiclí póilíneachta — agus an méid sin a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go cuí an beartas foréigneach atá beartaithe ag an ngrúpa sceimhlitheoireachta chun go n-éireodh leis an léirscrios sin? |
|
7) |
An gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, a chumhdaítear i gcásdlí CBAE, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú, lena ndéantar díolúine ó dhliteanas coiriúil a thabhairt d’aon duine a gcuirtear iompar a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle ina leith? |
|
8) |
An gcaithfear 8) An gcaithfear Airteagail 20 agus 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta amhail [Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú], lena ndéantar díolúine ó dhliteanas coiriúil a thabhairt d’aon duine a gcuirtear iompar coiriúil sa Spáinn agus iompar a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle ina leith, mar gheall ar an aidhm idé-eolaíoch a shaothraítear leis na gníomhartha coiriúla sin? |
|
9) |
An gcaithfear Airteagal 4(2) CAE agus Airteagail 20(2)a agus 21(1) CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Dlí Orgánach 1/2024 an 10 Meitheamh maidir le maithiúnas chun institiúidí, polaitiúla agus sóisialta sa Chatalóin a normalú, lena ndéantar, tríd an maithiúnas a thabhairt, daoine a chúisítear i sceimhlitheoireacht a dhíolmhú ó dhliteanas coiriúil as gníomhartha a dhéanamh arb é is aidhm dóibh cuid de chríoch náisiúnta an Bhallstáit sin a dheighilt? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1071/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)